Tuarascáil Bhliantúil 2016

Tuarascáil (PDF)

Clár Ábhar

De réir fhorálacha alt 27(2)(a) den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, tá áthas orm an tuarascáil
bhliantúil don bhliain 2016 ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a chur faoi bhráid an
Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

_______________________________
An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe
Cathaoirleach
Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Meitheamh 2017

Comhlacht neamhspleách a bunaíodh i mí na Nollag 2001 leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Tá seisear comhaltaí ann agus tá sé faoi chathaoirleacht ag iar-Bhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte. Sa bhliain 2016, b'iad seo a
leanas baill an Choimisiúin:

  • An Breitheamh Onórach Daniel O'Keeffe, Cathaoirleach
  • Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
  • Peter Tyndall, an tOmbudsman
  • Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann
  • Deirdre Lane, Cléireach Sheanad Éireann (go dtí an 21 Deireadh Fómhair 2016)
  • Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann (ón 10 Samhain 2016)
  • Jim O'Keeffe, Iarchomhalta de Dháil Éireann

Foilsíodh an Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, i mí na Nollag 2015 agus cuireadh é ar ais ar Riar Oibre na Dála tar éis an Olltoghcháin. Bhain an Bille Céim an Choiste amach i mí Aibreáin 2017. Ba ag an am sin a cuireadh líon mór leasuithe ar an mBille síos. Is leis an mBille a chomhdhlúthófar cuid mhaith den reachtaíocht um eitic, ar aon dul le moladh a rinne an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) den chéad uair sa tuarascáil bhliantúil uaidh don bhliain 2009. Dá n-achtófaí é, d'fhorálfaí leis an mBille do chaighdeáin ionracais agus do chód eiseamláireach iompair do gach oifigeach poiblí, mar aon le forálacha comhdhlúite le haghaidh leasanna a nochtadh agus córas cuíchóirithe trína bhféadfaí imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ag oifigigh phoiblí.

D'fhoilsigh an Coimisiún ráitis chuntas iniúchta do pháirtithe polaitíochta den chéad uair riamh i mí Eanáir 2017, faoi mar a cheanglaítear leis an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta), 2012. Ceanglaítear ar pháirtithe polaitíochta anois leabhair chuntas chuí a choimeád agus ráiteas cuntas bliantúil a ullmhú. Déanann iniúchóir poiblí iniúchadh orthu ansin. Tugtar iad don Choimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain.

D'fhoilsigh an Coimisiún dhá thuarascáil tar éis na nOlltoghchán do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann freisin. Pléadh sna tuarascálacha sin leis na hoibleagáidí tuairiscithe síntiús atá ar iarrthóirí nár éirigh leo i dtoghchán agus, i gcás an Olltoghcháin do Dháil Éireann, le speansais
toghcháin a tabhaíodh thar ceann iarrthóirí agus páirtithe polaitíochta. Tharchuir an Coimisiún 66 chomhad chuig an nGarda Síochána i dtaca le sáruithe féideartha ar an Acht le linn olltoghchán na Dála. Tharchuir sé 24 chomhad eile i ndáil le sáruithe féideartha le linn olltoghchán an tSeanaid. Tá réiteach sásúil tagtha ar fhormhór na saincheisteanna sin anois.

Chuir an Coimisiún an t-imscrúdú ar ghearán maidir leis an Seanadóir Brian Ó Domhnaill i gcrích le linn na bliana. Cé gur sa bhliain 2012 a fuarthas an gearán sin, cuireadh moill ar an imscrúdú de bharr imeachtaí a thionscain an Seanadóir Ó Domhnaill san Ard-Chúirt agus sa Chúirt Achomhairc. Níor éirigh leis na himeachtaí sin, áfach. Ina theannta sin, thionscain an Coimisiún dhá imscrúdú in imthosca nach bhfuarthas aon ghearán iontu. Ba iad sin na chéad chásanna riamh inar tosaíodh imscrúduithe "féintionscnaimh" ó achtú an Achta um Eitic in Oifigí Poiblí sa bhliain 1995. Bhain ceann amháin de na himscrúduithe le hiarchomhalta de bhord na Gníomhaireachta um Thacaíocht Teaghlaigh a bhí ann roimhe seo. Cuireadh an t-imscrúdú sin i gcrích i mí Aibreáin 2017 nuair a foilsíodh tuarascáil imscrúdaithe ar an ní. Baineann an t-imscrúdú eile le hiar-Phríomhfheidhmeannach ar Chomhairle Chontae an Longfoirt. Tá an t-imscrúdú sin fós ar siúl agus é seo á scríobh. Áirítear sa tuarascáil bhliantúil seo tuairiscí agus an scéala is déanaí ar imscrúduithe atá déanta ag an gCoimisiún agus ar ghearáin atá faighte aige. Tá tuilleadh sonraí ina leith sin leagtha amach níos déanaí i gCaibidil 2 den tuarascáil seo.

Thug an Coimisiún faoi obair mhionsonraithe sa bhliain 2016 chun ullmhú do thosach feidhme fhorálacha forfheidhmithe an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, an 1 Eanáir 2017. Leis na forálacha sin, tugtar d'údarás don Choimisiún sáruithe ar an Acht a imscrúdú agus ionchúiseamh ina leith agus Fógraí Íocaíochta Seasta a ghearradh as tuairisceáin bhrústocaireachta a chomhdú go déanach. Chomh maith leis sin, chuir an Coimisiún aighneacht fhairsing faoi bhráid an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar chuid d'athbhreithniú an Aire ar oibriú na
reachtaíochta. De réir an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, d'fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar chomhlíonadh a chuid feidhmeanna faoin Acht sin. Tá sonraí faoin athbhreithniú ar an reachtaíocht agus faoin aighneacht ón gCoimisiún le fáil sa tuarascáil sin.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhaltaí eile den Choimisiún as a gcuid oibre le linn na bliana. Déanaim comhghairdeas le Martin Groves faoina gceapadh mar Chléireach ar Sheanad Éireann agus, dá réir sin, mar chomhalta de bhrí oifige den Choimisiún. Bhí Martin ag obair leis an gCoimisiún ina cháil mar Leas-Chléireach ar Sheanad Éireann fad a bhí an post mar Chléireach ar Sheanad Éireann folamh tar éis do Deirdre Lane dul ar scor. D'oibrigh Deirdre leis an gCoimisiún óna bhunú sa bhliain 2001. D'oibrigh sí leis an gCoimisiún um Oifigí Poiblí, a tháinig roimh an gCoimisiún, ón mbliain 1995 freisin. Rinne sí seirbhís bhreá leis an dá Choimisiún agus, thar ceann na gcomhaltaí den Choimisiún, guím gach rath uirthi le linn a tréimhse scoir.

Ar ghearán amháin a fháil go luath sa bhliain, bhí oibleagáid ar bheirt Choimisinéirí, de réir alt 21 den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, iad féin a scaoileadh ón ní a bhreithniú. Rinne an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe beirt Choimisinéirí sealadacha a cheapadh in áit na
gCoimisinéirí sin, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Uas. Finola Flanagan agus le Uas. Brigid McManus as a gcuid oibre ina leith sin. Cinneadh nach raibh aon bhunús ann leis an ngearán. Dá bhrí sin, níor mhair obair na gceapaithe sealadacha leis an gCoimisiún ach tréimhse ghearr.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Sherry Perreault, an Ceann um Eitic agus Brústocaireacht a Rialáil, agus le Paddy Walsh, Rúnaí an Choimisiúin roimhe sin (a chuaigh ar scor i mí Mheán Fómhair 2016), as a dtiomantas agus a ndúthracht agus le baill foirne ríchumasacha Rúnaíocht an Choimisiúin as an tiomantas a léirigh siad agus as an gcrua-obair a rinne siad arís eile le linn na bliana. Thar ceann na gcomhaltaí den Choimisiún, guím gach rath ar Paddy le linn a thréimhse scoir. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis na baill foirne tacaíochta i mór-Oifig an Ombudsman as an obair a rinne siad thar an mbliain seo a chuaigh thart.

Sa bhliain 2016, bhí róil mhaoirseachta ag an gCoimisiún faoi cheithre phíosa reachtaíochta ar leith, ba iad sin:

  • an tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, arna leasú leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001 (na hAchtanna um Eitic);
  • an tAcht Toghcháin, 1997, arna leasú (na hAchtanna Toghcháin);
  • an tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 (an tAcht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte);
  • an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Áirítear leis na feidhmeanna atá ag an gCoimisiún maoirseacht a dhéanamh ar nochtadh leasanna, ar an dóigh a bhfuiltear ag comhlíonadh ceanglais imréitigh chánach, ar nochtadh síntiús agus caiteachais toghcháin, ar an dóigh a gcaitheann páirtithe polaitíochta an maoiniú a fhaigheann siad ón Stát agus Clár Brústocaireachta ar líne a chothabháil.

Eisíonn an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar leith ina bpléitear lena chuid gníomhaíochtaí le linn dó an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, a riar.

Cuireann Oifig an Ombudsman foireann rúnaíochta ar fáil don Choimisiún.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi fheidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin a fháil anseo

Is é an Coimisiún a riarann an tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, agus an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001. Tugtar na hAchtanna um Eitic orthu sin le chéile. Ón taobh oibríochtúil de, tá freagracht ar an gCoimisiún as maoirseacht a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil seirbhísigh phoiblí áirithe ag comhlíonadh a n-oibleagáidí nochta, as maoirseacht a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil comhaltaí den Oireachtas agus seirbhísigh phoiblí áirithe ag comhlíonadh a n-oibleagáidí imréitigh cánach, agus as imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar na hAchtanna um Eitic. Imríonn an Coimisiún ról maidir le Cuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, a riar freisin. I dteannta na bhfreagrachtaí maoirseachta atá air i leith na reachtaíochta, tugann an Coimisiún faoi ghníomhaíochtaí éagsúla for-rochtana atá dírithe ar gheallsealbhóirí in Éirinn agus orthu sin i ndlínsí eile. Tugtar forbhreathnú sa chaibidil seo ar na príomhfhorbairtí a bhí ann sna réimsí tosaíochta a thagann faoi shainchúram an Choimisiúin.

Forálacha Imréitigh Cánach - Comhaltaí Tofa

Leagadh le hAcht 2001 oibleagáid ar chomhaltaí a toghadh chuig Dáil Éireann agus chuig Seanad Éireann le linn na bliana 2016 fianaise ar chomhlíonadh cánach a sholáthar don Choimisiún laistigh de naoi mí ón dáta a toghadh iad nó a fógraíodh gur toghadh iad. I gcás go mainneoidh aon
chomhalta an reachtaíocht a chomhlíonadh trí gan an fhianaise riachtanach a tháirgeadh (dearbhú reachtúil agus deimhniú imréitigh cánach nó ráiteas iarratais), ní mór don Choimisiún a chinneadh ansin cé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé imscrúdú ar an ní agus cé acu a sholáthróidh nó nach soláthróidh sé aon tuarascáil ina dhiaidh sin chuig an gCoiste um Leasanna Comhaltaí.

Cé go bhfuil an ceanglas chun tuairisceáin a chur isteach comhlíonta go substainteach ag gach Teachta Dála, tharla sé nach ndearna 51 Theachta Dála amhlaidh laistigh de na spriocthréimhsí forordaithe. Bhí na cásanna sin mar seo a leanas:

  • Chuir 42 Theachta Dála a nDearbhú Reachtúil isteach lasmuigh den tréimhse riachtanach aon mhí amháin roimh an toghchán nó ina dhiaidh;
  • Thug naonúr Teachtaí Dála a nDearbhú Reachtúil lasmuigh den tréimhse riachtanach aon mhí amháin roimh an toghchán nó ina dhiaidh;
  • Eisíodh Deimhniú Imréitigh Cánach chuig seisear Teachtaí Dála tar éis na spriocthréimhse naoi mí; agus
  • Thug 17 dTeachta Dála a nDeimhniú Imréitigh Cánach tar éis na spriocthréimhse naoi mí.

Mar an gcéanna, tá an ceanglas chun tuairisceáin a chur isteach comhlíonta go substainteach ag gach Seanadóir anois. Ní dhearna 18 Seanadóir amhlaidh laistigh de na tréimhsí ama atá leagtha amach sa reachtaíocht, áfach. Bhí na cásanna sin mar seo a leanas:

  • Chuir 14 Sheanadóir a nDearbhú Reachtúil isteach lasmuigh den tréimhse riachtanach aon mhí amháin roimh an toghchán nó ina dhiaidh;
  • Thug ceathrar Seanadóirí a nDearbhú Reachtúil lasmuigh den tréimhse riachtanach aon mhí amháin roimh an toghchán nó ina dhiaidh;
  • Eisíodh Deimhniú Imréitigh Cánach chuig triúr Seanadóirí tar éis na spriocthréimhse naoi mí; agus
  • Thug naonúr Seanadóirí a nDeimhniú Imréitigh Cánach tar éis na spriocthréimhse naoi mí.

Ba de chineál teicniúil, agus ní de chineál substainteach, a bhí neamhchomhlíonadh na dTeachtaí Dála agus na Seanadóirí. Mar sin, chinn an Coimisiún go mbeadh sé díréireach an ní a imscrúdú agus tuairisc a thabhairt air agus, ina ionad sin, go soláthródh sé faisnéis chomhiomlán gan aon
daoine aonair a ainmniú.

Maidir leis na doiciméid uile a bhí amuigh, fuarthas iad ina dhiaidh sin ó gach Teachta Dála agus ó gach Seanadóir. Dá réir sin, tá ag an gCoimisiún na doiciméid uile a bhí ag teastáil ó gach Teachta Dála agus ó gach Seanadóir a toghadh le linn na bliana 2016. Ní raibh aon
mhainneachtain ann an reachtaíocht a chomhlíonadh go substainteach.

Forálacha Imréitigh Cánach - Ceapaithe chuig 'Oifig Shinsearach'

Faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, ceanglaítear ar cheapaithe chuig poist shinsearacha fostaíochta nó chuig stiúrthóireachtaí i gcomhlachtaí poiblí dearbhú reachtúil agus deimhniú imréitigh cánach (nó fianaise go ndearnadh iarratas ar dheimhniú) a chur ar fáil don Choimisiún laistigh de naoi mí. Tá feidhm ag an gceanglas sin i gcásanna ina bhfaigheann an fostaí nó an stiúrthóir luach saothair ag ráta atá cothrom le €157,433, nó níos mó ná sin, sa bhliain. Foráiltear leis an reachtaíocht do chásanna neamhchomhlíonta a imscrúdú agus do
thuairisc a thabhairt orthu.

Sa tuarascáil bhliantúil don bhliain seo caite, luaigh an Coimisiún gur tháinig sé ar dheacrachtaí áirithe le blianta beaga anuas agus maoirseacht á déanamh aige ar na forálacha sin. Ina ainneoin go n-iarrtar ar gach comhlacht poiblí sonraí a thabhairt don Choimisiún faoi aon cheapachán a dhéantar ionas go bhféadfaidh an Coimisiún aon sáruithe a d'fhéadfadh teacht chun cinn a fhiosrú, is léir nach mbíonn an méid sin á dhéanamh i ngach cás, rud a chruthaíonn deacrachtaí maidir le daoine aonair atá faoi réir fhorálacha an Achta a shainaithint.

Ní fhoráiltear leis an reachtaíocht d'aon dualgas sainráite a chur ar chomhlachtaí poiblí na sonraí sin a thabhairt don Choimisiún. Ina theannta sin, baineadh leas as an reachtaíocht um chosaint sonraí cheana féin mar chúis le gan faisnéis a sholáthar faoi cheapacháin.

Is mífheidhmiúil atá an staid reatha, mar sin. Ní bheidh an Coimisiún ar an eolas faoi cé atá ag comhlíonadh na n-oibleagáidí agus faoi cé nach bhfuil ag comhlíonadh na n-oibleagáidí mura bhfuil faisnéis chruinn aige faoi na daoine atá á gceapadh. Is ionann mainneachtain an fhaisnéis
riachtanach a chur ar fáil don Choimisiún agus mainneachtain rúin an Oireachtais agus é ag achtú na bhforálacha sin a chomhlíonadh.

Toisc nach bhfuil ag an gCoimisiún faoi láthair aon fhaisnéis chruinn faoi chomhlíonadh nó faoi neamhchomhlíonadh, tá tús curtha aige, chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna faisnéise sin, le suirbhé a dhéanamh ar gach comhlacht poiblí ionas gur féidir leis faisnéis a bhailiú faoin líon
daoine a bhfuil oifig shinsearach acu i ngach comhlacht.

Ina theannta sin, tá sé socraithe ag an gCoimisiún go nglacfaidh sé cur chuige níos láidre i leith neamhchomhlíonadh as seo amach. Imscrúdóidh sé aon chásanna ina mainneoidh ceapaithe chuig oifig shinsearach na hoibleagáidí atá orthu dearbhú reachtúil agus deimhniú imréitigh cánach nó ráiteas iarratais a thabhairt laistigh de thréimhse naoi mí ón dáta a ceapadh iad a chomhlíonadh. Tabharfaidh sé tuairisc ar na cásanna sin freisin. Cuirfear aon tuarascáil ar an ní chuig an gcomhlacht poiblí lena mbaineann agus leagfar í faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas. Féadfaidh comhlacht poiblí gníomh a dhéanamh in aghaidh an duine lena mbaineann, lena n-áirítear an duine a chur ar fionraí gan luach saothair a íoc leis/léi, go dtí go gcomhlíonfaidh an duine na hoibleagáidí atá air/uirthi.

Gearáin

Fuair an Coimisiún 26 ghearán faoi na hAchtanna um Eitic sa bhliain 2016. Dhún an Coimisiún 22 ghearán agus thosaigh sé sé réamhfhiosrúchán le linn na bliana.

An tImscrúdú ar an Uas. Tim Caffrey, Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle Chontae an Longfoirt

Sa tuarascáil bhliantúil uaidh don bhliain 2015, thug an Coimisiún tuairisc ar imscrúdú a rinne sé ar ghearán maidir leis an Uas. Tim Caffrey, Príomhfheidhmeannach ar Chomhairle Contae an Longfoirt (ag an am). Luaigh sé freisin gurbh amhlaidh, le linn dó an gearán a bhreithniú, gur tháinig an Coimisiún ar an eolas faoi sháruithe féideartha eile a rinne an tUas. Caffrey agus a tháinig as na cúinsí céanna, cé nach raibh siad ina gcuid den ghearán a rinneadh. Chinn an Coimisiún gur cheart dó an ní seo a imscrúdú ar a thionscnamh féin. Agus é seo á scríobh, ní rabhthas in ann éisteacht imscrúdaithe a thionól ar an ní seo go fóill ar chúiseanna nach bhfuil aon smacht ag an gCoimisiún orthu. Sceidealfar éisteacht a luaithe is féidir.

An tImscrúdú ar an Seanadóir Brian Ó Domhnaill

I dtuarascálacha bliantúla roimhe seo, thug an Coimisiún tuairisc ar ghearán a fuarthas i mí na Bealtaine 2012 ó Bhainisteoir Contae agus ón Méara ar Chomhairle Contae Dhún na nGall ag an am. Bhain an gearán le roinnt éileamh taistil agus cothaithe a rinne an Seanadóir Brian Ó Domhnaill sa ról a bhí aige roimhe sin mar chomhalta den Chomhairle agus d'Údarás na Gaeltachta. Rinne siad gearán freisin nár fhreastail sé go hiomlán ar
chomhdhálacha ar leagadh cúram air freastal orthu agus ar aisíocadh speansais leis ina leith. Sa ghearán a rinne siad, líomhain an Bainisteoir agus an Méara go bhféadfadh go ndearna sé gníomhartha sonraithe de réir bhrí na nAchtanna um Eitic ina leith sin.

Mar a tuairiscíodh roimhe seo, rinne an Seanadóir Ó Domhnaill iarratas ina dhiaidh sin ar athbhreithniú breithiúnach ar shocruithe an Choimisiúin don éisteacht ar an bhforas go raibh sé i dteideal éisteacht a fháil ó Choimisinéirí a bhí in ann a chuid fianaise, a raibh ar intinn aige í a chur i láthair i nGaeilge, a thuiscint gan cúnamh aistriúcháin. Rinne sé agóid in aghaidh scrúdú an ghearáin freisin sa mhéid nár nochtadh aitheantas na ngearánach de réir alt 8 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Cé gur gan ainm a bhí na gearáin tosaigh a rinneadh chuig Comhairle Contae Dhún na nGall, fuair an Ard-Chúirt amach nach gan ainm a bhí na gearáin os comhair an Choimisiúin agus nár ghníomhaigh an Coimisiún contrártha d'alt 8 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, ina
leith sin. Dhiúltaigh an Ard-Chúirt an argóint nach mór do gach comhalta den Choimisiún bheith dátheangach chun gur féidir leo breithniú a dhéanamh ar an ábhar.

Rinne an Seanadóir Ó Domhnaill achomharc in aghaidh na breithe ón Ard-Chúirt. I mí Iúil 2015, sheas an Chúirt Achomhairc leis an mbreith ón Ard-Chúirt agus dhíbh sí an t achomharc ón Seanadóir Ó Domhnaill. Ba é tuairim na cúirte go raibh an ceart ag breitheamh na trialach i ngach ceann dá chinntí. Dhámh an Chúirt Achomhairc a chostais iomlána in aghaidh an tSeanadóra Uí Dhomhnaill don Choimisiún ina dhiaidh sin. Agus é seo á scríobh, is faoin Máistir Fómhais atá sé ceist na gcostas a shocrú. Meastar go socrófar an cheist sin go luath.

Shuigh an Coimisiún go poiblí chun críche na héisteachta imscrúdaithe an 9 Bealtaine 2016. D'fhoilsigh sé a thuarascáil imscrúdaithe ar an ní an 15 Nollaig 2016. Chinn an Coimisiún gur sháraigh an Seanadóir Ó Domhnaill reachtaíocht um eitic tráth a rinne sé éilimh ar chostais taistil agus chothaithe ó dhá chomhlacht leithleacha i dtaca leis an aon dáta amháin nuair a bhí sé ina chomhairleoir.

Bhain an t-imscrúdú le naoi sárú líomhnaithe ar an reachtaíocht um eitic, ar sáruithe iad a d'eascair as trí thacar imthosca leithleacha. Rinne an Coimisiún cinneadh in aghaidh an tSeanadóra Uí Dhomhnaill i dtaca le gach ceann de na sáruithe líomhnaithe.

Chinn an Coimisiún gur sháraigh an Seanadóir Ó Domhnaill alt 168 agus alt 169(3) den Acht Rialtais Áitiúil, 2001, gur ghníomhaigh sé gan aird ar fhorálacha an Chóid Iompair do Chomhairleoirí agus go ndearna sé 'gníomh sonraithe' de réir bhrí an Achta um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, i dtaca le gach tacar imthosca. Chinn an Coimisiún gur d'aon turas a rinneadh gach sárú agus gur ní tromchúiseach sna cúinsí go léir é. Chinn an Coimisiún freisin nach bhfuil sé in ann a chinneadh gur ghníomhaigh an Seanadóir Ó Domhnaill de mheon macánta maidir
leis na sáruithe.

Tá an tuarascáil imscrúdaithe, mar aon le lánsonraí faoi thorthaí agus faoi chinntí an Choimisiúin, ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin www.sipo.ie/Tuarasc

An tImscrúdú ar an Uas. Richard Hickey

I dtús na bliana 2015, fuair an Coimisiún comhfhreagras ón nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla) maidir le míleithreasú líomhnaithe cistí. Bhain an líomhain le héilimh dhúblacha thaistil agus chothaithe a bheith déanta ag an nGníomhaireacht um Thacaíocht
Teaghlaigh (an Ghníomhaireacht) agus ag Ionad Acmhainní Teaghlaigh Naomh Bríd, Port Láirge, (an tIonad). Cuireadh Tusla in áit na Gníomhaireachta sa bhliain 2014. Tar éis dó an ní a bhreithniú, chinn an Coimisiún nár ghearán de réir bhrí na nAchtanna um Eitic a bhí sa ghearán
ó Tusla, mar a cuireadh i láthair é. Chinn an Coimisiún tuilleadh faisnéise a lorg ó Tusla ionas go bhféadfadh sé a chinneadh cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé cuí imscrúdú féintionscnaimh a thosú ar an ní.

Fuair an Coimisiún doiciméid ábhartha bhreise ansin, lenar áiríodh cóipeanna d'éilimh thaistil agus chothaithe a fuarthas ón Uas. Hickey agus é ag obair le Tusla (thar ceann na Gníomhaireachta) agus leis an Ionad idir na blianta 2008 agus 2013. Tar éis don Choimisiún iarraidh ar Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste déanamh amhlaidh, rinne an Oifig anailís ar na héilimh thaistil agus chothaithe lena mbaineann.

Bunaithe ar an anailís sin, agus tar éis dó an fhianaise a tugadh dó a scrúdú, chinn an Coimisiún an 11 Iúil 2016 gur chuí imscrúdú a dhéanamh faoi alt 23 den Acht um Eitic chun a chinneadh an ndearna an tUas. Hickey 'gníomh sonraithe' de réir bhrí na nAchtanna um Eitic.

Thionóil an Coimisiún éisteacht imscrúdaithe phoiblí ar an ní an 30 Eanáir 2017 agus d'eisigh sé tuarascáil ina leith an 20 Aibreán 2017. Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gur sháraigh an tUas. Hickey an reachtaíocht um eitic nuair a chuir sé, agus é ina chomhalta de bhord na Gníomhaireachta um Thacaíocht Teaghlaigh, éilimh dhúblacha le haghaidh speansais taistil agus chothaithe isteach chuig an nGníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh agus chuig Ionad Acmhainní Teaghlaigh Naomh Bríd i ndáil le freastal ar na himeachtaí céanna.

Líomhnaíodh go ndearna an tUas. Hickey 'gníomh sonraithe' de réir bhrí na nAchtanna um Eitic. Bhain an gníomh sonraithe le speansais a bheith á n-éileamh faoi dhó aige, rud nach bhfuil ag teacht le comhlíonadh cuí a fheidhmeanna mar chomhalta den Ghníomhaireacht um Thacaíocht
Teaghlaigh. Agus aird á dtabhairt aige ar chineál agus mhéid an éilimh dhúblaigh speansas, chinn an Coimisiún um Chaighdeáin gur d'aon turas a rinne an tUas. Hickey an 'gníomh sonraithe' agus gur ní tromchúiseach sna cúinsí go léir é.

Tá an tuarascáil imscrúdaithe, mar aon le lánsonraí faoi fhionnachtana agus faoi chinntí an Choimisiúin, ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin 

Raon feidhme na nAchtanna um Eitic

Foráiltear leis na hAchtanna um Eitic nach mór don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe daoine áirithe a fhorordú mar "stiúrthóirí ainmnithe" agus poist áirithe a fhorordú mar "phoist ainmnithe" chun iad a thabhairt faoi raon feidhme an Achta. I ngach ceann de na Tuarascálacha
Bliantúla uaidh ón mbliain 2004 i leith, tá tuairisc tugtha ag an gCoimisiún ar an méadú mór atá
tagtha ar an líon comhlachtaí seirbhíse poiblí ar ainmníodh daoine aonair agus poist ina leith.

Sa tuarascáil uaidh don bhliain 2014, thuairiscigh an Coimisiún gur i mí Eanáir 2015 a rinneadh na rialacháin is déanaí lena n-ainmnítear poist agus stiúrthóirí. Ba rialacháin iad lenar leasaíodh na rialacháin a rinneadh i mí Iúil 2013. Ní dhearnadh aon rialacháin nua ó shin i leith, áfach.

I dteannta na gcomhlachtaí ar tagraíodh dóibh sa tuarascáil bhliantúil don bhliain 2015, cuireadh roinnt comhlachtaí eile ar bun ó shin i leith nach bhfuil stiúrthóireachtaí ainmnithe ná poist ainmnithe forordaithe acu sna rialacháin. Tá an Coimisiún um Pá na Seirbhíse Poiblí agus an Coimisiún um Pá Íseal i measc na gcomhlachtaí sin. Cuireadh seacht gcinn de Ghrúpaí Ospidéal ar bun ar bhonn riaracháin neamhreachtúil laistigh d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte freisin. Is é an tAire Sláinte a cheapann na comhaltaí de bhord na nGrúpaí.

Tugann an Coimisiún faoi deara nach bhfuil sé ar intinn ag an Aire ag an am seo rialacháin nua a thabhairt ar aghaidh chun raon feidhme na nAchtanna um Eitic a nuashonrú toisc go gcuirfear creat nua in áit an chórais atá ann cheana leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí,
2015. Mar thoradh ar an gcreat sin, ní bheidh gá ann le rialacháin a dhéanamh chomh minice agus a tharlaíonn faoi láthair.

Glacann an Coimisiún leis an seasamh sin. Mar sin féin, tá sé fós den tuairim gur cheart daoine i ngach comhlacht poiblí a bhféadfadh coinbhleacht a bheith acu idir na feidhmeanna a chomhlíonann siad agus na leasanna atá acu agus ag daoine a bhfuil siad bainteach leo a chur faoi réir oibleagáidí na nAchtanna um Eitic chun a chinntiú go gcomhlíontar feidhmeanna poiblí chun leas an phobail amháin. Ar an gcúis sin, tá sé den tuairim gur cheart rialacháin lena nuashonraítear na liostaí de dhaoine den sórt sin a dhéanamh nuair is gá chun clúdach cuimsitheach a áirithiú.

An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015

Sa Tuarascáil Bhliantúil uaidh don bhliain 2015, thuairiscigh an Coimisiún an méid seo a leanas maidir leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015: foilsíodh an Bille i mí na Nollag 2015 agus forálfar leis do chreat comhdhlúite reachtach um eitic; ritheadh é sa Dara Céim i nDáil Éireann i mí Eanáir 2016; thit sé ar lár ar lánscor Dháil Éireann an 3 Feabhra 2016; agus cuireadh é ar ais ar Riar Oibre na Dála an 1 Meitheamh 2016.

Agus é seo á scríobh, tá an Bille á bhreithniú i gCéim an Choiste ag an Taoiseach agus ag an Roghchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú. Leanann an Coimisiún ar aghaidh le hidirchaidreamh a dhéanamh leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar fhorálacha an Bhille, de réir mar a iarrtar air déanamh amhlaidh.

Cóid Iompair

De bhun moladh a fháil ón bPainéal Neamhspleách um Chuntasacht agus Feidhmíocht na Státseirbhíse a Neartú - ar mholadh é a cuireadh ar áireamh i bPlean Athnuachana na Státseirbhíse ina dhiaidh sin - rinne an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cód iompair do chomhairleoirí speisialta a dhréachtú.

Tá an dréachtchód bunaithe ar Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse, rud lena gcumhdaítear comhairleoirí speisialta faoi láthair. Is é atá sa dréachtchód forálacha breise atá sainiúil do chomhairleoirí speisialta agus a bhaineann leo seo a leanas: ról, feidhmeanna agus cuntasacht comhairleoirí speisialta; an caidreamh atá acu le róil ábhartha eile sa Státseirbhís; an caidreamh atá acu leis na meáin; an caidreamh atá acu leis na páirtithe rialaithe le linn toghcháin; nithe brústocaireachta; coinneáil taifead; agus bainistíocht agus cinnteoireacht.

Toisc go bhfuil sé beartaithe comhairleoirí speisialta a bhaint de Chód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse, rinne an tAire cód athbhreithnithe a dhréachtú freisin. Is cód é sin lena nuashonraítear forálacha áirithe eile chun go n-áireofar leo, i measc nithe eile, tagairtí don
Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, agus don Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

I gcomhréir le halt 10 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, chuaigh an tAire i gcomhairle leis an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir leis an dréachtchód do chomhairleoirí speisialta agus maidir leis an dréachtchód athbhreithnithe do státseirbhísigh.

Chuir an Coimisiún tuairimí in iúl don Aire maidir leis an dá dhréacht. Tá na dréachtchóid á mbreithniú go fóill. Má ghlacann an tAire iad, foilseoidh an Coimisiún na cóid ar a shuíomh Gréasáin.

Is é an Coimisiún a riarann an tAcht Toghcháin, 1997, arna leasú. Ón taobh oibríochtúil de, déanann an Coimisiún maoirseacht ar an dóigh a bhfuil iarrthóirí toghcháin, comhaltaí den Oireachtas, páirtithe polaitíochta agus aonaid chuntasaíochta, síntiúsóirí corparáideacha agus tríú páirtithe ag comhlíonadh a n-oibleagáidí faoin Acht. Tugann an Coimisiún faoi ghníomhaíocht cumarsáide agus for-rochtana do gheallsealbhóirí freisin ar mhaithe le feasacht a mhéadú faoin Acht agus faoi na hoibleagáidí a ghabhann leis. Tugtar sa chaibidil seo faisnéis faoi ghníomhaíochtaí an Choimisiúin agus staitisticí comhlíonta faoin Acht.

Cuntais Pháirtí Polaitíochta

Leis an Acht Toghcháin, 1997, arna leasú leis an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta) 2012, ceanglaítear ar gach páirtí polaitíochta cláraithe ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún faoin 30 Meitheamh tar éis dheireadh na bliana féilire lena mbaineann na cuntais.
Tháinig an ceanglas sin i bhfeidhm sa bhliain 2016. Is é seo an chéad uair riamh atá ceangal ar pháirtithe polaitíochta ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún.

Roimh an spriocdháta, chuir an Coimisiún treoirlínte ar fáil do na páirtithe chun cabhrú leo a ndoiciméid a ullmhú.

I mí na Nollag 2016, d'fhoilsigh an Coimisiún an chéad tuarascáil bhliantúil maidir leis na ráitis chuntas a chuir páirtithe polaitíochta atá cláraithe in Éirinn ar fáil dó sa bhliain 2016. Tugtar forbhreathnú sa tuarascáil ar na hoibleagáidí a leagtar síos leis an Acht agus cuirtear faisnéis ar fáil inti faoi stádas comhlíonta gach páirtí atá faoi réir an Achta.

Bunaithe ar an taithí a gnóthaíodh ar na hoibleagáidí nua sin ar pháirtithe polaitíochta a riar, shainaithin an Coimisiún roinnt moltaí lena ndéanfaí próisis tuairiscithe a chuíchóiriú agus lena laghdófaí an t-ualach riaracháin atá ar pháirtithe beaga agus iad ag cloí le ceanglais reatha an Achta dá gcuirfí na moltaí sin chun feidhme. Molann an Coimisiún go háirithe go ndéanfaí athbhreithniú ar an reachtaíocht d'fhonn díolúine a dheonú do pháirtithe beaga ón gceanglas ráitis chuntas iniúchta a thabhairt don Choimisiún, go háirithe i gcás na bpáirtithe sin nach bhfaigheann maoiniú ar bith ón Státchiste faoin reachtaíocht um liúntais toghcháin nó liúntais ghníomhaíochtaí páirtí. Aontaíonn an Coimisiún gur cheart ceanglas a bheith ann fós ráitis a thabhairt. Measann sé, áfach, nach bhfuil sé riachtanach sna cúinsí sin go ndéantar na ráitis a iniúchadh.

De réir cheanglais an Achta, tugadh cóip den tuarascáil maidir leis na ráitis chuntas do Cheann Comhairle Dháil Éireann agus don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus foilsíodh ar líne í an 9 Eanáir 2017.

Tá an Tuarascáil ón gCoimisiún maidir le Ráitis Chuntas na bPáirtithe Polaitíochta 2015 ar fáil ag www.sipo.ie

Tá an Coimisiún den tuairim, bunaithe ar an taithí phraiticiúil a gnóthaíodh le linn an chéad timthrialla comhlíonta, gur cheart na treoirlínte reatha a nuashonrú. Dá réir sin, thug an Coimisiún faoi phróiseas comhairleach chun na treoirlínte a nuashonrú. Cuirfear na treoirlínte nuashonraithe faoi bhráid an an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil i dtráth cuí lena gceadú.

Síntiúis Pholaitíochta

Síntiúis a nocht páirtithe polaitíochta

Má fhaigheann páirtí polaitíochta síntiúis ar mó a luach comhiomlán ná €1,500, ceanglaítear air na síntiúis sin a nochtadh don Choimisiún. Is é €2,500 an luach uasta síntiús a bhféadfaidh páirtí polaitíochta glacadh leis ón aon duine amháin san aon bhliain féilire amháin. Ní foláir síntiúis a
fuarthas ón aon síntiúsóir san aon bhliain féilire a chomhiomlánú chun cloí leis na teorainneacha uasta nochta agus glactha.

Sa bhliain 2016, bhí oibleagáid ar 20 páirtí polaitíochta a bhí cláraithe le dul san iomaíocht i dtoghcháin Dála nó Eorpacha Ráiteas Síntiús a thabhairt don Choimisiún. Ceanglaíodh ar gach páirtí polaitíochta Ráiteas Síntiús a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Márta 2017.

Ba é €163,640 luach iomlán na síntiús a nocht páirtithe le linn na bliana 2016.

Tá sonraí faoi na síntiúis a nocht páirtithe polaitíochta maidir leis an mbliain 2016 foilsithe i dtuarascáil atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin www.sipo.ie

Nochtadh Síntiús ag TDanna, ag Seanadóirí agus ag FPEnna maidir leis an mbliain 2016

Aon duine a bhí ina T(h)eachta Dála (TD), ina S(h)eanadóir nó ina F(h)eisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) le linn na bliana féilire roimhe, ceanglaítear leis an Acht air/uirthi ráiteas síntiús/deimhniú síntiús airgid agus dearbhú reachtúil a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin
31 Eanáir den bhliain dár gcionn. Ní foláir aon síntiúis ar mó a luach ná €600 a nochtadh. Ní foláir síntiúis ón aon duine amháin san aon bhliain amháin a chomhiomlánú chun cloí leis an tairseach nochta agus leis an teorainn uasta glactha (€1,000).

Sa bhliain 2016, ceanglaíodh ar 158 dTeachta Dála, ar 60 Seanadóir agus ar 11 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha a chur isteach. Ina theannta sin, ceanglaíodh ar 19 n-iarTheachta Dála agus ar 11 iar-Sheanadóir tuairisceáin a chur isteach don tréimhse idir an 1 Eanáir 2016 agus an 3 Feabhra 2016, arbh é an dáta a lánscoireadh an 31ú Dáil é..

Ó thosach feidhme an Achta Toghcháin (Maoiniú Polaitíochta), 2012, ní fhéadfaidh comhalta den Oireachtas ná Feisire de Pharlaimint na hEorpa glacadh le síntiús ar mó a luach ná €200 ó chuideachta ach amháin i gcás go bhfuil an chuideachta sin, a meastar gur 'Síntiúsóir Corparáideach'
í chun críocha an Achta, cláraithe leis an gCoimisiún. Má fhaightear síntiús do-ghlactha, ní mór é a thabhairt ar ais don síntiúsóir agus fianaise air sin a sholáthar don Choimisiún.

Leanann an Coimisiún le teacht ar dheacrachtaí maidir leis an reachtaíocht um shíntiúis a chur chun feidhme mar gheall ar an lagthuiscint atá ag corparáidí agus ag faighteoirí araon ar fhorálacha an Achta ina leith sin. Mar sin, mhéadaigh an Coimisiún ar a ghníomhaíocht forrochtana do chomhaltaí tofa ar mhaithe le feasacht a mhéadú faoi oibleagáidí an Achta Toghcháin.

Foilsíodh an tuarascáil agus tá sí ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin www.sipo.ie

Ráitis Síntiús ó shíntiúsóirí aonair

Foráiltear le halt 24(1A)(a) den Acht Toghcháin, 1997, arna leasú, nach foláir do dhuine aonair Ráiteas Síntiús/Dearbhú Reachtúil a thabhairt don Choimisiúnin gcás go dtugann sé/sí, in aon bhliain ar leith, síntiúis ar mó a luach comhiomlán ná €1,500 do bheirt nó níos mó a bhí ina gcomhaltaí den aon pháirtí polaitíochta nuair a tugadh na síntiúis, nó do pháirtí polaitíochta, agus do dhuine amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí. Ní foláir sonraí a thabhairt sa Ráiteas Síntiús/Dearbhú Reachtúil faoi na síntiúis agus faoi na daoine ar tugadh iad dóibh agus ní foláir iad sin a thabhairt faoin 31 Eanáir den bhliain dár gcionn.

I gcás nach bhfuil sé ar intinn ag síntiúsóir cloí leis an gceanglas sin agus go bhfuil Comhalta nó iarrthóir i dtoghcháin ar an eolas faoi sin, beidh toirmeasc air/uirthi glacadh le síntiús ón duine sin. I gcás go bhfaightear síntiús den sórt sin, ní foláir fógra a thabhairt don Choimisiún faoin síntiús laistigh de 14 lá agus ní foláir an síntiús nó luach an tsíntiúis a chur ar ais chuig an gCoimisiún.

Fuarthas ocht ráiteas síntiús ó shíntiúsóirí aonair maidir leis an mbliain 2016. Ba é €37,274 luach iomlán na síntiús sin.

Rinneadh sonraí faoi na síntiúis a nocht síntiúsóirí aonair maidir leis an mbliain 2016 a fhoilsiú mar chuid den tuarascáil maidir le Síntiúis a tugadh do TDanna, do Sheanadóirí agus do FPEnna sa bhliain 2016. Tá an tuarascáil sin ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin www.sipo.ie

Aonaid Chuntasaíochta

Ceanglaítear le halt 23B(5) den Acht nach foláir d'aonaid chuntasaíochta, mar atá sainmhínithe san Acht, Deimhniú Síntiús Airgid agus Ráiteas Bainc a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Márta gach bliain. I ndáil le páirtí polaitíochta, cuimsíonn aonad cuntasaíochta craobh, lena n-áirítear
ceanncheathrú an pháirtí polaitíochta i gcás gur aonad cuntasaíochta ar leith atá ann, nó foeagraíocht eile de chuid an pháirtí a fhaigheann, in aon bhliain ar leith, síntiús ar mó a luach ná €100.00. Tá 161 aonad cuntasaíochta ann in Éirinn faoi láthair.

Faoin Acht, is cion é don duine freagrach de chuid aonad cuntasaíochta mainneachtain ceanglais tuairiscithe an Achta a chomhlíonadh.

Tugann an Coimisiún faoi deara gur mhainnigh 13% d'aonaid chuntasaíochta a dtuairisceáin a chur isteach faoin 31 Márta 2017, i gcomparáid leis an 22% díobh a mhainnigh déanamh amhlaidh sa tréimhse chéanna anuraidh.

Rinneadh tuarascáil maidir le ráitis síntiús ó pháirtithe polaitíochta don bhliain 2016, ina raibh sonraí faoi na tuairisceáin a chuir aonaid chuntasaíochta isteach. Tá an tuarascáil sin ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin www.sipo.ie

Síntiúis do Thríú Páirtithe

De réir alt 23B(1) den Acht, meastar gur tríú páirtí é aon eagraíocht a fhaigheann síntiús ar mó a luach ná €100 chun críocha polaitíochta. Tráth a fhaigheann sé síntiús den sórt sin ar mó a luach ná €100, ní foláir do thríú páirtí clárú leis an gCoimisiún agus beidh sé faoi réir na rialacha céanna maidir le glacadh le síntiúis is a bhíonn páirtithe polaitíochta faoina réir.

A luaithe atá sé cláraithe, ní foláir do thríú páirtí na nithe seo a leanas a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Márta gach bliain:

  • Deimhniú Síntiús Airgid/Dearbhú Reachtúil lena ndeimhnítear gur taisceadh gach síntiús sa chuntas sin agus gur úsáideadh íocaíochtaí ón gcuntas chun críocha polaitíochta, agus

  • Ráiteas Bainc ón institiúid airgeadais ina gcoinnítear an cuntas síntiús polaitíochta.

Chláraigh 35 cinn de Thríú Páirtithe leis an gCoimisiún sa bhliain 2016. Dá réir sin, bhí oibleagáid orthu tuairisceáin reachtúla a chur ar fáil tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2017. Maidir leis na 35 cinn de Thríú Páirtithe a raibh oibleagáid orthu tuairisceáin a chur ar fáil, chuir 17 gcinn
tuairisceáin isteach roimh an spriocdháta; chuir 11 cheann tuairisceáin dhéanacha isteach laistigh de cheanglais an Achta; agus níl tuairisceáin faighte ó trí cinn go fóill. Thug ceithre eagraíocht a chuir tuairisceáin isteach sa bhliain le fios gur mhian leo díchlárú don bhliain 2017. Ba dheimhin leis an gCoimisiún gur réasúnta a bhí na cúiseanna a thug siad le díchlárú. Táthar i
dteagmháil le hocht n-eagraíocht eile ar an ábhar sin go fóill.

Ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin tá faisnéis ann faoin líon eagraíochtaí a ndeachthas i dteagmháil leo agus atá cláraithe leis an gCoimisiún. Tá faisnéis ann freisin faoi eagraíochtaí a thug le fios nach measann siad gur gá dóibh clárú leis an gCoimisiún.

I dtuarascálacha bliantúla uaidh roimhe seo, thug an Coimisiún faoi deara go bhfuil deacrachtaí ag baint leis na forálacha reachtacha reatha i ndáil le clárú tríú páirtithe. Ionas go gceanglófar air clárú mar thríú páirtí, ní mór go bhfuair páirtí síntiús a thugtar chun críocha polaitíochta agus ar mó a luach ná an tairseach shonraithe. Is lena raibh ar intinn ag an síntiúsóir, agus ní leis an dóigh ar úsáid an faighteoir na cistí, a bhaineann an tástáil, mar sin. Tá an Coimisiún den tuairim nár cheart an sainmhíniú ar a bhfuil i gceist le "tríú páirtí" a chinneadh bunaithe ar cé acu a fuair duine aonair/grúpa síntiús nó nach bhfuair. Ina ionad sin, ba cheart díriú ar chaiteachas ag an duine aonair/ag an ngrúpa lena mbaineann. Tá moladh ina leith sin ar áireamh in Aguisín 1.

An Clár de Shíntiúsóirí Corparáideacha

Cuirtear le halt 23AA(1) den Acht toirmeasc ar aon iarrthóirí nó ar aon oifigeach tofa glacadh le síntiús ar mó a luach ná €200 ó shíntiúsóir corparáideach ach amháin i gcás go bhfuil an síntiúsóir cláraithe leis an gCoimisiún ar an gClár de Shíntiúsóirí Corparáideacha. Áirítear iad
seo a leanas leis an sainmhíniú ar shíntiúsóir corparáideach: comhlacht corpraithe, comhlacht neamhchorpraithe daoine, nó iontaobhas, a thugann síntiús. Meastar gur duine amháin comhlacht corpraithe agus aon fhochomhlacht dá chuid.

Tugtar ráiteas i dteannta an tsíntiúis don fhaighteoir, ar ráiteas é á dhaingniú gur cheadaigh comhaltaí, scairshealbhóirí nó iontaobhaithe an tsíntiúsóra chorparáidigh an síntiús a thabhairt. Ní foláir dearbhú reachtúil a bheith ag gabháil leis an ráiteas, dearbhú reachtúil ina ndeirtear
go bhfuil an ráiteas ceart i ngach ponc ábhartha, de réir mar is fearr is eol don duine lena mbaineann agus mar a chreideann sé, agus go bhfuil gach gníomh réasúnach déanta ag an duine chun bheith deimhin de go bhfuil an ráiteas cruinn.

Bhí an líon síntiúsóirí corparáideacha atá cláraithe leis an gCoimisiún gan athrú sa bhliain 2016, agus é cothrom le 13 shíntiúsóir go fóill. Is féidir stádas reatha na n-eagraíochtaí atá cláraithe mar shíntiúsóirí corparáideacha a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin

Olltoghchán na Dála 2016

Lánscoireadh an 31ú Dáil an 3 Feabhra 2016 agus bhí an vótáil don olltoghchán don 32ú Dáil ar siúl an 26 Feabhra 2016. Chuaigh 551 iarrthóir san iomaíocht sa toghchán.

De réir fhorálacha Chuid IV den Acht Toghcháin, 1997, arna leasú (an tAcht), ceanglaíodh ar iarrthóirí nár éirigh leo in olltoghchán na Dála Ráiteas Síntiús, Deimhniú Síntiús Airgid, Dearbhú Reachtúil agus/nó Ráiteas Bainc a thabhairt don Choimisiún faoi cheann 56 lá i ndiaidh lá na vótála (i.e. faoin 22 Aibreán 2016). Ceanglaíodh go nochtfaí sonraí faoi gach síntiús ar mhó a luach ná €600.00 a fuair iarrthóirí nár éirigh leo i ndáil leis an toghchán. Ceanglaítear ar iarrthóirí ar éirigh leo sa toghchán, mar chomhaltaí de Dháil Éireann, na doiciméid riachtanacha a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain. Maidir leis na doiciméid a thabharfaidh comhaltaí de Dháil Éireann don Choimisiún i dtaca leis an mbliain 2016, ní mór sonraí a thabhairt iontu faoi aon síntiúis a fuair na comhaltaí le linn na bliana 2016 i ndáil le holltoghchán na Dála. Ní mór na doiciméid sin a thabhairt don Choimisiún faoin 31 Eanáir 2017.

Foráiltear le Cuid V den Acht go gceanglófar ar ghníomhaire toghcháin gach iarrthóra in olltoghchán Dála, is cuma cé acu a d'éirigh nó nár éirigh leis an iarrthóir lena mbaineann sa toghchán sin, ráiteas speansas toghcháin a thabhairt don Choimisiún faoi cheann 56 lá i ndiaidh lá na vótála
(i.e. faoin 22 Aibreán 2016). Sa ráiteas speansas toghcháin, ní mór sonraí a thabhairt faoi gach speansas a thabhaigh an gníomhaire toghcháin thar ceann an iarrthóra sa toghchán agus faoi gach íocaíocht a rinne an gníomhaire toghcháin thar ceann an iarrthóra sa toghchán. Chomh maith leis
sin, ceanglaítear ar ghníomhaire náisiúnta gach páirtí polaitíochta a bhfuil a n-iarrthóirí ag dul san iomaíocht sa toghchán agus ar "dhaoine eile" a thabhaigh speansais toghcháin ráiteas speansas toghcháin a thabhairt freisin.

Chomh maith leis sin, ní mór deimhniú síntiús airgid a thabhairt don Choimisiún faoi cheann 56 lá i ndiaidh lá na vótála (i.e. faoin 22 Aibreán 2016), á dheimhniú gur taisceadh i gcuntas síntiús polaitíochta an iarrthóra gach síntiús airgid a fuarthas agus gur chun críocha polaitíochta a úsáideadh gach suim a baineadh as an gcuntas. Ní mór an Deimhniú Síntiús Airgid agus an Ráiteas Síntiús a bheith sínithe ag an
iarrthóir agus ní mór Dearbhú Reachtúil agus/nó ráiteas ó institiúid airgeadais a chur ar fáil in éineacht leo.

Síntiúis a Nochtadh

De réir alt 4(1) den Acht Toghcháin, 1997, arna leasú (an tAcht), rinne an breithniú ar na ráitis síntiús a fuair sé ó gach iarrthóir nár éirigh leo in olltoghchán na Dála. Rinneadh teagmháil le roinnt iarrthóirí i ndáil le síntiúis bharrachais fhéideartha agus, sa chás gur ghá déanamh amhlaidh tar éis tuilleadh plé a dhéanamh ar an ábhar, rinneadh aisíocaíochtaí leis na síntiúsóirí lena mbaineann agus eisíodh deimhniú don Choimisiún i leith na n-aisíocaíochtaí sin.

B'ionann agus €112,321 na síntiúis a dhearbhaigh na hiarrthóirí nár éirigh leo in olltoghchán na Dála.

Déantar achoimre sa tábla seo a leanas ar na síntiúis a dhearbhaigh na hiarrthóirí:

Fíor 1: Síntiúis a nochtadh

Síntiúis a nocht iarrthóirí nár éirigh leo san olltoghchán
Páirtí Polaitíochta Luach na síntiús airgid Luach na síntiús neamhairgid Luach iomlán na síntiús uile
An Comhaontas Frith-Dhéine agus Pobal roimh Bhrabús €0 €16,541 €16,541
Na daonlathaithe Caitliceacha €0 €0 €0
Páirtí Cumannach na hÉireann €0 €0 €0
Daonlathas Duitse in Éirinn €0 €174 €174
Fianna Fáil  €0 €29,411 €29,411
Fine Gael  €1,000 €2,334 €3,334
Fís Nua  €0 €0 €0
Neamhspleáigh ar son an Athraithe €0 €0 €0
An Páirtí Daonlathach Éireannach €0 €0 €0
Neamhspleáigh ar son an Athraithe €900 €19,976 €20,876
Renua Éireann €0 €2,820 €2,820
Sinn Féin €0 €1,000 €1,000
Na Daonlathaithe Sóisialta €0 €12,401 €12,401
An Comhaontas Glas €0 €7,245 €7,245
Páirtí an Lucht Oibre €1,500 €17,019 €18,519
Páirtí na nOibrithe €0 €0 €0
IOMLÁN €3,400 €108,921 €112,321

Neamhchomhlíonadh

Is cion é faoi alt 25(1)(c) den Acht mainneachtain ráiteas síntiús/foirm dearbhaithe reachtúil atá comhlánaithe a thabhairt. Chuir 121 dhuine de na 393 iarrthóir nár éirigh leo sa toghchán a ráiteas síntiús/a ndearbhú reachtúil isteach i ndiaidh an spriocdháta reachtúil an 22 Aibreán 2016.

Is cion é faoi alt 25(1)(c) den Acht mainneachtain Deimhniú Síntiús Airgid/foirm Dearbhaithe Reachtúil agus/nó an Ráiteas Bainc gaolmhar atá comhlánaithe a thabhairt. Chuir 123 dhuine de na 393 iarrthóir nár éirigh leo sa toghchán a ndeimhniú síntiús airgid/a bhfoirm dearbhaithe reachtúil agus/nó an ráiteas bainc gaolmhar isteach i ndiaidh an spriocdháta reachtúil an 22 Aibreán 2016.

Is cion é faoi alt 43(2)(c) den Acht mainneachtain ráiteas speansas toghcháin/dearbhú reachtúil a thabhairt. Chuir 84 dhuine de na 551 dhuine d'iarrthóirí/de ghníomhairí toghcháin Ráiteas Speansas Toghcháin/Dearbhú Reachtúil isteach i ndiaidh an spriocdháta reachtúil an 22 Aibreán 2016.

Idir an 22 Aibreán 2016 agus deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2016, rinne an Coimisiún teagmháil leis na hiarrthóirí sin a raibh a ndoiciméid fós amuigh. Sna meabhrúcháin a eisíodh chuig na daoine sin, luadh gur cion é faoi ailt 25(1)(c) agus 43(2)(c) den Acht mainneachtain doiciméid a thabhairt nuair a iarrtar iad agus tugadh rabhadh go ndéanfadh an Coimisiún breithniú ar an ábhar a tharchur chuig an nGarda Síochána lena bhreithniú. Tharla sé gur éirigh leis na cumarsáidí sin feabhas a chur ar chomhlíonadh.

An 25 Samhain 2016, sheol an Coimisiún 66 chomhad chuig Ceanncheathrú an Gharda Síochána maidir leis na hiarrthóirí sin nach raibh na ceanglais comhlíonta acu go fóill. Áiríodh leis na daoine sin iarrthóirí/gníomhairí toghcháin a mhainnigh ráitis síntiús, deimhnithe síntiús airgid,
dearbhuithe reachtúla, ráitis ó institiúid airgeadais nó ráitis speansas toghcháin a chur isteach. Rinne formhór na n-iarrthóirí nár éirigh leo sa toghchán na doiciméid uile a bhí amuigh a sholáthar ina dhiaidh sin, agus aon sáruithe féideartha á réiteach go sásúil acu ag an am céanna.

Is ábhar imní don Choimisiún iad cásanna ina gcuireann iarrthóirí iad féin ar aghaidh lena dtoghadh chuig an Dáil agus ina mainníonn siad, nó ina ndiúltaíonn siad, na forálacha reachtacha a bhaineann le reáchtáil toghchán a chomhlíonadh ansin. Maidir leis sin, úsáideann baill foirne an Choimisiúin agus an Gharda Síochána méid suntasach acmhainní chun comhlíonadh na bhforálacha a áirithiú.

Is sleachta as an tuarascáil ón gCoimisiún maidir le hOlltoghchán na Dála atá i bhFíor 2 go Fíor 5. Soláthraítear iontu sonraí faoi chaiteachas ag an toghchán. Tá an tuarascáil iomlán ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin www.sipo.ie

Caiteachas

In olltoghchán na Dála sa bhliain 2016, cháiligh 321 iarrthóir san iomlán d'aisíocaíocht speansas toghcháin. Léirítear sa tábla thíos suim iomlán na n-aisíocaíochtaí a deimhníodh go dtí seo. Próiseálfar tuilleadh iarratas de réir mar a fhaightear iad.

Fíor 2: Luach na nAisíocaíochtaí

An líon iarrthóirí cáilithe An líon deimhnithe a eisíodh Luach iomlán na n-aisíocaíochtaí a eisíodh go dtí seo
321 316 €2,692,754

Fíor 3: Caiteachas dáilcheantair foriomlán

Caiteachas dáilcheantair foriomlán san olltoghchán sa bhliain 2016
Caiteachas Gníomhairí Toghcháin/Iarrthóirí i ndáilcheantair €5,609,859
Caiteachas Gníomhairí Náisiúnta/Páirtithe ar iarrthóirí €579,097
Caiteachas Gníomhairí Náisiúnta/Caiteachas Páirtithe Náisiúnta €2,205,380
Caiteachas iomlán €8,394,336

Fíor 4: Caiteachas foriomlán de réir páirtí

Páirtí Caiteachas Gníomhairí Toghcháin/ Iarrthóirí I ndáilcheantair Caiteachas Gníomhairí Náisiúnta/ Páirtithe ar iarrthóirí I ndáilcheantair Caiteachas Gníomhairí Náisiúnta/ Páirtithe ar bhonn náisiúnta
(“Caiteachas
Náisiúnta”)
Luach iomlán
an chaiteachais
uile
An Comhaontas
Frith-Dhéine
agus Pobal
roimh Bhrabús
€203,658 €58,111 €5,173 €266,942
Na Daonlathaithe
Caitliceacha
€985 €2,514 €0 €3,499
Páirtí Cumannach
na hÉireann 
€4,500 €0 €4,300 €8,800
Daonlathas
Duitse in Éirinn
€28,505 €0 €0 €28,505
Fianna Fáil  €1,132,421 €225,224 €330,271 €1,687,916
Fine Gael  €1,348,272 €207,007 €1,213,602 €2,768,881
Fís Nua  €0 €0 €0 €0
Neamhspleáigh
ar son an
Athraithe
€51,669 €0 €0 €51,669
An Páirtí
Daonlathach
Éireannach
€0 €0 €0 €0
Comhaontas
Neamhspleách
Chiarraí Theas
€0 €0 €0 €0
Renua Éireann €234,225 €27,158 €24,847 €286,230
Sinn Féin €573,365 €8,367 €68,458 €650,190
Na Daonlathaithe
Sóisialta
€144,004 €0 €46,583 €190,587
An Comhaontas
Glas
€140,527 €0 €6,266 €146,793
Páirtí an Lucht
Oibre
€527,124 €50,716 €505,879 €1,083,719
Páirtí na
nOibrithe
€19,003 €0 €0 €19,003
IOMLÁN €4,408,258 €579,097 €2,205,380 €7,192,735

Fíor 5: Caiteachas foriomlán ag neamhspleáigh

Neamhspleáigh €1,201,601 €0 €0 €1,201,601

Is féidir tuilleadh faisnéise faoin olltoghchán a fháil ar www.sipo.ie.

Toghchán an tSeanaid 2016

Lánscoireadh an 31ú Dáil an 3 Feabhra 2016. De réir alt 8 d'Airteagal 18 den Bhunreacht, ní foláir toghchán don Seanad a bheith ann lá nach déanaí ná 90 lá d'éis lánscor don Dáil. Eisíodh páipéir bhallóide do chomhaltaí rolla an 11 Aibreán 2016 agus dúnadh an vótaíocht an 25 Aibreán 2016.

Rinneadh páipéir bhallóide do na toghdais ollscoile a eisiúint agus a phostáil an 21 Márta 2016 agus dúnadh an vótaíocht an 26 Aibreán 2016.

Chuaigh 171 iarrthóir san iomaíocht sa toghchán (125 iarrthóir Rolla agus 46 iarrthóir Ollscoile). Toghann na rollaí gairme trí Sheanadóir is daichead agus toghann an dá rolla ollscoile seisear Seanadóirí (toghann Ollscoil na hÉireann triúr agus toghann Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide) triúr). Rinne an Taoiseach 11 sheanadóir a ainmniú chun na folúntais a bhí fágtha a líonadh.

Níl aon teorainneacha le caiteachas ann ag toghchán don Seanad. Ní íoctar aon speansais i leith toghchán don Seanad ach oiread.

De réir fhorálacha Chuid IV den Acht Toghcháin, 1997, arna leasú (an tAcht), ceanglaíodh ar iarrthóirí nár éirigh leo in toghchán an tSeanaid ráiteas síntiús, deimhniú síntiús airgid, dearbhú reachtúil agus/nó ráiteas bainc a thabhairt don Choimisiún faoi cheann 56 lá i ndiaidh lá na vótála
(i.e. faoin 20 Meitheamh 2016). Ceanglaíodh go nochtfaí sonraí faoi gach síntiús ar mhó a luach ná €600.00 a fuair iarrthóirí nár éirigh leo i ndáil leis an toghchán. Ceanglaítear ar iarrthóirí ar éirigh leo sa toghchán, mar chomhaltaí de Sheanad Éireann, na doiciméid riachtanacha a thabhairt
don Choimisiún faoin 31 Eanáir gach bliain. Maidir leis na doiciméid a thabharfaidh comhaltaí de Sheanad Éireann don Choimisiún i dtaca leis an mbliain 2016, ní mór sonraí a thabhairt iontu faoi aon síntiúis a fuair na comhaltaí le linn na bliana 2016 i ndáil le holltoghchán an tSeanaid. Ní mór
na doiciméid sin a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir 2017.

Chomh maith leis sin, ní mór deimhniú síntiús airgid a thabhairt don Choimisiún faoi cheann 56 lá i ndiaidh lá na vótála (i.e. faoin 20 Meitheamh 2016), á dheimhniú gur taisceadh i gcuntas síntiús polaitíochta an iarrthóra gach síntiús airgid a fuarthas agus gur chun críocha polaitíochta a úsáideadh gach suim a baineadh as an gcuntas. Ní mór an Deimhniú Síntiús Airgid agus an Ráiteas Síntiús a bheith sínithe ag an iarrthóir agus ní mór Dearbhú Reachtúil agus/nó ráiteas ó institiúid airgeadais a chur ar fáil in éineacht leo.

De réir alt 4(1) den Acht, rinne an Coimisiún breithniú ar na ráitis síntiús a fuair sé ó gach iarrthóir nár éirigh leo in olltoghchán an tSeanaid.

Nocht seachtar iarrthóirí síntiúis arbh ionann a luach iomlán agus €8,459. Thug na hiarrthóirí eile ráiteas síntiús nialasach.

Fíor 6: Síntiúis a nochtadh, de réir rolla

An Rolla Talmhaíochta €0
An Rolla Saíochta agus Oideachais €1,000
An Rolla Tionscail agus Tráchtála €1,996
An Rolla Oibreachais €0
Ollscoil na hÉireann €2,724
An Rolla Riaracháin Phoiblí €0
Ollscoil Bhaile Átha Cliath €2,739
Iomlán €8,459

I mí na Samhna 2016, sheol an Coimisiún comhaid chuig Ceanncheathrú an Gharda Síochána maidir le 24 iarrthóir a mhainnigh na doiciméid reachtúla riachtanacha a chur isteach. Rinne gach iarrthóir na doiciméid uile a bhí amuigh a sholáthar ina dhiaidh sin.

De réir alt 24(7)(a) den Acht, rinneadh cóip de gach ráiteas síntiús a fuair an Coimisiún ó iarrthóirí nár éirigh leo in toghchán an tSeanaid a leagan faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas go leictreonach.

De réir alt 73 den Acht, tá na ráitis síntiús a fuair an Coimisiún um Chaighdeáin á gcur ar fáil lena n-iniúchadh agus lena gcóipeáil ag an bpobal in oifigí an Choimisiúin.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi olltoghchán an tSeanaid a fháil ar www.sipo.ie.

Maoiniú Státchiste do pháirtithe polaitíochta


An tAcht Toghcháin, 1997, arna leasú

D'fhonn cáiliú le haghaidh maoiniúcháin faoi na hAchtanna Toghcháin, ní foláir go bhfuil páirtí polaitíochta ar áireamh i gClár na bPáirtithe Polaitíochta agus go bhfuair sé 2% ar a laghad de na vótaí chéad rogha san olltoghchán ba dhéanaí don Dáil. Íocadh maoiniú le hocht bpáirtí cháilithe (Fianna Fáil, Fine Gael, Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, an Comhaontas Frith-Dhéine agus Pobal roimh Bhrabús, Renua, na Daonlathaithe Sóisialta agus an Comhaontas Glas) ar bhonn na dtorthaí san olltoghchán an 26 Feabhra 2016.

Íoctar suim bhunúsach €126,974 sa bhliain le gach páirtí polaitíochta cáilithe. De bhreis air sin, tá gach páirtí polaitíochta cáilithe i dteideal sciar de shuim bhliantúil a fháil. Socraíodh an tsuim sin ag €3,809,214 ar dtús, ach méadaítear í de réir méaduithe ginearálta pá sa státseirbhís. Leis an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta), 2012, tugadh ceanglas nua isteach a d'fhág go laghdófaí an tsuim bhliantúil de réir laghduithe ginearálta pá sa státseirbhís freisin. Níor cuireadh aon mhéaduithe ná laghduithe i bhfeidhm maidir leis an gciste sa bhliain 2016. B'ionann an ciste agus €4,944,812 amhail an 31 Nollaig 2016. Cinntear an sciar den chiste atá iníoctha le páirtí polaitíochta cáilithe ach na vótaí chéad rogha a fuair an páirtí cáilithe a chur in iúl mar chéatadán d'iomlán na vótaí chéad rogha a fuair na páirtithe polaitíochta cáilithe go léir. Ní fhéadfar an maoiniú a úsáid chun críocha toghcháin ná reifrinn.

Tá an tuarascáil maidir leis na Ráitis ar Chaiteachas Maoiniú Státchiste ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin www.sipo.ie

An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 (Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte)

An t-íoc liúntais bhliantúil (ar ar tugadh an Liúntas Ceannairí Páirtí) le ceannaire amháin nó níos mó ná ceannaire amháin de pháirtithe parlaiminteacha (i dtaca le speansais a eascraíonn as gníomhaíochtaí parlaiminte an pháirtí, taighde san áireamh), rinneadh foráil dó agus rialáladh
é i roinnt Achtanna leantacha dar tosach an tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938. Ceanglaítear ar cheannairí páirtí ráiteas bliantúil ar chaiteachas ón liúntas sin a thabhairt don Choimisiún. D'éirigh liúntas den chineál céanna iníoctha le comhaltaí neamhspleácha den Dáil agus den Seanad faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2001. Leis an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, laghdaíodh leibhéal na n-íocaíochtaí a dhéantar agus foráladh den chéad uair riamh go gceanglófaí ar chomhaltaí neamhspleácha ráiteas bliantúil ar chaiteachas a thabhairt don Choimisiún. Tugtar an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte (LGP) ar an liúntas anois. Tháinig na forálacha ábhartha d'Acht 2014 i bhfeidhm an 1 Iúil 2014.

Is é an sainmhíniú a thugtar san Acht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte ar pháirtí a cháilíonn don liúntas ná páirtí polaitíochta, atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, a chuaigh san iomaíocht san olltoghchán is déanaí nó in aon fhothoghchán ina dhiaidh sin agus ar toghadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid chuig Dáil Éireann nó a ndearnadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid a thoghadh nó a ainmniú chuig Seanad Éireann. Cháiligh ceannairí parlaiminte ar naoi bpáirtí polaitíochta (an Comhaontas Frith-Dhéine agus Pobal roimh Bhrabús, Fianna Fáil, Fine Gael, an Comhaontas Glas, Neamhspleáigh ar son an Athraithe, Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, an Páirtí Sóisialach agus Páirtí an Lucht Oibre) don liúntas a fháil. Ag deireadh mhí Lúnasa, rinneadh an Comhaontas Frith-Dhéine agus Comhaontas an Phobail roimh Bhrabús a chónascadh ina bpáirtí polaitíochta cláraithe aonair. Fuair na páirtithe €7,214,858 san iomlán faoin Acht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte sa bhliain 2016.

Ní fhéadfar an maoiniú a úsáid chun críocha toghcháin ná reifrinn. Ní foláir Ráitis ar Chaiteachas an mhaoiniúcháin a fuarthas a thabhairt don Choimisiún.

Faigheann comhaltaí neamhpháirtí de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann maoiniú faoin reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte freisin. B'ionann agus €640,887 an tsuim iomlán a íocadh le linn na bliana 2016 le comhaltaí neamhpháirtí a toghadh chuig Dáil Éireann agus b'ionann agus €249,159 an tsuim iomlán a íocadh le linn na tréimhse sin le comhaltaí neamhpháirtí a toghadh nó a ainmníodh chuig Seanad Éireann.

Is ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin atá an tuarascáil maidir le Ráitis ar Chaiteachas an Liúntais Ghníomhaíochtaí Parlaiminte don bhliain 2016. Fuair an Coimisiún na ráitis ó na ceannairí parlaiminte ar na páirtithe polaitíochta a cháiligh don liúntas le linn na bliana 2016 agus ó na 21 Sheanadóir neamhspleácha agus ó na 23 Theachta Dála neamhspleácha a fuair íocaíochtaí sa bhliain 2016. www.sipo.ie

 

Téann an Coimisiún i dteagmháil rialta le geallsealbhóirí seachtracha i ndáil le gach réimse dá shainordú reachtach. Mar aon le freagra a thabhairt ar cheisteanna agus ar iarrataí ó gheallsealbhóirí éagsúla, pléann an Coimisiún go gníomhach le nithe sonracha de réir mar is gá freisin. Tugtar sa rannán seo a leanas faisnéis faoi na príomhghníomhaíochtaí cumarsáide a ndeachaigh an Coimisiún ina mbun i réimsí eitice agus toghcháin sa bhliain 2016.

For-rochtain d'oifigigh thofa

Mar chuid de straitéis athnuaite cumarsáide, thug Rúnaíocht an Choimisiúin láithreoireachtaí agus reáchtáil sí clinicí buail isteach i dTithe an Oireachtais i mí Eanáir agus i mí na Samhna 2016 do chomhaltaí a bhí ag iarraidh comhairle a fháil maidir lena n oibleagáidí faoin reachtaíocht um Eitic agus faoin reachtaíocht Toghcháin. Thug na himeachtaí sin deis mhaith dúinn oibleagáidí tuairiscithe a shoiléiriú roimh na spriocdhátaí le haghaidh tuairisceáin bhliantúla eitice agus toghcháin. Bhí fiúntas ar leith ag baint leis sin freisin mar gheall ar an ardlíon Teachtaí Dála agus Seanadóirí céaduaire a d'fhreastail ar an seisiún i mí na Samhna.

I gcás comhaltaí nár shealbhóirí oifige iad, tarchuireadh iad chuig an gCoiste iomchuí um Leasanna Tomhaltóirí má bhí aon cheisteanna eitice acu.

For-rochtain do chomhlachtaí eile rialtais

Mar aon le dul i gcomhairle, de réir mar is gá, leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, déanann an Coimisiún cumarsáid rialta leis an Roinn Comhshaoil freisin, atá freagrach as maoirseacht beartais a dhéanamh ar an reachtaíocht toghcháin.

D'fhreastail baill de Rúnaíocht an Choimisiúin ar chruinniú comhairliúcháin maidir leis an dréacht-Chód Eitice don Gharda Síochána i mí Mheán Fómhair 2016, rud ar reáchtáil an tÚdarás Póilíneachta é.

For-rochtain do dhaoine eile

Páirtithe polaitíochta agus tríú páirtithe

Bhuail baill foirne na hOifige le roinnt eagraíochtaí sa bhliain, páirtithe polaitíochta agus tríú páirtithe ina measc, chun oibleagáidí síntiúis agus tuairiscithe a mhíniú i gcomhthéacs an olltoghcháin. Ar mhaithe le tuilleadh soiléire a áirithiú agus le comhlíonadh a chothú, d'eisigh an Coimisiún treoirlínte nuashonraithe i ngach réimse freisin. Tá liosta foilseachán ón gCoimisiún, treoirlínte san áireamh, le fáil in Aguisín 2 a ghabhann leis an tuarascáil seo.

Toscaireachtaí ar cuairt

I mí Eanáir, d'óstáil an Oifig toscaireacht ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine. Tá an Oifig mar chuid den Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip. Ba é cuspóir na cuairte plé a dhéanamh ar shaincheisteanna toghcháin in Éirinn, lena n-áirítear an dóigh a
ndéantar bainistiú agus faireachán ar thoghcháin sa tír.

Thug an Oifig dhá láithreoireacht do thoscaireachtaí ar cuairt ón tSín freisin, agus é mar aidhm acu tuilleadh faisnéise a fháil faoi na córais frithéillithe agus chuntasaíochta atá i bhfeidhm againn in Éirinn. Thángamar le chéile le toscaireacht ó Shenzhen i mí Feabhra 2016 agus le toscaireacht ó chúige Jiangsu i mí Mheán Fómhair.

Eagraíochtaí idirnáisiúnta

Sa bhliain 2014, thug an Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO) de chuid Chomhairle na hEorpa faoi Mheastóireacht 4ú Babhta ar Éilliú a Chosc i dtaca le Teachtaí Parlaiminte, le Breithiúna agus le hIonchúisitheoirí in Éirinn (Tuarascáil Bhliantúil 2014). Rinne sé roinnt moltaí
maidir leis an gcreat eitice a fheabhsú freisin. Le linn na bliana 2016, chabhraigh an Coimisiún le haighneacht ó Éirinn a ullmhú maidir le dréacht-tuarascáil comhlíonta ar na moltaí a ghlac GRECO de bhun na meastóireachta. Níl an tuarascáil comhlíonta foilsithe go fóill agus é seo á scríobh.

Tá an Coimisiún ina bhall den Chomhairle um Dhlíthe Eitice Rialtais (COGEL) go fóill. Is eagraíocht neamhbhrabúis atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe é COGEL. Is é an príomhchuspóir atá aige fóram a thabhairt inar féidir le cleachtóirí eitice ó raon disciplíní difriúla (lena n-áirítear maoiniú feachtais, toghcháin, brústocaireacht, coinbhleacht leasa agus saoráil faisnéise) taithí agus deachleachtais a mhalartú le chéile.

Féachaint ar aghaidh

Mar chuid dá straitéis cumarsáide, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a shuíomh Gréasáin a nuashonrú sa bhliain atá le teacht chun ábhar an tsuímh a chuíchóiriú agus é a dhéanamh níos soláimhsithe. Idir an dá linn, leanann an Coimisiún ar aghaidh le hábhar fiúntach a phostáil ar leathanach baile an tsuímh Ghréasáin agus sna meáin shóisialta.

I dTuarascálacha Bliantúla roimhe seo, rinne an Coimisiún achoimre ar a chuid moltaí le haghaidh athruithe ar an reachtaíocht um eitic agus toghcháin. Tá achoimre déanta san Aguisín seo ar na mórmholtaí a rinneadh, mar aon leis an scéala is déanaí faoi aon dul chun cinn a rinneadh idir an dá linn. Tagraítear do mhionmholtaí, amhail leasuithe teicniúla, i dtuarascálacha bliantúla a eisíodh roimhe seo.

Moladh An Scéala is Déanaí
Eitic
Leasuithe nós imeachta a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic
Ba cheart don Choimisiún a Thuarascáil Bhliantúil a leagan faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas go díreach seachas í a chur faoi bhráid an Aire Airgeadais (an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe anois) a leagfaidh faoina mbráid ansin í (Réamhrá, Tuarascáil Bhliantúil 2010). Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015 (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún Oifigeach Fiosrúcháin a cheapadh chun réamhfhiosrúchán a dhéanamh ar ní nach bhfuil gearán déanta ina leith faoi na hAchtanna um Eitic (Caibidil 1, Fiosrúcháin Fhéintionscanta, Tuarascáil Bhliantúil 2004) Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015 (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015)
Ba cheart foráil a dhéanamh go gcuirfí córam nach mbeidh níos lú ná triúr comhaltaí ann (lena n-áirítear an Cathaoirleach i ngach cás) ar fáil chun imscrúdú a éisteacht faoi na hAchtanna um Eitic (Caibidil 4, Leasuithe a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um
Eitic, Tuarascáil Bhliantúil 2008).
Bhunófaí Coimisinéir um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí in áit an Choimisiúin leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015 (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Leasuithe eile a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic agus ar reachtaíocht ghaolmhar
Ba cheart acht cuimsitheach a bheith ann lena gcomhdhlúthófaí na hAchtanna um Eitic agus gach reachtaíocht eile lena bhforáiltear do leasanna a nochtadh agus d’fhorálacha gaolmhara d’oifigigh phoiblí (Caibidil 2, Creataí um Eitic arb Ionann a bhForálacha, Tuarascáil Bhliantúil 2009). Chomhlíonfaí an moladh seo, agus moltaí eile atá liostaithe san aguisín seo, leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015. (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Ba cheart leasú a dhéanamh ar na forálacha maidir le gearáin faoi ‘ghníomh sonraithe’ sa chaoi is go gceadófaí tagairt do ráiteas ardleibhéil maidir leis na prionsabail eitice atá le leanúint ag seirbhísigh phoiblí agus ag ionadaithe poiblí (Caibidil 2, Ráiteas Ardleibhéil maidir le Prionsabail Eitice, Tuarascáil Bhliantúil 2009). Ní chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015 (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Ba cheart leasú a dhéanamh ar an sainmhíniúar ‘dhuine bainteach’ (féach an sainmhíniú in Aguisín 3 sa chaoi is go bhforálfaí gur “duine atá bainteach” le cuideachta is ea duine (féach an sainmhíniú in Aguisín 3) atá ina stiúrthóir ar an gcuideachta sin agus gur “daoine atá bainteach” leis an duine sin freisin iad stiúrthóirí eile na cuideachta sin (Caibidil 2, Daoine Bainteacha, Tuarascáil Bhliantúil 2009). Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015 (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Ba cheart ceanglas a bheith ann go nochtfaí dliteanais mar ‘leasanna inchláraithe’ (Caibidil 2, Dliteanais a Nochtadh, Tuarascáil Bhliantúil 2009). Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015 (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015 Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Is i dTithe an Oireachtais ba cheart tairiscintí a thionscnamh chun Cathaoirligh ar Choistí Oireachtais a ainmniú mar shealbhóirí oifige chun críocha na nAchtanna um Eitic (Caibidil 1, Na hAchtanna um Eitic, Tuarascáil Bhliantúil 2005). Chinn an tAire Airgeadais gan na rúin a thairiscint (Caibidil 4, Leasuithe a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic, Tuarascáil Bhliantúil 2008). Bhainfí an t-idirdhealú idir sealbhóirí oifige agus comhaltaí eile den Oireachtas leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015 (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Ba cheart leasuithe a dhéanamh ar na teorainneacha ama faoina mbeidh dearbhuithe reachtúla, deimhnithe imréitigh cánach agus ráitis iarratais le déanamh nó le heisiúint agus le cur ar fáil don Choimisiún ag comhaltaí tofa agus ag daoine a cheapfar chuig poist shinsearacha agus i stiúrthóireachtaí sa tseirbhís phoiblí (Caibidil 1, Forálacha Imréitigh Cánach – tuairimí don Aire Airgeadais, Tuarascáil Bhliantúil 2003).

Ba ó mhí amháin go trí mhí a leasaíodh leis an Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008 an spriocdháta maidir le dearbhú reachtúil a bheidh le déanamh ag duine a bheidh molta le ceapadh chuig oifig bhreithiúnach; bheadh foráil den chineál céanna ag teastáil do chomhaltaí tofa agus do sheirbhísigh phoiblí shinsearacha chun an moladh a chomhlíonadh (Aguisín 4, Leasuithe a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic agus ar reachtaíocht ghaolmhar, Tuarascáil Bhliantúil 2009).


Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, agus d’fhorálfaí leis do chomhlíonadh bliantúil (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, Tuarascái Bhliantúil 2015)

Ba cheart cód iompair a ghlacadh do sheirbhísigh phoiblí agus do chomhaltaí de bhoird stáit sa mhórsheirbhís phoiblí (Caibidil 1, Cóid Iompair do Sheirbhísigh Phoiblí, Tuarascáil Bhliantúil 2003).

Thabharfaí cód eiseamláireach iompair isteach leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, rud a mbeadh feidhm aige le gach oifigeach poiblí. D’fhorálfaí leis an mBille freisin do chóid aonair a chur i bhfeidhm i ngach comhlacht poiblí. Molann an Coimisiún go bhforálfaí do chóid earnála. (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).

D’fhorálfaí le leasú a ritheadh i gCéim an Choiste i nDáil Éireann i mí Aibreáin 2017 do chóid earnála a thabhairt isteach do státseirbhísigh, do chomhairleoirí speisialt agus do chomhaltaí agus fostaithe údaráis áitiúil.

Ba cheart cur chuige uile-sheirbhíse poiblí a ghlacadh i leith éileamh dúbailte speansas taistil agus cothaithe a chosc agus a bhrath. (Caibidil 2, Gearáin, Tuarascáil Bhliantúil 2014). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Moladh An Scéala is Déanaí
Cúrsaí Toghcháin
Leasú nós imeachta a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin
Mar chomhlacht a bhfuil freagracht air as maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtannaToghcháin, ba cheart bonn reachtúil a bheith ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ar a bhféadfadh sé athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht agus tuairisc a thabhairt ar a thorthaí (Athbhreithniú ar na hAchtann Toghcháin 2003). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Leasú a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin maidir leis an tréimhse toghcháin
Ba cheart breithniú a dhéanamh ar roinnt cuntasachta a fhorchur, i gcomhthéacs na dteorainneacha caiteachais, i leith tréimhse shonraithe roimh thosach feidhme na tréimhse toghcháin arna sainmhíniú leis an dlí (i.e. go bhféadfaí síneadh a chur leis an tréimhse toghcháin ionas go n-áireofaí tréimhse roimh lánscor na Dála léi nó sula dtáirgtear eascaire ag toghchán) (Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin 2003). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Leasú a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin maidir le Tríú Páirtithe
Níor cheart an sainmhíniú ar a bhfuil i gceist le “tríú páirtí” a chinneadh bunaithe ar cé acu a fuair duine aonair/grúpa síntiús nó nach bhfuair. Ina ionad sin, ba cheart díriú ar chaiteachas ag daoine aonair/grúpaí agus féachaint orthu mar thríú páirtithe má bhíonn sé beartaithe acu caiteachas a tharraingt orthu féin os cionn tairseach áirithe, abair €5,000, i ndáil le feachtas atá chun críocha polaitíochta faoi mar a shainmhínítear sa reachtaíocht (Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin 2003; agus Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann ar Chonradh Liospóin). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart an próiseas clárúcháin do “thríú páirtithe” agus do “dhaoine eile” (a bhfuil sé beartaithe acu speansais toghcháin a tharraingt orthu féin) a chónascadh. (Níor cheart go mbeadh aon ghá ann go gcláródh duine aonair/grúpa mar “thríú páirtí” agus go gcláróidís mar “dhuine eile” freisin.)(Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin 2003). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart clárú tríú páirtithe a cheadú ar feadh tréimhse feachtais ar leith amháin nó ar bhonn leanúnach (Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann ar Chonradh Liospóin 2008). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Leasú a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin maidir le caiteachas ag reifrinn
Ba cheart foráil a dhéanamh do thrédhearcacht i dtaca le maoiniú agus le caiteachas ar fheachtais reifrinn agus ba cheart ceanglas a chur ar thríú páirtithe agus ar pháirtithe polaitíochta mionsonraí a nochtadh faoi chaiteachas ar fheachtais reifrinn. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart faisnéis a chur ar fáil faoi na foinsí maoiniúcháin atá ar fáil do thríú páirtithe agus do pháirtithe polaitíochta araon (Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann ar Chonradh Liospóin 2008). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Leasuithe eile a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin
Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na smachtbhannaí a fhéadfar a fhorchur i gcás nach mbítear ag comhoibriú leis an gCoimisiún. Go háirithe, ba cheart go mbeadh sé ina chion mainneachtain comhoibriú le fiosrúcháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún faoi alt 4(4) den Acht Toghcháin (Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann ar Chonradh Liospóin 2008). Foráiltear don méid seo anois le halt 5 den Acht Toghcháin (Leasú), 2015 (Caibidil 3, Cúrsaí Toghcháin, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
D’fhonn cothrom na féinne a chinntiú idir iarrthóirí, agus d’fhonn méid trédhearcachta a áirithiú, ba cheart úsáid cistí poiblí chun críocha toghcháin a bheith ina cuid den chód toghcháin seachas mar chuid de reachtaíocht eile, ar ríléir go ngabhann cuspóir ar leithligh ar fad léi. Is é a bheadh i gceist leis sin ná aisghairm iarmhartach a dhéanamh ar na forálacha lena bpléitear le soláthar seirbhísí agus áiseanna tar éis lánscor Dháil Éireann ag Coimisiún Thithe an Oireachtais [alt 4(4A) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003, (arna leasú le halt 4(c) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2009)] (Tuarascáil ar an Olltoghchán don Dáil sa Bhliain 2007). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agusParlaiminte) (Leasú) 2014 (an tAcht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte)
Leasú a mholtar a dhéanamh ar an reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaimintemaidir le comhairle a thabhairt
Ba cheart an Coimisiún a cheadú comhairle a thabhairt faoi úsáid chuí a bhaint as an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte agus ba cheart comhairle den sórt sin a bheith ceangailteach le dlí ar na daoine a bhfuil feidhm ag an reachtaíocht ina leith (Tuarascáil Bhliantúil 2007). Ní fhoráiltear leis an Acht um an Oireachtas (OifigI Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 don Choimisiún a cheadú comhairle a thabhairt.

 

Eanáir

  • Tuarascáil ar Chaiteachas agus ar Shíntiúis a nocht iarrthóirí san Fhothoghchán don Seanad 13 Samhain 2015

Feabhra

  • Foilsíodh na Treoirlínte d'Olltoghchán na Dála 2016
  • Foilsíodh láithreoireacht físe agus achoimre ar na treoirlínte don Olltoghchán 2016
  • Foilsíodh na Treoirlínte d'Olltoghchán an tSeanaid 2016
  • Foilsíodh láithreoireacht físe do Thríú Páirtithe agus achoimre ar na treoirlínte don Olltoghchán

Bealtaine

  • Tuarascáil ar an Nochtadh ag TDanna, ag Seanadóirí agus ag FPEnna maidir le Síntiúis a fuarthas don bhliain 2015

Meitheamh

  • Tuarascáil ar mhaoiniú Stáit a fuair páirtithe polaitíochta agus comhaltaí neamhspleácha faoin reachtaíocht toghcháin agus faoin reachtaíocht um liúntas gníomhaíochtaí parlaiminte faoin Acht Toghcháin, 1997, arna leasú, don bhliain 2015
  • Tuarascáil ar an Nochtadh ag Páirtithe Polaitíochta maidir le síntiúis a fuarthas don bhliain 2015 de bhun alt 4(1) den Acht Toghcháin, 1997

Iúil

  • Foilsíodh an Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2015 ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

Nollaig

  • Tuarascáil ar an Imscrúdú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar sháruithe líomhnaithe ar an gCreat Eiticiúil don tSeirbhís Rialtais Áitiúil, Cuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, ag an Seanadóir Brian Ó Domhnaill

An Creat Rialachais Chorparáidigh

Soláthraíonn Oifig an Ombudsman an rúnaíocht don Choimisiún um Chaighdeáin ag a cuid oifigí ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2. Tá an Coimisiún comhlonnaithe le hOifig an Ombudsman, le hOifig an Choimisinéara Faisnéise, le hOifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil agus leis an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (dá ngairtear 'an Oifig' le chéile anseo). Comhroinneann gach ceann de na cúig chomhlacht reachtúla seirbhísí coitianta le chéile. Tá Creat Rialachais Chorparáidigh na hOifige leagtha amach sa doiciméad thíos.

Is é an sainmhíniú a thugtar ar Rialachas Corparáideach ná na córais, na prionsabail agus na próisis trína ndéantar eagraíochtaí a threorú agus a rialú. Tá na prionsabail is bonn le rialachas corparáideach bunaithe ar an eagraíocht a bhainistiú le hionracas agus le cothroime, ar thréscaoilteacht a sholáthar, ar gach nochtadh riachtanach a dhéanamh agus ar chloí leis an reachtaíocht ábhartha. Cabhraíonn dea-rialachas le bainistíocht éifeachtúil éifeachtach, rud a fhágann go gcuirtear luach agus seirbhís shármhaith do chustaiméirí ar fáil dár ngeallsealbhóirí éagsúla.

Tá an Oifig tiomanta do struchtúir, do phróisis agus do chórais den dea-chleachtas a thacaíonn le feidhmiú rathúil a dualgas ar bhealach eiticiúil, cuntasach, trédhearcach agus éifeachtach. Is é tuairim láidir na hOifige go bhfuil dea-rialachas corparáideach ríthábhachtach chun tacú
le comhlíonadh thosaíochtaí straitéiseacha na hOifige. Trí shocruithe rialachais a dhoiciméadú, is féidir le geallsealbhóirí a bheith cinnte go bhfuil beartais agus cleachtais dea-rialachais fite fuaite i gcultúr na hOifige.
 

An tAcht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014

Tá freagracht ar an Oifig as comhionannas a chur chun cinn, as idirdhealú a chosc agus as cosaint a dhéanamh ar chearta daonna ár bhfostaithe, na ngearánach, na n-úsáideoirí seirbhíse agus gach duine a dtéann ár gcuid beartas agus pleananna i bhfeidhm orthu. Is oibleagáid dhlíthiúil í sin, ar a dtugtar an Dualgas Seirbhíse Poiblí, a thagann as alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas 2014. Téann ról na hOifige níos faide ná breithniú a dhéanamh ar an dlíthiúlacht sin, áfach. Cuimsíonn sé freisin breithniú a dhéanamh ar cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go bhfuil gníomhartha na soláthraithe seirbhíse poiblí cóir agus cothrom. Cuid dhílis d'obair na hOifige is ea comhionannas deiseanna agus meas ar chearta an duine a bhaint amach.

Tá an Oifig tiomanta do sheirbhís a chur ar fáil dár gcliaint go léir lena dtugtar aird ar a gcearta daonna agus ar an gceart atá acu chun caitheamh cothrom. Baineann sé sin le hábhar freisin maidir leis an dóigh a mbímid i mbun caidreamh lenár bhfoireann féin mar go bhfuil sé bunriachtanach le haghaidh dea-thimpeallacht oibre a chothú ina gcuirtear rannpháirtíocht, oscailteacht agus dínit chun cinn san áit oibre. Léirítear ár gcur chuige go soiléir lenár mbunluachanna eagraíochta um neamhspleáchas, díriú ar chustaiméirí agus cothroime, nithe atá le feiceáil i gcultúr na hOifige seo, inár mbeartais inmheánacha agus inár gcleachtais inmheánacha. Tá obair réamhghníomhach déanta againn maidir le hoiliúint a chur ar ár mbaill
foirne. Leis an oiliúint sin, spreagtar iad dearcadh chearta an duine a chur san áireamh agus cásanna á mbreithniú acu.