Tuarascáil Bhliantúil 2017

Tuarascáil (PDF)

Clár Ábhar

De réir fhorálacha alt 27(2)(a) den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, tá áthas orm an tuarascáil
bhliantúil don bhliain 2017 ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a chur faoi bhráid an
Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
_______________________________
An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe
Cathaoirleach
Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Meitheamh 2018

Comhlacht neamhspleách a bunaíodh i mí na Nollag 2001 leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Tá seisear comhaltaí ag an gCoimisiún agus tá sé faoi chathaoirleacht ag iarbhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte. Ba iad seo na comhaltaí den Choimisiún sa bhliain 2017:

  • An Breitheamh Onórach Daniel O’Keeffe, Cathaoirleach;
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
  • Peter Tyndall, an tOmbudsman;
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann;
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann; agus
  • Jim O’Keeffe, Iarchomhalta de Dháil Éireann.

Tá róil mhaoirseachta ag an gCoimisiún faoi cheithre phíosa reachtaíochta ar leith, is iad sin:

  • An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, arna leasú leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, (na hAchtanna um Eitic);
  • An tAcht Toghcháin, 1997, arna leasú (na hAchtanna Toghcháin);
  • An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 (an tAcht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte); agus
  • An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Eisíonn an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar leith ina bpléitear lena chuid gníomhaíochtaí le linn dó an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, a riar.

Is é Oifig an Ombudsman a chuireann an Rúnaíocht don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar fáil.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi fheidhmeanna an Choimisiúin a fhail ar líne ar ár suíomh gréasáin, faoin rannán dar teideal Feidhmeanna.

Tá sainordú reachtach leathan ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Déanann sé maoirseacht ar reachtaíocht lena rialaítear eitic in oifig phoiblí, maoiniú toghcháin agus polaitíochta, agus rialáil brústocaireachta. Is fairsing atá na forálacha reachtacha agus tá feidhm acu maidir le raon leathan daoine aonair agus eintiteas. Baineann na forálacha sin le nochtadh leasanna, fianaise ar chomhlíonadh cánach, agus oibleagáidí chun dearbhú a dhéanamh ar aon choinbhleacht leasa a d'fhéadfadh teacht chun cinn i gcomhlíonadh feidhmeanna.

Ina theannta sin, tá raon leathan feidhmeanna oibriúcháin aige agus is ard atá an líon daoine aonair atá faoi réir fhorálacha na nAchtanna sin. Tá difríochtaí ann i gcineál agus raon feidhme na gcumhachtaí forfheidhmithe atá ar fáil don Choimisiún. Tá difríochtaí ann freisin sa leibhéal rannpháirtíochta atá ag eagraíochtaí eile a bhfuil ról acu i gcomhlíonadh a chinntiú.

Mar thoradh ar éagsúlacht na ndaoine agus na gcomhlachtaí atá faoi réir shainchúram an Choimisiúin, tá sé ríthábhachtach go nglacann an Coimisiún cur chuige comhsheasmhach i leith na bhfeidhmeanna difriúla atá aige. Ní mór do chomhlachtaí poiblí freisin cur chuige comhsheasmhach a ghlacadh.

Thug an Coimisiún faoi deara gurb amhlaidh, i gcás ina bhfuil comhlacht poiblí neamhchomhsheasmhach nó i gcás nach gcuireann sé faisnéis ná comhairle atá cuimsitheach ar fáil ann, go bhféadfadh go mbeadh neamhchomhlíonadh ann ar thaobh an duine, a d'fhéadfadh a bheith ina ábhar d'imscrúdú ansin. Chuir an Coimisiún acmhainní suntasacha i leataobh sa bhliain 2017 chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin. Déanann an Coimisiún
gníomhaíochtaí sonracha for-rochtana do chomhlachtaí poiblí a bhfuil de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh a bhfostaithe. Déanann sé amhlaidh ar mhaithe le heolas agus feasacht ar na hAchtanna a mhéadú agus le comhsheasmhacht a spreagadh agus iad i mbun cumarsáid, cur i bhfeidhm agus maoirseacht a dhéanamh.

I roinnt cásanna, níor chuir comhlachtaí poiblí faisnéis thráthúil ar fáil don Choimisiún faoi cheapacháin chuig oifig phoiblí, rud a chabhródh leis an sealbhóir oifige comhlíonadh a dhéanamh ar an gceanglas fianaise ar chomhlíonadh cánach a thaispeáint laistigh de thréimhse shocraithe ama tar éis an cheapacháin. Ní leagtar amach sa reachtaíocht aon oibleagáid ar chomhlachtaí poiblí eolas a thabhairt don Choimisiún faoi cheapacháin. Cé go bhfuil roinnt
comhlachtaí poiblí níos réamhghníomhaí ná cinn eile maidir le fógraí den sórt sin a thabhairt, is amhlaidh i roinnt cásanna gur dhiúltaigh na comhlachtaí don fhaisnéis a chur ar fáil, agus an reachtaíocht um chosaint sonraí á lua acu. Mhol an Coimisiún go leasófaí an tAcht chun a cheangal go dtabharfaí fógraí den sórt sin don Choimisiún, rud a chabhródh go mór le daoine aonair oibleagáidí an Achta a chomhlíonadh.

Leanann an Coimisiún le méid suntasach ama a chaitheamh ar ghníomhaíochtaí imscrúdaitheacha faoin reachtaíocht um eitic. Sa bhliain 2017 ina haonar, dhún an Coimisiún 38 ngearán. Chuir sé réamhfhiosrúchán i gcrích agus d'eisigh sé tuarascáil ar imscrúdú curtha i gcrích freisin. Lean sé lena imscrúduithe ar thrí chás eile a bhféadfadh go raibh neamhchomhlíonadh iontu. Seoladh iad sa bhliain 2016 agus tá siad chóir a bheith curtha i gcrích. Ina theannta sin, sheol sé 41 imscrúdú sa bhreis ar neamhchomhlíonadh fhorálacha an Achta maidir le comhlíonadh cánach.

Thug an Coimisiún ráiteas roimhe seo faoin mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015, a bhain céim an choiste amach i mí Aibreáin 2017. Dá n-achtófaí an Bille, ghlacfadh sé áit an chreata reachtaigh reatha maidir le heitic. D'fhorálfaí leis do chaighdeáin ionracais agus do chód eiseamláireach iompair do gach oifigeach poiblí, mar aon le forálacha comhdhlúite le haghaidh leasanna a nochtadh agus córas cuíchóirithe trína bhféadfaí imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ag oifigigh phoiblí. Agus é seo á scríobh, tá an Bille ag céim an choiste.

Foráiltear leis an Acht Toghcháin, 1997, arna leasú, dóibh seo a leanas, i measc nithe eile: oibleagáidí tuairiscithe ar chomhaltaí den Oireachtas, ar pháirtithe polaitíochta, ar thríú páirtithe, ar aonaid chuntasaíochta agus ar iarrthóirí toghcháin; teorainneacha agus tairseacha nochta do chaiteachas toghcháin agus do shíntiúis pholaitíochta; toirmisc ar shíntiúis pholaitíochta áirithe; agus na ceanglais ar thríú páirtithe agus ar shíntiúsóirí corparáideacha clárú. I dtuarascálacha bliantúla roimhe uaidh, labhair an Coimisiún faoi na dúshláin a chruthaítear le forálacha an Achta maidir le tríú páirtithe. Chun ceann de mholtaí tosaíochta an Choimisiúin a dhearbhú an athuair, is é tuairim an Choimisiúin gur cheart an oibleagáid ar thríú páirtithe clárú a thionscnamh le caiteachas ar ghníomhaíochtaí polaitiúla atá os cionn tairseach áirithe, agus ní le síntiúis a fháil chun críocha polaitíochta.

Rud eile atá tábhachtach de bharr na dóchúlachta go mbeidh roinnt reifreann ann sna míonna atá le teacht is ea caiteachas i reifrinn a rialáil agus an tsaincheist ghaolmhar a bhaineann le tionchar eachtrach ar phróiseas polaitíochta na hÉireann. Ní luaitear caiteachas ar reifrinn san Acht Toghcháin, 1997. Ní phléitear teorainneacha caiteachais ná nochtadh san Acht. Ina theannta sin, tá athrú suntasach tagtha ar réimse na rannpháirtíochta polaitíochta sna blianta ó rith an Achta. Gnéithe lárnacha d'fheachtas ar bith iad an tIdirlíon agus na meáin shóisialta sa lá atá inniu ann. Cé go bhfuil toirmisc ar shíntiúis pholaitíochta eachtracha ann, seachas i gcúinsí sonracha, is cúis imní don Choimisiún go bhféadfadh daoine aonair agus eagraíochtaí atá lonnaithe lasmuigh d'Éirinn fógraíocht pholaitiúil a mhaoiniú nó feachtais dhigiteacha a mhaoinítear lasmuigh den Stát a sheoladh. Ós rud é nach ann d'aon chreat reachtach faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar na nithe sin, is cosúil gur neamhrialáilte atá uirlis thábhachtach a bhíonn ag athrú de shíor i ndioscúrsa polaitíochta nua-aimseartha na hÉireann (i.e. an tIdirlíon).

Cuireann sé sin ar chumas gníomhaithe eachtracha tionchar a imirt ar thoghcháin Éireannacha agus ar reifrinn Éireannacha, rud a bhféadfadh iarmhairtí suntasacha a bheith aige. Molann an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar an Acht d'fhonn an fhadhb sin a réiteach. B'fhearr é sin a dhéanamh i gcomhthéacs coimisiún toghcháin a chruthú.

Mar a luadh thuas, déanann an Coimisiún maoirseacht ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, freisin. De réir an Achta sin, d'fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar leith ar a ghníomhaíochtaí maidir le brústocaireacht a rialáil. Tá sí ar fáil ar an suíomh gréasáin www.lobbying.ie.

Mar fhocal scoir, tugtar an-deis dom leis an tuarascáil bhliantúil seo buíochas a ghabháil leis na comhaltaí eile den Choimisiún as a gcuid oibre ar fud na bliana. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Sherry Perreault, an Ceann um Eitic agus Brústocaireacht a Rialáil, as a tiomantas agus a dúthracht leantach agus le baill foirne Rúnaíocht an Choimisiúin as an obair dhícheallach a rinne siad sa bhliain 2017. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis na baill foirne de na haonaid seirbhísí comhroinnte in Oifig an Ombudsman as an tacaíocht a thug siad thar an mbliain seo a chuaigh thart. Táimid ag breathnú ar aghaidh ar bhliain nua, ar bliain í ina léireoimid tiomantas athnuaite don ionracas a fheabhsú i saol poiblí na hÉireann.
_______________________________
An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe
Cathaoirleach

Sa chaibidil seo, tugtar faisnéis faoi ghníomhaíochtaí an Choimisiúin sa bhliain 2017 faoi na hAchtanna um Eitic agus tugtar forbhreathnú ar na príomhfhorbairtí a bhí ann sna réimsí tosaíochta.

Nochtadh Leasa - Maoirseacht ag Comhlachtaí Poiblí

Maidir le comhlachtaí poiblí, agus go háirithe an 't-údarás iomchuí' laistigh de na comhlachtaí sin a dtugtar ráitis leasanna dóibh, tá dualgas orthu maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na bhforálacha nochta leasa sna hAchtanna um Eitic ag stiúrthóirí ainmnithe agus ag fostaithe ainmnithe. Is ag daoine nach mór ráitis leasanna a thabhairt dóibh atá ceart reachtúil chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún faoi shárú líomhnaithe ar na forálacha a bhaineann le nochtadh. Chun tacú leis an gceart sin, féadfaidh na daoine sin iarraidh ar an duine a bhfuil ceangal air/uirthi ráiteas a thabhairt faisnéis a chur ar fáil i dtaca le ráiteas leasanna nó le ní ar bith a thagann chun cinn i dtaca leis. Dá réir sin, tá dualgas ar 'údarás iomchuí' maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na bhforálacha nochta leasa sna hAchtanna um Eitic agus beart cuí a dhéanamh i gcás neamhchomhlíonadh féideartha.

Tháinig saincheisteanna chun cinn sa bhliain 2017 maidir le maoirseacht ag comhlachtaí poiblí ar chomhlíonadh na bhforálacha nochta leasa ag daoine laistigh de na comhlachtaí sin.

Ag teacht sna sála ar an tuarascáil uaidh maidir le Coláiste an Gharda Síochána, an Teampall Mór, scríobh an Coimisiún um Chuntais Phoiblí chuig an gCoimisiún maidir leis an bhfionnachtain uaidh gur theip ar roinnt comhaltaí den Gharda Síochána na hoibleagáidí atá orthu faoi na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, a thuiscint nó a chomhlíonadh. Chinn sé aird an Choimisiúin a tharraingt ar an ní chun go ndéanfadh an Coimisiún aon bheart is cuí leis.

Is don 'údarás iomchuí' laistigh den eagraíocht, agus ní don Choimisiún, a thugtar ráitis leasanna d'fhostaithe ainmnithe laistigh den Gharda Síochána. Scríobh an Coimisiún chuig Coimisinéir Gníomhach an Gharda Síochána chun breac-chuntas a thabhairt ar na freagrachtaí atá air mar 'údarás iomchuí' a dtugann daoine a bhfuil 'poist ainmnithe fostaíochta' acu sa Gharda Síochána ráiteas leasanna a thabhairt dó. Chuir an Garda Síochána in iúl don Choimisiún ina dhiaidh sin gur iarradh ar na fostaithe ainmnithe laistigh den eagraíocht a leasanna a athbhreithniú agus comhlíonadh cheanglais an Achta a dheimhniú. Táthar i mbun comhfhreagrais leis an eagraíocht go fóill.

D'oibrigh Rúnaíocht an Choimisiúin i gcomhar leis an nGarda Síochána agus le comhlachtaí poiblí eile freisin d'fhonn feabhas a chur ar na cumarsáidí a eisítear chuig fostaithe sna comhlachtaí sin maidir leis na hoibleagáidí atá orthu faoi na hAchtanna um Eitic. Chomh maith leis sin, chuir an Coimisiún ábhair imní in iúl do chomhlacht eile a raibh an chuma air nach raibh na cumarsáidí ná na nósanna imeachta cuí i bhfeidhm aige chun a chinntiú go bhfuil fostaithe láneolach ar na hoibleagáidí atá orthu faoi na hAchtanna um Eitic. Mhol an Coimisiún feabhsuithe ar chumarsáidí an chomhlachta sin le fostaithe. Glacadh na moltaí sin.

Chun cabhrú le comhlachtaí poiblí comhlíonadh a bhfostaithe a chur ar aghaidh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún forbairt a dhéanamh sa bhliain atá le teacht ar chaighdeáin dea-chleachtais do chomhlachtaí poiblí maidir le maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí faoi na hAchtanna um Eitic ag fostaithe agus leis an gcomhlíonadh sin a chur in iúl.

Forálacha Imréitigh Cánach - Ceapaithe chuig Oifig Shinsearach

Faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 (Acht 2001), ceanglaítear ar cheapaithe chuig poist shinsearacha fostaíochta nó chuig stiúrthóireachtaí i gcomhlachtaí poiblí dearbhú reachtúil agus deimhniú imréitigh cánach (nó fianaise go ndearnadh iarratas ar dheimhniú) a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de naoi mí ón dáta ceapacháin.

Sna tuarascálacha bliantúla uaidh don bhliain 2015 agus don bhliain 2016, luaigh an Coimisiún gur tháinig sé ar dheacrachtaí áirithe le blianta beaga anuas agus maoirseacht á déanamh aige ar na forálacha sin. Ina ainneoin go n-iarrtar ar gach comhlacht poiblí sonraí a thabhairt don Choimisiún faoi gach ceapachán ábhartha a dhéantar ionas go bhféadfaidh an Coimisiún aon sáruithe a d'fhéadfadh teacht chun cinn a fhiosrú, is léir nach mbíonn an méid sin á dhéanamh i ngach cás, rud a chruthaíonn deacrachtaí maidir le daoine aonair atá faoi réir fhorálacha an Achta a shainaithint.

Ní fhoráiltear leis an reachtaíocht d'aon dualgas sainráite a chur ar chomhlachtaí poiblí na sonraí sin a thabhairt don Choimisiún. Ina theannta sin, bhain roinnt comhlachtaí poiblí leas as an reachtaíocht um chosaint sonraí cheana féin mar chúis le gan faisnéis a sholáthar faoi cheapacháin.

Is mífheidhmiúil atá an seasamh a bhforáiltear dó faoi láthair sa dlí. Ní bheidh an Coimisiún ar an eolas faoi cé atá ag comhlíonadh oibleagáidí an Achta agus faoi cé nach bhfuil ag comhlíonadh na n-oibleagáidí mura bhfuil faisnéis chruinn aige faoi na daoine atá á gceapadh.

Is é an toradh atá ar an teip ar chomhlachtaí poiblí an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil don Choimisiún ná go gcuirtear bac ar chur chun feidhme éifeachtach na bhforálacha sin den Acht. Ina theannta sin, fágann sé gur neamhchomhlíontach atá na fostaithe, rud a d'fhéadfadh a fhágáil go gcuirfí faoi imscrúdú iad.

Ós rud é nach raibh an Coimisiún in ann a bheith deimhin de go raibh faisnéis chuimsitheach chruinn aige ar chomhlíonadh ag na daoine aonair sin atá faoi réir na bhforálacha sin den Acht, chuir sé tús le suirbhé ar na comhlachtaí poiblí go léir sa bhliain 2017. Ba é aidhm an tsuirbhé faisnéis a bhailiú faoi cé na poist sa chomhlacht atá ar leibhéal na hoifige sinsearaí, agus cé hiad na daoine atá i seilbh na bpost sin, ar mhaithe leis an mbearna faisnéise sin a líonadh.

Cé gur thug a lán comhlachtaí poiblí freagraí cuimsitheacha ar an suirbhé, tá díomá ar an gCoimisiún a thabhairt faoi deara nach bhfuarthas freagraí go fóill ó roinnt comhlachtaí, d'ainneoin na n-iarrachtaí leantacha a rinneadh ina leith. Dá bhrí sin, níl an Coimisiún in ann go fóill forálacha an Achta a riar go hiomlán ná faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh sna comhlachtaí sin. Tá an Coimisiún ag leanúint leis an bhfaisnéis nár tugadh go fóill a fháil ó na comhlachtaí sin d'fhonn a chinntiú gur comhlíontach atá gach duine aonair atá fágtha.

Mar fhreagra ar an suirbhé, chuir na comhlachtaí poiblí a thug freagra sonraí ar fáil faoi 132 cheapaí chuig 'oifig shinsearach' nár tugadh fógra fúthu don Choimisiún roimhe sin agus a ceapadh naoi mí ar a laghad roimh an dáta a tugadh fógra don Choimisiún. I gcásanna áirithe, ba é roinnt blianta ó shin a rinneadh na ceapacháin ar tugadh fógra fúthu. I gcás amháin, ba sa bhliain 2002 a rinneadh an ceapachán.

Ós rud é go bhforáiltear le hAcht 2001 go dtabharfar na doiciméid ábhartha don Choimisiún laistigh de naoi mí ón gceapachán, ba neamhchomhlíontach a bhí gach duine aonair díobh.

Scríobh an Coimisiún chuig gach ceapaí, á rá gur tugadh fógra dó le déanaí faoi shonraí a gceapacháin agus á chur in iúl don duine go bhfuil na hoibleagáidí i bhfeidhm fós agus nach mór iad a chomhlíonadh láithreach, cé gur léir gur imigh an spriocdháta thart. Thug an Coimisiún 30 lá do gach duine den sórt sin na hoibleagáidí a chomhlíonadh.

Mar a luadh ina thuarascáil bhliantúil don bhliain 2016, tá an Coimisiún ag glacadh cur chuige níos láidre i leith neamhchomhlíonadh agus déanfaidh sé imscrúdú agus tuairisciú i gcás ina dteipeann ar cheapaithe chuig oifig shinsearach na hoibleagáidí atá orthu a chomhlíonadh tar éis deis dhóthanach a thabhairt dóibh déanamh amhlaidh. Ceanglaítear aon tuarascáil ar an ní a chur chuig an gcomhlacht poiblí lena mbaineann agus a leagan faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas. Féadfaidh comhlacht poiblí gníomh a dhéanamh in aghaidh an duine lena mbaineann, lena n-áirítear an duine a chur ar fionraí gan luach saothair a íoc leis/léi, go dtí go gcomhlíonfaidh an duine na hoibleagáidí atá air/uirthi.

Mar thoradh ar neamhchomhlíonadh leantach ag daoine ar tugadh 30 lá dóibh chun na hoibleagáidí a chomhlíonadh agus ar theip orthu déanamh amhlaidh, sheol an Coimisiún 41 imscrúdú sa bhliain 2017. Tá siad ar siúl fós.

Leanfaidh an Coimisiún le neamhchomhlíonadh ag ceapaithe aonair a shaothrú. Chomh maith leis sin, leanfaidh sé le faisnéis thráthúil a iarraidh ó chomhlachtaí poiblí faoi cheapacháin chuig oifig shinsearach. Mar sin féin, molann an Coimisiún go leasófaí an reachtaíocht chun oibleagáid reachtúil a leagan ar chomhlachtaí poiblí eolas a thabhairt don Choimisiún faoi cheapacháin chuig oifig shinsearach.

Gearáin

Fuair an Coimisiún 42 ghearán faoi na hAchtanna um Eitic sa bhliain 2017. Dhún an Coimisiún 38 ngearán agus thosaigh sé 1 réamhfhiosrúchán le linn na bliana. Tá trí ghearán á mbreithniú fós.

Ag teacht sna sála ar scrúdú a rinne an Coimisiún ar ghearán, tháinig faisnéis chun solais á tabhairt le fios go bhféadfadh go ndearna iarchomhalta den Dáil sárú ar na hAchtanna um Eitic. Níl aon údarás ag an gCoimisiún i dtaca le gníomhartha nó iompar TD reatha nach bhfuil ina s(h) ealbhóir oifige. Is ábhar do Choiste na Dála um Leasanna Comhaltaí atá gach gearán den sórt sin.

Foráiltear leis an reachtaíocht, áfach, nach bhféadfar gearán a dhéanamh le Coiste na Dála um Leasanna Comhaltaí i dtaca le duine a scoir de bheith ina c(h)omhalta.

Fágann an bhearna sin nach bhfuil aon sásra ann le haghaidh scrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ag comhalta den Oireachtas (seachas Aire nó Aire Stáit) i gcúinsí nach dtagann an ní chun solais iontu ach tar éis don chomhalta éirí as oifig. Molann an Coimisiún go leasófaí an reachtaíocht chun déileáil go sainráite le cásanna ina bhféadfadh gur sháraigh comhalta den Oireachtas na hoibleagáidí atá air/uirthi faoi na hAchtanna um Eitic agus nach dtagann an ní chun solais iontu ach tar éis don chomhalta éirí as oifig.

An tImscrúdú ar an Uas. Richard Hickey

I mí Aibreáin 2017, d'fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin an tuarascáil imscrúdaithe uaidh ar sháruithe líomhnaithe ar na hAchtanna um Eitic ag an Uas. Richard Hickey, iarchomhalta de Bhord na hiar-Ghníomhaireachta um Thacaíocht Teaghlaigh. Eascraíonn an tuarascáil as éisteacht imscrúdaithe a cuireadh ar siúl an 30 Eanáir 2017.

Chinn an Coimisiún gur sháraigh an tUas. Hickey an reachtaíocht um eitic nuair a chuir sé, agus é ina chomhalta de Bhord na Gníomhaireachta um Thacaíocht Teaghlaigh, éilimh dhúblacha le haghaidh speansais taistil agus chothaithe isteach chuig an nGníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh agus chuig Ionad Acmhainní Teaghlaigh Naomh Bríd i ndáil le freastal ar na himeachtaí céanna.

Líomhnaíodh go ndearna an tUas. Hickey 'gníomh sonraithe' de réir bhrí na nAchtanna um Eitic. Bhain an gníomh sonraithe le speansais a bheith á n-éileamh faoi dhó aige, rud nach bhfuil ag teacht le comhlíonadh cuí a fheidhmeanna mar chomhalta den Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh. Agus aird á dtabhairt aige ar chineál agus mhéid an éilimh dhúblaigh speansas, chinn an Coimisiún gur d'aon turas a rinne an tUas. Hickey an 'gníomh sonraithe' agus
gur ní tromchúiseach sna cúinsí go léir é. Tharchuir an Coimisiún an ní seo chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí lena bhreithniú.

Tá an tuarascáil imscrúdaithe, mar aon le lánsonraí faoi fhionnachtana agus faoi chinntí an Choimisiúin, ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

An tImscrúdú ar an Uas. Tim Caffrey, Comhairle Contae an Longfoirt

Sa tuarascáil bhliantúil uaidh don bhliain 2015, thug an Coimisiún tuairisc ar imscrúdú a rinne sé ar ghearán maidir leis an Uas. Tim Caffrey, Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle Contae an Longfoirt (ag an am). Luaigh sé freisin gurbh amhlaidh, le linn dó an gearán a bhreithniú, gur tháinig an Coimisiún ar an eolas faoi sháruithe féideartha eile a rinne an tUas. Caffrey agus a tháinig as na cúinsí céanna, cé nach raibh siad ina gcuid den ghearán a rinneadh. Chinn an Coimisiún gur cheart dó an ní seo a imscrúdú ar a thionscnamh féin.

Ní rabhthas in ann éisteacht imscrúdaithe a thionól ar an ní seo sa bhliain 2017 ar chúiseanna nach bhfuil aon smacht ag an gCoimisiún orthu. Tá an ní á bhreithniú ag an gCoimisiún go fóill.

An tImscrúdú ar an Seanadóir Brian Ó Domhnaill

I dtuarascálacha bliantúla roimhe seo, thug an Coimisiún tuairisc ar ghearán a fuarthas i mí na Bealtaine 2012 maidir le roinnt éileamh taistil agus cothaithe a rinne an Seanadóir Brian Ó Domhnaill sa ról a bhí aige roimhe sin mar chomhalta de Chomhairle Contae Dhún na nGall agus d'Údarás na Gaeltachta. D'fhoilsigh an Coimisiún a thuarascáil imscrúdaithe ar an ní sin an 15 Nollaig 2016.

Le linn an imscrúdaithe, thionscain an Seanadóir Ó Domhnaill imeachtaí Ard-Chúirte in aghaidh an Choimisiúin, ar ina ndiaidh a dámhadh costais don Choimisiún. Sa bhliain 2017, lean an Coimisiún leis na costais sin a shaothrú ón Seanadóir.

Imscrúdú ar an gComhairleoir Frank Durcan, ar an gComhairleoir Cyril Burke agus ar an Uas. Peter Hynes, Comhairle Contae Mhaigh Eo

Chuir an Coimisiún tús le héisteacht imscrúdaithe ar na sáruithe líomhnaithe ar na Creataí Eiticiúla don tSeirbhís Rialtais Áitiúil ag an gComhairleoir Frank Durcan, ag an gComhairleoir Cyril Burke agus ag an Uas. Peter Hynes, Príomhfheidhmeannach, ar comhaltaí de Chomhairle Contae Mhaigh Eo iad gach duine díobh. Ag teacht sna sála ar iarratas a rinneadh chuig an gCoimisiún, cinneadh go n-éistfí an éisteacht go príobháideach.

Tionóladh an éisteacht ar dhátaí i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Nollag 2017 agus i mí Feabhra 2018. Tá an Coimisiún ag súil le tuarascáil ar an ní a eisiúint sa bhliain 2018.

Na Costais a Bhaineann le Gníomhaíochtaí Imscrúdaitheacha

Bíonn an-éagsúlacht ann sna costais a bhaineann le héisteacht imscrúdaithe a thionól ar sháruithe líomhnaithe ar na hAchtanna um Eitic. Bíonn siad ag brath ar chastacht agus fad an imscrúdaithe agus ar an líon finnéithe nó doiciméad lena mbaineann.


Is gnách gurb íseal a bhíonn na costais a bhaineann le réamhfhiosrúchán a dhéanamh, más cuí, toisc gurb iad baill foirne a dhéanann na réamhfhiosrúcháin sin go hinmheánach agus nach minic a bhíonn acmhainní seachtracha ag teastáil. Bítear ag méadú ar an méid oibre dlíthiúla a dhéanann an Coimisiún go hinmheánach, agus leas á bhaint aige as a phearsanra dlíthiúil féin, rud a chinntíonn go gcoinnítear na costais iomlána chomh híseal agus is féidir.

I gcás ina dtéann ní ar aghaidh chuig éisteacht imscrúdaithe, is gnách go mbíonn costais ann a bhaineann le comhairle dlí agus ionadaíocht dhlíthiúil a fháil le linn na héisteachta, mar aon le costais a bhaineann le tacaí lóistíochtúla nuair is gá (mar shampla, luathscríbhneoireacht, fuaim, nó aistriúchán).

Tá cead ag na páirtithe go léir san éisteacht ionadaíocht a fháil ó abhcóide sóisearach agus/ nó abhcóide sinsearach, ag brath ar a chasta atá na saincheisteanna atá le scrúdú. I gcásanna annamha, tionscnaíodh agóidí dlíthiúla in aghaidh an Choimisiúin sna cúirteanna a bhain lena ghníomhaíochtaí imscrúdaitheacha agus nach raibh mar chuid den imscrúdú foirmiúil. I gcás ina dtagann dúshláin den sórt sin chun cinn, ní mór don Choimisiún freagra a thabhairt dóibh. Féachaimid le costais a fháil ar ais nuair is cuí.

Cé go bhfuil an Coimisiún aireach ar na costais a bhaineann lena ghníomhaíochtaí imscrúdaitheacha a dhéanamh, tá oibleagáid reachtúil air sáruithe féideartha ar an reachtaíocht a imscrúdú. Níl costais chúirte a bhaineann le nithe nós imeachta nó le hagóidí dlíthiúla ina gcuid de ghnáthchostais imscrúdaitheacha. Leithdháileann an Coimisiún acmhainní de réir mar is gá chun cur chun feidhme éifeachtach agus forfheidhmiú éifeachtach a fheidhmeanna reachtúla a chinntiú.

An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015

Sna tuarascálacha bliantúla uaidh roimhe seo, thuairiscigh an Coimisiún um Chaighdeáin an méid seo a leanas maidir leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015: foilsíodh an Bille i mí na Nollag 2015. Forálfar leis do chreat comhdhlúite reachtach um eitic; ritheadh é sa Dara Céim i nDáil Éireann i mí Eanáir 2016; thit sé ar lár ar lánscor Dháil Éireann an 3 Feabhra 2016; agus cuireadh é ar ais ar Riar Oibre na Dála an 1 Meitheamh 2016.

Tá an Coimisiún i bhfách leis na hathchóirithe molta a leagtar amach sa Bhille, ós rud é nach infheidhmithe ná éifeachtúil atá na socruithe reachtúla reatha le haghaidh éisteachtaí imscrúdaithe. Moltar sa Bhille go dtabharfaí nósanna imeachta cuíchóirithe imscrúdaithe isteach. Táthar ag súil leis gur as sin a thiocfaidh torthaí níos tráthúla, agus nós imeachta cothrom á choinneáil ar bun ag an am céanna. Tá na torthaí sin le leas na ngearánach agus na ndaoine agus na gcomhlachtaí is ábhar do ghearáin agus, sa deireadh, tá siad le leas an phobail.

Agus é seo á scríobh, tá an Bille á bhreithniú i gcéim an choiste ag an Taoiseach agus ag an Roghchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú.

Leanann an Coimisiún ar aghaidh le hidirchaidreamh a dhéanamh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar fhorálacha an Bhille, de réir mar a iarrtar air déanamh amhlaidh.

Sa chaibidil seo, tugtar faisnéis faoi ghníomhaíochtaí an Choimisiúin sa bhliain 2017 faoin Acht Toghcháin, 1997, arna leasú, agus tugtar forbhreathnú ar na príomhfhorbairtí a bhí ann sna réimsí tosaíochta.

Cuntais Pháirtí Polaitíochta

Ceanglaítear ar pháirtithe polaitíochta a ráitis chuntas don bhliain roimhe a thabhairt don Choimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain.

I mí Eanáir 2017, d'fhoilsigh an Coimisiún an chéad tuarascáil maidir le ráitis chuntas na bpáirtithe polaitíochta. Bhain sí leis an tréimhse tuairiscithe 2015. Bunaithe ar an taithí phraiticiúil a gnóthaíodh le linn an chéad timthrialla comhlíonta, chinn an Coimisiún gur cheart na treoirlínte a athbhreithniú ó thaobh gnéithe áirithe de. Dá réir sin, thug an Coimisiún faoi phróiseas comhairliúcháin chun na treoirlínte a athbhreithniú. Cuireadh na treoirlínte faoi bhráid an Aire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil i dtráth cuí lena gceadú. Foilsíodh na treoirlínte nua in Iris Oifigiúil i mí Iúil 2017.

I mí na Samhna 2017, d'fhoilsigh an Coimisiún an dara tuarascáil bhliantúil maidir leis na ráitis chuntas a chuir páirtithe polaitíochta atá cláraithe in Éirinn ar fáil dó sa bhliain 2016. Tugtar forbhreathnú sa tuarascáil ar na hoibleagáidí atá ar na páirtithe agus cuirtear faisnéis ar fáil inti faoi stádas comhlíonta gach páirtí atá faoi réir an Achta.

An tuarascáil ón gCoimisiún, dar teideal Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2016, tá sí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Síntiúis Pholaitíochta

Leis an Acht Toghcháin, déantar rialáil ar shíntiúis pholaitíochta, lena n-áirítear tairseacha nochta, teorainneacha síntiúis agus toirmisc ar shíntiúis áirithe, i measc nithe eile.

Sa bhliain 2017, fuair an Coimisiún roinnt ceisteanna faoina cheadaithe atá rannpháirtíocht eachtrach, lena n-áirítear cistiú, i bhfeachtais a bhaineann le saincheisteanna polaitiúla ar leith.

Leis an Acht, toirmisctear síntiúis de shuim ar bith ó dhuine aonair lasmuigh d'oileán na hÉireann, seachas saoránach Éireannach nó comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine a bhfuil oifig aige ar oileán na hÉireann óna stiúrtar ceann amháin ar a laghad dá phríomhghníomhaíochtaí. Cé is moite de shíntiúis eachtracha a thoirmeasc, rud atá dúshlánach le forfheidhmiú, is ábhar imní don Choimisiún nach luaitear aon ní san Acht maidir le bealaí féideartha eile ar a bhféadfadh eagraíochtaí agus daoine aonair ó áiteanna lasmuigh d'Éirinn tionchar a imirt ar an toradh ar thoghcháin nó ar reifrinn. D'fhéadfadh go n-áireofaí leis na bealaí sin fógraíocht a mhaoinítear ón gcoigríoch agus úsáid a bhaint as feachtais mheán sóisialta. D'fhéadfadh go n-oiriúnófaí na hidirghabhálacha sin chun féachaint le tionchar a imirt ar an dioscúrsa polaitíochta in Éirinn. Faoi láthair, níl aon fhorálacha reachtacha i bhfeidhm chun na hidirghabhálacha sin a rialáil.

Tugann an Coimisiún dá aire freisin gurb iad síntiúis a fhaightear, agus ní caiteachas, a rialáiltear maidir le reifrinn. Is iad na heagraíochtaí sin a ghlacann le síntiúis os cionn tairseach shonraithe na haon eagraíochtaí a gceanglaítear orthu clárú mar thríú páirtithe. Ní dhéantar caiteachas a rialú ná a nochtadh.

Ós rud é go bhfuil sé beartaithe roinnt reifreann a reáchtáil sna míonna atá le teacht in Éirinn, cuireann an Coimisiún in iúl an athuair gur ábhair imní dó iad na laigí sa chreat reachtach reatha, agus tairgeann sé tuilleadh moltaí ina leith.

Cé nach n-agóideann an Coimisiún in aghaidh an cheanglais atá ar thríú páirtithe clárú, is é tuairim an Choimisiúin gur cheart an ceanglas sin a bheith bunaithe ar chaiteachas chun críocha polaitíochta agus ní ar ghlacadh le síntiúis a thugtar chun críocha polaitíochta.

Molann an Coimisiún freisin go ndéanfaí athbhreithniú cuimsitheach ar an Acht Toghcháin. B'fhearr é sin a dhéanamh i gcomhthéacs coimisiún toghcháin a chruthú. Moltar go gcuirfí forálacha ar áireamh in Acht athbhreithnithe a bhfuil mar aidhm leo modhanna digiteacha tionchair a rialáil i bhfeachtas toghcháin nó reifrinn.

Sa deireadh, mhol an Coimisiún roimhe seo go dtabharfaí faisnéis thrédhearcach faoi chaiteachas le linn reifreann. Molann sí freisin go mbeadh feidhm ag teorainneacha caiteachais maidir le reifrinn agus le toghcháin araon.

Síntiúis ar Nocht Páirtithe Polaitíochta iad

Sa bhliain 2017, bhí 19 bpáirtí polaitíochta ann a bhí cláraithe le dul san iomaíocht i dtoghcháin Dála nó Eorpacha agus a raibh oibleagáid orthu dá réir ráiteas síntiús a thabhairt don Choimisiún faoi spriocdháta an 31 Márta 2018.

Foilseofar sonraí faoi na síntiúis a nocht páirtithe polaitíochta maidir leis an mbliain 2017 i dtuarascáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin in am is i dtráth.

Nochtadh Síntiús ag TDanna, ag Seanadóirí agus ag FPEnna maidir leis an mBliain 2017

Sa bhliain 2017, ceanglaíodh ar 158 dTeachta Dála, ar 60 Seanadóir agus ar 11 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa nochtadh síntiús a fuarthas sa bhliain 2017 a chur isteach faoin 31 Eanáir 2018. Ba é €6,360 luach iomlán na síntiús ar nocht comhaltaí iad don tréimhse tuairiscithe.

Ó thosach feidhme an Achta Toghcháin (Maoiniú Polaitíochta), 2012, tá toirmeasc ar chomhalta den Oireachtas ná Feisire de Pharlaimint na hEorpa glacadh le síntiús ar mó a luach ná €200 ó chuideachta ach amháin i gcás go bhfuil an chuideachta sin, a meastar gur 'síntiúsóir corparáideach' í chun críocha an Achta, cláraithe leis an gCoimisiún. Má fhaightear síntiús do-ghlactha, ní mór é a thabhairt ar ais don síntiúsóir agus fianaise air sin a sholáthar don Choimisiún.

Leanann an Coimisiún le teacht ar dheacrachtaí maidir leis an reachtaíocht um shíntiúis a chur chun feidhme mar gheall ar an lagthuiscint atá ag corparáidí agus ag faighteoirí araon ar fhorálacha an Achta ina leith sin. Mhéadaigh an Coimisiún ar a ghníomhaíocht for-rochtana do chomhaltaí tofa ar mhaithe le feasacht a mhéadú ar oibleagáidí an Achta Toghcháin. Chomh maith leis sin, déanfaidh sé athbhreithniú ar a threoirlínte agus a ghníomhaíocht for-rochtana do chorparáidí a d'fhéadfadh a bheith faoi réir na bhforálacha sin den Acht.

Tuarascáil maidir le síntiúis a nocht TDanna, Seanadóirí agus FPEnna i dtaca leis an mbliain 2017, foilsíodh í i mí Aibreáin 2018 agus tá sí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Ráitis Síntiús ó Shíntiúsóirí Aonair

Foráiltear le halt 24(1A)(a) den Acht Toghcháin nach foláir do shíntiúsóir ar bith a thugann, in aon bhliain ar leith, síntiúis ar mó a luach comhiomlán ná €1,500 do bheirt nó níos mó a bhí ina gcomhaltaí den aon pháirtí polaitíochta amháin nuair a tugadh na síntiúis, nó do pháirtí polaitíochta, agus do dhuine amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí, ráiteas síntiús/dearbhú reachtúil a thabhairt don Choimisiún.

Fuarthas dhá ráiteas síntiús ó shíntiúsóirí aonair maidir leis an mbliain 2017. Ba é €4,245 luach iomlán na síntiús sin.

Rinneadh sonraí faoi na síntiúis a nocht síntiúsóirí aonair maidir leis an mbliain 2017 a fhoilsiú mar chuid den tuarascáil maidir le Síntiúis a tugadh do TDanna, do Sheanadóirí agus do FPEnna sa bhliain 2017. Tá an tuarascáil sin ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

Aonaid Chuntasaíochta

Tá 157 n-aonad cuntasaíochta páirtí polaitíochta ann in Éirinn faoi láthair a bhfuil oibleagáidí tuairiscithe orthu faoin Acht Toghcháin.

Faoin Acht, is cion é don duine freagrach de chuid aonad cuntasaíochta mainneachtain ceanglais tuairiscithe an Achta a chomhlíonadh.

Ba é an 31 Márta 2018 an spriocdháta le haghaidh tuairisceáin a fháil ó aonaid chuntasaíochta i dtaca leis an mbliain 2017.

Tuarascáil maidir le ráitis síntiús ó pháirtithe polaitíochta don bhliain 2017, ina mbeidh sonraí faoi na tuairisceáin a chuir aonaid chuntasaíochta isteach, déanfar í a fhoilsiú agus a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin in am is i dtráth.

Tríú Páirtithe agus Síntiúsóirí Corparáideacha

Clár Tríú Páirtithe

Sa bhliain 2017, chláraigh ceithre thríú páirtí leis an gCoimisiún. San iomlán, bhí oibleagáid ar 27 gcinn de thríú páirtithe tuairisceáin a chur ar fáil i dtaca leis an mbliain 2017 tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2018. Ní nochtar na tuairisceáin sin go poiblí, i gcomhréir le forálacha an Achta. Mar sin féin, déantar liosta de thríú páirtithe cláraithe a chothabháil agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Tá liosta de na tríú páirtithe a bhí cláraithe sa bhliain 2017 ar áireamh in aguisín a dhó a ghabhann leis an tuarascáil seo.

An Clár de Shíntiúsóirí Corparáideacha

Tá 31 shíntiúsóir chorparáideacha cláraithe leis an gCoimisiún faoi láthair. Déantar liosta d'eagraíochtaí atá cláraithe mar shíntiúsóirí corparáideacha a chothabháil agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. Tá liosta de na síntiúsóirí corparáideacha a bhí cláraithe sa bhliain 2017 ar áireamh in aguisín a dhó a ghabhann leis an tuarascáil seo.

Maoiniú Státchiste do Pháirtithe Polaitíochta

An tAcht Toghcháin, 1997, arna leasú

Íocadh maoiniú le hocht bpáirtí cháilithe (Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Páirtí an Lucht Oibre, Renua Éireann, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, agus Dlúthpháirtíocht agus Pobal roimh Bhrabús) ar bhonn na dtorthaí san olltoghchán an 26 Feabhra 2016.

B'ionann an ciste agus €4,948,202 amhail an 31 Nollaig 2017. Cinntear an sciar den chiste atá iníoctha le páirtí polaitíochta cáilithe ach na vótaí chéad rogha a fuair an páirtí cáilithe a chur in iúl mar chéatadán d'iomlán na vótaí chéad rogha a fuair na páirtithe polaitíochta cáilithe go léir. Ní fhéadfar an maoiniú a úsáid chun críocha toghcháin ná reifrinn.

Táthar ag súil go gcuirfidh páirtithe a ráitis faoi chaiteachas maoiniú Státchiste don bhliain 2017 a chur isteach faoin 31 Márta 2018. An tuarascáil maidir leis na ráitis faoi chaiteachas maoiniú Státchiste i dtaca leis an mbliain 2017, foilseofar í agus cuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin í in am is i dtráth.

An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 (Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte)

Cháiligh ceannairí parlaiminte ar ocht bpáirtí polaitíochta (Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Neamhspleáigh ar son an Athraithe, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, agus Dlúthpháirtíocht agus Pobail roimh Bhrabús) don liúntas a fháil. Fuair na páirtithe €7,629,193 san iomlán faoin Acht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte sa bhliain 2017.

Faigheann comhaltaí neamhpháirtí de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann maoiniú faoin reachtaíocht. B'ionann agus €716,049 an tsuim iomlán a íocadh le linn na bliana 2017 le comhaltaí neamhpháirtí a toghadh chuig Dáil Éireann agus b'ionann agus €308,660 an tsuim iomlán a íocadh le linn na tréimhse sin le comhaltaí neamhpháirtí a toghadh nó a ainmníodh chuig Seanad Éireann.

Táthar ag súil go gcuirfidh páirtithe a ráitis faoi chaiteachas an liúntais ghníomhaíochtaí Parlaiminte don bhliain 2017 a chur isteach faoin 31 Márta 2018. An tuarascáil maidir leis na ráitis faoi chaiteachas an liúntais ghníomhaíochtaí Parlaiminte i dtaca leis an mbliain 2017, foilseofar í agus cuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin í in am is i dtráth.

Téann an Coimisiún i dteagmháil rialta le geallsealbhóirí seachtracha i ndáil le gach réimse dá shainordú reachtach. Mar aon le freagra a thabhairt ar cheisteanna agus ar iarrataí ó gheallsealbhóirí éagsúla, pléann an Coimisiún go réamhghníomhach le nithe sonracha de réir mar is gá freisin. Tugtar sa rannán seo a leanas faisnéis faoi na príomhghníomhaíochtaí cumarsáide a ndeachaigh an Coimisiún ina mbun i réimsí eitice agus toghcháin sa bhliain 2017.

Mar chuid dá straitéis cumarsáide, thug Rúnaíocht an Choimisiúin láithreoireachtaí agus reáchtáil sí clinicí buail isteach i dTithe an Oireachtais i mí Eanáir 2017 do chomhaltaí a bhí ag iarraidh comhairle a fháil maidir lena n-oibleagáidí faoin reachtaíocht um Eitic agus faoin reachtaíocht Toghcháin.

Thug an Oifig dhá láithreoireacht do thoscaireachtaí ar cuairt sa bhliain 2017. I mí an Mhárta, bhuail foireann na Rúnaíochta le toscaireacht ó Ollscoil Groningen, an Ísiltír. I mí Aibreáin, bhuail sí le toscaireacht ó Chúirt Phobail Bhéising, an tSín. Ba é cuspóir na gcuairteanna sin tuilleadh eolais a ghnóthú ar bhainistíocht agus faireachán toghcháin in Éirinn agus ar mhórchórais frithéillithe agus chuntasachta na hÉireann.

D’fhreastail comhalta de Rúnaíocht an Choimisiúin ar chruinniú de chuid Líonra Caighdeán Parlaiminte na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair 2017.

Sa bhliain 2014, thug an Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO) de chuid Chomhairle na hEorpa faoi Mheastóireacht Ceathrú Babhta ar Éilliú a Chosc i dtaca le Teachtaí Parlaiminte, le Breithiúna agus le hIonchúisitheoirí in Éirinn (Tuarascáil Bhliantúil 2014). Rinne sé roinnt moltaí maidir leis an gcreat eitice a fheabhsú freisin. Le linn na bliana 2016, chabhraigh an Coimisiún le haighneacht ó Éirinn a ullmhú maidir le dréacht-tuarascáil comhlíonta ar na moltaí a ghlac GRECO de bhun na meastóireachta. I mí an Mheithimh 2017, d’fhoilsigh GRECO an tuarascáil comhlíonta uaidh maidir le héilliú a chosc in Éirinn. Is é Tuarascáil Meastóireachta Ceathrú Babhta ar Éirinn, Meitheamh 2017 - Éilliú a Chosc i dtaca le Teachtaí Parlaiminte, le Breithiúna agus le hIonchúisitheoirí teideal na tuarascála. Tháinig sé ar an gconclúid gur “míshásúil ar leibhéal domhanda” atá an méid íseal atá Éire ag comhlíonadh na tuarascála meastóireachta bunaidh (2014). D’iarr sé ar Éirinn tuairisc a thabhairt ar an dul chun cinn an athuair faoin 31 Márta 2018. Tá an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais i gceannas ar fhreagra an Rialtais.

Seoladh próiseas Meastóireachta Cúigiú Babhta GRECO an 20 Márta 2017. Dírítear sa mheastóireacht sin ar “éilliú a chosc agus ionracas a chur chun cinn i rialtais lár (barrfheidhmeanna feidhmiúcháin) agus i ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí” trí fhaireachán a dhéanamh ar na bearta atá i bhfeidhm ag Stáit maidir leis na nithe seo a leanas:

  • caighdeáin eiticiúla agus an t-iompar ginearálta a bhfuiltear ag súil leis, lena n-áirítear cóid iompair;
  • bainistíocht coinbhleachtaí leasa;
  • conas déileáil le bronntanais agus le sochair eile;
  • caidreamh le brústocairí agus le tríú páirtithe eile ar mian leo tionchar a imirt;
  • srianta iarfhostaíochta agus bainistíocht “doirse imrothlacha”;
  • dearbhú leasanna, ioncaim, sócmhainní agus dliteanas;
  • sásraí chun comhlíonadh a mhaoirsiú agus smachtbhannaí cuí i gcás neamhchomhlíonadh; agus
  • comhairle, oiliúint agus feasacht i measc daoine atá faoi réir na rialacha.

Ainmníodh an tUas. Aidan Moore, comhalta de Rúnaíocht an Choimisiúin, mar shaineolaí chun páirt a ghlacadh sa phróiseas Meastóireachta Cúigiú Babhta.

Tá an Coimisiún ina bhall den Chomhairle um Dhlíthe Eitice Rialtais (COGEL) go fóill. Is eagraíocht neamhbhrabúis atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe é COGEL. Is é an príomhchuspóir atá aige fóram a thabhairt inar féidir le cleachtóirí eitice ó raon disciplíní difriúla (lena n-áirítear maoiniú feachtais, toghcháin, brústocaireacht, coinbhleacht leasa agus saoráil faisnéise) taithí agus dea-chleachtais a mhalartú le chéile. I mí na Nollag 2017, d’fhreastail an Ceann um Eitic agus Brústocaireacht a Rialáil ar an gcomhdháil bhliantúil thar ceann an Choimisiúin.

Sa bhliain atá le teacht, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún straitéis cumarsáide nua a ullmhú agus tosú ar a cur chun feidhme. Is é aidhm na straitéise eolas a mhéadú ar an reachtaíocht atá faoi shainchúram an Choimisiúin agus comhlíonadh na reachtaíochta sin a fheabhsú. Mar chuid den straitéis sin, tá sé beartaithe an suíomh Gréasáin a athchóiriú chun éifeachta chun an t-ábhar a chuíchóiriú agus chun é a dhéanamh níos áisiúla don úsáideoir. Idir an dá linn, leanann an Coimisiún ar aghaidh le hábhar fiúntach a phostáil ar leathanach baile an tsuímh ghréasáin agus sna meáin shóisialta.

I dtuarascálacha bliantúla roimhe seo, rinne an Coimisiún achoimre ar a chuid moltaí le haghaidh athruithe ar an reachtaíocht um eitic agus toghcháin. Tá achoimre déanta thíos ar na mórmholtaí a rinneadh agus nár cuireadh chun feidhme fós, mar aon leis an scéala is déanaí faoi aon dul chun cinn a rinneadh idir an dá linn. Tagraítear do mhionmholtaí, amhail leasuithe teicniúla, i dtuarascálacha bliantúla a eisíodh roimhe seo. Baineadh moltaí a cuireadh i gcrích roimhe seo agus ar tuairiscíodh orthu i dtuarascáil na bliana seo caite.

Moltaí a bhaineann leis na hAchtanna um Eitic

Moladh  Bliain a
Dhéanta
An Scéala is Déanaí
Leasuithe nós imeachta a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic
Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún Oifigeach Fiosrúcháin a cheapadh chun réamhfhiosrúchán a dhéanamh ar ní nach bhfuil gearán déanta ina leith faoi na hAchtanna um Eitic.

(Caibidil 1, ‘Fiosrúcháin féintionscnaimh’, Tuarascáil Bhliantúil 2004)
2004 Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015.
Ba cheart foráil a dhéanamh go gcuirfí córam nach mbeidh níos lú ná triúr comhaltaí ann (lena n-áirítear an Cathaoirleach i ngach cás) ar fáil chun imscrúdú a éisteacht faoi na hAchtanna um Eitic.

(Caibidil 4, ‘Leasuithe a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic’, Tuarascáil Bhliantúil 2008)
2008 Bhunófaí Coimisinéir um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí in áit an Choimisiúin leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015.
Ba cheart don Choimisiún a Thuarascáil Bhliantúil a leagan faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas go díreach seachas í a chur faoi bhráid an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a leagfadh faoina mbráid ansin í.

(Réamhrá, Tuarascáil Bhliantúil 2010)
2010 Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015.
Leasuithe eile a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic agus ar reachtaíocht ghaolmhar agus ar reachtaíocht ghaolmhar
Ba cheart leasuithe a dhéanamh ar na teorainneacha ama faoina mbeidh Dearbhuithe Reachtúla, Deimhnithe Imréitigh Cánach agus Ráitis Iarratais le déanamh nó le heisiúint agus le cur ar fáil don Choimisiún ag comhaltaí tofa agus ag daoine a cheapfar chuig poist shinsearacha agus i stiúrthóireachtaí sa tseirbhís phoiblí.

(Caibidil 1, ‘Forálacha Imréitigh Cánach - tuairimí don Aire Airgeadais’, Tuarascáil Bhliantúil 2003)
2003 Ba ó mhí amháin go trí mhí a leasaíodh leis an Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008 an spriocdháta maidir le dearbhú reachtúil a bheidh le déanamh ag duine a bheidh molta le ceapadh chuig oifig bhreithiúnach; bheadh foráil den chineál céanna ag teastáil do chomhaltaí tofa agus do sheirbhísigh phoiblí shinsearacha chun an moladh a chomhlíonadh.

Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, agus d’fhorálfaí leis do chomhlíonadh bliantúil.
Ba cheart cód iompair a ghlacadh do sheirbhísigh phoiblí agus do chomhaltaí de bhoird stáit sa mhórsheirbhís phoiblí.

(Caibidil 1, ‘Cóid Iompair d’Fhostaithe sa tSeirbhís Phoiblí’, Tuarascáil Bhliantúil 2003)
2003 Thabharfaí cód eiseamláireach iompair isteach leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, rud a mbeadh feidhm aige maidir le gach oifigeach poiblí. D’fhorálfaí leis an mBille freisin do chóid aonair a chur i bhfeidhm i ngach comhlacht poiblí. Molann an Coimisiún go bhforálfaí do chóid earnála.

D’fhorálfaí le leasú a ritheadh i gCéim an Choiste i nDáil Éireann i mí Aibreáin 2017 do chóid earnála a thabhairt isteach do státseirbhísigh, do chomhairleoirí speisialta agus do chomhaltaí agus fostaithe údaráis áitiúil.
Is i dTithe an Oireachtais ba cheart tairiscintí a thionscnamh chun Cathaoirligh ar Choistí Oireachtais a ainmniú mar shealbhóirí oifige chun críocha na nAchtanna um Eitic.

(Caibidil 1, ‘Na hAchtanna um Eitic’, Tuarascáil Bhliantúil 2005)
2005 Bhainfí an t-idirdhealú idir sealbhóirí oifige agus comhaltaí eile den Oireachtas leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015.
Ba cheart acht cuimsitheach a bheith ann lena gcomhdhlúthófaí na hAchtanna um Eitic agus gach reachtaíocht eile lena bhforáiltear do leasanna a nochtadh agus d’fhorálacha gaolmhara d’oifigigh phoiblí.

(Caibidil 2, ‘Creataí Eitice Forluiteacha’, Tuarascáil Bhliantúil 2009)
2009 Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015.
Ba cheart leasú a dhéanamh ar na forálacha maidir le gearáin faoi ‘ghníomh sonraithe’ sa chaoi is go gceadófaí tagairt do ráiteas ardleibhéil maidir leis na prionsabail eitice atá le leanúint ag seirbhísigh phoiblí agus ag ionadaithe poiblí.

(Caibidil 2, ‘Ráiteas Ardleibhéil faoi Phrionsabail Eiticiúla’, Tuarascáil Bhliantúil 2009)
2009 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo
Ba cheart leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar ‘dhuine bainteach’ (féach an sainmhíniú in Aguisín 3) sa chaoi is go bhforálfaí gur “duine atá bainteach” le cuideachta is ea duine (féach an sainmhíniú in Aguisín 3) atá ina stiúrthóir ar an gcuideachta sin agus gur “daoine atá bainteach” leis an duine sin freisin iad stiúrthóirí eile na cuideachta sin.

(Caibidil 2, ‘Daoine Bainteacha’, Tuarascáil Bhliantúil 2009)
2009 Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015.
Ba cheart ceanglas a bheith ann go nochtfaí dliteanais mar ‘leasanna inchláraithe’.

(Caibidil 2, ‘Dliteanais a Nochtadh’, Tuarascáil Bhliantúil 2009)
2009 Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015.
Ba cheart cur chuige uile-sheirbhíse poiblí a ghlacadh i leith éileamh dúbailte speansas taistil agus cothaithe a chosc agus a bhrath.

(Caibidil 2, Gearáin, Tuarascáil Bhliantúil 2014)
2014 D’eisigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir ina leith sin i mí Dheireadh Fómhair 2015. Chuir an Roinn nósanna imeachta ar fáil nach mór cloí leo i gcás inarb amhlaidh go dtéann fostaí de chuid comhlacht seirbhíse poiblí i mbun taistil le haghaidh gnó oifigiúil agus go bhféadfadh sé/sí aisíoc na gcostas taistil agus cothaithe a éileamh ó níos mó ná comhlacht amháin.
Ba cheart foráil shainráite a dhéanamh chun gearáin a cheadú in aghaidh comhaltaí den Oireachtas i gcúinsí ina dtagann an ní chun solais tar éis don chomhalta éirí as oifig.

(Caibidil 1, Eitic, Tuarascáil Bhliantúil 2017)
2017 Moladh nua don bhliain 2017.
Ba cheart an tAcht a leasú chun ceangal a chur ar chomhlachtaí poiblí fógra a thabhairt don Choimisiún faoi cheapacháin nua chuig oifig shinsearach chun cabhrú le ceanglais chomhlíonta cánach a chur chun feidhme go héifeachtach.

(Caibidil 1, Eitic, Tuarascáil Bhliantúil 2017)
2017 Moladh nua don bhliain 2017.

Moltaí a bhaineann leis na hAchtanna Toghcháin

Moladh  Bliain a
Dhéanta
An Scéala is Déanaí
Athbhreithniú a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin
Ba cheart coimisiún toghcháin a bhunú agus ba cheart athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin. Ba cheart forálacha a chur ar áireamh chun foráil a dhéanamh do mhodhanna digiteacha tionchair a rialáil i bhfeachtas toghcháin nó reifrinn.

(Caibidil 2, Cúrsaí Toghcháin, Tuarascáil Bhliantúil 2017)
2017 Moladh nua don bhliain 2017.
Leasú nós imeachta a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin
Mar chomhlacht a bhfuil freagracht air as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin, ba cheart bonn reachtúil a bheith ag an gCoimisiún ar a bhféadfadh sé athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht agus tuairisc a thabhairt ar a thorthaí.

(Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin, 2003)
2003 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Leasú a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin maidir leis an tréimhse toghcháin
Ba cheart breithniú a dhéanamh ar roinnt cuntasachta a fhorchur, i gcomhthéacs na dteorainneacha caiteachais, i leith tréimhse shonraithe roimh thosach feidhme na tréimhse toghcháin arna sainmhíniú leis an dlí (i.e. go bhféadfaí síneadh a chur leis an tréimhse toghcháin ionas go n-áireofaí tréimhse roimh lánscor na Dála léi nó sula dtáirgtear eascaire ag toghchán).

(Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin, 2003)
2003 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Leasú a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin maidir le Tríú Páirtithe
Níor cheart an sainmhíniú ar a bhfuil i gceist le “tríú páirtí” a chinneadh bunaithe ar cé acu a fuair duine aonair/grúpa síntiús nó nach bhfuair. Ina ionad sin, ba cheart díriú ar chaiteachas ag daoine aonair/grúpaí agus féachaint orthu mar thríú páirtithe má bhíonn sé beartaithe acu caiteachas a tharraingt orthu féin os cionn tairseach áirithe, abair €5,000, i ndáil le feachtas atá chun críocha polaitíochta faoi mar a shainmhínítear sa reachtaíocht.

(Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin, 2003; agus Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann ar Chonradh Liospóin)
2003 agus
2009
Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart an próiseas clárúcháin do “thríú páirtithe” agus do “dhaoine eile” (a bhfuil sé beartaithe acu speansais toghcháin a tharraingt orthu féin) a chónascadh. (Níor cheart go mbeadh aon ghá ann go gcláródh duine aonair/grúpa mar “thríú páirtí” agus go gcláróidís mar “dhuine eile” freisin).

(Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin, 2003)
2003 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart clárú tríú páirtithe a cheadú ar feadh tréimhse feachtais ar leith amháin nó ar bhonn leanúnach.

(Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann faoi Chonradh Liospóin 2008)
2009 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Leasú a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin maidir le caiteachas ag reifrinn
Ba cheart foráil a dhéanamh do thrédhearcacht i dtaca le maoiniú agus le caiteachas ar fheachtais reifrinn agus ba cheart ceanglas a chur ar thríú páirtithe agus ar pháirtithe polaitíochta mionsonraí a nochtadh faoi chaiteachas ar fheachtais reifrinn. Ar an gcaoi chéanna, ba chóir go gcuirfí faisnéis ar fáil maidir leis na foinsí maoiniúcháin a bheidh ar fáil do thríú páirtithe agus do pháirtithe polaitíochta araon.

(Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann faoi Chonradh Liospóin 2008)
2009 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart feidhm a bheith ag teorainneacha caiteachais maidir le reifrinn agus le toghcháin araon.

(Caibidil 2, Cúrsaí Toghcháin, Tuarascáil Bhliantúil 2017)
2017 Moladh nua don bhliain 2017.
Leasuithe eile a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin
D’fhonn cothrom na féinne a chinntiú idir iarrthóirí, agus d’fhonn méid trédhearcachta a áirithiú, ba cheart úsáid cistí poiblí chun críocha toghcháin a bheith ina cuid den chód toghcháin seachas mar chuid de reachtaíocht eile, ar ríléir go ngabhann cuspóir ar leithligh ar fad léi. Is é a bheadh i gceist leis sin ná aisghairm iarmhartach a dhéanamh ar na forálacha lena bpléitear le soláthar seirbhísí agus áiseanna tar éis lánscor Dháil Éireann ag Coimisiún Thithe an Oireachtais [alt 4(4A) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003, (arna leasú le halt 4(c) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2009)].

(An Tuarascáil maidir le hOlltoghchán na Dála 2007)
2007 Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo

Moltaí a bhaineann leis an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 (an tAcht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte)

Moladh  Bliain a
Dhéanta
An Scéala is Déanaí
Leasú a mholtar a dhéanamh ar an reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte maidir le comhairle a thabhairt
Ba cheart an Coimisiún a cheadú comhairle a thabhairt faoi úsáid chuí a bhaint as an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte agus ba cheart comhairle den sórt sin a bheith ceangailteach le dlí ar na daoine a bhfuil feidhm ag an reachtaíocht ina leith.

(Tuarascáil Bhliantúil 2007)
2007 Ní fhoráiltear leis an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 don Choimisiún a cheadú comhairle a thabhairt.

Eanáir

  • An Tuarascáil maidir le Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2015
  • An Tuarascáil maidir le hOlltoghchán an tSeanaid 2016
  • An Tuarascáil maidir le hOlltoghchán na Dála 2016

Aibreán

  • Tuarascáil ar an Imscrúdú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar sháruithe líomhnaithe ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001 (na hAchtanna um Eitic), ag an Uas. Richard Hickey, iarchomhalta de Bhord na hiar-Ghníomhaireachta um Thacaíocht Teaghlaigh.

Meitheamh

  • Tuarascáil ar an Nochtadh ag TDanna, ag Seanadóirí agus ag FPEnna maidir le Síntiúis a fuarthas don bhliain 2016
  • Tuarascáil ar an Nochtadh ag Páirtithe Polaitíochta maidir le síntiúis a fuarthas don bhliain 2016
  • Tuarascáil ar Ráitis Bhliantúla faoi Chaiteachas Maoiniú Státchiste agus Tuarascáil na nIniúchóirí chuig an gCathaoirleach ar Dháil Éireann i dtaca leis an mbliain 2016

Iúil

  • Tuarascáil ar mhaoiniú Stáit a fuair páirtithe polaitíochta agus comhaltaí neamhspleácha faoin reachtaíocht toghcháin agus faoin reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte don bhliain 2016
  • An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí - Tuarascáil Bhliantúil 2016

Samhain

  • An Tuarascáil maidir le Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2016

An Liosta de Thríú Páirtithe Cláraithe, 2017

  • ADFAM
  • Alliance for Freedom and Democracy
  • Atheist Ireland
  • BelonG to Youth Services *
  • The Charter Group
  • Cherish all The Children Equally
  • Choice Ireland
  • Christian Solidarity Party
  • Coalition to Repeal The Eighth
  • CÓIR
  • Education Equality
  • Family & Life
  • GLEN Campaign for Marriage *
  • Immigration Control Platform
  • Independent Alliance
  • Iona Institute
  • Irish Council for Civil Liberties *
  • LGBT Equality Ltd. *
  • LGBT Noise *
  • Mandate for Marriage *
  • Marriage Equality *
  • Mayo Reform Movement
  • Mothers and Fathers Matter
  • National Campaign for the Arts
  • The National Party
  • Peace and Neutrality Alliance
  • People’s Movement
  • Pro Life Campaign
  • Right2Water
  • RISE!
  • Save Navan Hospital
  • Seanad Reform Group / Democracy Matters
  • Socialist Worker Party
  • StandUP4Marriage *
  • TFMR Ireland
  • Women for Election *
  • Vote with Us *

* A dhíchláraigh sa bhliain 2017

List of Registered Corporate Donors 2017

  • Aegis Safety Ltd
  • Blue Insurance Limited
  • CE Cladwell Estates Ltd
  • C&R Print Ltd
  • Cill Dara Betting Ltd
  • The Community Foundation for Ireland Ltd
  • Disability Federation of Ireland
  • E.P Lynam Properties Ltd
  • Fianna Fáil
  • Gaming & Leisure Association of Ireland
  • GMB Trade Union
  • Golden Horseshoe Ltd
  • Humanist Association of Ireland
  • Impact
  • Irish Nurses and Midwives Organisation
  • INTO
  • Irish Farmers Association
  • Lagan Asphalt Ltd
  • Mac Interiors Ltd
  • Marketo EMEA Ltd
  • Millennium Communications Cellular Ltc
  • Refraction Ltd
  • Restaurants Association of Ireland
  • SIPTU
  • Stella Doradus Europe Ltd
  • Study in Ireland Ltd
  • Unite Trade Union
  • Transport Salaried Staff’s Association
  • Vintners Federation of Ireland CLG

Leis an Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014, leagtar dualgas dearfach ar chomhlachtaí poiblí aird chuí a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus leis an gcomhionannas. Ghlac Oifig an Ombudsman, a chuireann tacaíocht rúnaíochta ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin, cur chuige réamhghníomhach i leith an dualgas sin a chur chun feidhme. Chuir sí grúpa oibre foirne ar bun, a reáchtáil ceardlann ar chearta an duine agus ar an gcomhionannas agus a bhuail le Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas. Tá an grúpa oibre ag obair faoi láthair ar gach ceann d’fheidhmeanna na hOifige a shainaithint agus ar a mheasúnú cé na saincheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus leis an gcomhionannas a thagann chun cinn i dtaca leis na feidhmeanna sin. Sainaithneoidh sé freisin na beartais agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin. Ag teacht sna sála air sin, molfaidh sé plean gníomhaíochta le haghaidh an dualgas a chur chun feidhme, bunaithe ar a fhionnachtana.

Tá an Oifig tiomanta do sheirbhís a chur ar fáil dár gcliaint go léir lena dtugtar aird ar a gcearta daonna agus ar an gceart atá acu chun caitheamh cothrom. Baineann sé sin le hábhar freisin maidir leis an dóigh a mbíonn sí i mbun caidreamh lena foireann féin mar go bhfuil sé bunriachtanach le haghaidh dea-thimpeallacht oibre a chothú ina gcuirtear rannpháirtíocht, oscailteacht agus dínit chun cinn san áit oibre. Léirítear cur chuige na hOifige go soiléir leis na bunluachanna eagraíochta um neamhspleáchas, díriú ar chustaiméirí agus cothroime, nithe atá le feiceáil i gcultúr na hOifige, ina beartais inmheánacha agus ina nósanna imeachta inmheánacha. Tá obair réamhghníomhach déanta ag an Oifig freisin maidir le hoiliúint a chur ar bhaill foirne i gcearta an duine agus sa chomhionannas.