Sna tuarascálacha bliantúla uaidh, déanann an Coimisiún um Chaighdeáin trácht ar a eispéireas i maoirseacht a dhéanamh ar an reachtaíocht a thagann faoina shainchúram agus, uaireanta, molann sé leasuithe ar na hAchtanna.

Ó am go ham, iarrfaidh ranna a bhfuil freagracht orthu as beartas a leagan síos sa réimse seo go ndéanfaí athbhreithniú níos foirmiúla ar an reachtaíocht. Rannchuidímid leis na hathbhreithnithe sin de ghnáth agus foilsímid na haighneachtaí uainn ar ár suíomh Gréasáin.

Tá seans ann go bhfoilseoimid tuarascálacha ar shaincheisteanna sonracha a thagann chun cinn faoin reachtaíocht eitice, toghcháin nó parlaiminte chomh maith.

Is ar www.lobbying.ie a fhoilsítear na tuarascálacha nó na haighneachtaí uainn a bhaineann leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil.

Tuarascálacha agus aighneachtaí foilsithe