Tá oibleagáidí ar pháirtithe polaitíochta faoin Acht Toghcháin agus faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014 (an tAcht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte).

Cé na hoibleagáidí atá ar an bpáirtí?

Ní mór do pháirtithe, agus d’fho-aonaid dá gcuid, cloí leis na rialacha maidir le síntiúis agus caiteachas, leis na hoibleagáidí nochta agus leis na teorainneacha atá leagtha amach sna hAchtanna.

Ní mór dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na nithe seo a leanas:

  • Speansais agus síntiúis toghcháin – do thoghcháin Dála, Seanaid agus Eorpacha
  • Na síntiúis a fuarthas le linn na bliana
  • An dóigh ar úsáideadh maoiniú Státchiste/Stáit – má bhaineann

Ní mór do pháirtithe ráitis chuntas iniúchta a sheoladh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin gach bliain freisin.

Déanaimid athbhreithniú ar na tuairisceáin agus foilsímid na tuarascálacha uainn nuair is deimhin linn go bhfuil an fhaisnéis atá sna tuairisceáin iomlán agus cruinn. Déanaimid speansais toghcháin agus an dóigh ar úsáideadh maoiniú Státchiste a dheimhniú leis an Roinn Airgeadais freisin.

Conas is féidir liom comhairle a fháil?

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin treoirlínte maidir le síntiúis, maidir le toghcháin, maidir le maoiniú Stáit a úsáid agus maidir le ráitis chuntas, agus tá na treoirlínte sin ar fáil ar líne.

Déan teagmháil linn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin chun comhairle a fháil maidir leis na hoibleagáidí atá ort faoin reachtaíocht.