An bhfuil tú i d’Aire, i d’Aire Stáit, i do chomhairleoir aireachta, i do státseirbhíseach sinsearach nó i do sheirbhíseach poiblí sinsearach? Má tá, tá tú i do shealbhóir oifige agus tá freagrachtaí ort faoi na hAchtanna um Eitic agus faoin gcód iompair do shealbhóirí oifige.

Cé na hoibleagáidí atá orm?

Leagtar amach sna hAchtanna agus sa chód na rialacha maidir le nochtadh leasanna, comhlíonadh cánach agus caighdeáin iompair ar gá duit cloí leo le linn duit bheith san oifig.

Má tá tú i do shealbhóir oifige tofa, amhail Teachta Dála (TD) nó Seanadóir, tá oibleagáidí ort freisin faoin Acht Toghcháin le linn an toghcháin agus tar éis tú a thoghadh araon.

Mar shealbhóir oifige, tá seans ann go mbeidh tú i d’oifigeach poiblí ainmnithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015. Beidh tú faoi réir srianta iarfhostaíochta nuair a fhágann tú do phost freisin. Féach www.lobbying.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin mbrústocaireacht agus faoi rialacha iarfhostaíochta.

Cén áit ar féidir liom comhairle a fháil?

Déan teagmháil linn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin chun comhairle a fháil maidir leis na hoibleagáidí atá ort faoin reachtaíocht.