An bhfuil faisnéis agat faoi shárú ar na hAchtanna? Déanann an Coimisiún um Chaighdeáin maoirseacht ar chomhlíonadh na reachtaíochta atá faoina shainchúram agus féadfaidh sé sáruithe féideartha a iniúchadh. Tá cumhachtaí difriúla ag an gCoimisiún faoi na hAchtanna éagsúla a ndéanann sé maoirseacht orthu. Tá siad mar seo a leanas:

Eitic

Faoi na hAchtanna um Eitic, glacann an Coimisiún le gearáin ó dhaoine den phobal a chreideann go bhféadfadh go ndearnadh sárú. Féadfaidh an Coimisiún réamhfhiosrú a dhéanamh nó tabhairt faoi imscrúdú ar sháruithe líomhnaithe.

An Liúntas Toghcháin agus Gníomhaíochtaí Parlaiminte

Faoin Acht Toghcháin agus faoin reachtaíocht um Ghníomhaíochtaí Parlaiminte, féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin fiosruithe a dhéanamh chun go mbeidh sé in ann a fhreagrachtaí reachtacha a chomhlíonadh. Má bhíonn an Coimisiún den tuairim go bhféadfadh go ndearnadh cion, féadfaidh sé an ní a tharchur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí. 

Brústocaireacht

Faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, féadfaidh an Coimisiún cionta a imscrúdú agus a ionchúiseamh faoin Acht. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi ról an Choimisiúin i mbrústocaireacht a rialáil, nó chun ceist a chur, téigh chuig www.lobbying.ie