Féadfaidh na daoine seo a leanas gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi shárú féideartha ar na forálacha d'Acht 1995 a bhaineann le nochtadh:

  • Ball den phobal
  • Comhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann
  • An tAire Airgeadais
  • Aire den Rialtas
  • "An t-údarás iomchuí" (de réir bhrí Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956, ach gan Aire den Rialtas a áireamh) i ndáil le státseirbhíseach
  • An Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann

Féadfaidh na daoine atá liostaithe thuas gearán a dhéanamh faoi shealbhóirí poist áirithe. Is féidir sonraí faoi chatagóirí na bpost sin a fháil in alt 22 den Acht um Eitic, 1995