Ceanglaítear ar fhostaithe údaráis áitiúil cloí leis na rialacha atá leagtha amach sna hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, san Acht Rialtais Áitiúil, 2001, agus sa Chód Iompair d’Fhostaithe Údaráis Áitiúil. Leis na creataí sin, cuirtear oibleagáidí ar fhostaithe údaráis áitiúil caighdeáin chuí ionracais a choimeád le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh.

Faoi Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, tá sé d’údarás ag an gCoimisiún um Chaighdeáin scrúdú a dhéanamh ar ghearáin áirithe faoi fhostaithe údaráis áitiúil faoi na hAchtanna agus faoin gCód Iompair. 

Ba cheart leas a bhaint as gach modh réitigh áitiúil sula dtarchuirfear gearán chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin, áfach.  Má mheasann duine go mb’fhéidir go ndearna comhalta d’údarás áitiúil sárú ar na hoibleagáidí atá air/uirthi faoi na hAchtanna nó faoin gCód, ba cheart don duine sin an gearán a chur in iúl do chláraitheoir eitice an údaráis áitiúil ar an gcéad ásc. 

Mura bhfuil duine sásta leis an toradh ar aon scrúdú a rinne an cláraitheoir eitice, féadfar an gearán a tharchur chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin ansin.

Cód Iompair d'Fhostaithe na nÚdarás Áitiúil