Féadfaidh duine ar bith gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin má mheasann sé nó sí go mb’fhéidir go mbeadh ceann ar bith de na nithe seo déanta ag "duine sonraithe" nó ag duine ar duine bainteach é:

  • go mb'fhéidir go mbeadh "gníomh sonraithe" déanta aige/aici;
  • go mb'fhéidir go mbeadh foráil de na hAchtanna um Eitic sáraithe aige/aici; nó
  • go mb'fhéidir go mbeadh foráil den Acht Toghcháin, 1997, arna leasú (na hAchtanna Toghcháin), sáraithe aige/aici.

Is é is gníomh sonraithe ann ná gníomh nó neamhghníomh atá déanta tar éis thosach feidhme alt 2 d'Acht 2001 (i.e. tar éis an 10 Nollaig 2001) atá:

  • ar neamhréir le comhlíonadh cuí fheidhmeanna na hoifige nó an phoist ag an duine sonraithe, ar oifig í nó post é a bhfuil an duine sonraithe ina dhuine sonraithe nó ina duine sonraithe faoina treoir nó faoina threoir, nó le muinín an phobail i gcoitinne sa chomhlíonadh sin a choinneáil, agus
  • ina ní a ngabhann tábhacht shuntasach phoiblí leis.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil in alt 4 den Acht um Chaighdeáin, 2001