Tá an Coimisiún tiomanta do chultúr a chruthú a thacaíonn le nochtadh cosanta a dhéanamh agus a thugann cosaint do dhaoine tuairiscithe.

An bhrí atá le Nochtadh Cosanta

Is ionann nochtadh cosanta, san Acht um Nochtadh Cosanta, agus nochtadh faisnéise a léiríonn, i dtuairim réasúnach oibrí, éagóiritheoireacht ábhartha amháin nó níos mó; gur tháinig sé nó sí ar aird an oibrí i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair; agus go nochtar é ar an modh a fhorordaítear san Acht.

Is duine forordaithe é Rúnaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí faoin Acht um Nochtadh Cosanta.

Chun nochtadh cosanta a dhéanamh do dhuine forordaithe, ní mór duit na riachtanais thuas a chomhlíonadh agus;

  • ní mór duit freisin a chreidiúint go réasúnta go bhfuil an tuarascáil atá á déanamh agat laistigh de shainchúram an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí; agus
  • ní mór duit a chreidiúint go réasúnta go bhfuil an fhaisnéis agus aon líomhain atá ann fíor go substaintiúil.

Is féidir leat nochtadh cosanta a dhéanamh le Rúnaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar nithe a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar:

Gach ní a bhaineann leis na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001 a mhaoirsiú a mhéid a bhaineann siad le daoine sonraithe agus le comhaltaí den Oireachtas nach sealbhóirí oifige, de réir bhrí na nAchtanna sin, lena n-áirítear imscrúduithe agus tuarascálacha i ndáil le sáruithe a d’fhéadfadh a bheith déanta ar na hAchtanna sin

Na nithe go léir a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2019 i ndáil le;

  • tabhartais do pháirtithe polaitíochta a nochtadh,
  • comhaltaí den Oireachtas,
  • comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa, agus iarrthóirí i dtoghcháin do Dháil Éireann, do Sheanad Éireann agus do Pharlaimint na hEorpa,
  • oibleagáidí tríú páirtithe,
  • oibleagáidí deontóirí corpraithe,
  •  faireachán a dhéanamh ar theorainneacha le caiteachas ag iarrthóirí toghcháin agus ag páirtithe polaitíochta, agus
  • caiteachas Maoiniú Státchiste a fhaigheann páirtithe polaitiúla cáilithe.

Gach ní a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte 1938 maidir le caiteachas maoinithe (Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte) a fhaigheann ceannairí parlaiminte na bpáirtithe cáilitheacha agus comhaltaí neamhspleácha den Oireachtas.

Ní duine forordaithe é an Rúnaí faoi láthair maidir le nithe a bhaineann leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil.

Conas is féidir liom nochtadh cosanta a dhéanamh leis an gCoimisiún?

Chun nochtadh cosanta a dhéanamh le Rúnaí an Choimisiúin, is féidir leat é sin a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh linn ar cheann de na bealaí seo a leanas:

Ar an nguthán ag 01 639 5797, nó trí ríomhphost chuig ár seoladh ríomhphoist tiomnaithe disclosures@sipo.ie

Cad a tharlóidh nuair a fhaightear nochtadh?

Tá nós imeachta againn ina leagtar amach cad a tharlóidh nuair a bheidh nochtadh faighte againn. Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh a fhoghlaim. Annós imeachta maidir le nochtadh cosanta.

Fáil ar chomhairle

Molaimid dóibh siúd atá ag iarraidh nochtadh cosanta a dhéanamh comhairle neamhspleách a fháil roimh ré.  

Trédhearcacht Tá líne chabhrach rúnda ag Éirinn, agus tugann sí rochtain ar chomhairle dlí saor in aisce maidir le nochtadh cosanta a dhéanamh tríd an Ionad Comhairle Dlí Trédhearcachta. Is féidir leis an Líne Chabhrach atreoruithe saor in aisce a chur ar fáil do chomhairleoireacht ghairmiúil ach í a iarraidh.

Féach:  https://www.transparency.ie/helpline

Tá an Coimisiún tiomanta cultúr a chruthú a thacaíonn le nochtadh cosanta a dhéanamh agus a thugann cosaint do dhaoine tuairiscithe.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi nochtadh cosanta, bain úsáid as an gcnaipe thíos chun cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Nochtadh Cosanta.

Oifig Um Nochtadh Cosanta

Tuarascálacha maidir le nochtaí cosanta a rinneadh don Choimisiún um Chaighdeáin

Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2022, ach tar éis dó an gearán a chuir san áireamh de réir fhorálacha reachtúla an Achta um Nochtadh Cosanta 2014, bhí an Coimisiún den tuairim nach raibh an t-ábhar cáilithe mar nochtadh cosanta. Cuireadh an gearánach ar an eolas dá réir sin.

Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2021, ach tar éis dó an gearán a chuir san áireamh, bhí an Coimisiún den tuairim nach raibh na hábhair laistigh dá shainchúram agus cuireadh an gearánach ar an eolas dá réir sin.

Scrúdaigh an Coimisiún nochtadh cosanta a fuarthas sa bhliain 2019 agus dúnadh é ina dhiaidh sin sa bhliain 2021.

Ní bhfuarthas aon nochtadh cosanta nua in 2020. Bhí breithniú á dhéanamh go fóill in 2020 ar nochtadh a rinneadh in 2019.

Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2019, a cuireadh san áireamh ag an Choimisiún i gcomhréir leis an Acht Eitice. Bhí an clamhsán fós á phlé ag am an tuarascáil seo.

Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2018. Tar éis dó an gearán a bhreithniú, áfach, tháinig an Coimisiún ar an tuairim nach raibh go leor faisnéise ann chun dul ar aghaidh agus tugadh fógra don ghearánach faoi sin.

Scrúdaigh an Coimisiún nochtadh cosanta amháin a fuarthas go mall sa bhliain 2017. Dúnadh ina dhiaidh sin é sa bhliain 2018.

Bhí nochtadh cosanta amháin faighte sa bhlian 2017, a cuireadh san áireamh ag an Choimisiúin i gcomhréir leis an Acht Eitice. Mheas an Choimisiúin go raibh mórán de na nithe ardaithe lasmuigh dá théarmaí agus gur thit siad in ionad faoi théarmaí comhlachtaí poiblí eile. Eisíodh freagairt dá réir. Mar sin féin, de bharr gur thit ceann de na nithe faoi údaráis an Choimisiúin, atreoraíodh é le measúnú i gcomhréir leis na hAchtanna um Eitice in Oifigí Poiblí. Tá an t-ábhar fós á phlé ag am an tuarascáil seo.

Ní raibh aon nochtadh cosanta faighte.