Seirbhísí

Soláthraímid raon seirbhísí ar aon dul le téarmaí na gceithre Acht reachtacha a bhfuil an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí freagrach astu:

  • Na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001
  • An tAcht Toghcháin, 1997 (arna leasú)
  • An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014
  • An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015

Áirítear na nithe seo leis na seirbhísí a sholáthraímid:

  • Na hAchtanna um Eitic
    • Treoirlínte a fhoilsiú agus comhairle a thabhairt maidir le comhlíonadh na reachtaíochta
    • Na córais um nochtadh leasanna agus imréiteach cánach a bhainistiú
    • Sáruithe féideartha ar an reachtaíocht a imscrúdú
  • Na hAchtanna Toghcháin
    • Treoirlínte a fhoilsiú agus comhairle a thabhairt maidir le comhlíonadh na reachtaíochta
    • Bainistiú agus tuairisciú a dhéanamh ar chórais rialála um shíntiúis pholaitíochta a nochtadh, speansais toghcháin, an maoiniú Stáit a chuirtear ar fáil do pháirtithe polaitíochta, agus clárú tríú páirtithe
    • Fiosruithe a dhéanamh de réir mar is gá
  • An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú)
    • Bainistiú agus tuairisciú a dhéanamh ar chaitheamh an liúntais ghníomhaíochtaí parlaiminte
  • An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil
    • Clár brústocaireachta ar líne a chothabháil
    • Faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha um chlárú agus tuairisceáin
    • Breitheanna a thabhairt faoi fhorálacha áirithe an Achta
    • Cur chun feidhme agus cothabháil a dhéanamh ar chód iompair do dhaoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta
    • Treoir agus cabhair a thabhairt
    • Sáruithe ar an reachtaíocht a imscrúdú agus a shaothrú

Baineann ár gcuid oibre le teagmháil a dhéanamh le geallsealbhóirí lena n-áirítear:

  • Airí/Airí Stáit
  • Comhaltaí an Oireachtais (Teachtaí Dála agus Seanadóirí)
  • Feisirí Éireannacha de Pharlaimint na hEorpa
  • Comhairleoirí speisialta d’airí
  • Páirtithe polaitíochta/iarrthóirí
  • Oifigigh thofa agus baill foirne d’údaráis áitiúla
  • Daoine i bpoist ainmnithe agus i stiúrthóireachtaí sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí
  • Tríú páirtithe
  • Síntiúsóirí corparáideacha
  • Daoine a sheolann gníomhaíochtaí brústocaireachta
  • Daoine den phobal

Leagtar amach inár gcairt úsáideoirí seirbhíse na nithe ar féidir leat a bheith ag súil leo uainn nuair a dhéanann tú teagmháil leis an gCoimisiún.

Teagmháil thar an teileafón

Má dhéanann tú teagmháil linn thar an teileafón, déanfaimid na nithe seo a leanas:

  • Do ghlao a fhreagairt go pras
  • Ár n-ainm a thabhairt nuair a fhreagraímid do ghlao
  • Bheith cúirtéiseach agus cuidiúil leat i ngach cás
  • Freagra iomlán a thabhairt ar do cheist.
  • Mura féidir linn é sin a dhéanamh láithreach, tógfaimid do shonraí agus glaofaimid ar ais ort a luaithe is féidir
  • Freagairt go pras do do theachtaireachtaí glórphoist uile

Comhfhreagras scríofa

Má sheolann tú litir, ríomhphost nó ceist ar líne chugainn, déanfaimid na nithe seo a leanas:

  • Do chomhfhreagras a admháil laistigh de chúig nó sé lá oibre
  • A chinntiú go bhfaighidh tú freagra iomlán laistigh de 28 lá. Mura bhfuilimid in ann an spriocdháta sin a chomhlíonadh, déanfaimid teagmháil leat chun a mhíniú cén fáth nach bhfuil agus inseoimid duit cén uair a gheobhaidh tú freagra iomlán
  • Ainm teagmhála agus sonraí teagmhála a thabhairt duit
  • Scríobh chugat i dteanga shoiléir shimplí, gan aon téarmaí teicniúla a úsáid

Cuairteoirí ar an Oifig/imeachtaí For-rochtana

Má thugann tú cuairt orainn i bpearsa, déanfaimid na nithe seo a leanas:

  • Caitheamh leat le cúirtéis, meas a thabhairt ar do phríobháideacht agus bheith cothrom agus sinn ag déileáil leat
  • Bualadh leat ag an am comhaontaithe má tá coinne agat
  • Saoráidí cuí a chur ar fáil do chruinnithe
  • Ár n-oifigí poiblí a choinneáil glan agus slachtmhar agus a chinntiú go gcomhlíonfar caighdeáin sláinte agus sábháilteachta iontu

Seirbhís trí Ghaeilge

Tabharfaimid cúnamh do dhaoine ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh linn trí Ghaeilge

  • Má scríobhann tú chugainn i nGaeilge, tabharfaimid freagra i nGaeilge
  • Foilseoimid doiciméid thábhachtacha, lena n-áirítear ár dtuarascálacha bliantúla, i nGaeilge agus i mBéarla
  • Cinnteoimid go mbeidh bileoga eolais atá dírithe ar an bpobal ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon
  • Beidh an leagan Gaeilge dár suíomh Gréasáin ag teacht, a mhéid is féidir, leis an leagan Béarla
  • Comhlíonfaimid na ceanglais eile atá orainn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus faoi scéim teangacha oifigiúla an Choimisiúin, mar atá foilsithe ar ár suíomh Gréasáin

Comhionannas/Éagsúlacht/Míchumas/Príobháideacht

  • Geallaimid go gcaithfimid leat gan aon idirdhealú ná leithcheal agus déanfaimid na nithe seo a leanas:
  • Meas a thabhairt ar chomhionannas agus ar chearta an duine ar aon dul le prionsabail Dhualgas na hEarnála Poiblí
  • Féachaint lena chinntiú go mbeidh fáil agus rochtain éasca agat ar ár seirbhísí agus ar ár saoráidí
  • Meas a thabhairt ar an gceart atá agat chun príobháideachta

Is é seo a leanas an seoladh ríomhphoist teagmhála dár n-oifigeach rochtana faoin Acht um Míchumas: accessofficer@sipo.ie

Gearáin in aghaidh baill foirne

Tá beartas i bhfeidhm againn le haghaidh gearáin in aghaidh baill foirne a láimhseáil. Tá an beartas ar fáil ar ár suíomh Gréasáin. Is féidir leat sonraí a iarraidh faoi freisin trí theagmháil a dhéanamh linn go díreach.

Cabhraigh linn cabhrú leat

Is féidir leat cabhrú linn seirbhís ardchaighdeáin a thabhairt duit ach na nithe seo a dhéanamh:

  • Do ghearán a leagan amach ar an mbealach is soiléire agus is gonta agus is féidir leat
  • Cóipeanna d’aon doiciméid ábhartha a sheoladh chugainn agus do ghearán á chur isteach agat
  • Caitheamh lenár mbaill foirne agus lenár seirbhís le meas
  • Tuairimí nó moltaí a chur in iúl faoin tseirbhís a fhaigheann tú

Comhairliúchán agus aiseolas

Bímid i gcónaí ag iarraidh moltaí a fháil faoi bhealaí inar féidir linn ár seirbhís a fheabhsú. Dá mba mhaith leat tuairim nó moladh a chur in iúl, seol ríomhphost chuig sipo@sipo.ie

Cén áit ar féidir tuilleadh faisnéise a fháil

Tá an doiciméad seo agus sonraí faoinár ngníomhaíochtaí eile, ár mbeartais agus ár bhfaisnéis teagmhála ar fáil ar ár suíomh Gréasáin ag www.sipo.ie.

Ár láthair

Tá ár lánsonraí teagmhála ar fáil ar an leathanach Gréasáin “Teagmháil”.

Ár seoladh: An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773. Uaireanta oscailte na hOifige: 9.15am go 5pm ó Luan go hAoine.

Teileafón: +353 1 639 5666

Brústocaireacht +353 1 6395722
Ríomhphost: Ceisteanna maidir leis an gCoimisiún um Chaighdeáin: sipo@sipo.ie

Gearáin eitice agus toghcháin: complaints@sipo.ie

Ceisteanna brústocaireachta: info@lobbying.ie

An t-oifigeach saorála faisnéise: foi@sipo.ie

An t-oifigeach cosanta sonraí: dataprotection@ombudsman.ie