An bhfuil tú i d’fhostaí sa mhórsheirbhís phoiblí – boird agus gníomhaireachtaí san áireamh? Má tá, tá oibleagáidí ort faoi na hAchtanna um Eitic. Beidh na hoibleagáidí sin ag brath ar an bpost atá agat.

Féach an liosta thíos de chomhlachtaí seirbhíse poiblí nach mór dá gcuid fostaithe cloí leis na hAchtanna.

Cé na hoibleagáidí atá orm?

Ní mór duit nochtadh a dhéanamh ar aon leasanna a d’fhéadfadh tionchar a imirt ort (nó a d’imir tionchar ort cheana féin) le linn duit do ról a chur i gcrích. Chomh maith leis sin, ní mór duit cloí leis na rialacha maidir le bronntanais, conarthaí agus iarfhostaíocht agus tá seans ann go mbeidh ort fianaise a thabhairt ar chomhlíonadh cánach.

Cé nach bhfuil aon chód iompair ar leith i bhfeidhm ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe don mhórsheirbhís phoiblí, ní mór d’fhostaithe cloí leis na hAchtanna um Eitic agus leis an gcód cleachtais ón Roinn do rialachas comhlachtaí Stáit.

Tá a gcód iompair féin i bhfeidhm ag earnálacha agus gníomhaireachtaí roinne áirithe.

Conas is féidir liom comhairle a fháil?

Déan teagmháil linn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin chun comhairle a fháil maidir leis na hoibleagáidí atá ort faoin reachtaíocht.

 

Tabhair faoi deara gur seanleaganacha de na treoirlínte i nGaeilge iad na treoirlínte thíos. Déanfar an leagan Gaeilge de na treoirlínte seo a nuashonrú chomh luath agus is féidir.

Treoirlínte do Sheirbhísigh Phoiblí

Léigh tuilleadh

Tacú le Comhlíonadh Eitice: Na Deich Scothchleachtas is Fearr do Chomhlachtaí Poiblí

Léigh tuilleadh