Tugann an Stát maoiniú do pháirtithe polaitíochta cáilithe faoin Acht Toghcháin agus do cheannairí páirtí agus do chomhaltaí neamhspleácha den Oireachtas dá gcuid gníomhaíochtaí faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014.

Aon duine a fhaigheann maoiniú, ní mór dó/di sonraí faoin dóigh ar caitheadh an maoiniú sin a sheoladh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Márta gach bliain. Foilsítear na tuarascálacha sin ar bhonn bliantúil.

Má tá iarrthóir páirtí chun cáiliú d’íocaíocht faoin Acht Toghcháin, ní mór go bhfuair sé/sí 2 faoin gcéad ar a laghad d’iomlán na vótaí céadrogha ag an olltoghchán is déanaí.

Má tá páirtí chun cáiliú don liúntas gníomhaíochtaí parlaiminte, ní mór gur toghadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid chuig an Dáil nó gur toghadh nó gur ainmníodh comhalta amháin ar a laghad dá chuid chuig an Seanad. Beidh méid an liúntais ag brath ar an líon comhaltaí atá ag an bpáirtí san Oireachtas. Cáilíonn comhaltaí neamhspleácha den Oireachtas don liúntas chomh maith.

 

Tabhair faoi deara gur seanleaganacha de na treoirlínte i nGaeilge iad na treoirlínte thíos. Déanfar an leagan Gaeilge de na treoirlínte seo a nuashonrú chomh luath agus is féidir.

Tá na tuarascálacha seo a leanas ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo: