Cuirimid réimse seirbhísí ar fáil i gcomhréir leis na forálacha de chuid ceithre phíosa reachtaíochta a bhfuil an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí freagrach astu:

  • Na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001;
  • An tAcht Toghcháin 1997 (arna leasú);
  • An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014; agus
  • An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

I measc na seirbhísí a chuirimid ar fáil tá:

  • Na hAchtanna Eitice
    • treoirlínte a fhoilsiú agus comhairle a chur ar fáil maidir le comhlíonadh na reachtaíochta;
    • nochtadh leasanna agus córais imréitigh cánach a riar;
    • sáruithe féideartha ar an reachtaíocht a imscrúdú;
  • Na hAchtanna Toghcháin
    • treoirlínte a fhoilsiú agus comhairle a chur ar fáil maidir le comhlíonadh na reachtaíochta;
    • córais rialála a riar agus a thuairisciú maidir le tabhartais pholaitiúla, speansais toghcháin, maoiniú stáit páirtithe polaitíochta agus clárú “tríú páirtithe”;
    • fiosrúcháin a dhéanamh de réir mar is gá;
  • An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú)
    • caiteachas an liúntais gníomhaíochtaí parlaiminteacha a riar agus tuairisciú air;
  • An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil
    • clár brústocaireachta ar líne a choinneáil;
    • faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na bhforálacha maidir le clárú agus filleadh;
    • cinntí a dhéanamh faoi fhorálacha áirithe den Acht;
    • cód iompair do dhaoine a dhéanann brústocaireacht a chur chun feidhme agus a chothabháil;
    • Treoir agus cúnamh a chur ar fáil; agus
    • sáruithe ar an reachtaíocht a imscrúdú agus a shaothrú.

Chun ár gcuid oibre a dhéanamh, tá gá le rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara éagsúla lena n-áirítear:

  • Airí/Airí Stáit
  • Comhaltaí an Oireachtais, i.e. Teachtaí Dála agus Seanadóirí
  • Feisirí na hÉireann
  • Comhairleoirí Speisialta do na hAirí
  • Páirtithe Polaitíochta/Comhpháirtithe Polaitíochta
  • Oifigigh agus foireann thofa an Údaráis Áitiúil
  • Daoine i bpoist ainmnithe agus stiúrthóireachtaí sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí
  • Tríú páirtithe
  • Deontóirí corparáideacha
  • Daoine atá i mbun brústocaireachta
  • Baill den phobal

 

Mar atá leagtha amach inár Ráiteas Straitéise 2022-2025, tá sé mar aidhm againn barr feabhais agus gairmiúlacht a bhaint amach i soláthar ár seirbhísí.  Déanaimid ár ndícheall a bheith ina eagraíocht dírithe ar chustaiméirí amach agus seirbhís inrochtana, éifeachtúil agus éifeachtach a chur ar fáil dár gcustaiméirí, lena n-áirítear daoine den phobal agus na comhlachtaí poiblí a n-oibrímid leo.  Déanfaimid ár ndícheall chun caighdeáin cháilíochta sainithe a chomhlíonadh agus athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar ár bhfeidhmíocht chun a chinntiú go bhfanann ár gcustaiméirí i gcroílár gach rud a dhéanaimid. Leagtar amach inár gCairt d’Úsáideoirí Seirbhíse an méid is féidir leat a bheith ag súil leis uainn nuair a dhéanann tú teagmháil leis an gCoimisiún.

Teagmháil ar an nguthán

Má dhéanann tú teagmháil linn ar an nguthán, déanfaimid an méid seo a leanas:

  • Freagair do ghlao go pras
  • Tabhair duit ár n-ainm nuair a freagraimid do ghlaoch
  • Bí cúirtéiseach agus cabhrach duit i gcónaí
  • Freagair d’fhiosrú ina iomláine
  • Mura féidir linn é sin a dhéanamh láithreach, tógfaimid do chuid sonraí agus glaofaimid ar ais ort a luaithe is féidir
  • Freagair gach teachtaireacht ghlórphoist go pras

Comhfhreagras i scríbhinn

Má sheolann tú litir, ríomhphost nó fiosrúchán ar líne chugainn, déanfaimid an méid seo a leanas:

  • Do chomhfhreagras a admháil laistigh de chúig lá oibre
  • Cinntiú go bhfaighidh tú freagra iomlán ar do chomhfhreagras scríofa laistigh de 28 lá. Mura féidir linn an spriocdháta sin a bhaint amach, rachaimid i dteagmháil leat chun míniú a thabhairt ar cén fáth agus chun a chur in iúl duit cén uair is féidir a bheith ag súil le freagra iomlán
  • Ainm teagmhála agus sonraí teagmhála a thabhairt
  • Scríobh chugat i bhfriotal simplí agus soiléir agus ná húsáid téarmaí teicniúla

Cuairteoirí ar an Oifig/Imeachtaí For-rochtana

Má thugann tú cuairt orainn go pearsanta, déanfaimid an méid seo a leanas:

  • Caitheamh leat le cúirtéis, meas a bheith agat ar do phríobháideachas agus a bheith cothrom inár ndéileálacha leat
  • Bualadh leat ag an am comhaontaithe má tá coinne agat
  • Saoráidí cuí a chur ar fáil do chruinnithe
  • Ár n-oifigí poiblí a choinneáil glan agus slachtmhar agus a chinntiú go gcomhlíonann siad caighdeáin sláinte agus sábháilteachta

Seirbhís trí Ghaeilge

Déanfaimid gach iarracht cabhrú leat más mian leat do ghnó a dhéanamh linn trí Ghaeilge. Áirítear leis sin na gealltanais seo a leanas:

  • Tabharfar freagra i nGaeilge ar chomhfhreagras a fhaightear i nGaeilge
  • Foilseoimid príomhcháipéisí lena n-áirítear ár dTuarascálacha Bliantúla i nGaeilge agus i mBéarla
  • Cinnteoimid go mbeidh bileoga eolais atá dírithe ar an bpobal ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon
  • Beidh leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin ar aon dul leis an leagan Béarla chomh fada agus is féidir
  • Comhlíonfaimid ár ngealltanais eile faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla mar atá foilsithe ar ár suíomh gréasáin

Comhionannas/Éagsúlacht/Míchumas/Príobháideachas

  • Geallaimid go ndéileálfaimid leat gan idirdhealú ná dochar
  • Beidh sé mar aidhm againn ár seirbhísí agus ár n-áiseanna a bheith ar fáil go héasca agus inrochtana duitse
  • Is é an ríomhphost teagmhála dár nOifigeach Rochtana faoin Acht um Míchumas ná: accessofficer@sipo.ie
  • Breathnóimid ar chomhionannas agus ar chearta an duine inár gcuid oibre go léir
  • Agus an Chairt um Sheirbhís do Chustaiméirí á forbairt, thug an Oifig aird ar na cúinsí a bhaineann le deireadh a chur le hidirdhealú, comhionannas a chur chun cinn agus cearta an duine a chosaint a aithnítear in alt 42(1)(a)-(c) d’Acht Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014

Gearáin faoi sheirbhís do chustaiméirí

Má théann rud éigin mícheart agus nach bhfuil tú sásta lenár seirbhís do chustaiméirí, le do thoil inis dúinn.

Baineann sé seo le ceist an chúraim agus na seirbhíse do chustaiméirí sa chaoi ar dhéileáil ár bhfoireann leat.

  • Ar an gcéad dul síos, cuir an t-ábhar in iúl don duine a bhfuil tú ag déileáil leis san Oifig, ionas gur féidir linn freagra a thabhairt agus iarracht a dhéanamh déileáil leis an ábhar chomh luath agus is féidir
  • Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra agus más mian leat gearán foirmiúil a dhéanamh faoi chaighdeán na seirbhísí a fuair tú ón Oifig seo, is féidir leat scríobh chuig Ceann na Rúnaíochta, Linda Joyce trí ríomhphost chuig: info@sipo.ie nahÉireann  
  • Tá sé mar aidhm againn na gearáin sin a admháil laistigh de chúig lá oibre agus iarracht a dhéanamh freagra iomlán a thabhairt laistigh de 20 lá oibre

Tabhair do d’aire nach dtiocfaidh easaontas maidir le toradh ábhar a bhreithnigh an Coimisiún faoi raon feidhme an chineáil gearáin seo.

Cabhraigh linn cabhrú leat

Is féidir leat cabhrú linn seirbhís ardchaighdeáin a thabhairt duit:

  • Luaigh do ghearán chomh soiléir agus chomh gonta agus is féidir leat
  • Seol cóipeanna de na doiciméid ábhartha chugainn agus do ghearán á chur isteach agat
  • Caitheamh lenár bhfoireann agus lenár seirbhís le meas
  • Tuairimí nó moltaí a dhéanamh faoin tseirbhís a fhaigheann tú
  • Mar chuid dár gcairt chustaiméirí, geallaimid go ndéileálfaimid le húsáideoirí ár seirbhíse go gairmiúil agus le meas. Táimid ag súil freisin go gcaithfidh tú lenár bhfoireann agus leis an tseirbhís a chuirimid ar fáil le meas. Leagtar amach inár mBeartas um Iompar Réasúnta an chaoi a mbímid ag súil go n-oibreoidh daoine linn agus mínítear freisin conas a bhainistímid gníomhartha do-ghlactha i gcoinne ár bhfoireann agus ár bpróiseas. Seo nasc chuig an bpolasaí

Comhairliúchán agus aiseolas

Tá suim againn i gcónaí moltaí a chloisteáil maidir le conas is féidir linn feabhas a chur ar ár seirbhís. Más mian leat tuairim a thabhairt nó moladh a dhéanamh seol ríomhphost chuig info@sipo.ie

An áit a bhfaighidh tú tuilleadh eolais

Tá an doiciméad seo ar fáil ar ár suíomh gréasáin www.sipo.ie. Is féidir leat sonraí a fháil freisin faoinár ngníomhaíochtaí, ár bpolasaithe agus ár bhfaisnéis teagmhála eile ar ár suíomh gréasáin.

An áit a dtiocfaidh tú orainn

Tá ár sonraí teagmhála iomlána ar fáil ar an leathanach gréasáin “Teagmháil”.

Is é ár seoladh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773. Bíonn an Oifig ar oscailt ó Luan go hAoine idir 9.15 am agus 5.00 pm.

Fón:

SIPO + 353 1 639 5666

Brústocaireacht + 353 1 6395722

Ríomhphost:

Fiosrúcháin SIPO info@sipo.ie

Eitic agus Gearáin Toghcháin complaints@sipo.ie Brústocaireacht Fiosrúcháin info@lobbying.ie

 

 

 

 

Conas ar chóir dom mé féin a hiompar nuair atá gearán á dhéanamh agam?

Tuigimid go mbíonn strus i gceist le gearán/nochtadh/achomharc nó iarratas a dhéanamh, agus ó am go ham, bíonn sé seo le braistint sa teagmháil a bhíonn ag daoine leis an Oifig seo. Is eol don fhoireann anseo go mbaineann sé seo leis an bpost atá acu.

É sin ráite, bímid ag súil go n-iompróidh daoine iad féin go réasúnta nuair a théann siad i dteagmháil lenár nOifig. Ní iarrfar ar an bhfoireann cur suas le hiompar atá maslach, gránna ná bagrach, nó má thógann sé an iomarca ama agus acmhainní a d’fhéadfaí a úsáid chun cuidiú le custaiméirí eile.

Cén sórt iompair atá do-ghlactha?

Ní ghlacfar leis an iompar seo a leanas:

  • Dianseasmhacht atá míréasúnta

Má dhúnann an Oifig seo comhad, tá sé míréasúnta diúltiú don chinneadh nó má éilítear go bhféachfaidh ball eile den fhoireann ar an gcás arís.

  • Éilimh míréasúnta

Is éileamh míréasúnta é má éilítear go ngíomhaítear maidir le cás atá lasmuigh de shainchúram na hOifige seo; má lorgaítear réiteach nach bhfuil réadúil nó atá díréireach; má éilítear go ndéileálfaidh nó nach ndéileálfaidh duine áirithe le do chás, nó má éilítear go ndéileálfar le do chás laistigh d’achar ama faoi leith nó roimh custaiméirí eile.

  • Easpa comhoibrithe míréasúnta

Léirítear é seo tríd an gcás a shainmhíniú don Oifig ar bhealach atá doiléir; trí mhórán doiciméad a chur i láthair ar bhealach atá trí chéile; trí bhonn an cháis a athrú fad is atá próiseas na hOifige ar siúl; trí eolas a choimeád siar agus gan a bheith macánta faoi na fíricí. Áirítear freisin neamhchomhoibriú uaitse leis an Oifig a d’fhéadfadh bac nó moill a chur ar an bpróiseas.

  • Argóintí míréasúnta

Ní cóir argóintí míréasúnta a dhéanamh les an Oifig seo. Mar shampla, áibhéil a dhéanamh, argóintí a chur i láthair nach mbaineann le hábhar, bheith meáite go nglactar le do leagan-sa den scéal nuair nach bhfuil aon fhianaise oibiachtúil chun tacú leis seo, nó má dhiúltaíonn tú glacadh leis go bhféadfadh leagan eile den scéal a bheith i gceist.

  • Iompar míréasúnta

Áirítear le hiompar míréasúnta glaonna gutháin iolracha, ríomhphoist nó litreacha faoin ábhar céanna, bagairtí foiréigin, mí-úsáid fhoireann na hOifige, iompar drochbhéasach nó bagrach, íomháú graosta a sheoladh agus iarracht a dhéanamh foireann a spreagadh chun dul i mbun argóinte nach bhfuil gá léi agus a chuireann am amú. Meastar freisin gur iompar maslach iad ráitis ghríosaitheacha agus líomhaintí gan chruthú.

Tabhair le fios, le do thoil, má fhaightear ríomhphoist le heascainí agus/nó íomhánna do-ghlactha, nach n-admhófar ríomhphoist dá leithéid agus go gcuirfear moill ar do chomhfhreagras, toisc go gcuireann ár mballa dóiteáin bac orthu go huathoibríoch. Má leanann na ríomhphoist seo ar aghaidh cuirfear bac ar an seoladh ríomhphoist.

Comhfhreagras scríofa

Ní ghlacfar le comhfhreagras atá maslach ná bagrach don fhoireann. Ní eiseofar freagra ar a leithéid de chomhfhreagras.

Glaoch gutháin

Déarfaimid leis an duine má mheasaimid go raibh siad drochmhúinte nó maslach, agus iarrfaimid orthu gan a leithéid de chaint a úsaid. Tá an ceart ag an bhfoireann deireadh a chur le glaoch gutháin má leantar leis an iompar sin.

Cad a tharlóidh má iompraím mé féin mar sin?

Má mheasaimid go raibh do chuid iompair míréasúnta, déarfaimid leat é agus iarrfaimid ort é a athrú.

D’fhéadfadh a bheith i gceist le hiompar míréasúnta, eachtra nó dhó ar leith, nó eachtraí nó iompar a tharlaíonn thar tréimhse ama. Má leantar leis an iompar míréasúnta nó má mheastar gur cúis imní é (ar nós foréigean a bhagairt ar bhall foirne), gníomhóimid chun srian a chur leis an teagmháil atá ag an ngearánach lenár n-oifigí agus lenár bhfoireann.

De ghnáth, déanfar an cinneadh seo nuair a bheidh athbhreithniú déanta ag ball foirne níos sinsearaí ar an gcás. Beidh na srianta cuí agus ag teacht leis an saghas iompair atá i gceist. Is iad na roghanna is dócha go mbainfear úsáid astu ná:

  • Iarrfar ort teagmháil a dhéanamh linn trí litir amháin
  • Iarrfar ort gan teagmháil a dhéanamh ach le baill foirne amháin a ainmneofar
  • Iarrfar ort gan ghlaoch gutháin a dhéanamh ach amháin ar laethanta áirithe agus ag amanna áirithe
  • Cuirfear srian ar an rochtain atá agat ar an oifig
  • Léifear an comhfhreagras breise a bhaineann leis an gcás céanna; cuirfear i gcomhad é ach ní eiseofar freagra
  • Mar rogha deiridh, cuirfear stop leis an teagmháil leat má leantar leis an iompar seo (is é an tArd-Stiúrthóir a dhéanfaidh an cinneadh seo)

I ngach cás, scríobhfaimid chugat chun a rá leat cén fáth an gcreidimid go bhfuil d’iompar míreasúnta agus an rud atá i gceist againn a dhéanamh. Má tá an t-iompar as cuimse ar fad, agus má chuireann sé sábháilteacht agus leas na foirne agus daoine eile  i mbaol, gníomhóimid dá réir. Mar shampla, cuirfimid an cás faoi bhráid an Gharda Síochána nó tionscnóimid imeachtaí dlí. I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh sé tarlú nach dtabharfaimid rabhadh duit maidir leis sin.

Beag beann ar d’iompar, léiróidh ár bhfoireann meas ort mar aon le dearcadh neamhchlaonta maidir leis na saincheisteanna atá ardaithe agat leis an Oifig seo.

Agus an Polasaí maidir le hIompar Réasúnta á fhorbairt aici, chuir an Oifig san áireamh nach mór deireadh a chur leis an leithcheal, comhionannas a chur chun chinn agus na cearta daonna a chosaint atá leagtha síos in alt 42(1)(a)-(c) den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014.