San Acht Rialtais Áitiúil, 2001, leagtar creat eitice síos agus forchuirtear dualgas reachtúil ar chomhaltaí údaráis áitiúil (comhairleoirí cathrach agus contae) caighdeáin chuí ionracais, iompair agus airde ar leas an phobail a choimeád. Bainfidh siad an méid sin amach trí chloí leis an gCód Iompair do Chomhaltaí Údaráis Áitiúil agus trí dhearbhuithe leasanna agus ráitis síntiús polaitíochta a chomhlánú gach bliain. 

Faoi Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, tá sé d’údarás ag an gCoimisiún um Chaighdeáin scrúdú a dhéanamh ar ghearáin áirithe faoi chomhaltaí údaráis áitiúil. 

Ba cheart leas a bhaint as gach modh réitigh áitiúil sula dtarchuirfear gearán den sórt sin chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin.  Má mheasann duine go mb’fhéidir go ndearna comhalta d’údarás áitiúil sárú ar fhoráil de Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, nó de na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, ba cheart do chláraitheoir eitice an údaráis áitiúil an ní a scrúdú ar an gcéad ásc. 

Mura bhfuil duine sásta leis an toradh ar an mbreithniú ar an ní tar éis é a tharchur chuig an gcláraitheoir eitice, féadfar an gearán a tharchur chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin ansin.

Cód Iompair do Chomhairleoirí