Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin Clár de Shíntiúsóirí Corparáideacha ar bun agus bainistíonn sé an Clár anois. Is leis an mbliain féilire reatha a bhaineann an clár.

Conas agus cén uair is féidir liom clárú?

Mar shíntiúsóir corparáideach, ní mór duit iarratas a dhéanamh ar chlárú má tá sé beartaithe agat síntiúis pholaitíochta ar mó a luach ná €200 a thabhairt d’aon duine de na daoine seo a leanas:

  • Comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas
  • Feisire de Pharlaimint na hEorpa
  • Iarrthóir i dtoghchán Dála, Seanaid nó Eorpach
  • Iarrthóir, gníomhaire toghcháin uachtaránachta nó tríú páirtí i dtoghchán uachtaránachta
  • Páirtí polaitíochta, fo-aonad de chuid páirtí polaitíochta nó tríú páirtí.

Cá fhad a bheidh éifeacht leis an gclár?

Beidh d’ainm ar an gclár ar feadh na coda eile den bhliain. Déanfaimid teagmháil leat i dtreo dheireadh na bliana chun a fháil amach cé acu ba mhaith nó nár mhaith leat fanacht ar an gclár ar feadh bliain eile. Murar mhaith leat fanacht ar an gclár, bainfimid d’ainm de.

Tá rialacha ann maidir le glacadh le síntiúis pholaitíochta agus maidir le síntiúis pholaitíochta a nochtadh. Tá teorainneacha ann le síntiúis freisin. Tá feidhm ag na rialacha sin i ngach cás, is cuma cé acu atá tú cláraithe mar shíntiúsóir corparáideach nó nach bhfuil.

Cé na teorainneacha le síntiúis?

Is iad seo a leanas na síntiúis pholaitíochta uasta a fhéadfaidh síntiúsóirí corparáideacha cláraithe a thabhairt:

  • €1,000 do chomhalta den Dáil nó den Seanad
  • €1,000 d’iarrthóir i dtoghchán Dála, Seanaid nó Eorpach
  • €1,000 d’iarrthóir, do ghníomhaire toghcháin uachtaránachta nó do thríú páirtí i dtoghchán uachtaránachta
  • €2,500 do pháirtí polaitíochta, d’fho-aonad de chuid páirtí nó do thríú páirtí

2023

Aercap Aviation Leasing Limited

Aontú

CE Cladewell Estates Ltd

Dansko Foods Ltd

EP Lynam Properties Ltd

Fianna Fáil

Green Party

Irish National Teachers' Organisation

LHW Financial Planning Ltd

SIPTU

Social Democrats