Clár Ábhar

De réir fhorálacha alt 27(2)(a) den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, tá áthas orm an tuarascáil bhliantúil don bhliain 2018 ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a chur faoi bhráid an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

An Breitheamh Daniel O’Keeffe

Cathaoirleach, an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

Meitheamh 2019

Comhlacht neamhspleách a bunaíodh i mí na Nollag 2001 leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Tá seisear comhaltaí ag an gCoimisiún agus tá sé faoi chathaoirleacht ag iarbhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte. Ba iad seo na comhaltaí den Choimisiún sa bhliain 2018:

  • An Breitheamh Daniel O’Keeffe, Cathaoirleach;
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, an tOmbudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Jim O’Keeffe, Iarchomhalta de Dháil Éireann.

Tá róil mhaoirseachta ag an gCoimisiún faoi cheithre phíosa reachtaíochta ar leith, is iad sin:

  • An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, arna leasú leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, (na hAchtanna um Eitic);
  • An tAcht Toghcháin, 1997, arna leasú (na hAchtanna Toghcháin);
  • An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014; agus
  • An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Eisíonn an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar leith ina bpléitear lena chuid gníomhaíochtaí le linn dó an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, a riar.

Is é Oifig an Ombudsman a chuireann an Rúnaíocht don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar fáil.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi fheidhmeanna an Choimisiúin a fhail ar líne ar ár suíomh Gréasáin, faoin rannán dar teideal Feidhmeanna.

 

I ngach tuarascáil bhliantúil uaidh, tugann an Coimisiún um Chaighdeáin tuairisc ar a ghníomhaíochtaí faoin reachtaíocht a thagann faoina shainchúram.

Sa bhliain 2018, bhí údar ag an gCoimisiún le hobair i gcomhar leis an rialtas i dtaca le saincheisteanna athchóirithe reachtaigh agus struchtúraigh i réimsí a théann i bhfeidhm ar shainordú an Choimisiúin go díreach.

Teastaíonn athchóiriú toghcháin go mór. Is féidir é sin a fheiceáil san úsáid mhéadaitheach a bhítear ag baint as teicneolaíochtaí digiteacha i bhfeachtais agus sa ról méadaithe a bhíonn rannpháirtithe ón gcoigríoch ag glacadh ann, agus iad ag baint úsáid as na meáin shóisialta agus as fógraíocht pholaitiúil a mhaoinítear ó áiteanna lasmuigh den Stát. Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil obair ar bun chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí reachtacha atá ann ina leith sin. Tá an tOireachtas agus an rialtas araon ag déanamh iniúchadh ar bhearta is féidir a dhéanamh chun fógraíocht pholaitiúil ar líne a rialáil. Cuirtear fáilte roimh seo ach foirmíonn sé cuid amháin de na bearnaí atá ann sa chreat reachtach reatha.

I mí na Nollag 2018, sheol an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil comhairliúchán poiblí ar Anailís Tionchair Rialála maidir le Coimisiún Toghcháin a bhunú. Tá an Coimisiún i bhfách leis an ngá atá ann le coimisiún toghcháin tiomnaithe a bhunú agus soláthróidh sé ionchur sa phróiseas sin. Tá an Coimisiún dóchasach freisin go mbeidh athbhreithniú reachtach iomlán ar an Acht Toghcháin ag gabháil le haon athrú struchtúrach. Tá an tAcht breis agus 20 bliain d’aois anois agus is gá é a nuachóiriú.

Cé go bhfuiltear ag gluaiseacht go pointe éigin i dtreo athchóiriú toghcháin, tugann an Coimisiún dá aire gurb amhlaidh, ó thaobh na heitice de, nach bhfuil ach dul chun cinn mall á dhéanamh ar an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí a rith san Oireachtas. Ina riocht reatha, is é an toradh a bheadh ar an mBille ná go gcomhdhlúthófaí ar gach leibhéal den rialtas an reachtaíocht eitice atá ann cheana. Anuas air sin, thabharfaí roinnt cumhachtaí forfheidhmiúcháin don rialálaí ó thaobh nochta de.

Sa bhliain 2018, rinne an Coimisiún maoirseacht ar mhaoiniú feachtais don reifreann ar an 8ú leasú ar an mBunreacht, do dhá fhothoghchán don Seanad, agus don toghchán uachtaránachta. Thug an Coimisiún faoi deara freisin go raibh méadú suntasach i gcláruithe tríú páirtí ann mar thoradh ar an reifreann. Bhí méadú gaolmhar ann sa líon ábhar imní a chuir an pobal in iúl faoin dóigh a bhfuil eagraíochtaí agus daoine aonair ag comhlíonadh a n-oibleagáidí.

Tá an Coimisiún den tuairim gurb é an bealach is fearr is féidir tacú le comhlíonadh ná trí eolas agus feasacht a mhéadú ar na hoibleagáidí reachtúla atá i bhfeidhm. Leanann an Coimisiún le teagmháil a dhéanamh le geallsealbhóirí ar bhealaí éagsúla. Baineann sé úsáid as láithreoireachtaí, uirlisí suíomh Gréasáin agus táirgí faisnéise chun an tuiscint ar na hAchtanna a mhéadú.

Ba mhaith liom an deis seo a thapú buíochas a ghabháil leis na comhaltaí eile den Choimisiún as a dtiomantas agus a gcuid oibre le linn na bliana 2018. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le Sherry Perreault, an Ceann um Eitic agus Brústocaireacht a Rialáil, as an tiomantas agus an dúthracht a thaispeáin sí. Ár mbuíochas freisin, le baill fhoirne Rúnaíocht an Choimisiúin as an obair dhícheallach leantach a rinne siad sa bhliain 2018 agus an tacaíocht fhairsing a thug siad.

An Breitheamh Daniel O’Keeffe

Cathaoirleach

Sa chaibidil seo, tugtar faisnéis faoi ghníomhaíochtaí an Choimisiúin sa bhliain 2018 faoi na hAchtanna um Eitic agus tugtar forbhreathnú ar na príomhfhorbairtí a bhí ann sna réimsí tosaíochta.

 

Nochtadh Leasanna – Maoirseacht ag Comhlachtaí Poiblí

 

Sa tuarascáil bhliantúil uaidh don bhliain 2017, luaigh an Coimisiún gur tháinig roinnt saincheisteanna chun cinn maidir leis an méid a dhéanann comhlachtaí poiblí maoirseacht ar chomhlíonadh na bhforálacha nochta leasanna sna hAchtanna um Eitic ag stiúrthóirí ainmnithe agus fostaithe ainmnithe sna comhlachtaí sin. Is ag daoine laistigh de na comhlachtaí sin nach mór ráitis leasanna a thabhairt dóibh atá ceart chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún faoi sháruithe líomhnaithe agus, chun tacú leis an gceart sin, féadfaidh siad faisnéis a iarraidh ó dhuine faoina ráiteas nó faoi aon ní a eascraíonn as. Dá bhrí sin, tá dualgas ann maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh.

 

Rinne an Coimisiún próiseas comhairliúcháin a sheoladh le déanaí chun caighdeáin deachleachtais a fhorbairt do chomhlachtaí poiblí maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí faoi na hAchtanna um Eitic agus leis an gcomhlíonadh sin a chur in iúl. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an próiseas sin a chur i gcrích agus treoir a thabhairt do chomhlachtaí poiblí ina leith sa bhliain atá le teacht.

 

Nochtadh Leasanna – Rialacháin na nAchtanna um Eitic

An 21 Samhain 2018, shínigh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe rialacháin lena bhforordaítear poist ainmnithe fostaíochta sa státseirbhís agus stiúrthóireachtaí ainmnithe agus poist ainmnithe fostaíochta sa mhórsheirbhís phoiblí. D’fháiltigh an Coimisiún leis na rialacháin toisc nach ndearnadh na liostaí de stiúrthóireachtaí ainmnithe agus de phoist ainmnithe a athrú chun dáta ó bhí an bhliain 2015 ann.

 

Mar sin féin, rinneadh na rialacháin gan foráil a dhéanamh do dháta éifeachta. Dá bhrí sin, tháinig siad in éifeacht lom láithreach ar iad a shíniú. Gan dornán beag eisceachtaí a áireamh, foráladh i rialacháin chomhchosúla roimhe a rinneadh ón mbliain 1996 i leith do dháta éifeachta an 1 Eanáir, rud a d’fhág go mbeadh sé ag teacht leis an tréimhse ar ina leith a ullmhaítear ráitis bhliantúla maidir le leasanna (i.e. an bhliain féilire). Mar thoradh ar fhoráil den sórt sin a bheith in easnamh sa chás seo, cruthaíodh deacrachtaí riaracháin don Choimisiún agus do chomhlachtaí araon maidir le treoirlínte athbhreithnithe a sholáthar do sheirbhísigh phoiblí agus le comhairle chuí a chur ar chomhlachtaí i dtaca le cur chun feidhme na rialachán.

 

Scríobh Cathaoirleach an Choimisiúin chuig an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe á mholadh go mbeadh an 1 Eanáir mar dháta éifeachta le haghaidh rialacháin a dhéanfaí sa todhchaí. Sa fhreagra uaidh, luaigh an tAire go gcuirfí an moladh san áireamh nuair a bheifí ag ceapadh rialacháin sa todhchaí.

 

Easnaimh sna rialacháin nua

Le linn na rialacháin nua a scrúdú, tháinig sé chun solais gur fágadh roinnt comhlachtaí poiblí amach as an liosta. Áiríodh leo sin an tÚdarás Póilíneachta agus an Ghníomhaireacht Forbartha Talún. Anuas air sin, cuireadh ar áireamh leo dhá chomhlacht ar luaigh an Coimisiún sa tuarascáil bhliantúil uaidh don bhliain 2016 nach raibh siad ar áireamh sa leagan roimhe de na rialacháin, ba iad sin, an Coimisiún um Pá na Seirbhíse Poiblí agus an Coimisiún um Pá Íseal. Ní dhearnadh na saincheisteanna sin a réiteach sna rialacháin nua.

 

Ina theannta sin, bhí dhá chás ann inar cumascadh comhlachtaí poiblí a bhí ann cheana an 1 Eanáir 2019. Bunaíodh Sláinte Leanaí Éireann an 1 Eanáir 2019. Tháinig sé in ionad Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn, Ospidéal Ollscoile na Leanaí (Sráid Temple), gné Ospidéal Náisiúnta na Leanaí d’Ospidéal Ollscoile Thamhlachta, agus Bhord Ghrúpa Ospidéal na Leanaí. Ar an lá céanna, bunaíodh Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath in ionad Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir agus na hInstitiúide Teicneolaíochta, Tamhlacht. De bharr na gcumasc sin, is lasmuigh de raon feidhme oibleagáidí an Achta atá boird na gcomhlachtaí sin agus na fostaithe sin a bhí faoi réir fhorálacha an Achta do nochtadh leasanna. Ní ainmnítear na comhlachtaí nua sna rialacháin agus ní dhearnadh aon fhoráil ina reachtaíocht chumasúcháin dá mbaill foirne a chur ar áireamh faoi na hAchtanna um Eitic.

 

Ós rud é nach bhfuil na comhlachtaí dá dtagraítear thuas ar áireamh san Acht, ní bheifear in ann na forálacha sna hAchtanna um Eitic do nochtadh leasanna a chur chun feidhme ar bhonn reachtúil sna comhlachtaí sin. Dá réir sin, is féidir go mbeidh cinntí suntasacha á ndéanamh ag daoine sna comhlachtaí sin a mbeadh ceangal orthu a leas féin nó leas duine atá bainteach a nochtadh agus tarraingt siar ó pháirt a ghlacadh sna cinntí sin dá mbeadh siad forordaithe sna rialacháin. Ós rud é nach bhfuil siad ar áireamh sna rialacháin, áfach, níl aon oibleagáid den sórt sin ann. Níl aon ról maoirseachta ag an gCoimisiún sna cúinsí ach oiread.

 

Sa tuarascáil bhliantúil uaidh don bhliain 2006, mhol an Coimisiún gur cheart don Aire, i gcás go mbeidh comhlacht poiblí á bhunú, breithniú a dhéanamh ar rialacháin a thabhairt isteach lena bhforordófaí stiúrthóireachtaí agus/nó poist fostaíochta laistigh den chomhlacht chun críocha na nAchtanna um Eitic le héifeacht ó dháta bhunú an chomhlachta, má mheasann an tAire go bhfuil sé le leas an phobail déanamh amhlaidh. Rinneadh amhlaidh dhá uair ón dáta sin i leith. Bhain an chéad uair leis an mBanc-Chorparáid Angla-Éireannach Teoranta (Corparáid na hÉireann um Réiteach Bainc Teoranta faoi Leachtú Speisialta anois) agus a fochuideachtaí (I.R. Uimh. 320 de 2009). Bhain an dara huair leis an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (NAMA) agus a coistí agus a heintitis ghrúpa (I.R. Uimh. 126 de 2010).

 

I dtuarascálacha bliantúla roimhe uaidh, mhol an Coimisiún go gcoinneofaí na rialacháin chomh cothrom le dáta agus ab fhéidir chun go ndéanfaí aon choinbhleachtaí féideartha nó iarbhír idir leasanna pearsanta agus feidhmeanna poiblí a nochtadh agus a réiteach le leas an phobail. Molann an Coimisiún an athuair go ndéanfaí breithniú, mar chuid de phróiseas an bhunaithe, ar stiúrthóireachtaí ainmnithe agus poist fostaíochta ainmnithe a fhorordú i gcomhlacht atá le bunú (bíodh an comhlacht ina chomhlacht nua ar fad nó bíodh comhlachtaí nua á gcumasc). I gcás comhlachtaí atá á gcumasc ina n-eagraíocht nua, cinnteoidh sé sin go mbeidh leanúnachas ann i gcur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le nochtadh. I gcás comhlachtaí nua, cinnteoidh sé gur faoi réir choimircí an chreata reachtúil eitice a bheidh cinntí suntasacha a bheidh le déanamh go luath sa bhunú.

 

De bhreis air sin, ba cheart eolas a thabhairt don Choimisiún go díreach faoi bhunú comhlachtaí nua nó faoi chumasc nó lánscor comhlachtaí atá ann cheana chun go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar na hoibleagáidí eitice a bheidh ar fhostaithe agus/nó comhaltaí boird agus ar aon impleachtaí a bheidh ann do chomhlachtaí poiblí agus oifigigh phoiblí ainmnithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

 

Forálacha Imréitigh Cánach – Ceapaithe chuig Oifig Shinsearach

Luaigh an Coimisiún sa tuarascáil bhliantúil uaidh don bhliain 2017 go ndearna sé suirbhé ar chomhlachtaí poiblí chun faisnéis a bhailiú faoi cheapaithe chuig ‘oifig shinsearach’, a gceanglaítear orthu fianaise ar chomhlíonadh cánach a thabhairt don Choimisiún laistigh de naoi mí ón dáta ceapacháin (i.e. dearbhú reachtúil agus deimhniú imréitigh cánach nó fianaise go ndearnadh iarratas ar dheimhniú).

 

Rinneadh dul chun cinn suntasach ina leith sin. Mar fhreagra ar an suirbhé, tugadh fógra don Choimisiún sa bhliain 2018 faoi 170 ceapaí chuig ‘oifig shinsearach’ nár tugadh fógra fúthu roimhe sin don Choimisiún agus ar tháinig a ndátaí ceapacháin lasmuigh den spriocdháta le haghaidh comhlíonadh. I gcásanna áirithe, ba é roinnt blianta ó shin a rinneadh na ceapacháin ar tugadh fógra fúthu sa bhliain 2018. I dtrí chás, ba sa bhliain 2005 a rinneadh an ceapachán. Bhí an figiúr sin de bhreis ar an 132 cheapachán ar tugadh fógra fúthu sa bhliain 2017. D’fhág sé sin gurbh ionann agus 302 dhuine aonair an líon iomlán daoine aonair nár tugadh a n-ainm don Choimisiún roimh an spriocdháta naoi mí le haghaidh comhlíonadh.

 

Tá díomá ar an gCoimisiún a lua, áfach, go raibh freagraí le tabhairt fós ag roinnt bheag comhlachtaí amhail deireadh na bliana 2018, d’ainneoin na n-iarrachtaí leanúnacha a rinneadh chun freagraí a fháil. Tá an Coimisiún ag leanúint leis an bhfaisnéis nár tugadh go fóill a fháil ó na comhlachtaí sin d’fhonn a chinntiú gur comhlíontach atá gach duine aonair atá fágtha.

 

Mar a luadh sa tuarascáil don bhliain seo caite, níl aon dualgas follasach ar chomhlachtaí poiblí eolas a thabhairt don Choimisiún faoi cheapacháin ábhartha. Níl an Coimisiún in ann, mar sin de, gníomh leantach a dhéanamh ar neamhchomhlíonadh ag daoine den sórt sin. Go bunúsach, cuireann sé sin bac air a ról reachtúil faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, a chomhlíonadh. Is é an toradh atá air sin ná nach bhfuil fostaithe ag comhlíonadh an Achta.

 

Molann an Coimisiún an Coimisiún an athuair go leasófaí an tAcht chun oibleagáid reachtúil a leagan ar chomhlachtaí poiblí eolas a thabhairt don Choimisiún faoi cheapacháin chuig ‘oifig shinsearach’.

 

Déanann an Coimisiún imscrúdú agus tuairisciú i gcás go dteipeann ar cheapaithe chuig ‘oifig shinsearach’ na hoibleagáidí atá orthu a chomhlíonadh tar éis dóibh deis dhóthanach a bheith acu déanamh amhlaidh. Ceanglaítear aon tuarascáil ar an ní a chur chuig an gcomhlacht poiblí lena mbaineann agus a leagan faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas. Féadfaidh comhlacht poiblí gníomh a dhéanamh in aghaidh an duine lena mbaineann, lena n-áirítear an duine a chur ar fionraí gan luach saothair a íoc leis/léi, go dtí go gcomhlíonfaidh an duine na hoibleagáidí atá air/uirthi.

 

Thionscain an Coimisiún 80 imscrúdú den sórt sin sa bhliain 2018. Cé gur baineadh comhlíonadh amach go luath i bhformhór na n-imscrúduithe sin, d’eisigh an Coimisiún sé thuarascáil an 27 Meán Fómhair 2018 a bhain le daoine aonair ar theip orthu a n-oibleagáidí a chomhlíonadh. Chomhlíon cúigear den seisear a n-oibleagáidí ina dhiaidh sin. Tá an cás eile le réiteach fós.

 

Mar a cheanglaítear leis an reachtaíocht, leag an Coimisiún cóipeanna de na tuarascálacha faoi bhráid an Oireachtais agus chuir sé cóip ar fáil don duine aonair i gceist agus don chomhlacht is fostóir dó/di.

 

 

Gearáin

Sa bhliain 2018, phróiseáil an Coimisiún 29 ngearán faoi na hAchtanna um Eitic, chuir sé réamhfhiosrúchán amháin i gcrích agus reáchtáil sé ceithre éisteacht imscrúdaithe. Foilsíod trí thuarascáil imscrúdaithe sa bhliain freisin. Anuas air sin, rinneadh 80 imscrúdú agus ullmhaíodh sé thuarascáil imscrúdaithe ar neamhchomhlíonadh oibleagáidí cánach.

 

Dhéileáil an Coimisiún ar fud na bliana le roinnt gearán a bhain le comhaltaí údaráis áitiúil a bheith ag gníomhú thar ceann toghthóirí i nithe áitiúla. Le linn dó na gearáin sin a bhreithniú, thug an Coimisiún dá aire an ról déach atá ag comhaltaí údaráis áitiúil sa chóras rialtais áitiúil. Cé go bhfuil ról beartais atá sainithe go soiléir laistigh den chomhairle thofa ag comhaltaí, tá ról ionadaíoch nach bhfuil chomh sainithe sin acu i ngníomhú thar ceann a bpobail agus a dtoghthóirí. Tugann an Coimisiún dá aire nach gcuirtear aon toirmeasc ar chomhairleoir leis an reachtaíocht rialtais áitiúil uiríll a dhéanamh thar ceann duine aonair agus tá an Coimisiún den tuairim gur ceadmhach do chomhairleoir déanamh amhlaidh ar an gcoinníoll go gcloíonn sé/sí leis na hoibleagáidí eile atá air/uirthi faoi na hAchtanna um Eitic agus faoin gcód iompair ábhartha.

 

An tImscrúdú ar an Uas. Tim Caffrey, Comhairle Contae an Longfoirt

Sa tuarascáil bhliantúil uaidh don bhliain 2015, thug an Coimisiún tuairisc ar imscrúdú ar ghearán maidir leis an Uas. Tim Caffrey, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae an Longfoirt ag an am. Luaigh sé freisin gurbh amhlaidh, le linn dó an gearán a bhreithniú, gur tháinig an Coimisiún ar an eolas faoi sháruithe féideartha eile a rinne an tUas. Caffrey agus a tháinig as na cúinsí céanna, cé nach raibh siad ina gcuid den ghearán bunaidh. Chinn an Coimisiún gur cheart dó an ní seo a imscrúdú ar a thionscnamh féin.

 

Ag teacht sna sála ar aighneachtaí a fuarthas ó ionadaithe thar ceann an Uas. Caffrey, ba chuí leis an gCoimisiún an t-imscrúdú sin a chur ar athló ar feadh tréimhse éiginnte.

 

An tImscrúdú ar an gComhairleoir Frank Durcan, ar an gComhairleoir Cyril Burke agus ar an Uas. Peter Hynes, Comhairle Contae Mhaigh Eo

Chuir an Coimisiún a éisteacht imscrúdaithe i gcrích agus d’fhoilsigh sé tuarascálacha imscrúdaithe ar na sáruithe líomhnaithe ar an gCreat Eiticiúil don tSeirbhís Rialtais Áitiúil ag an gComhairleoir Frank Durcan, ag an gComhairleoir Cyril Burke agus ag an Uas. Peter Hynes, ar comhaltaí de Chomhairle Contae Mhaigh Eo iad gach duine díobh. Tionóladh an éisteacht ar dhátaí i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2017 agus i mí Feabhra 2018. Tá cóipeanna de na tuarascálacha imscrúdaithe ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

 

An Comhairleoir Durcan

Cuireadh trí shárú líomhnaithe ar na hAchtanna um Eitic i leith an Chomhairleora Durcan. Chinn an Coimisiún go ndearna an Comhairleoir Durcan sárú ar ailt 168 agus 169(3) den Acht Rialtais Áitiúil. Ba dheimhin leis go ndearnadh na sáruithe d’aon ghnó agus gur nithe tromchúiseacha iad. I dtaca le tríú sárú líomhnaithe, chinn an Coimisiún nach raibh dóthain fianaise ann chun tacú leis an líomhain. Bhí an Coimisiún den tuairim freisin nár ghníomhaigh an Comhairleoir Durcan de mheon macánta agus é ag glacadh páirt go meargánta in iompar, thar thréimhse fhada ama, a bhí de shárú ar fhorálacha éagsúla den Chód Iompraíochta do Chomhairleoirí.

 

An Comhairleoir Burke

Cuireadh cúig shárú líomhnaithe ar na hAchtanna um Eitic i leith an Chomhairleora Burke. Chinn an Coimisiún go ndearna an Comhairleoir Burke sárú ar ailt 168 agus 169(3) den Acht Rialtais Áitiúil. Ba dheimhin leis go ndearnadh na sáruithe go meargánta agus gur nithe tromchúiseacha iad. Chinn an Coimisiún nach raibh dóthain fianaise ann chun tacú le dhá cheann de na líomhaintí. I dtaca leis an sárú eile, níor dheimhin leis an gCoimisiún go ndearna an Comhairleoir Burke sárú ar an alt ábhartha den Acht Rialtais Áitiúil ar an mbealach a líomhnaíodh.

 

An tUas. Hynes

Cuireadh trí shárú líomhnaithe ar na hAchtanna um Eitic i leith an Uas. Hynes. Chinn an Coimisiún nár taispeánadh aon fhianaise san éisteacht imscrúdaithe chun tacú leis na líomhaintí a rinneadh in aghaidh an Uas. Hynes.

 

Imscrúdú ar an gComhairleoir Joseph Queenan, Comhairle Contae Shligigh

An 10 Meán Fómhair 2018, reáchtáil an Coimisiún éisteacht imscrúdaithe ar na sáruithe líomhnaithe ar an gCreat Eiticiúil don tSeirbhís Rialtais Áitiúil ag an gComhairleoir Joe Queenan ó Chomhairle Contae Shligigh. D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil ar an ní sa bhliain 2019.

 

Imscrúdú ar an gComhairleoir John O’Donnell, Comhairle Contae Dhún na nGall

An 11 Meán Fómhair 2018, reáchtáil an Coimisiún éisteacht imscrúdaithe ar na sáruithe líomhnaithe ar an gCreat Eiticiúil don tSeirbhís Rialtais Áitiúil ag an gComhairleoir John O’Donnell ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil ar an ní sa bhliain 2019.

 

Imscrúdú ar an gComhairleoir Hugh McElvaney, Comhairle Contae Mhuineacháin

An 17 Meán Fómhair 2018, chuir an Coimisiún tús le héisteacht imscrúdaithe ar na sáruithe líomhnaithe ar an gCreat Eiticiúil don tSeirbhís Rialtais Áitiúil ag an gComhairleoir Hugh McElvaney ó Chomhairle Contae Mhuineacháin. Tá imscrúdú an Choimisiúin ar athló toisc go bhfuil an ní ina ábhar d’athbhreithniú breithiúnach ar thionscain an Comhairleoir McElvaney é.

 

An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015

Tá an Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, ag Céim an Choiste fós i nDáil Éireann. Tá sé os comhair an Roghchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, agus an Taoiseach. Is é aidhm an Bhille creat comhdhlúite eitice a sholáthar d’oifigigh phoiblí.

 

Rinne an Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO) de chuid Chomhairle na hEorpa, a dhéanann faireachán ar an dóigh a gcomhlíonann Stáit caighdeáin na heagraíochta i gcoinne na héillitheachta, rinne sé moladh i dtuarascáil meastóireachta a foilsíodh sa bhliain 2014 gur cheart d’Éirinn creat normatach aonfhoirmeach comhdhlúite atá bunaithe ar luachanna a chur in ionad an chreata eitice reatha. I dtuarascáil eatramhach ar chomhlíonadh a foilsíodh i mí na Bealtaine 2018, luaigh GRECO gur reachtaíocht a bhfuil gealladh fúithi fós é an Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, ach nach féidir a mheas go bhfuil sé curtha chun feidhme go hiomlán toisc nár ritheadh é go fóill. Thug GRECO “míshásúil go domhanda” mar rátáil d’Éirinn. Cúis pháirteach leis an rátáil sin ba ea an teip dul chun cinn a dhéanamh ar an dréachtreachtaíocht.

 

Leanann an Coimisiún ar aghaidh le hidirchaidreamh a dhéanamh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar fhorálacha an Bhille.

 

Sa chaibidil seo, tugtar faisnéis faoi ghníomhaíochtaí an Choimisiúin sa bhliain 2018 faoin Acht Toghcháin, 1997, arna leasú, agus tugtar forbhreathnú ar na príomhfhorbairtí a bhí ann sna réimsí tosaíochta.

 

An Toghchán Uachtaránachta 2018

Ainmníodh seisear iarrthóirí chun dul san iomaíocht sa toghchán uachtaránachta a bhí ar siúl an 26 Deireadh Fómhair 2018. Chun cabhrú le hiarrthóirí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, d’fhoilsigh an Coimisiún Treoirlínte don Toghchán Uachtaránachta an 31 Lúnasa 2018. Cumhdaíodh sna treoirlínte príomhcheanglais an Achta Toghcháin maidir leis na nithe seo a leanas: síntiúis pholaitíochta; caiteachas toghcháin; agus speansais toghcháin a aisíoc le hiarrthóirí cáilithe.

 

D’fhoilsigh an Coimisiún dréachtleagan de na treoirlínte i mí Lúnasa 2018. Leis sin, tugadh deis do gheallsealbhóirí soiléiriú a iarraidh agus aiseolas a thabhairt ar na treoirlínte. Cuireadh na tuairimí a soláthraíodh ar áireamh nuair a bhí an leagan deiridh de na treoirlínte á fhoilsiú tar éis dhéanamh an ordaithe vótaíochta.

 

Ceanglaíodh ar ghníomhairí toghcháin na n-iarrthóirí ráiteas síntiús agus ráiteas speansas toghcháin a thabhairt don Choimisiún faoin 21 Nollaig 2018. Ba é €750,000 an teorainn chaiteachais ag an toghchán uachtaránachta. Bhí feidhm ag teorainneacha síntiúis freisin: ní mór síntiúis ar luach is mó ná €600 (nó síntiúis ón aon duine amháin ar luach comhiomlán is mó ná €600) a nochtadh ag toghchán uachtaránachta. Is é €1,000 an síntiús uasta a bhféadfaidh iarrthóir glacadh leis.

 

An tuarascáil ón gCoimisiún ar an toghchán uachtaránachta, lena n-áirítear faisnéis maidir le síntiúis pholaitíochta, le caiteachas toghcháin agus le speansais toghcháin a aisíoc, déanfar í a fhoilsiú agus a chur ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin in am is i dtráth.

 

An Fothoghchán don Seanad, 2018

I mí Iúil 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún an tuarascáil uaidh ar na fothoghcháin don Seanad a cuireadh ar siúl an 27 Aibreán 2018.

 

Chuaigh naonúr iarrthóirí san iomaíocht sa toghchán le haghaidh dhá shuíochán ar an Rolla Talmhaíochta.

 

Ceanglaíodh ar iarrthóirí nár éirigh leo san fhothoghchán don Seanad ráiteas síntiús agus doiciméid ghaolmhara a thabhairt don Choimisiún laistigh de 56 lá tar éis dhúnadh na vótaíochta, ba é sin, faoin 22 Meitheamh 2018. Chomhlíon gach duine de na hiarrthóirí nár éirigh leo a n-oibleagáidí faoin spriocdháta. Níor nochtadh aon síntiúis san fhothoghchán.

 

A luaithe a bhí siad tofa, bhí ceangal ar iarrthóirí ar éirigh leo san fhothoghchán cloí leis an sceideal rialta nochta bhliantúil do chomhaltaí de Sheanad Éireann. Ceanglaíodh orthu, dá bhrí sin, ráiteas síntiús bliantúil agus doiciméid ghaolmhara a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Eanáir 2019.

 

Maidir leis na ráitis síntiús a thabharfaidh comhaltaí de Sheanad Éireann don Choimisiún um Chaighdeáin i dtaca leis an mbliain 2018, ní mór sonraí a thabhairt iontu faoi aon síntiúis a fuair na comhaltaí le linn na bliana i ndáil leis an bhfothoghchán.

 

Tá tuarascáil an Choimisiúin ar na fothoghcháin don Seanad ar fáil ar a shuíomh Gréasáin.

 

Cuntais Pháirtí Polaitíochta

Ón mbliain 2015 i leith, tá ceangal ar pháirtithe polaitíochta atá cláraithe in Éirinn a ráitis chuntas don bhliain féilire roimhe a thabhairt don Choimisiún faoin 30 Meitheamh.

 

I mí Dheireadh Fómhair 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún an tríú tuarascáil bhliantúil uaidh ar na ráitis chuntas a chuir páirtithe polaitíochta ar fáil dó i dtaca le cuntais na bpáirtithe don bhliain 2017. Tugtar forbhreathnú sa tuarascáil ar na hoibleagáidí atá ar na páirtithe agus cuirtear faisnéis ar fáil inti faoi stádas comhlíonta gach páirtí atá faoi réir an Achta.

 

An tuarascáil ón gCoimisiún, dar teideal Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2017, tá sí ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

 

Ceanglaítear ar pháirtithe polaitíochta a ráiteas cuntas bliantúil don bhliain 2018 a thabhairt don Choimisiún faoin 30 Meitheamh 2019. Déanfar tuarascáil a fhoilsiú agus a chur ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin in am is i dtráth.

 

Síntiúis ar Nocht Páirtithe Polaitíochta iad

D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil i mí Iúil 2018 ar shíntiúis a fuair páirtithe polaitíochta sa bhliain 2017.

 

Bhí 19 bpáirtí polaitíochta cláraithe le dul san iomaíocht i dtoghcháin Dála nó Eorpacha sa bhliain 2017. Ceanglaíodh ar gach ceann de na páirtithe sin ráiteas síntiús maidir leis an mbliain 2017 a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Márta 2018, áit a nochtfadh siad síntiúis a fuarthas sa bhliain 2017 agus ar mó a luach ná €1,500. Ba é €2,500 an luach uasta síntiús a bhféadfadh páirtí polaitíochta glacadh leis ón aon síntiúsóir amháin san aon bhliain amháin.

 

Léiríodh i ráitis síntiús na bpáirtithe polaitíochta go bhfuair páirtithe polaitíochta síntiúis arbh ionann a luach agus €156,699 sa bhliain 2017. Is féidir amharc ar an tuarascáil agus na ráitis maidir le síntiúis pháirtithe polaitíochta ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

 

Foilseofar sonraí faoi na síntiúis a nocht páirtithe polaitíochta maidir leis an mbliain 2018 i dtuarascáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin in am is i dtráth.

 

Nochtadh Síntiús ag TDanna, ag Seanadóirí agus ag FPEnna maidir leis an mbliain 2018

Faoin Acht Toghcháin, 1997, arna leasú, ceanglaítear ar ionadaithe poiblí atá ina gcomhaltaí de Thithe an Oireachtais nó de Pharlaimint na hEorpa sonraí faoi na síntiúis a fhaigheann siad os cionn luach áirithe a nochtadh don Choimisiún.

 

I mí Aibreáin 2018, d’fhoilsigh an Coimisiún an tuarascáil uaidh i leith na bliana tuairiscithe 2017. Tá an tuarascáil sin ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

 

I dtaca leis an mbliain tuairiscithe 2018, ceanglaíodh ar 158 dTeachta Dála, ar 61 Seanadóir agus ar 11 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa nochtadh síntiús a fuarthas sa bhliain 2018 a chur isteach faoin 31 Eanáir 2019.

 

Faoin Acht, ní fhéadfaidh ionadaithe poiblí glacadh in aon bhliain amháin le síntiúis ar mó a luach ná €200 in airgead tirim ná le síntiúis ó fhoinse aonair ar mó a luach iomlán ná €1,000. Ní mór dóibh aon síntiúis dar luach €600 nó níos mó (nó is fiú an tsuim sin san iomlán) a fuarthas ó fhoinse aonair a nochtadh. Níor nochtadh aon síntiúis ar mhó iad ná an teorainn uasta €1,000.

 

Don bhliain tuairiscithe 2018, nocht seachtar ionadaithe poiblí síntiúis arbh ionann a luach iomlán agus €6,480.

 

Tuarascáil maidir le síntiúis a nocht TDanna, Seanadóirí agus FPEnna i dtaca leis an mbliain 2018, foilsíodh í sa bhliain 2019 agus tá sí ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

 

Ráitis Síntiús ó Shíntiúsóirí Aonair

Foráiltear le halt 24(1A)(a) den Acht Toghcháin nach foláir do shíntiúsóir ar bith a thugann, in aon bhliain ar leith, síntiúis ar mó a luach comhiomlán ná €1,500 do bheirt nó níos mó a bhí ina gcomhaltaí den aon pháirtí polaitíochta amháin nuair a tugadh na síntiúis, nó do pháirtí polaitíochta, agus do dhuine amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí, ráiteas síntiús/dearbhú reachtúil a thabhairt don Choimisiún.

 

Fuair an Coimisiún ráitis síntiús i dtaca leis an mbliain 2018 ó cheathrar síntiúsóirí aonair. Tugadh sonraí sa ráiteas síntiús faoi shíntiúis a tugadh. B’ionann luach iomlán na síntiús sin agus €11,302.

 

Rinneadh sonraí faoi na síntiúis a nocht síntiúsóirí aonair a fhoilsiú mar chuid den tuarascáil maidir le Síntiúis a tugadh do TDanna, do Sheanadóirí agus do FPEnna sa bhliain 2018. Tá an tuarascáil sin ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

 

Aonaid Chuntasaíochta

Ciallaíonn aonad cuntasaíochta, i ndáil le páirtí polaitíochta, craobh nó fo-eagraíocht nó foaonad eile de chuid an pháirtí a fhaigheann, in aon bhliain ar leith, síntiús ar mó a luach ná €100. Tá 159 n-aonad cuntasaíochta páirtí polaitíochta ann in Éirinn faoi láthair a bhfuil oibleagáidí tuairiscithe orthu faoin Acht Toghcháin. Bhí 158 n-aonad cuntasaíochta páirtí polaitíochta ann sa bhliain 2017.

 

Foilsíodh sonraí i dtaca leis an mbliain tuairiscithe 2017 i mí Iúil 2018, mar chuid den tuarascáil ón gCoimisiún ar ráitis síntiús na bpáirtithe polaitíochta. Ba é €922,508 an t-iarmhéid deiridh comhiomlán a bhí á shealbhú ag aonaid chuntasaíochta i ndáil leis an mbliain 2017.

 

Mar atá luaite sa tuarascáil, ní cheanglaítear ar aonaid chuntasaíochta ráiteas síntiús a chur isteach chuig an gCoimisiún. Mar sin, bíonn sé doiligh don Choimisiún a fháil amach cárb as a dtagann an t-airgead atá á shealbhú i gcuntais síntiús polaitíochta na n-aonad cuntasaíochta. Tá an Coimisiún fós den tuairim gur gá an reachtaíocht a bheachtú tuilleadh chun a chinntiú go mbeidh trédhearcacht iomlán ann maidir le haonaid chuntasaíochta.

 

Faoin Acht, is cion é don duine freagrach de chuid aonad cuntasaíochta mainneachtain ceanglais tuairiscithe an Achta a chomhlíonadh.

 

Ba é an 31 Márta 2019 an spriocdháta le haghaidh tuairisceáin a fháil ó aonaid chuntasaíochta i dtaca leis an mbliain 2018.

 

Tuarascáil maidir le ráitis síntiús ó pháirtithe polaitíochta don bhliain 2018, ina mbeidh sonraí faoi na tuairisceáin a chuir aonaid chuntasaíochta isteach, déanfar í a fhoilsiú agus a chur ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin in am is i dtráth.

 

Tríú Páirtithe agus Síntiúsóirí Corparáideacha

An Clár Tríú Páirtithe

Sa bhliain 2018, bhí 43 cinn de thríú páirtithe cláraithe leis an gCoimisiún. Bhí 27 gcinn de thríú páirtithe cláraithe sa bhliain 2017. Is féidir an méadú sa líon cláraithe a chur síos den chuid is mó don obair feachtais a bhí ar bun i dtaca leis an reifreann ar fhoirceannadh toirchis a rialáil, rud a cuireadh ar siúl an 25 Bealtaine 2018.

Bhí oibleagáid ar gach tríú páirtí cláraithe tuairisceáin a chur ar fáil i dtaca leis an mbliain 2018 tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2019. Ní nochtar na tuairisceáin sin go poiblí, i gcomhréir le forálacha an Achta. Mar sin féin, déantar liosta de thríú páirtithe cláraithe a chothabháil agus a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin. Tá liosta de na tríú páirtithe a bhí cláraithe sa bhliain 2018 ar áireamh in Aguisín a Dó a ghabhann leis an tuarascáil seo.

 

Tríú páirtithe – athbhreithniú breithiúnach

Tháinig saincheist chun cinn sa bhliain 2018 inar ardaíodh ceisteanna faoi chumhachtaí agus nósanna imeachta an Choimisiúin faoin Acht Toghcháin.

 

Sa bhliain 2017, bhreithnigh an Coimisiún cé acu ab amhlaidh nó nárbh amhlaidh gur shíntiúis chun críocha polaitíochta, de réir an tsainmhínithe san Acht Toghcháin, 1997, arna leasú, iad síntiúis áirithe a thug an Fhondúireacht Sochaí Oscailte do Amnesty International Ireland agus do Chumann Pleanála na hÉireann. Tháinig an Coimisiún ar an tuairim gur chun críocha polaitíochta a bhí na síntiúis agus, ós rud é gurbh é síntiúsóir ón gcoigríoch a thug iad, go raibh siad toirmiscthe. Thug sé orduithe do Amnesty International Ireland agus do Chumann Pleanála Clainne na hÉireann na síntiúis a thabhairt ar ais. Ag teacht sna sála air sin, rinne Amnesty International Ireland iarratas ar athbhreithniú breithiúnach chuig an Ard-Chúirt.

 

Socraíodh an cás trí bhíthin teacht ar chomhaontú. Ghlac an Coimisiún leis go raibh lochtanna nós imeachta ann sa phróiseas as ar chinn sé ordú a thabhairt do Amnesty International Ireland an síntiús a thabhairt ar ais. Dá bhrí sin, neamhníodh ar thoiliú ar fhorais nós imeachta amháin an cinneadh a rinneadh i dtaca le Amnesty International Ireland. Níor thug an chúirt bhreith ar bith ar chur i bhfeidhm substainteach an Achta.

 

Tar éis an cháis, tharraing an Coimisiún siar an cinneadh uaidh i dtaca le Cumann Pleanála Clainne na hÉireann, toisc go raibh na lochtanna nós imeachta céanna ann sa chás sin. Chomh maith leis sin, rinne sé athbhreithniú ar a nósanna imeachta le haghaidh faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta maidir le tríú páirtithe agus d’athraigh sé na nósanna imeachta sin chun dáta.

 

Cumhachtaí agus nósanna imeachta an Choimisiúin

Tá sé d’údarás reachtúil ag an gCoimisiún maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta. Tugtar cumhacht dó leis an Acht aon cheisteanna a chur agus a ordú go dtaispeánfaí aon doiciméad nó aon ní a mheasann sé a bheith riachtanach le haghaidh chomhlíonadh a fheidhmeanna. Cé nach bhfuil aon phróiseas foirmiúil gearán ann faoin Acht Toghcháin, féadfaidh an Coimisiún fiosruithe a dhéanamh chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Achta, bunaithe ar fhaisnéis a dtagann sé ar an eolas fúithi.

 

Iarrfaidh an Coimisiún faisnéis riachtanach agus tabharfaidh sé deis don tríú páirtí (nó don tríú páirtí féideartha) freagra a thabhairt agus aon fhaisnéis nó tuairimí is mian leis a thabhairt a chur in iúl don Choimisiún.

 

Féadfaidh an Coimisiún teacht ar thuairim ansin, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil dó, faoi cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh gur ghlac comhlacht le síntiúis chun críocha polaitíochta, rud lena gceanglófaí air clárú mar thríú páirtí, nó faoi cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh gur ghlac comhlacht le síntiús toirmiscthe.

 

Is cionta coiriúla atá i gcliseadh clárú mar thríú páirtí agus atá i nglacadh le síntiúis thoirmiscthe. I gcás go mbeidh an Coimisiún den tuairim go ndearnadh sárú ar an reachtaíocht, féadfaidh sé an ní a tharchur chuig an nGarda Síochána/an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, a bhfuil freagracht orthu as a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil údar ann le hionchúiseamh coiriúil a thionscnamh.

 

Breithniú ar nithe leanúnacha

Sa bhliain 2018, fuair an Coimisiún faisnéis inar líomhnaíodh go ndearna roinnt comhlachtaí sárú ar fhorálacha an Achta Toghcháin, 1997, arna leasú, a bhfuil feidhm acu maidir le tríú páirtithe. Chuir an Coimisiún an breithniú a bhí á dhéanamh aige ar na saincheisteanna sin ar fionraí le linn an t-athbhreithniú breithiúnach a bheith ar siúl agus le linn dó a nósanna imeachta a leasú. Tá an Coimisiún ag breithniú na nithe sin ar aon dul lena nósanna imeachta athbhreithnithe.

 

I bhfianaise a nósanna imeachta athbhreithnithe, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún sa bhliain atá le teacht a nóta mínitheach do thríú páirtithe a athrú chun dáta chun treoir atá cothrom le dáta maidir le forálacha an Achta agus nósanna imeachta an Choimisiúin a thabhairt do gheallsealbhóirí.

 

Dúshláin reachtaíochta

Tugann an Coimisiún dá aire gur tharraing roinnt eagraíochtaí sochaí sibhialta, lena n-áirítear comhlachtaí idirnáisiúnta, ábhair imní anuas faoi raon feidhme an Achta Toghcháin maidir le hobair feachtais arna déanamh ag eagraíochtaí sochaí sibhialta ar son athrú beartais nó reachtaíochta lasmuigh de thréimhse fhoirmiúil toghcháin nó reifrinn.

 

Laistigh de na tuarascálacha bliantúla agus na tuarascálacha eile ón gCoimisiún thar na blianta, leagadh béim ar an tsaincheist gurb amhlaidh, de réir na bhforálacha maidir le tríú páirtithe mar atá siad dréachtaithe faoi láthair, gurb ionann agus “críocha polaitíochta” obair feachtais arna déanamh ag eagraíochtaí sochaí sibhialta chun beartas, reachtaíocht nó maoiniú a athrú, lena n-áirítear lasmuigh de thréimhse toghcháin nó reifrinn. In éagmais aon athraithe ar fhorálacha an Achta, ní mór don Choimisiún talamh slán a dhéanamh de gurb é sin an rud atá ar intinn ag an Oireachtas agus ní mór dó leanúint leis an reachtaíocht a riar mar atá sí achtaithe. Ina theannta sin, ceanglaítear ar thríú páirtí clárú i gcás go nglacann sé le síntiús chun críocha polaitíochta atá os cionn tairseach shocraithe (€100), in ionad déanamh amhlaidh ar bhonn caiteachas chun críocha polaitíochta.

 

Scartha agus ar leith ó cad is tríú páirtí ann, is amhlaidh, maidir le síntiúis ón gcoigríoch chun críocha polaitíochta (seachas ó shaoránach Éireannach nó ó chomhlacht a choimeádann oifig ar oileán na hÉireann óna stiúrtar ceann amháin ar a laghad dá phríomhghníomhaíochtaí), go dtoirmisctear iad i gcónaí i gcás sealbhóirí oifige tofa, iarrthóirí agus tríú páirtithe.

 

An Clár de Shíntiúsóirí Corparáideacha

Sa bhliain 2017, bhí 31 síntiúsóir chorparáideacha cláraithe leis an gCoimisiún. Bhí 48 síntiúsóir chorparáideacha cláraithe sa bhliain 2018. Chuir an reifreann i mí na Bealtaine agus an toghchán uachtaránachta i mí na Samhna leis an méadú sa líon cláraithe. Déantar liosta d’eagraíochtaí atá cláraithe mar shíntiúsóirí corparáideacha a chothabháil agus a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin. Tá liosta de na síntiúsóirí corparáideacha a bhí cláraithe sa bhliain 2018 ar áireamh in Aguisín a Dó a ghabhann leis an tuarascáil seo.

 

Maoiniú Státchiste do Pháirtithe Polaitíochta

An tAcht Toghcháin, 1997, arna leasú

Íocadh maoiniú Státchiste le hocht bpáirtí cháilithe (Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, Renua Éireann, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, agus Dlúthpháirtíocht agus Pobal roimh Bhrabús) ar bhonn na dtorthaí san olltoghchán a cuireadh ar

siúl an 26 Feabhra 2016.

 

B’ionann an ciste agus €5,963,992 amhail an 31 Nollaig 2018. Cinntear an sciar den chiste atá iníoctha le páirtí polaitíochta cáilithe ach na vótaí chéad rogha a fuair an páirtí cáilithe a chur in iúl mar chéatadán d’iomlán na vótaí chéad rogha a fuair na páirtithe polaitíochta cáilithe go léir. Ní fhéadfar an maoiniú a úsáid chun críocha toghcháin ná reifrinn.

 

Táthar ag súil go ndéanfaidh páirtithe a ráitis faoi chaiteachas maoiniú Státchiste don bhliain 2018 a chur isteach faoin 31 Márta 2019. An tuarascáil maidir leis na ráitis faoi chaiteachas maoiniú Státchiste i dtaca leis an mbliain 2018, déanfar í a fhoilsiú agus a chur ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin in am is i dtráth.

 

An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014

Cháiligh na ceannairí parlaiminte ar ocht bpáirtí polaitíochta (Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Neamhspleáigh ar son an Athraithe, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, agus Dlúthpháirtíocht agus Pobail roimh Bhrabús) don liúntas a fháil, rud ar a dtugtar an “liúntas gníomhaíochtaí parlaiminte”. Fuair na páirtithe €7,629,193 san iomlán faoin Acht sa bhliain 2017.

 

Faigheann comhaltaí neamhpháirtí de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann maoiniú faoin reachtaíocht. B’ionann agus €703,704 an tsuim iomlán a íocadh le linn na bliana 2017 le comhaltaí neamhpháirtí a toghadh chuig Dáil Éireann agus b’ionann agus €299,891 an tsuim iomlán a íocadh le linn na tréimhse sin le comhaltaí neamhpháirtí a toghadh nó a ainmníodh chuig Seanad Éireann.

 

I mí Iúil 2018, foilsíodh tuarascáil ar an dóigh ar caitheadh an liúntas gníomhaíochtaí parlaiminte sa bhliain 2017. Tugadh sonraí ann faoi na tuairisceáin a chuir páirtithe polaitíochta agus comhaltaí neamhspleácha den Oireachtas isteach. Tá an tuarascáil sin ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

 

Ceanglaítear ar pháirtithe agus ar chomhaltaí neamhspleácha den Oireachtas a ráitis faoi chaiteachas an liúntais ghníomhaíochtaí Parlaiminte don bhliain 2018 a chur isteach faoin 31 Márta 2019. Déanfar an tuarascáil don bhliain 2018 a fhoilsiú agus a chur ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin in am is i dtráth.

 

Athchóiriú Toghcháin

Le roinnt mhaith blianta anuas, tá roinnt moltaí le haghaidh leasuithe ar an Acht Toghcháin, 1997, arna leasú, á ndéanamh ag an gCoimisiún i dtuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha eile uaidh. Sa tuarascáil bhliantúil uaidh don bhliain 2017, mhol an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar an Acht d’fhonn an fhadhb a bhaineann le fógraíocht pholaitiúil ar líne a réiteach. Luaigh sé inti gurbh fhearr é sin a dhéanamh i gcomhthéacs coimisiún toghcháin a bhunú.

 

D’fháiltigh an Coimisiún roimh na forbairtí a rinneadh sa bhliain 2018 i dtaca leis na nithe sin. Tugadh cuireadh don Cheann um Eitic agus Brústocaireacht a Rialáil fianaise a thabhairt thar ceann an Choimisiúin don Chomhchoiste Oireachtais um Chumarsáid, Gníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaol, maidir leis an iniúchadh a rinne an Coimisiún ar an mBille um Fhógraíocht Ar-Líne agus na Meáin Shóisialta (Trédhearcacht), 2017. Tá fadhb na fógraíochta polaitiúla ar líne á breithniú ag Roinn an Taoisigh freisin, a d’eagraigh seimineár ar an topaic sin i mí na Nollag 2018 d’fhonn tograí a fhorbairt le haghaidh an réimse sin a rialáil.

 

I mí na Nollag 2018, sheol an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil comhairliúchán poiblí ar Anailís Tionchair Rialála maidir le Coimisiún Toghcháin a bhunú. Rinne an Coimisiún aighneacht mhionsonraithe leis an gcomhairliúchán, áit ar thacaigh sé leis an togra um choimisiún toghcháin tiomnaithe nua a bhunú. Déanfaidh an coimisiún sin maoirseacht ar na feidhmeanna go léir a gcomhlíonann comhlachtaí difriúla iad faoi láthair, lena n-áirítear an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, an Coimisiún Reifrinn, an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, agus údaráis áitiúla.

 

Fáiltíonn an Coimisiún roimh na bearta sin a bhfuil mar aidhm leo creat toghcháin an Stáit a nuachóiriú agus molann sé go ndéanfaí athchóiriú reachtach i gcomhthráth le haon athrú struchtúrach.

Sa tuarascáil bhliantúil uaidh don bhliain 2017, luaigh an Coimisiún go raibh sé beartaithe aige straitéis cumarsáide nua a ullmhú agus a chur chun feidhme. Príomhaidhm de chuid na straitéise nua ba ea eolas a mhéadú ar an reachtaíocht atá faoi shainchúram an Choimisiúin agus comhlíonadh na reachtaíochta sin a fheabhsú. I mí Mheán Fómhair 2018, cheadaigh an Coimisiún an straitéis cumarsáide nua. Tá an straitéis á cur chun feidhme faoi láthair.

 

Tugtar sa rannán seo a leanas faisnéis faoi na príomhghníomhaíochtaí cumarsáide a rinneadh sa bhliain 2018 i dtaca le sainordú eitice agus toghcháin an Choimisiúin.

 

Reáchtáil Rúnaíocht an Choimisiúin clinicí buail isteach i dTithe an Oireachtais i mí Eanáir do chomhaltaí a bhí ag iarraidh comhairle a fháil maidir lena n-oibleagáidí faoin reachtaíocht um eitic agus faoin reachtaíocht toghcháin.

 

I mí Eanáir freisin, d’fhreastail baill foirne ar chruinniú sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath,

maidir le hIonad um Eitic sa Saol Poiblí a chur ar bun agus, i mí Feabhra, d’fhreastail siad ar oscailt an ionaid. Tacaíonn an tIonad le taighde sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar ghnéithe teoiriciúla agus praiticiúla den eitic. Chomh maith leis sin, coimeádann sé nasc idir taighde na hOllscoile ar eitic agus na mórphobail acadúla agus neamhacadúla.

 

D’fhreastail comhalta den Rúnaíocht ar an gcruinniú de chuid an Network for Integrity a tionóladh i bPáras i mí an Mhárta. Is é an obair a dhéanann an Network for Integrity ná institiúidí ó gach cearn den domhan atá bainteach le hionracas, trédhearcacht agus eitic i measc oifigigh phoiblí a chur chun cinn a thabhairt le chéile. Tá stádas mar “bhreathnóir” sa líonra ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

 

Tugadh láithreoireachtaí sa bhliain do roinnt eagraíochtaí agus tríú páirtithe a bhí bainteach leis an bhfeachtas reifrinn, agus é mar aidhm leo feasacht a mhéadú ar na rialacha maidir le tríú páirtithe. I mí Aibreáin, mar shampla, labhair baill foirne den Choimisiún ar ócáid ar óstáil Facebook í agus a bhí dírithe ar dhaoine a sheolann feachtais. Cuireadh díriú san ócáid ar bheartais fógraíochta agus inneachair maidir leis an reifreann ar an Ochtú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann.

 

De bhreis air sin, thug comhaltaí den Rúnaíocht roinnt láithreoireachtaí le linn na bliana do ghrúpaí geallsealbhóirí mar chuid de chlár for-rochtana an Choimisiúin. Áiríodh leis na grúpaí sin baill foirne de chuid comhaltaí Oireachtais, iarrthóirí toghcháin, gníomhairí toghcháin, daoine léinn, agus ionadaithe don Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil.

 

Bhuail baill foirne den Choimisiún le trí thoscaireacht ón gcoigríoch sa bhliain 2018. I mí an Mheithimh, thug toscaireacht ó Pharlaimint na hAstráile cuairt ar Éirinn. Bhí an toscaireacht ag déanamh staidéar ar chórais eitice, toghcháin agus bhrústocaireachta. An mhí chéanna, thug toscaireacht ó Oifig Ombudsman Phoblacht na Síne (an Téaváin) cuairt ar an tír. I mí Mheán Fómhair, bhuail baill foirne le toscaireacht ó Oifig an Ombudsman Mhalávaigh. Ba é cuspóir na láithreoireachtaí sin forbhreathnú a thabhairt ar bhainistíocht agus faireachán toghcháin in Éirinn agus ar mhórchórais frithéillitheachta agus chuntasachta na hÉireann.

 

I mí na Samhna, tháinig an Ceann um Eitic agus Brústocaireacht a Rialáil, thar ceann an Choimisiúin, os comhair an Chomhchoiste um Chumarsáid, Gníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaol chun plé a dhéanamh ar an iniúchadh mionsonraithe a rinne an Coimisiún ar an mBille um Fhógraíocht Ar-Líne agus na Meáin Shóisialta (Trédhearcacht), ar Bille é a bhfuil mar aidhm leis fógraíocht pholaitiúil ar líne a rialáil.

 

An Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO) de chuid Chomhairle na hEorpa

Meastóireacht Ceathrú Babhta:

Sa bhliain 2014, thug an Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO) de chuid Chomhairle na hEorpa faoi mheastóireacht Ceathrú Babhta ar éilliú a chosc i dtaca le Teachtaí Parlaiminte, le breithiúna agus le hionchúisitheoirí in Éirinn. Rinne sé roinnt moltaí maidir le creat eiticiúil na hÉireann a fheabhsú freisin. Leanann GRECO le faireachán a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil Éire ag comhlíonadh na moltaí meastóireachta uaidh, rud ar tugadh “míshásúil go domhanda” air an athuair i mí an Mheithimh 2018. Iarradh ar Éirinn tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn an athuair faoin 30 Meitheamh 2019.

 

Meastóireacht Cúigiú Babhta:

Seoladh próiseas meastóireachta Cúigiú Babhta GRECO an 20 Márta 2017. Dírítear sa Chúigiú Babhta ar éillitheacht a chosc, mar a bhaineann sé leis na feidhmeanna feidhmiúcháin is airde de chuid an Stáit (airí agus oifigigh shinsearacha rialtais) agus le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí (gan comhlachtaí custam a áireamh). Is go mall sa bhliain 2019 nó go luath sa bhliain 2020 a dhéanfar an mheastóireacht Cúigiú Babhta ar Éirinn. Tá an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais i gceannas ar fhreagra an Rialtais ar an meastóireacht Ceathrú Babhta agus ar an meastóireacht Cúigiú Babhta araon. Bunaíodh grúpa idir-rannach/ idirghníomhaireachta faoi stiúir na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais chun ullmhúcháin a dhéanamh don chéad mheastóireacht eile. Suíonn an Coimisiún ar an ngrúpa oibre sin.

 

An Chomhairle um Dhlíthe Eitice Rialtais (COGEL)

Tá an Coimisiún ina bhall den Chomhairle um Dhlíthe Eitice Rialtais (COGEL) go fóill. Is eagraíocht neamhbhrabúis atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe é COGEL. Is é an príomhchuspóir atá aige fóram a thabhairt inar féidir le cleachtóirí eitice ó raon disciplíní difriúla (lena n-áirítear maoiniú feachtais, toghcháin, brústocaireacht, coinbhleacht leasa agus saoráil faisnéise) taithí agus dea-chleachtais a mhalartú le chéile. I mí na Nollag 2018, d’fhreastail an Ceann um Eitic agus Brústocaireacht a Rialáil ar an gcomhdháil bhliantúil thar ceann an Choimisiúin.

 

Uirlisí Cumarsáide

Mar chuid dá straitéis cumarsáide nua, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a shuíomh Gréasáin a athbhreithniú agus a athrú chun dáta sa bhliain atá le teacht chun inneachar an tsuímh a chuíchóiriú agus chun a chinntiú go mbeidh sé áisiúil don úsáideoir agus inrochtana. Féachfar san athbhreithniú sin freisin le gnéithe cuí dár seirbhís a sholáthar i bhformáid dhigiteach, nuair is cuí, d’fhonn gnáth-thuairisceáin a uathoibriú. Tá an Coimisiún den tuairim fós go bhféadfaí leas a bhaint as an teicneolaíocht dhigiteach chun gníomhaíochtaí laethúla na Rúnaíochta a dhéanamh níos éifeachtúla, le linn cáilíocht fheabhsaithe seirbhíse a shimpliú agus a sholáthar dár ngeallsealbhóirí ag an am céanna. Táthar ag súil go gcuirfear an tionscadal sin i gcrích ina dhá chéim: Cuirfear an suíomh Gréasáin i gcrích faoi go mall in earrach na bliana 2019. Is dócha gur am éigin sa bhliain 2020 a sheolfar an tionscadal chun tuairisceáin toghcháin agus eitice a dhigitiú.

 

Leanann an Coimisiún ar aghaidh le hábhar fiúntach a phostáil ar leathanach baile an tsuímh Ghréasáin agus ar Twitter.

I dtuarascálacha bliantúla roimhe seo, rinne an Coimisiún achoimre ar a chuid moltaí le haghaidh athruithe ar an reachtaíocht um eitic agus toghcháin. Tá achoimre déanta thíos ar na mórmholtaí a rinneadh agus nár cuireadh chun feidhme fós, mar aon leis an scéala is déanaí faoi aon dul chun cinn a rinneadh idir an dá linn. Tagraítear do mhionmholtaí, amhail leasuithe teicniúla, i dtuarascálacha bliantúla a eisíodh roimhe seo. Baineadh moltaí a cuireadh i gcrích roimhe seo agus ar tuairiscíodh orthu i dtuarascálacha roimhe seo.

 

Moltaí a bhaineann leis na hAchtanna um Eitic
Moladh Bliain a
Dhéanta
An tEolas is Déanaí
Leasuithe maidir le nósanna imeachta a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic
Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún Oifigeach Fiosrúcháin a cheapadh chun réamhfhiosrúchán a dhéanamh ar ní nach bhfuil gearán déanta ina leith faoi na hAchtanna um Eitic.
(Caibidil 1, ‘Fiosrúcháin féintionscnaimh’, Tuarascáil Bhliantúil 2004)
2004 Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015.
Ba cheart foráil a dhéanamh go gcuirfí córam nach mbeidh níos lú ná triúr comhaltaí ann (lena n-áirítear an Cathaoirleach i ngach cás) ar fáil chun imscrúdú a éisteacht faoi na hAchtanna um Eitic.
(Caibidil 4, ‘Leasuithe a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic’, Tuarascáil Bhliantúil 2008)
2008 Bhunófaí Coimisinéir um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí in áit an Choimisiúin leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015.
Ba cheart don Choimisiún a Thuarascáil Bhliantúil a leagan faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas go díreach seachas í a chur faoi bhráid an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a leagfadh faoina mbráid ansin í.
(Réamhrá, Tuarascáil Bhliantúil 2010)
2010 Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015.
Leasuithe eile a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic agus ar reachtaíocht ghaolmhar
Ba cheart leasuithe a dhéanamh ar na teorainneacha ama faoina mbeidh Dearbhuithe Reachtúla, Deimhnithe Imréitigh Cánach agus Ráitis Iarratais le déanamh nó le heisiúint agus le cur ar fáil don Choimisiún ag comhaltaí tofa agus ag daoine a cheapfar chuig poist shinsearacha agus i stiúrthóireachtaí sa tseirbhís phoiblí.
(Caibidil 1, ‘Forálacha Imréitigh Cánach - tuairimí don Aire Airgeadais’, Tuarascáil Bhliantúil 2003)
2003 Ba ó mhí amháin go trí mhí a leasaíodh leis an Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008 an spriocdháta maidir le dearbhú reachtúil a bheidh le déanamh ag duine a bheidh molta le ceapadh chuig oifig bhreithiúnach; bheadh foráil den chineál céanna ag teastáil do chomhaltaí tofa agus do sheirbhísigh phoiblí shinsearacha chun an moladh a chomhlíonadh.
Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, agus d’fhorálfaí leis do chomhlíonadh bliantúil.
Ba cheart cód iompair a ghlacadh do sheirbhísigh phoiblí agus do chomhaltaí de bhoird stáit sa mhórsheirbhís phoiblí.
(Caibidil 1, ‘Cóid Iompair d’Fhostaithe sa tSeirbhís Phoiblí’, Tuarascáil Bhliantúil 2003)
2003 Thabharfaí cód eiseamláireach iompair isteach leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, rud a mbeadh feidhm aige maidir le gach oifigeach poiblí. D’fhorálfaí leis an mBille freisin do chóid aonair a chur i bhfeidhm i ngach comhlacht poiblí. Molann an Coimisiún go bhforálfaí do chóid earnála.
D’fhorálfaí le leasú a ritheadh i gCéim an Choiste i nDáil Éireann i mí Aibreáin 2017 do chóid earnála a thabhairt isteach do státseirbhísigh, do chomhairleoirí speisialta agus do chomhaltaí agus fostaithe údaráis áitiúil.
Is i dTithe an Oireachtais ba cheart tairiscintí a thionscnamh chun Cathaoirligh ar Choistí Oireachtais a ainmniú mar shealbhóirí oifige chun críocha na nAchtanna um Eitic.
(Caibidil 1, ‘Na hAchtanna um Eitic’, Tuarascáil Bhliantúil 2005)
2005 Bhainfí an t-idirdhealú idir sealbhóirí oifige agus comhaltaí eile den Oireachtas leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015.
Ba cheart acht cuimsitheach a bheith ann lena gcomhdhlúthófaí na hAchtanna um Eitic agus gach reachtaíocht eile lena bhforáiltear do leasanna a nochtadh agus d’fhorálacha gaolmhara d’oifigigh phoiblí.
(Caibidil 2, ‘Creataí Eitice Forluiteacha’, Tuarascáil Bhliantúil 2009)
2009 Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015.
Ba cheart leasú a dhéanamh ar na forálacha maidir le gearáin faoi ‘ghníomh sonraithe’ sa chaoi is go gceadófaí tagairt do ráiteas ardleibhéil maidir leis na prionsabail eitice atá le leanúint ag seirbhísigh phoiblí agus ag ionadaithe poiblí.
(Caibidil 2, ‘Ráiteas Ardleibhéil faoi Phrionsabail Eiticiúla’, Tuarascáil Bhliantúil 2009)
2009 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar ‘dhuine bainteach’ (féach an sainmhíniú in Aguisín 3) sa chaoi is go bhforálfaí gur “duine atá bainteach” le cuideachta is ea duine (féach an sainmhíniú in Aguisín 3) atá ina stiúrthóir ar an gcuideachta sin agus gur “daoine atá bainteach” leis an duine sin freisin iad stiúrthóirí eile na cuideachta sin.
(Caibidil 2, ‘Daoine Bainteacha’, Tuarascáil Bhliantúil 2009)
2009 Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015.
Ba cheart ceanglas a bheith ann go nochtfaí dliteanais mar ‘leasanna inchláraithe’.
(Caibidil 2, ‘Dliteanais a Nochtadh’, Tuarascáil Bhliantúil 2009)
2009 Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015.
A whole of public service approach
to preventing and detecting double
claiming of travelling and subsistence
expenses should be adopted.
(Chapter 2, Complaints, Annual Report
2014
2014 D’eisigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir ina leith sin i mí Dheireadh Fómhair 2015. Chuir an Roinn nósanna imeachta ar fáil nach mór cloí leo i gcás inarb amhlaidh go dtéann fostaí de chuid comhlacht seirbhíse poiblí i mbun taistil le haghaidh gnó oifigiúil agus go bhféadfadh sé/sí aisíoc na gcostas taistil agus cothaithe a éileamh ó níos mó ná comhlacht amháin.
Ba cheart foráil shainráite a dhéanamh chun gearáin a cheadú in aghaidh comhaltaí den Oireachtas i gcúinsí ina dtagann an ní chun solais tar éis don chomhalta éirí as oifig.
(Caibidil 1, Eitic, Tuarascáil Bhliantúil 2017)
2017 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart an tAcht a leasú chun ceangal a chur ar chomhlachtaí poiblí fógra a thabhairt don Choimisiún faoi cheapacháin nua chuig oifig shinsearach chun cabhrú le ceanglais chomhlíonta cánach a chur chun feidhme go héifeachtach.
(Caibidil 1, Eitic, Tuarascáil Bhliantúil 2017)
2017 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
 
Moltaí a bhaineann leis na hAchtanna Toghcháin
Moladh Bliain a
Dhéanta
An tEolas is Déanaí
Athbhreithniú a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin
Ba cheart coimisiún toghcháin a bhunú agus ba cheart athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin. Ba cheart forálacha a chur ar áireamh chun foráil a dhéanamh do mhodhanna digiteacha tionchair a rialáil i bhfeachtas toghcháin nó reifrinn.
(Caibidil 2, Cúrsaí Toghcháin, Tuarascáil Bhliantúil 2017)
2017 D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil Anailís Tionchair Rialála maidir le Coimisiún Toghcháin a bhunú agus sheol sí comhairliúchán poiblí ar an doiciméad i mí na Nollag 2018.
Leasú maidir le nósanna imeachta a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin
Mar chomhlacht a bhfuil freagracht air as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin, ba cheart bonn reachtúil a bheith ag an gCoimisiún ar a bhféadfadh sé athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht agus tuairisc a thabhairt ar a thorthaí.
(Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin, 2003)
2003 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Leasú a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin maidir leis an tréimhse toghcháin
Ba cheart breithniú a dhéanamh ar roinnt cuntasachta a fhorchur, i gcomhthéacs na dteorainneacha caiteachais, i leith tréimhse shonraithe roimh thosach feidhme na tréimhse toghcháin arna sainmhíniú leis an dlí (i.e. go bhféadfaí síneadh a chur leis an tréimhse toghcháin ionas go n-áireofaí tréimhse roimh lánscor na Dála léi nó sula dtáirgtear eascaire ag toghchán).
(Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin, 2003)
2003 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Leasú a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin maidir le Tríú Páirtithe
Níor cheart an sainmhíniú ar a bhfuil i gceist le “tríú páirtí” a chinneadh bunaithe ar cé acu a fuair duine aonair/grúpa síntiús nó nach bhfuair. Ina ionad sin, ba cheart díriú ar chaiteachas ag daoine aonair/grúpaí agus féachaint orthu mar thríú páirtithe má bhíonn sé beartaithe acu caiteachas a tharraingt orthu féin os cionn tairseach áirithe, abair €5,000, i ndáil le feachtas atá chun críocha polaitíochta faoi mar a shainmhínítear sa reachtaíocht.
(Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin, 2003; agus Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann ar Chonradh Liospóin)
2003 and 2009 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart an próiseas clárúcháin do “thríú páirtithe” agus do “dhaoine eile” (a bhfuil sé beartaithe acu speansais toghcháin a thabhú) a chónascadh. (Níor cheart go mbeadh aon ghá ann go gcláródh duine aonair/grúpa mar “thríú páirtí” agus go gcláróidís mar “dhuine eile” freisin).
(Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin, 2003)
2003 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart clárú tríú páirtithe a cheadú ar feadh tréimhse feachtais ar leith amháin nó ar bhonn leanúnach.
(Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann faoi Chonradh Liospóin 2008)
2009 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Leasú a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin maidir le caiteachas ag reifrinn
Ba cheart foráil a dhéanamh do thrédhearcacht i dtaca le maoiniú agus le caiteachas ar fheachtais reifrinn agus ba cheart ceanglas a chur ar thríú páirtithe agus ar pháirtithe polaitíochta mionsonraí a nochtadh faoi chaiteachas ar fheachtais reifrinn. Ar an gcaoi chéanna, ba chóir go gcuirfí faisnéis ar fáil maidir leis na foinsí maoiniúcháin a bheidh ar fáil do thríú páirtithe agus do pháirtithe polaitíochta araon.
(Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann faoi Chonradh Liospóin 2008)
2009 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart feidhm a bheith ag teorainneacha caiteachais maidir le reifrinn agus le toghcháin araon.
(Caibidil 2, Cúrsaí Toghcháin, Tuarascáil Bhliantúil 2017
2017 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Leasuithe eile a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin
D’fhonn cothrom na féinne a chinntiú idir iarrthóirí, agus d’fhonn méid trédhearcachta a áirithiú, ba cheart úsáid cistí poiblí chun críocha toghcháin a bheith ina cuid den chód toghcháin seachas mar chuid de reachtaíocht eile, ar ríléir go ngabhann cuspóir ar leithligh ar fad léi. Is é a bheadh i gceist leis sin ná aisghairm iarmhartach a dhéanamh ar na forálacha lena bpléitear le soláthar seirbhísí agus áiseanna tar éis lánscor Dháil Éireann ag Coimisiún Thithe an Oireachtais [alt 4(4A) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003, (arna leasú le halt 4(c) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2009)].
(An Tuarascáil maidir le hOlltoghchán na Dála 2007)
2007 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart na páirtithe polaitíochta is lú, go háirithe iad sin nach bhfaigheann aon mhaoiniú ón Státchiste, a dhíolmhú ón gceanglas chun cuntais iniúchta a chur isteach. 2016 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart cion a dhéanamh den mhainneachtain codanna IV, V agus VI d’Acht 1997 a chomhlíonadh agus ba cheart pionóis a fhorchur ina leith. 2005 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart síntiúis bharrachais a dhiúscairt i gcás nach gceanglaítear ar dhuine a thuilleadh cuntas síntiús polaitíochta a chothabháil agus i gcás go bhfuil cistí fágtha ann. 2003 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart cion a dhéanamh den mhainneachtain cuntas síntiús polaitíochta a oscailt. 2004 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart foráil a dhéanamh do Ráiteas Síntiús aonair a thabhairt i gcás go bhfuil dé-shainordú ag duine nó i gcás nár éirigh le duine i dtoghchán Dála, Seanaid nó Eorpach in aon bhliain ar leith ina raibh sé/sí ina T(h)eachta Dála, ina S(h)eanadóir nó ina F(h)eisire de Pharlaimint na hEorpa. 2005 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart cion a dhéanamh den mhainneachtain faisnéis riachtanach a thabhairt do ghníomhaire toghcháin nó do ghníomhaire náisiúnta chun críocha an Ráiteas Speansas Toghcháin ón ngníomhaire a éascú. 2005 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar cé acu is gá nó nach gá, mar chuid den ghnáthchleachtas, doiciméid tacaíochta a thabhairt i dtaca le cuntas síntiús polaitíochta a chothabháil. 2003 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart breithniú a dhéanamh ar shuim shonrach a chur i leataobh chun tacú le hoibriú agus forbairt na n-eagraíochtaí polaitíochta is lú. Faoi na forálacha reachtacha reatha, ní dóigh go gcáileoidh na heagraíochtaí sin do mhaoiniú Státchiste a fháil. Bheadh maoiniú den sórt sin faoi réir rialuithe oiriúnacha a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go dtabharfar cuntas iomlán ar an maoiniú agus go n-úsáidfear é chun na gcríoch a tugadh é. 2003 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart breithniú a dhéanamh ar cé acu ba cheart nó nár cheart an sainmhíniú ar chríocha polaitíochta a mhodhnú chun nach n-áireofaí leis ach feachtais a bhaineann le toghcháin nó le reifrinn, seachas aon fheachtais a bhfuil mar aidhm leo tionchar a imirt ar chinntí nó feidhmeanna comhlachtaí poiblí. 2009 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Moltaí teicniúla
Ba cheart an tAcht a leasú chun a léiriú gur ar chomhaltaí d’údaráis áitiúla agus ar iarrthóirí I dtoghcháin áitiúla atá a gceanglais tuairiscithe féin faoin Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh), 1999, arna leasú. 2003 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart comhdhlúthú a dhéanamh ar na forálacha atá i reachtaíocht eile a bhaineann le cistí poiblí a úsáid chun críocha toghcháin. Is é a bheadh i gceist leis sin ná aisghairm iarmhartach a dhéanamh ar na forálacha lena bpléitear le soláthar seirbhísí agus áiseanna tar éis lánscor Dháil Éireann ag Coimisiún Thithe an Oireachtais [alt 4(4A) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003 (arna chur isteach leis an Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2006 (alt 4(c) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2009, anois)]. 2005 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart an tAcht a shoiléiriú chun a shonrú cé acu is ceadmhach nó nach ceadmhach maoiniú Státchiste a úsáid le haghaidh caiteachas caipitil agus/nó caiteachas reatha. 2014 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart an sainmhíniú ar “institiúid airgeadais” a leasú chun go n-áireofar comhair chreidmheasa leis. 2005 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart an sainmhíniú ar “mhionspeansais” I dtoghchán a theorannú go €126.97 in aghaidh an iarrthóra. 2005 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart an téarma “gníomhaire toghcháin” a mhodhnú go “gníomhaire caiteachais toghcháin” nó “oifigeach cuntasaíochta um chaiteachas toghcháin”. 2007 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart ceanglas a chur ar iarrthóirí fógra a thabhairt go díreach don Choimisiún faoi aon athrú ar ghníomhaire toghcháin. 2007 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart lánrogha a thabhairt don Choimisiún speansais amhail sólaistí d’oibrithe deonacha agus costais pheitril iarrthóirí a cheadú. 2007 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart alt 31(10) d’Acht 1997 a leasú chun go n-áireofar an frása “féachaint le tionchar a imirt ar an toradh ar thoghchán” leis. 2007 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart an tréimhse idir an Dearbhú Reachtúil a dhéanamh agus an Dearbhú Reachtúil a chur isteach a ghiorrú. 2003 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart spriocdháta reachtúil a leagan síos faoina gceanglófar ar iarrthóirí cuid dá dteorainneacha caiteachais a shannadh dá bpáirtí polaitíochta, más mian leo déanamh amhlaidh. 2003 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart clárú tríú páirtithe a cheadú ar feadh feachtas ar leith nó ar bhonn leanúnach. 2009 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart an fad ama ina bhféadfaidh tríú páirtithe clárú a shoiléiriú. 2003 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
 
Moltaí a bhaineann leis an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014 (an tAcht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte)
Moladh Bliain a Dhéanta An tEolas is Déanaí
Leasú a mholtar a dhéanamh ar an reachtaíocht um Liúntas Ceannairí Páirtí a bhaineann le comhairle a thabhairt
Ba cheart an Coimisiún a cheadú comhairle a thabhairt faoi úsáid chuí a bhaint as an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte agus ba cheart comhairle den sórt sin a bheith ceangailteach le dlí ar na daoine a bhfuil feidhm ag an reachtaíocht ina leith.
(Tuarascáil Bhliantúil 2007)
2007 Ní fhoráiltear leis an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, don Choimisiún a cheadú comhairle a thabhairt.

Aibreán

  • Tuarascáil ar an Nochtadh ag TDanna, ag Seanadóirí agus ag FPEnna maidir le Síntiúis a fuarthas don bhliain 2017

 

Iúil

  • Tuarascáil ar an Nochtadh ag Páirtithe Polaitíochta maidir le síntiúis a fuarthas don bhliain 2017
  • Tuarascáil ar mhaoiniú Stáit a fuair páirtithe polaitíochta agus comhaltaí neamhspleácha faoin reachtaíocht toghcháin agus faoin reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte don bhliain 2017
  • Tuarascáil ar Ráitis Bhliantúla faoi Chaiteachas Maoiniú Státchiste agus Tuarascáil na nIniúchóirí chuig an gCathaoirleach ar Dháil Éireann i dtaca leis an mbliain 2017
  • Tuarascáil ar an bhFothoghchán don Seanad, 2018
  • An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí - Tuarascáil Bhliantúil 2017

 

Lúnasa

  • Dréacht-Treoirlínte don Toghchán Uachtaránachta

 

Meán Fómhair

  • Sé thuarascáil aonair faoi alt 23(2) den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, maidir le comhlíonadh na bhforálacha imréitigh cánach ag Sealbhóirí Oifige Sinsearaí

 

Deireadh Fómhair

  • Foilsiú na Scéime Teanga acht na d'Teangacha Oifigiúla 2018 - 2021
  • Tuarascáil maidir le Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2017

 

Nollaig

  • Tuarascáil ar an Imscrúdú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar sháruithe líomhnaithe ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, ag an gComhairleoir Frank Durcan, Comhairle Contae Mhaigh Eo
  • Tuarascáil ar an Imscrúdú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar sháruithe líomhnaithe ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, ag an gComhairleoir Cyril Burke, Comhairle Contae Mhaigh Eo
  • Tuarascáil ar an Imscrúdú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar sháruithe líomhnaithe ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, ag an Uas. Peter Hynes, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

An Liosta de Thríú Páirtithe Cláraithe, 2018

  • Abortion Never
  • Abortion Rights Campaign
  • ADFAM
  • An Chomhghuaillíocht um Shaoirse agus Daonlathas
  • Amnesty International Ireland
  • Aindiachaithe Éireann
  • Benedict Ó Floinn
  • Cherish all The Children Equally
  • Choice Ireland
  • Comhar Críostaí
  • An Chomhghuaillíocht um Aisghairm an Ochtú Leasú
  • Cóir
  • Donegal Pro Life
  • Comhionannas Oideachais
  • Family & Life
  • An tArdán Rialaithe Inimirce
  • An Comhaontas Neamhspleách
  • Iona Institute
  • Comhairle um Chearta an Duine
  • Cumann Pleanála Clainne na hÉireann*
  • Janet O’Sullivan
  • Gluaiseacht Athchóirithe Mhaigh Eo*
  • Imircigh agus Mionlaigh eitneacha ar son an Cheartais Atáirgthe
  • Mothers and Fathers Matter
  • An Feachtas Náisiúnta ar son na nEalaíon
  • Comhairle Náisiúnta na mBan
  • An Chomhghuaillíocht Síochána agus Neodrachta
  • Gluaiseacht na nDaoine
  • An Feachtas ar Son na Beatha
  • Right2Water
  • RISE!
  • ROSA (for Reproductive rights, against Oppression, Sexism and Austerity)
  • Sábháil Ospidéal na hUaimhe
  • Save the 8th
  • An Grúpa Oibre um Athchóiriú an tSeanaid / Democracy Matters
  • Líonra Sóisialach na nOibrithe
  • TFMR Ireland
  • The Charter Group
  • The Life Institute
  • An Páirtí Náisiúnta
  • An Páirtí Sóisialach
  • Together for Yes
  • Sláinte na mBan in Éirinn

 

* A dhíchláraigh sa bhliain 2018

 

An Liosta de Shíntiúsóirí Corparáideacha Cláraithe, 2018

  • Abortion Rights Campaign
  • Aegis Safety Ltd
  • Blue Insurance Limited
  • CE Cladwell Estates Ltd
  • C&R Print Ltd
  • Cill Dara Betting Ltd
  • Cónaidhm na hÉireann um Míchumas
  • Donegal Offices Services Ltd
  • E.P Lynam Properties Ltd
  • Earlsfort Capital Partners 2 Limited
  • Earlsfort Capital Partners 3 Limited
  • Earlsfort Capital Partners Limited
  • Far From Avocados
  • Fermagh Properties Ltd
  • Fianna Fáil
  • Scoil Ghnó na Gaillimhe
  • Cumann Cearrbhachais agus Fóillíochta na hÉireann
  • Ceardchumann GMB
  • Golden Horseshoe Ltd
  • Hatch Street Consultancy Limited
  • Humanist Association of Ireland Ltd
  • IMPACT, Ceardchumann
  • Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann
  • Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann
  • Cumann Múinteoirí Éireann
  • Lagan Asphalt Ltd
  • Mac Interiors Ltd
  • Maeve O’Malley
  • Marketo EMEA Ltd
  • Metropolitan Properties Ltd
  • Millennium Communications Cellular Ltd
  • Ormston House
  • Polwur Ltd
  • Refraction Ltd
  • Cumann Bialann na hÉireann
  • SIPTU
  • Stella Doradus Europe Ltd
  • Study in Ireland Ltd
  • TBWA / Baile Átha Cliath
  • The Community Foundation for Ireland Limited
  • Páirtí an Lucht Oibre
  • The Reelists Limited
  • THISISPOPBABY Ltd
  • Cumann na bhFoirne Tuarastail Iompair
  • Aontas Mac Léinn Choláiste na Tríonóide
  • Unite the Union
  • Urban Dissent Ltd
  • Cónaidhm Fíoncheannaithe na hÉireann CTR

 

Leis an Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014, leagtar dualgas dearfach ar chomhlachtaí poiblí aird chuí a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus leis an gcomhionannas. Ghlac Oifig an Ombudsman, a chuireann tacaíocht rúnaíochta ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, cur chuige réamhghníomhach i leith an dualgas sin a chur chun feidhme.

                        

Sa bhliain 2018, chuir an Oifig grúpa oibre ar bun maidir leis an dualgas earnála poiblí. Reáchtáil an grúpa ceardlanna ar chearta an duine agus ar an gcomhionannas agus bhuail sé le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas. Rinne an grúpa measúnú ansin ar cé na saincheisteanna um chearta an duine agus comhionannas atá ábhartha d’fheidhmeanna na hOifige agus d’aithin sé na beartais, na pleananna agus na gníomhartha atá i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin. Tá coiste i bhfeidhm ag an Oifig anois chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an dualgais. Is é an misean atá aige: “Spás inrochtana cuimsitheach a chruthú do gach duine a úsáideann ár n-oifigí nó a oibríonn iontu”. Ba mhaith leis an Oifig a chinntiú go n-éireoidh an dualgas earnála poiblí ina chuid dhílis den dóigh a n-oibríonn sí.

 

Tá an Oifig tiomanta do sheirbhís a chur ar fáil dár gcliaint go léir lena dtugtar aird ar a gcearta daonna agus ar an gceart atá acu chun caitheamh cothrom. Baineann sé sin le hábhar freisin maidir leis an dóigh a mbíonn an Oifig i mbun caidreamh lena foireann féin mar go bhfuil sé bunriachtanach le haghaidh dea-thimpeallacht oibre a chothú ina gcuirtear rannpháirtíocht, oscailteacht agus dínit chun cinn san áit oibre. Léirítear cur chuige na hOifige go soiléir lena bunluachanna eagraíochta um neamhspleáchas, díriú ar chustaiméirí agus cothroime, nithe atá le feiceáil i gcultúr na hoifige, ina beartais inmheánacha agus ina nósanna imeachta inmheánacha. Tá obair réamhghníomhach déanta ag an Oifig freisin maidir le hoiliúint a chur ar bhaill foirne i gcearta an duine agus sa chomhionannas.