Ní mór do shealbhóirí oifige cloí leis na caighdeáin eiticiúla is airde le linn dóibh a gcuid oibre a chur i gcrích.
Tá feidhm ag an gcód maidir leis na daoine seo a leanas:
Leagtar amach sa chód na prionsabail nach mór duit, mar shealbhóir oifige, cloí leo. Ní mór duit meas a thabhairt ar an muinín a chuireann an pobal asat agus na caighdeáin eiticiúla is airde a chomhlíonadh le linn duit do chuid oibre a chur i gcrích.
Ní mór duit freagracht phearsanta a ghlacadh as do chuid gníomhartha, an leas coiteann a chur chun cinn agus bheith cothrom agus neamhchlaon. Táthar ag súil leis freisin go mbeidh tú coinsiasach agus stuama agus acmhainní oifige á n-úsáid agat.
Tagraítear sa chód chomh maith do reachtaíocht agus rialacháin eile a bhaineann le sealbhóirí oifige.
Cód Iompair do Shealbhóirí Oifige