An bhfuil tú i do Theachta Dála (TD)? Má tá, tá oibleagáidí ort faoi na hAchtanna um Eitic, faoin Acht Toghcháin agus faoin gCód Iompair do Chomhaltaí Dháil Éireann nach sealbhóirí oifige iad.

Beidh feidhm ag an Acht Toghcháin maidir leat le linn duit seasamh i dtoghchán agus tar éis tú a thoghadh araon. Agus tú tofa, ní mór duit cloí leis na hAchtanna um Eitic agus leis an gcód iompair freisin.

Cén áit ar féidir liom comhairle a fháil?

Déan teagmháil linn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin chun comhairle a fháil maidir leis na hoibleagáidí atá ort faoin Acht Toghcháin.

Déan teagmháil leis an gCoiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann chun comhairle a fháil maidir leis na hAchtanna um Eitic nó maidir leis an gcód iompair, toisc nach bhfuil aon údarás againn comhairle a thabhairt duit maidir leis na réimsí sin.