An bhfuil tú i do státseirbhíseach? Má tá, ní mór duit cloí leis na rialacha maidir le nochtadh leasanna, comhlíonadh cánach agus caighdeáin iompair atá leagtha amach sna hAchtanna um Eitic agus sa chód iompair do státseirbhísigh.
Má tá tú i do státseirbhíseach sinsearach – amhail ardrúnaí, rúnaí cúnta nó duine ag grád coibhéiseach – tá tú i d’oifigeach poiblí ainmnithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, freisin. Beidh tú faoi réir srianta iarfhostaíochta nuair a fhágann tú do phost freisin. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin mbrústocaireacht agus faoi rialacha iarfhostaíochta, tabhair cuairt ar www.lobbying.ie.
Déan teagmháil linn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin chun comhairle a fháil maidir leis na hoibleagáidí atá ort faoin reachtaíocht.
Chun comhairle a fháil faoin gCód Iompair, déan teagmháil le rannóg acmhainní daonna do roinne.