Ceanglaítear leis an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, ar chomhlachtaí poiblí tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina leagtar amach an líon nochtaí cosanta a rinneadh sa bhliain roimhe agus na gníomhartha a rinneadh ina leith.
Tugtar leis an Acht cosaint d’fhostaithe tar éis dóibh ábhair imní a tharraingt anuas faoi éagóir fhéideartha san áit oibre.
Féadfaidh tú nochtadh a dhéanamh ar roinnt bealaí faoin Acht – mar shampla, féadfaidh tú nochtadh a dhéanamh do d’fhostóir agus, uaireanta, féadfaidh tú nochtadh a dhéanamh do dhuine “forordaithe” seachtrach.
Is duine forordaithe faoin Acht (Ionstraim Reachtúil Uimh. 339 de 2014, arna leasú le hIonstraim Reachtúil Uimh. 448 de 2015) é an Ceann um Eitic agus Brústocaireacht a Rialáil (dá ngairtear ‘Rúnaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí’ sna rialacháin maidir le nochtadh cosanta).
Féadfaidh tú nochtadh a dhéanamh don Cheann um Eitic agus Brústocaireacht a Rialáil ar nithe a bhaineann leis an maoirseacht a dhéantar ar na nithe seo a leanas:
Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2021, ach tar éis dó an gearán a chuir san áireamh, bhí an Coimisiún den tuairim nach raibh na hábhair laistigh dá shainchúram agus cuireadh an gearánach ar an eolas dá réir sin.
Scrúdaigh an Coimisiún nochtadh cosanta a fuarthas sa bhliain 2019 agus dúnadh é ina dhiaidh sin sa bhliain 2021.
Fuarthas nochtadh cosanta amháin sa bhliain 2018. Tar éis dó an gearán a bhreithniú, áfach, tháinig an Coimisiún ar an tuairim nach raibh go leor faisnéise ann chun dul ar aghaidh agus tugadh fógra don ghearánach faoi sin.
Scrúdaigh an Coimisiún nochtadh cosanta amháin a fuarthas go mall sa bhliain 2017. Dúnadh ina dhiaidh sin é sa bhliain 2018.
Bhí nochtadh cosanta amháin faighte sa bhlian 2017, a cuireadh san áireamh ag an Choimisiúin i gcomhréir leis an Acht Eitice. Mheas an Choimisiúin go raibh mórán de na nithe ardaithe lasmuigh dá théarmaí agus gur thit siad in ionad faoi théarmaí comhlachtaí poiblí eile. Eisíodh freagairt dá réir. Mar sin féin, de bharr gur thit ceann de na nithe faoi údaráis an Choimisiúin, atreoraíodh é le measúnú i gcomhréir leis na hAchtanna um Eitice in Oifigí Poiblí. Tá an t-ábhar fós á phlé ag am an tuarascáil seo.