Bainistíonn an Coimisiún um Chaighdeáin dhá chuntas ar Twitter: @SIPOCIreland agus @LobbyingIE. Baintear úsáid as tvuíteanna chun nuacht agus faisnéis a thabhairt don phobal.

Déantar nuashonrú agus faireachán ar ár gcuntais ar Twitter le linn uaireanta oifige ó Luan go hAoine.

Cé go bhfáiltímid roimh na teachtaireachtaí go léir a fhaightear sna cuntais ar Twitter agus go léimid iad, nílimid in ann freagra a thabhairt ar gach ceann díobh. De bhreis air sin, ní mheasaimid gurb ionann teachtaireachtaí ar Twitter agus teagmháil leis an gCoimisiún chun críocha oifigiúla agus níl dualgas orainn faireachán a dhéanamh ar iarrataí ar fhaisnéis a dhéantar trí Twitter ná freagra a thabhairt orthu.

Níl dualgas orainn ach oiread ceann ar bith dár leantóirí a leanúint. Más amhlaidh go leanaimid cuntas ar Twitter, ní chiallóidh sé sin go bhformhuinímid é.