Straitéis 2022-2025

Leagtar amach príomhchuspóirí straitéiseacha na hoifige inár Plean Straitéiseach. Nuashonraítear an straitéis gach trí bliana.

Straitéis 2022-2025

Rialachas corparáideach

Is é an sainmhíniú a thugtar ar rialachas corparáideach ná na córais, na prionsabail agus na próisis trína ndéantar eagraíochtaí a threorú agus a rialú. Cabhraíonn dea-rialachas le bainistíocht éifeachtúil éifeachtach, rud a fhágann go gcuirtear luach agus seirbhís shármhaith do chustaiméirí ar fáil dár ngeallsealbhóirí.

Sa Choimisiún um Chaighdeáin, faighimid tacaíocht rúnaíochta ó Oifig an Ombudsman. Tá an Coimisiún comhlonnaithe le hOifig an Ombudsman, le hOifig an Choimisinéara Faisnéise, le hOifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil agus leis an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Is iad feidhmeanna reachtúla ar leith a chomhlíonann na hoifigí sin. Dá ainneoin sin, comhroinneann siad seirbhísí amhail acmhainní daonna, airgeadas, agus teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide. 

Táimid tiomanta do struchtúir, do phróisis agus do chórais den dea-chleachtas a chuireann ar ár gcumas ár gcuid dualgas a chomhlíonadh go rathúil ar bhealach eiticiúil, cuntasach, trédhearcach agus éifeachtach.

Is é ár dtuairim láidir go mbaineann ríthábhacht le dea-rialachas corparáideach le haghaidh ár dtosaíochtaí straitéiseacha a chomhlíonadh. Trínár socruithe rialachais a dhoiciméadú, is féidir lenár ngeallsealbhóirí a bheith cinnte de go bhfuil beartais agus cleachtais dea-rialachais fite fuaite inár gcultúr.

Creatchlár maidir le rialachas corparáideach (PDF)

‘Foireann Glas’ Ár n-Oifig

Bunaíodh Foireann Glas san Oifig in 2020 ar a raibh saorálaithe díograiseacha. Is iad príomhaidhmeanna na Foirne Glas bearta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a thabhairt isteach san Oifig i réimsí an fhuinnimh, na dramhaíola, an iompair agus an uisce, chomh maith le cáilíocht na timpeallachta oibre a fheabhsú. Chuir an Fhoireann Ghlas tús le sraith clár feasachta míosúil téamaí chun cabhrú le baill foirne cinntí atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil a dhéanamh san obair agus sa bhaile. I measc na mbeart a rinne an Oifig tá:

  • monatóireacht ar úsáid fuinnimh agus cáilíocht aeir san Oifig
  • cupáin choimeád a sholáthar don fhoireann
  • líon na taisceadáin a mhéadú chun athrú ar nósanna comaitéireachta a spreagadh
  • cláir feasachta dramhaíola agus athchúrsála
  • sconnaí uisce óil scagtha a sholáthar in ionad uisce i mbuidéil
  • ríomhairí glúine níos tíosaí ar fhuinneamh a chur in ionad ríomhairí deisce.

Déanfaidh an Fhoireann Ghlas, le tacaíocht na bainistíochta sinsearaí, a dícheall tuilleadh tionscnamh a thabhairt isteach a chuirfidh inbhuanaitheacht chomhshaoil chun cinn do dhaoine aonair agus don eagraíocht araon.

An Treochlár um Ghníomhú ar son na hAeráide