An bhfuil tú i d’iarrthóir nó i do ghníomhaire toghcháin i dtoghchán Dála, Seanaid, Eorpach nó uachtaránachta? Má tá, ní mór duit cloí leis na rialacha maidir le síntiúis agus maidir le caiteachas atá leagtha amach san Acht Toghcháin agus sna treoirlínte ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le toghcháin agus maidir le síntiúis.

Níl aon ról ag an gCoimisiún i maoirseacht a dhéanamh ar thoghcháin údaráis áitiúil.

Cén áit ar féidir liom comhairle a fháil?

Déan teagmháil linn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin chun comhairle a fháil maidir leis na hoibleagáidí atá ort faoin reachtaíocht.