Tuarascáil Bhliantúil 2015

Tuarascáil (PDF)

Clár Ábhar

De réir fhorálacha alt 27(2)(a) den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, tá áthas orm an tuarascáil bhliantúil don bhliain 2015 ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a chur faoi bhráid an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

An Breitheamh Daniel O’Keeffe Cathaoirleach An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Meitheamh 2016

Cuireadh tús le bliain ghnóthach eile don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí leis an obair a bhí ar siúl ar an gClár Brústocaireachta ar líne a fhorbairt. Cé nár ritheadh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 go dtí mí an Mhárta 2015, cuireadh tús le hobair ar fhorbairt an chláir ar líne sa bhliain 2014 agus bhíothas ag leanúint di go luath sa bhliain 2015. Seoladh an Clár Brústocaireachta ag ócáid a bhí ar siúl an 30 Aibreán 2015 tar éis rith an Achta. De réir an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar chomhlíonadh a chuid feidhmeanna faoin Acht sin.

I mí Eanáir 2015, d’fhoilsigh an tUas. Alan Kelly TD, an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, páipéar comhairliúcháin ar Choimisiún Toghcháin neamhspleách a bhunú. Ghlac an Coimisiún um Chaighdeáin páirt sa phróiseas comhairliúcháin as ar tháinig tuarascáil ón gComhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht. Moladh sa tuarascáil gur cheart na feidhmeanna sin de chuid an Choimisiúin um Chaighdeáin a bhaineann le maoiniú polaitíochta agus caiteachas toghcháin a aistriú chuig an gCoimisiún Toghcháin. Socraítear bunú an Choimisiúin Toghcháin mar thosaíocht le Clár an Rialtais 2016.

Forbairt shuntasach eile ba ea foilsiú an Bhille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015 i mí na Nollag 2015. Ba éard a bhí sna tograí sa Bhille ná céim mhór ar aghaidh ar an mbealach i dtreo comhlíonadh a dhéanamh ar mholadh mór a ndearna an Coimisiún um Chaighdeáin é ar dtús ina thuarascáil bhliantúil don bhliain 2009, mar atá Acht cuimsitheach aonair a bheadh bunaithe ar an dea-chleachtas maidir le déileáil le coinbhleachtaí leasa, rud lena gcomhdhlúthófaí forálacha na nAchtanna um Eitic le creataí eitice reachtúla agus riaracháin eile. Dá n-achtófaí é, dhéanfaí foráil sa Bhille do chaighdeáin ionracais agus do chód eiseamláireach iompair do gach oifigeach poiblí mar aon le forálacha comhdhlúite le haghaidh leasanna a nochtadh agus córas cuíchóirithe agus níos éifeachtaí trína bhféadfadh oifigigh phoiblí sáruithe féideartha a imscrúdú. Fáiltíonn an Coimisiún roimh an gcinneadh an Bille a chur ar ais ar Riar Oibre na Dála.

Tá tuilleadh faisnéise agus plé ar an mBille in áiteanna eile sa tuarascáil seo. Sna tuairimí faoin dréachtscéim a chuir sé faoi bhráid an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Chomhchoiste Oireachtais um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, luaigh an Coimisiún: “I bhfianaise an chuir isteach a d’fhéadfadh a bheith ag bunú an Choimisiúin Toghcháin (agus a d’fhéadfadh a bheith ag bunú ról an Choimisinéara um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí) ar an gCoimisiún agus é ag iarraidh a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh, tá an Coimisiún um Chaighdeáin den tuairim láidir gur ag an am céanna ba cheart leanúint leis an reachtaíocht lena mbunaítear an Coimisiún Toghcháin agus leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí trí Thithe an Oireachtais ionas go dtiocfadh an dá cheann díobh i bhfeidhm ag an aon am amháin.”

Chomh maith leis sin, rinneadh dul chun cinn sa bhliain 2015 ar an trédhearcacht i dtaca le páirtithe polaitíochta a mhaoiniú. De réir an Achta Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta) 2012 agus treoirlínte ar fhoilsigh an Coimisiún iad, beidh ceangal ar pháirtithe polaitíochta as seo amach leabhair chuí chuntas a choinneáil agus ráiteas bliantúil cuntas a ullmhú. Déanann iniúchóir poiblí na leabhair agus an ráiteas sin a iniúchadh agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain. Tá na chéad chuntais den sórt sin le tabhairt don Choimisiún faoin 30 Meitheamh 2016. Baineann siad leis an mbliain 2015. Foilseoidh an Coimisiún na cuntais sin a luaithe is féidir tar éis an dáta sin.

Áirítear sa tuarascáil bhliantúil seo tuairiscí agus an scéala is déanaí ar ghearáin a fuair an Coimisiún. Tá tuilleadh sonraí ina leith sin leagtha amach níos déanaí i gCaibidil 2 den tuarascáil seo.

Ar deireadh thiar, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na comhaltaí eile den Choimisiún um Chaighdeáin as a gcuid oibre le linn na bliana. Déanaim comhghairdeas le Peter Finnegan as a bheith ceaptha mar Chléireach ar Dháil Éireann agus, dá réir sin, mar chomhalta de bhrí oifige de chuid an Choimisiúin. Bhí Peter ag obair leis an gCoimisiún ina cháil mar Leas-Chléireach ar Dháil Éireann nuair a bhí folúntas sa phost mar Chléireach ar Dháil Éireann. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Paddy Walsh, Rúnaí an Choimisiúin, as a thiomantas agus a dhúthracht agus le foireann shármhaith Rúnaíocht an Choimisiúin as an tiomantas a léirigh siad agus as an gcrua-obair a rinne siad arís eile le linn na bliana. Tá an raon tascanna is gá don Choimisiún um Chaighdeáin a dhéanamh chomh fairsing sin anois go mbeadh sé fíordhúshlánach don Choimisiún a thascanna reachtúla a dhéanamh laistigh de na tréimhsí ama tugtha gan an tacaíocht fhairsing agus an cúnamh fairsing a thugann an Rúnaíocht dó. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an bhfoireann tacaíochta san Aonad um Theicneolaíocht Faisnéise, san Aonad um Sheirbhísí Corparáideacha agus san Aonad um Chaidreamh Ardchaighdeáin le Geallsealbhóirí in Oifig an Ombudsman as an obair a rinne siad thar an mbliain seo a chuaigh thart.

Comhlacht neamhspleách a bunaíodh i mí na Nollag 2001 leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Tá seisear comhaltaí ann agus tá sé faoi chathaoirleacht ag an mBreitheamh Onórach Daniel O’Keeffe, iar-Bhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte. Sa bhliain 2015, bhí róil mhaoirseachta ag an gCoimisiún faoi cheithre phíosa reachtaíochta ar leith, ba iad sin:

  • an tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, arna leasú leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, (na hAchtanna um Eitic);
  • an tAcht Toghcháin, 1997, arna leasú (na hAchtanna Toghcháin);
  • an tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 (an tAcht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte);
  • an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015

Áirítear leis na feidhmeanna atá aige maoirseacht a dhéanamh ar nochtadh leasanna, ar chomhlíonadh ceanglas imréitigh cánach, ar nochtadh síntiús agus caiteachais toghcháin agus ar an dóigh a gcaitheann páirtithe polaitíochta an maoiniú a fhaigheann siad ón Stát. Sa bhliain 2015, d’éirigh sé freagrach as an mbrústocaireacht a rialáil. Cuireann Oifig an Ombudsman foireann rúnaíochta ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi fheidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin a fhail anseo.

Forálacha Imréitigh Chánach – Ceapaithe chuig ‘Oifig Shinsearach’

Faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, ceanglaítear ar cheapaithe chuig poist shinsearacha fostaíochta nó chuig stiúrthóireachtaí i gcomhlachtaí poiblí dearbhú reachtúil agus deimhniú imréitigh chánach (nó fianaise go ndearnadh iarratas ar dheimhniú) a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin laistigh de 9 mí. Tá feidhm ag an gceanglas sin i gcásanna ina bhfaigheann an fostaí nó an stiúrthóir luach saothair ag ráta atá cothrom le €156,380, nó níos mó ná sin, sa bhliain. Foráiltear leis an reachtaíocht d’imscrúdú agus do thuairisciú i dtaca le neamhchomhlíonadh.

Tháinig an Coimisiún ar dheacrachtaí áirithe ar na forálacha sin a mhaoirsiú le blianta beaga anuas. Iarradh ar gach comhlacht poiblí a chinntiú go dtugtar eolas iomlán faoi na dualgais atá orthu do gach ceapaí chuig ‘oifig shinsearach’. De bhreis air sin, iarrtar ar chomhlachtaí poiblí eolas a thabhairt don Choimisiún faoi shonraí a bhaineann le ceapachán ar bith a dhéantar ionas go bhféadfaidh an Coimisiún aon sáruithe a d’fhéadfadh teacht chun cinn a fhiosrú. Ina theannta sin, rachaidh an Coimisiún i dteagmháil le gach duine tar éis dó fógra faoin gceapachán a fháil.

D’aimsigh an Coimisiún nár thug comhlachtaí poiblí fógra dó faoi gach ceapachán. Sna cásanna sin, níl an Coimisiún in ann comhlíonadh a mhaoirsiú mar nach bhfuil sé eolach ar na ceapacháin sin. Is é an toradh atá ar an mainneachtain an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil don Choimisiún ná mainneachtain cloí le rúin an Oireachtais agus é ag achtú na bhforálacha sin. Tá an staid sin á hathbhreithniú ag an gCoimisiún agus beidh bearta á ndéanamh aige chun comhlíonadh a chinntiú. De bhreis air sin, molann sé gur cheart foráil a dhéanamh sa Bhille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015 lena leagfaí dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí eolas tráthúil a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin/don Choimisinéir um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí faoi gach ceapaí a bheadh faoi réir na bhforálacha comhlíonta cánach.

Tháinig an Coimisiún ar dheacrachtaí freisin ar chomhlíonadh a chinntiú i dtaca le daoine a ceapadh chuig poist ‘oifige sinsearaí’ ar feadh tréimhsí gearra, amhail comhairligh ionaid ospidéil, mar shampla. I gcásanna áirithe, d’fhéadfaí duine a cheapadh mar fhostaí ionaid ar feadh tréimhse ghearr (ar feadh roinnt laethanta in amanna) roinnt uaireanta, rud a chruthaíonn dualgais tuairiscithe ar leith i dtaca le gach ceapachán. Sa chás go ndéantar na ceapacháin laistigh de thréimhse ghearr óna chéile, is féidir gurb amhlaidh gur leor deimhniú imréitigh cánach aonair chun ceanglais na reachtaíochta a chomhlíonadh. Mar sin féin, dá gceapfaí duine chuig sraith post ionaid a mhaireann trí seachtaine nó ceithre seachtaine laistigh de thréimhse naoi mí, mar shampla, cheanglófaí ar an duine sin dearbhú reachtúil a dhéanamh naoi n-uaire ar a mhéad sa tréimhse. Anuas air sin, d’fhéadfadh deacrachtaí praiticiúla teacht chun cinn maidir le teagmháil a dhéanamh leis na daoine sin faoi na dualgais atá orthu.

Scríobh an Coimisiún chuig an Aire Airgeadais a bhí ann ag an am chuige sin sa bhliain 2008. Mhol sé go leasófaí an sainmhíniú ar ‘oifig shinsearach’ san Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001 le go n-eisiafaí poist shealadacha, ghníomhacha nó ionaid i gcásanna ina bhfuil sé beartaithe go mairfidh téarma an phoist níos lú ná trí mhí. Chuir an tAire in iúl go n-iarrfadh sé ar oifigigh ina Roinn an moladh a scrúdú. Sa Bhille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015, moladh múnla comhlíonadh cánach a bhí an-difriúil sa mhéid is go gcuirfeadh oifigigh phoiblí shinsearacha fianaise ar chomhlíonadh ar fáil ar bhonn bliantúil. Bhainfeadh sé sin na deacrachtaí a mbítear ag teacht orthu faoi láthair maidir le ceapacháin ghearrfhaid.

Gearáin

Is íseal go fóill atá an líon gearán atá faighte ag an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi na hAchtanna um Eitic. Fuarthas 28 ngearán sa bhliain 2015. Ba laghdú é sin ó na 39 ngearán san iomlán a fuarthas sa bhliain roimhe. Mar sin féin, ba ó 12 ghearán sa bhliain 2014 go 7 ngearán sa bhliain 2015 a thit an líon gearán a bhí bailí de réir théarmaí na nAchtanna um Eitic. Faoi mar a bhí amhlaidh i mblianta roimhe sin, tá an Coimisiún den tuairim go léiríonn sé sin a dheacra atá sé gearáin bhailí a dhéanamh faoin reachtaíocht reatha.

An tImscrúdú ar Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae an Longfoirt

Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin gearán ón gComhairleoir Larry Bannon, Méara Chomhairle Contae an Longfoirt ag an am, maidir leis an Uas. Tim Caffrey, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae an Longfoirt (ag an am). Bhain an gearán le sárú líomhnaithe ar Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 i dtaca le mainneachtain nochtadh a dhéanamh i scríbhinn do Chathaoirleach Chomhairle Contae an Longfoirt ar chineál a leasa i maoin a bhí ina hábhar d’iarratas deontais a rinneadh chuig an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Bhain an t-iarratas le cead a thabhairt do chomhlacht ceadaithe tithíochta (Fondúireacht Muiríosa) í a cheannach.

Reáchtáil an Coimisiún éisteacht phoiblí chun críocha an imscrúdaithe an 28 Meán Fómhair 2015. D’fhoilsigh sé a thuarascáil imscrúdaithe an 3 Samhain 2015. Fuair an Coimisiún gur sháraigh an tUas. Caffrey an fhoráil reachtúil mar a líomhnaíodh. Ag tabhairt aird ar a shainordú reachtúil, fuair an Coimisiún gur go faillíoch go mór a rinneadh an sárú agus go raibh an sárú ina ábhar tromchúiseach sna cúinsí go léir. Fuair an Coimisiún freisin nach ndearna an tUas. Caffrey le hintinn mhaith i dtaca leis an sárú.

Le linn dó an gearán a bhreithniú, tháinig an Coimisiún ar an eolas faoi sháruithe féideartha eile a rinne an tUas. Caffrey agus a tháinig as na cúinsí céanna, cé nach raibh siad ina gcuid den ghearán a rinne an Comhairleoir Bannon. Chinn an Coimisiún gur cheart dó an t-ábhar seo a imscrúdú ar a thionscnamh féin agus tá éisteacht imscrúdaithe le reáchtáil an 18 Iúil 2016.

An tImscrúdú ar an Seanadóir Brian Ó Domhnaill

Thug an Coimisiún um Chaighdeáin tuairisc roimhe sin ar ghearán a fuarthas i mí na Bealtaine 2012 ó Bhainisteoir Contae agus ó Mhéara Chomhairle Contae Dhún na nGall a bhí ann ag an am. Bhain an gearán le roinnt éilimh thaistil agus speansais a rinne an Seanadóir Brian Ó Domhnaill sa ról a bhí aige roimhe sin mar chomhalta den Chomhairle agus d’Údarás na Gaeltachta. Rinne siad gearán freisin nár fhreastail sé go hiomlán ar chomhdhálacha ar leagadh cúram air freastal orthu agus ar aisíocadh speansais leis ina leith. Sa ghearán a rinne siad, líomhain an Bainisteoir agus an Méara go bhféadfadh go ndearna sé gníomhartha sonraithe de réir bhrí na nAchtanna um Eitic ina leith sin.

Cheap an Coimisiún Oifigeach Fiosrúcháin chun réamhfhiosrúchán a dhéanamh ar an ngearán. Tar éis dó breithniú a dhéanamh ar thuarascáil an Oifigigh Fiosrúcháin, chinn an Coimisiún gur chuí imscrúdú a dhéanamh chun a fháil amach cé acu a sháraigh nó nár sháraigh an Seanadóir Brian Ó Domhnaill forálacha Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil agus cé acu a rinne nó nach ndearna sé gníomh sonraithe (nó gníomhartha sonraithe) de shárú ar na hAchtanna um Eitic.

Tar éis comhfhreagrais idir an Coimisiún agus an Seanadóir Ó Domhnaill, agus idir an Coimisiún agus a shainchomhairleoirí, maidir le ról na Gaeilge san imscrúdú agus maidir le cé acu a tháinig na gearáin ó dhuine/dhaoine gan ainm nó nár tháinig, rinne an Seanadóir Ó Domhnaill iarratas ina dhiaidh sin ar athbhreithniú breithiúnach ar shocruithe an Choimisiúin d’éisteacht an imscrúdaithe ar an bhforas go raibh sé i dteideal éisteacht a fháil ó Choimisinéirí a bhí in ann a chuid fianaise, a raibh ar intinn aige í a chur i láthair i nGaeilge, a thuiscint gan cúnamh aistriúcháin. Rinne sé agóid in aghaidh scrúdú an ghearáin freisin sa mhéid nár nochtadh aitheantas na ngearánach de réir alt 8 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001.

Cé gur gan ainm a bhí na gearáin tosaigh a rinneadh chuig Comhairle Contae Dhún na nGall, fuair an Ard-Chúirt amach nach gan ainm a bhí na gearáin os comhair an Choimisiúin agus nár ghníomhaigh an Coimisiún contrártha d’alt 8 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, ina leith sin. Dhiúltaigh an Ard-Chúirt an argóint nach mór do gach comhalta den Choimisiún bheith dátheangach chun gur féidir leo breithniú a dhéanamh ar an ábhar.

Rinne an Seanadóir Ó Domhnaill achomharc in aghaidh na breithe ón Ard-Chúirt. I mí Iúil 2015, sheas an Chúirt Achomhairc leis an mbreith ón Ard-Chúirt agus dhiúltaigh sí achomharc an tSeanadóra Uí Dhomhnaill. Ba í tuairim na cúirte ná go raibh an ceart ag breitheamh na trialach i ngach ceann dá chinntí. Dhámh an Chúirt Achomhairc a chostais iomlána in aghaidh an tSeanadóra Uí Dhomhnaill don Choimisiún ina dhiaidh sin.

Shuigh an Coimisiún go poiblí chun críche an imscrúdaithe an 9 Bealtaine 2016. Tráth ullmhú na tuarascála seo, bhí aighneachtaí dlí le cur ar fáil i scríbhinn. Tar éis iad a fháil, déanfaidh an Coimisiún a bhreithniú ar an ábhar a chur i gcrích agus a thuarascáil imscrúdaithe a chur le chéile.

Raon feidhme na nAchtanna um Eitic

I ngach ceann dá Thuarascálacha Bliantúla ón mbliain 2004 i leith, tá tuairisc tugtha ag an gCoimisiún um Chaighdeáin ar an méadú mór atá tagtha ar raon feidhme na nAchtanna um Eitic maidir leis an líon comhlachtaí poiblí sa tseirbhís phoiblí a bhfuil stiúrthóireachtaí ainmnithe forordaithe agus poist fostaíochta ainmnithe fhorordaithe ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ina leith.

Sa tuarascáil uaidh don bhliain 2014, thuairiscigh an Coimisiún gur i mí Eanáir 2015 a rinneadh na rialacháin is déanaí ina leith sin, ar rialacháin iad lenar leasaíodh na rialacháin sin a rinneadh i mí Iúil 2013. Ní dhearnadh aon rialacháin ó shin i leith, áfach.

Idir an dá linn, rinneadh roinnt comhlachtaí a bhunú, a chónascadh nó a lánscor. Bunaíodh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre i mí Dheireadh Fómhair 2015 agus ghlac sé feidhmeanna an Údaráis Náisiúnta Chearta Fostaíochta, an Bhinse Comhionannais, an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais, Sheirbhís na gCoimisinéirí um Chearta agus an Bhinse Achomhairc Fostaíochta. Cé go meastar sa ghnáthchúrsa go bhfuil poist ainmnithe fostaíochta ag státseirbhísigh ag leibhéal an Phríomhoifigigh sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre nó os a chionn, ceanglaítear forordú i rialacháin i leith na státseirbhíseach faoi bhun an leibhéil sin ionas go bhfuil dualgas orthu cloí leis na forálacha um nochtadh agus le forálacha gaolmhara. Anuas air sin, níl na comhaltaí de Bhord an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre faoi réir na ndualgas sin mar nach ann do rialachán lena bhforordaítear iad mar stiúrthóirí ainmnithe.

Ina theannta sin, níor cuireadh ar áireamh sna rialacháin fós roinnt boird chlárúcháin (gan Bord Clárúcháin na nOibrithe Sóisialta a áireamh, rud a oibríonn faoi choimirce CORU - an Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta), cé gur bunaíodh iad sula ndearnadh na rialacháin is déanaí an 29 Eanáir 2015.

Tá an Coimisiún fós den tuairim nach mór daoine i ngach comhlacht poiblí a bhféadfadh coinbhleacht a bheith acu idir na feidhmeanna a chomhlíonann siad agus na leasanna atá acu agus ag daoine a bhfuil siad bainteach leo a chur faoi réir oibleagáidí na nAchtanna um Eitic chun a chinntiú go gcomhlíontar feidhmeanna poiblí chun leas an phobail amháin. Ar an gcúis sin, tá sé den tuairim nach mór rialacháin lena nuashonraítear na liostaí de dhaoine den sórt sin a dhéanamh nuair is gá chun clúdach cuimsitheach a áirithiú.

An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015

D’iarr an Coimisiún um Chaighdeáin Acht cuimsitheach lena gcomhdhlúthófaí na hAchtanna um Eitic agus gach reachtaíocht eile lena bhforáiltear do leasanna a nochtadh, chomh maith le forálacha gaolmhara d’oifigigh phoiblí.

Sa fhreagra a thug sé ar Thuarascáil Deiridh Bhinse Mahon i mí Iúil 2012, chinn an Rialtas, i measc nithe eile, an deis a thapú tabhairt faoi athbhreithniú iomlán ar an reachtaíocht eitice reatha chun creat reachtaíochta cuimsitheach aonair a fhorbairt. I mí an Mheithimh 2015, d’fhoilsigh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe dréacht-Scéim Ghinearálta de Bhille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí mar aon leis na doiciméid tacaíochta. Cuireadh an dréacht-Scéim Ghinearálta ar aghaidh chuig an gComhchoiste Oireachtais um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú chun críche scrúdú réamhreachtach a dhéanamh uirthi. Cuireadh an dréacht-Scéim amach le haghaidh comhairliúchán poiblí freisin. Chuir an Coimisiún a thuairimí faoin dréacht-Scéim ar fáil don Aire agus don Choiste. Tháinig comhaltaí agus baill foirne de chuid an Choimisiúin os comhair an Choiste an 11 Samhain 2015.

Ina thuairimí, d’fháiltigh an Coimisiún roimh fhoilsiú na dréacht-Scéime Ginearálta de Bhille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí, rud, dar leis, atá ina chéim mhór ar aghaidh ar an mbealach i dtreo comhlíonadh a dhéanamh ar mholadh a rinne an Coimisiún le haghaidh Acht cuimsitheach aonair lena gcomhdhlúthófaí forálacha na nAchtanna um Eitic le creataí eitice reachtúla agus riaracháin eile. Rinne an Coimisiún roinnt moltaí le haghaidh leasuithe ar an dréacht. Luaigh sé, i measc nithe eile:

“Measann an Coimisiún gur cheart cineál uaillmhianach a bheith ag gabháil le creat eitice amhail an creat atá molta sa dréacht-Scéim Ghinearálta. Ba cheart ról láidir cur chun cinn a bheith ag an struchtúr atá mar bhonn agus thaca ag an Reacht agus ba cheart baint a bheith aige le níos mó ná neamh-chomhlíonadh a bhrath. Ba cheart luachanna agus prionsabail na seirbhíse poiblí a bheith comhdaithe sa chreat reachtúil; ba cheart iad a úsáid mar bhonn le Cód Iompair reachtúil agus ba cheart treoir agus oiliúint atá soiléir a chur ar fáil. Ba cheart na forálacha sin a bheith ina gcuid dhílis den chreat.”

Foilsíodh tuairimí an Choimisiúin ina n-iomláine ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

I mí na Nollag 2015, d’fhoilsigh an Comhchoiste Oireachtais tuarascáil ar an dréacht-Scéim Ghinearálta. Níos moille an mhí sin, d’fhoilsigh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015. Chuaigh an Bille tríd an Dara Céim i nDáil Éireann an 20 Eanáir 2016 agus tarchuireadh é chuig Céim an Choiste. Níor sroicheadh í sin amach faoin uair a díscaoileadh an Dáil an 3 Feabhra 2016, áfach.

Cuireadh an Bille ar ais ar Riar Oibre na Dála an 1 Meitheamh 2016. Fáiltíonn an Coimisiún roimh an gcinneadh an Bille a chur ar ais air.

Leis an mBille, chuirfí Coimisinéir um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí in ionad an Choimisiúin um Chaighdeáin. Dhéanfadh an Coimisinéir maoirseacht ar phróiseas athchóirithe gearán agus imscrúduithe. Foráiltear leis do na caighdeáin ionracais a gcoinneoidh oifigigh phoiblí ag ardleibhéal iad, ar caighdeáin iad ar féidir cur leo i gcód iompair eiseamláireach do gach oifigeach poiblí. Tá an Coimisiún den tuairim gur cheart tagairt dhíreach ar a laghad a bheith ann do na prionsabail iad féin sa reachtaíocht phríomhúil, faoi mar atá amhlaidh i ndlínsí eile. Is ann d’fhoráil do chóid iompair aonair a bheith ullmhaithe ag comhlachtaí poiblí aonair nuair is mian leo déanamh amhlaidh. Comhdhlúthaítear leis an mBille na creataí reachtúla éagsúla le haghaidh leasanna a nochtadh agus leasaítear leis na forálacha reatha imréitigh chánach le go ndéantar foráil d’fhianaise ar chomhlíonadh a chur ar fáil gach bliain. Foráiltear leis an mBille freisin do raon cionta agus d’ionchúiseamh na gcionta a bheith á thionscnamh ag an gCoimisinéir um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí agus d’fhógra íocaíochta seasta a thabhairt don duine. Foráiltear leis an mBille do smachtbhannaí atá le cur i bhfeidhm ag an gCoimisinéir agus do chomhalta den Oireachtas a chur ar fionraí ón Teach.

Cé go bhfáiltíonn an Coimisiún roimh an bhfíric go gcuimsítear sa Bhille roinnt athruithe ón dréacht-Scéim Ghinearálta ar mhol sé iad, measann sé gur cheart tuilleadh leasuithe a dhéanamh.

Cé go bhforálfaí leis an mBille (dá n-achtófaí é) do chionta a imscrúdú faoin reachtaíocht, ní cheadófaí imscrúdú leis i gcásanna a bhféadfadh mainneachtain cloí leis na caighdeáin ionracais ardleibhéil a bheith iontu. D’fhéadfadh an Coimisinéir fiosruithe tosaigh a dhéanamh faoi sháruithe ar na prionsabail ionracais ach ní fhéadfadh sé déileáil le gearán den chineál sin ach trí chomhairle a eisiúint chuig an bhfreagraí nó tríd an ngearán a dhiúltú. Tá an Coimisiún den tuairim gur go mór a chealódh sé an chúis le caighdeáin ionracais den chineál sin a chur ar fáil agus nach ndéanfadh sé soláthar d’imscrúdú cuí iomlán a dhéanamh ar lear gearán ina bhfuil sé i gceist leis an ngearán, mar shampla, gur tharraing an duine míchlú ar a oifig, ar a phost nó ar a eagraíocht. Ina theannta sin, géaraítear an deacracht sin le stádas an chóid iompair eiseamláirigh atá beartaithe agus le stádas aon chóid iompair arna dhréachtú agus arna eisiúint ag comhlacht poiblí mar threoir in ionad é a eisiúint mar dhualgas. Bheadh na moltaí sin ina gcéim ar gcúl ón staid reatha agus molann an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar na forálacha.

Ina theannta sin, mhol an Coimisiún go bhforálfaí leis an reachtaíocht do chóid iompair earnála a thabhairt isteach in ionad an mholta reatha go ndéanfadh gach comhlacht poiblí aonair cód a thabhairt isteach. Dhéanfadh sé sin an staid reatha a chaomhnú agus a leathnú, is é sin, mar a bhfuil cóid reachtúla i bhfeidhm d’fhostaithe na státseirbhíse agus do chomhaltaí agus d’fhostaithe san earnáil údaráis áitiúil, etc., a bhfuil feidhm ag téarmaí agus coinníollacha coiteanna maidir leo agus mar a bhfuil na feidhmeanna ar fud na n-earnálacha sin cosúil lena chéile. Ní dhearnadh an leasú sin, áfach, agus molann an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar an mír sin freisin.

Tá an Coimisiún den tuairim láidir go bhfuil ról soiléir ag comhlachtaí poiblí ina chinntiú go gcloíonn daoine aonair leis na dualgais eitice atá orthu mar go bhfuil riosca soiléir don chlú ar an gcomhlacht ann nuair nach amhlaidh atá. Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil gach oifigeach poiblí atá siad ag fostú láneolach ar na dualgais atá orthu faoin reachtaíocht agus faoi aon chód iompair ábhartha agus tá dualgas orthu freisin oiliúint chuí eitice a chur ar fáil. Ba cheart dualgas a bheith ar oifigigh phoiblí a dheimhniú go bhfuil siad eolach ar na dualgais reachtúla atá orthu agus a ghealladh go gcloífidh siad leo agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna oifigiúla. Molann an Coimisiún gur cheart foráil a dhéanamh leis an mBille do dhualgais láidre tuairiscithe ar chomhlachtaí poiblí i gcásanna ina meastar go ndearnadh sárú.

Moltar sa Bhille go gcuirfí Coimisinéir um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí in ionad an Choimisiúin um Chaighdeáin. Measann an Coimisiún go bhfuil fiúntas éigin ag baint leis an moladh. Measann sé, áfach, go raibh agus go bhfuil fiúntas ag baint leis an gcur chuige reatha. Measann an Coimisiún gur cheart aird a thabhairt ar an mbealach rathúil a chomhlíon an Coimisiún a chuid ról go dtí seo in aon athbhreithniú nó leasú a dhéantar ar ról an Choimisiúin ó struchtúr agus comhdhéanamh reatha an Choimisiúin go coimisinéir aonair. Chuir cumhachtaí reatha an Choimisiúin ar a chumas a fheidhm breithnithe a chomhlíonadh agus aird á tabhairt ar na prionsabail is airde um cheartas aiceanta chun a chinntiú go ndéantar éisteachtaí ar bhealach cothrom neamhchlaonta. Ina theannta sin, is go poiblí a chuirtear na héisteachtaí agus na himscrúduithe a dhéanann an Coimisiún ar siúl agus foilsíonn an Coimisiún a chinntí réasúnaithe.

San aighneacht a chuir sé faoi bhráid an Aire agus an Chomhchoiste Oireachtais, luaigh an Coimisiún an breithiúnas a tugadh in athbhreithniú breithiúnach Ard-Chúirte a tionscnaíodh ina aghaidh maidir le himscrúdú faoi na hAchtanna um Eitic. Dúirt an Breitheamh Onórach Hedigan:

“Agus cinneadh á dhéanamh ar cad a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí a mheas le réasún a bheith ina leas atá róbheag nó neamhthábhachtach, tá sé doiligh comhlacht níos cáilithe ná an Coimisiún a shamhlú. Is comhdhéanamh foirfe é de dhaoine ag a bhfuil taithí, bíodh sí ina taithí dhlí, ina taithí phobail nó ina taithí pholaitíochta. Is dócha nárbh ann ach do bheagán cásanna ina dtabharfadh an chúirt seo breith in athbhreithniú breithiúnach go raibh a thátail neamhréasúnach nó neamhréasúnta.”

Cé go n-aithníonn an Coimisiún na láidreachtaí sin, measann sé freisin go gcruthaíonn na struchtúir reatha deacrachtaí maidir le himscrúduithe a sceidealú faoi na hAchtanna um Eitic de bharr an cheanglais nach mór do na comhaltaí go léir a bheith i láthair ag gach céim d’imscrúdú. Tá sé doiligh an méid sin a bhaint amach agus cruthaíodh moilleanna fada dá bharr. Mar thoradh air sin, mhol an Coimisiún sa bhliain 2008 go ndéanfaí soláthar do chóram nach lú ná triúr comhaltaí den Choimisiún (agus an Cathaoirleach a bheith i láthair i ngach cás) le haghaidh éisteacht imscrúdaithe. Measann an Coimisiún freisin gur díréireach ar fad le haghaidh déileáil le mionsáruithe atá an ceanglas reatha le héisteacht imscrúdaithe iomlán a reáchtáil.

Thug an Coimisiún dá aire ina aighneacht gur glacadh raon éagsúil struchtúr i dtíortha eile, cé go bhfuil múnla an Choimisinéara aonair in úsáid i roinnt dlínsí eile. Luaigh sé go bhfuil sé den tuairim gur cheart breithniú cúramach a dhéanamh ar an gceist faoi cé acu ba cheart struchtúr Coimisiúin a choinneáil ar bun nó ba cheart Coimisinéir aonair a chur ina áit.

An Cód Iompair do Shealbhóirí Oifige

Fuair an Coimisiún um Chaighdeáin gearán sa bhliain 2015 lenar bhain sealbhóir oifige. Ba é cinneadh an Choimisiúin sa deireadh nárbh ann d’aon údar leis an ábhar a fhiosrú. Le linn dó an gearán a bhreithniú, áfach, scrúdaigh an Coimisiún na forálacha i gcuid 2.2.4 den Chód Iompair do Shealbhóirí Oifige, ar cuid í lena mbaineann gnó agus leasanna eile. Leagtar amach sa chuid na caighdeáin iompair agus ionracais do shealbhóirí oifige agus iad ag comhlíonadh a gcuid feidhmeanna, agus aird ar leith á tabhairt ar aon leasanna seachtracha atá acu. Thug sé an sliocht seo a leanas ón mír sin dá aire go háirithe:

“Níor chóir go mbeadh stiúrthóireacht cuideachta lena mbaineann luach saothair ag sealbhóirí oifige. Fiú mura n-íoctar luach saothair níl sé inmhianta go mbeadh stiúrthóireacht á sealbhú acu. Féadfaidh stiúrthóir a bheidh ag scor comhshocrú a dhéanamh trína n-aontóidh an chuideachta é nó í a athcheapadh mar stiúrthóir ar scor dó nó di a bheith ina shealbhóir nó ina sealbhóir oifige.”

Measann an Coimisiún gur débhríoch atá an fhoráil nach n-íoctar luach saothair ar bith inti, cé gur soiléir atá an seasamh atá leagtha amach i dtaca le luach saothair a bheith ag gabháil le stiúrthóireachtaí (i.e. níor cheart iad a bheith ag sealbhóirí oifige). Nuair atáthar ag rá go meastar gur rud neamh-inmhianaithe é stiúrthóireachtaí a bheith ag sealbhóirí oifige sna cúinsí sin, d’fhéadfaí a argóint gur féidir caighdeán is lú ná lánchosc a chur i bhfeidhm, i.e. cé go bhféadfadh sé bheith neamh-inmhianaithe, tá sé inghlactha fós. Os a choinne sin, d’fhéadfadh an fhoclaíocht a léirmhíniú mar fhoráil go bhfuil cosc ar a bhfuil neamh-inmhianaithe freisin.

Is é an cuspóir atá ag baint le foráil cóid lena gcuirtear cosc nó srianadh ar shealbhóir oifige gníomhaíocht a sheoladh lasmuigh dá chuid feidhmeanna mar shealbhóir oifige ná aon choinbhleacht leasa féideartha idir na feidhmeanna agus na leasanna lena mbaineann a chosc nó, nuair is cuí, í a láimhseáil. Luaitear go soiléir sa chéad sliocht de chuid 2.2.4 go bhfuil feidhm ag an bprionsabal ginearálta sin leis na forálacha sin:

“Níor chóir d’aon shealbhóir oifige gabháil d’aon ghníomhaíocht a bhféadfaí féachaint uirthi go réasúnach mar chur isteach ar lánchomhlíonadh agus comhlíonadh cuí óna dtaobhsan ar dhualgais a gcuid oifige nó nach mbeadh ag teacht leis.”

I lear cásanna, is féidir nach bhfuil sé soiléir go hiomlán nár cheart do shealbhóir oifige baint a bheith aige le gníomhú mar stiúrthóir cuideachta. Mar shampla, de bhua a fheidhmeanna ar leith ina Roinn féin agus de bhua comhfhreagrachta freisin, níor cheart d’Airí Rialtais a bheith ina stiúrthóirí cuideachta i gcúinsí ar bith agus ba cheart dóibh scor d’aon stiúrthóireacht atá acu ar a gceapadh chuig an gComh-aireacht. D’fhéadfadh feidhm a bheith aige sin maidir le hAire Stáit.

Ba cheart a thabhairt faoi deara nach ann d’aon fhorálacha lena gcuirtear cosc nó srianadh ar Chomhaltaí Oireachtais nach sealbhóirí oifige iad stiúrthóireachtaí cuideachta a bheith acu. Measann an Coimisiún gur cheart forálacha an Chóid ina leith sin a shoiléiriú agus gur cheart, mura mbeartaítear lánchosc a chur ar gach sealbhóir oifige stiúrthóireachtaí cuideachta a bheith acu, na critéir trína bhféadfaí na stiúrthóireachtaí sin a shealbhú a leagan amach go soiléir ach tagairt dhíreach a dhéanamh don fhéidearthacht go dtiocfadh coinbhleacht leasa aníos idir feidhmeanna an tsealbhóra oifige agus an stiúrthóireacht ar leith.

Leis sin, sholáthrófaí tuilleadh treorach do shealbhóirí oifige, don Choimisiún a bhféadfadh go n-iarrfaí air comhairle a thabhairt dóibh agus don phobal i gcoitinne, ar grúpa é nach mór dó a bheith ag súil go gcuirtear treoir shoiléir ar fáil do shealbhóirí oifige ar a bhfuil i gceist le caighdeáin chuí iompair agus ionracais.

Cuntais Pháirtí Polaitíochta

Sa bhliain 2015, ceanglaíodh le dlí ar pháirtithe polaitíochta, den chéad uair riamh, leabhair chuntais chuí a choimeád agus ráiteas bliantúil ar chuntais a ullmhú lena iniúchadh ag iniúchóir poiblí. Ceanglaítear ar gach páirtí polaitíochta a ráiteas bliantúil ar chuntais a ullmhú de réir teimpléid atá i dtreoirlínte arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin. Ní foláir an ráiteas ar chuntais a chur ar fáil don Choimisiún faoin 30 Meitheamh gach bliain agus ní foláir don Choimisiún iad a fhoilsiú a luaithe is féidir ina dhiaidh sin.

Leasuithe ar na hAchtanna Toghcháin

Cuireann an Coimisiún um Chaighdeáin fáilte roimh an leasú ar alt 4 den Acht Toghcháin, 1997, arna leasú. D’iarr an Coimisiún cheana féin go ndéanfaí athbhreithniú ar na smachtbhannaí a fhéadfar a fhorchur i gcás nach mbítear ag comhoibriú leis an gCoimisiún um Chaighdeáin (Tuarascáil 2009 maidir le Tríú Páirtithe ag an Reifreann ar Chonradh Liospóin 2008). Go háirithe, mhol an Coimisiún gur cheart go mbeadh sé ina chion mainneachtain comhoibriú le fiosrúcháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún um Chaighdeáin faoi alt 4(4) den Acht Toghcháin. Le halt 5 den Acht Toghcháin (Leasú) 2015, tá sé ina chion anois mainneachtain comhoibriú le fiosrúcháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún.

Coimisiún Toghcháin

Tá an lucht polaitíochta ag labhairt le blianta fada anuas faoi Choimisiún Toghcháin a bhunú.

I mí Eanáir 2015, rinne an tUas. Alan Kelly TD, an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Páipéar Comhairliúcháin a fhoilsiú ar Choimisiún Toghcháin Neamhspleách a bhunú. Chuir an tAire an páipéar comhairliúcháin ar aghaidh chuig an gComhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht ansin agus iarradh ar an gComhchoiste an páipéar a scrúdú agus breithniú a dhéanamh ar phróiseas comhairliúcháin a reáchtáil air. I mí na Bealtaine 2015, thug an Coiste cuireadh don Choimisiún um Chaighdeáin aighneacht a dhéanamh ar na tograí. Thug an Coiste cuireadh don Choimisiún freisin freastal ar éisteacht maidir leis an gCoimisiún Toghcháin atá beartaithe. Bhí an éisteacht sin ar siúl an 23 Meitheamh 2015. Chuir an Coimisiún um Chaighdeáin in iúl go mbeadh ciall le feidhmeanna toghcháin an Choimisiúin um Chaighdeáin a aistriú go hiomlán chuig an gCoimisiún Toghcháin nua. Sa tuarascáil ón gCoiste, a foilsíodh i mí Eanáir 2016, tacaíodh le Coimisiún Toghcháin a bhunú agus moladh gur cheart na feidhmeanna atá ag an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le rialáil a dhéanamh ar mhaoiniú polaitíochta agus ar chaiteachas toghcháin a aistriú chuig an gCoimisiún Toghcháin.

Tugtar tosaíocht i gClár an Rialtais 2016 do Choimisiún Toghcháin a bhunú. Tugtar le fios ann freisin go bhfuil sé beartaithe go mbeidh an Coimisiún Toghcháin freagrach as maoiniú polaitíochta agus as caiteachas toghcháin a rialáil, i measc nithe eile.

Cuireann an Coimisiún um Chaighdeáin fáilte roimh an gCoimisiún Toghcháin atá beartaithe.

Síntiúis Pholaitíochta

Síntiúis a nocht páirtithe polaitíochta

Ceanglaíodh ar gach páirtí polaitíochta ráiteas síntiús a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Márta 2016. Is gá síntiúis ar mó a luach comhiomlán ná €1,500 agus a fhaigheann páirtí polaitíochta a nochtadh. Is é €2,500 an luach uasta síntiús a bhféadfaidh páirtí polaitíochta glacadh leis ón aon duine amháin san aon bhliain féilire amháin. Ní foláir síntiúis a fuarthas ón aon síntiúsóir san aon bhliain féilire a chomhiomlánú chun cloí leis na teorainneacha uasta nochta agus glactha. Ba é €172,794 luach iomlán na síntiús a nocht páirtithe le linn na bliana 2015.

Faoi alt 25 den Acht Toghcháin, 1997, is cion é don oifigeach iomchuí de chuid páirtí polaitíochta mainneachtain ráiteas síntiús/dearbhú reachtúil agus deimhniú síntiús airgid/dearbhú reachtúil a chur ar fáil don Choimisiún faoin dáta sonraithe. Ba é an 31 Márta 2016 an spriocdháta le haghaidh na doiciméid riachtanacha a chur ar fáil.

Tá sonraí faoi na síntiúis a nocht páirtithe polaitíochta maidir leis an mbliain 2015 leagtha amach i dtuarascáil atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

Nochtadh ag TDanna, ag Seanadóirí agus ag FPEnna maidir le Síntiúis a fuarthas sa bhliain 2015

Duine a bhí ina Theachta Dála (TD), ina Sheanadóir nó ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) le linn na bliana 2015, ceanglaíodh air ráiteas síntiús/deimhniú síntiús airgid/dearbhú reachtúil a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir 2016. Ba ghá síntiúis ar mó a luach ná €600 agus a fuarthas le linn na bliana 2015 a nochtadh. Ní foláir síntiúis ón aon duine amháin san aon bhliain amháin a chomhiomlánú chun cloí leis an tairseach nochta agus leis an teorainn uasta glactha (€1,000).

Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

Ráitis Síntiús ó shíntiúsóirí aonair

Foráiltear le halt 24(1A)(a) den Acht Toghcháin, 1997, arna leasú, nach foláir do dhuine aonair ráiteas síntiús/dearbhú reachtúil a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin i gcás go dtugann sé/sí, in aon bhliain ar leith, síntiúis ar mó a luach comhiomlán ná €1,500 do bheirt nó níos mó a bhí ina gcomhaltaí den aon pháirtí polaitíochta nuair a tugadh na síntiúis, nó do pháirtí polaitíochta, agus do dhuine amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí. Ní foláir sonraí a thabhairt sa ráiteas síntiús/dearbhú reachtúil faoi na síntiúis agus faoi na daoine ar tugadh iad dóibh agus ní foláir iad sin a chur isteach faoin 31 Eanáir an bhliain dár gcionn.

Sa chás nach bhfuil sé ar intinn ag síntiúsóir cloí leis an gceanglas sin agus go bhfuil Comhalta nó iarrthóir i dtoghcháin ar an eolas faoi sin, beidh toirmeasc air/uirthi glacadh le síntiús ón duine sin. Sa chás go bhfaightear síntiús den sórt sin, ní foláir fógra a thabhairt don Choimisiún faoin síntiús laistigh de 14 lá agus ní foláir an síntiús nó luach an tsíntiúis a chur ar ais chuig an gCoimisiún.

Fuarthas trí ráiteas síntiús ó shíntiúsóirí aonair maidir leis an mbliain 2015. Ba é €10,494.00luach iomlán na síntiús sin.

Tá sonraí faoi na síntiúis a nocht síntiúsóirí aonair maidir leis an mbliain 2015 leagtha amach i dtuarascáil atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

Aonaid Chuntasaíochta

Mar a cuireadh chun suntais i dTuarascálacha Bliantúla roimhe seo, bíonn deacrachtaí ag an gCoimisiún um Chaighdeáin fós maidir le maoirseacht a dhéanamh ar fhorálacha na reachtaíochta a bhaineann le haonaid chuntasaíochta. I ndáil le páirtí polaitíochta, ciallaíonn aonad cuntasaíochta, craobh, lena n-áirítear ceanncheathrú an pháirtí polaitíochta i gcás gur aonad cuntasaíochta ar leith atá ann, nó fo-eagraíocht eile de chuid an pháirtí a fhaigheann, in aon bhliain ar leith, síntiús ar mó a luach ná €100.00. Tá 182 aonad cuntasaíochta ann sa dlínse seo faoi láthair.

Is cion é don duine freagrach de chuid aonad cuntasaíochta mainneachtain deimhniú síntiús airgid agus ráiteas bainc a chur ar fáil don Choimisiún faoin 31 Márta gach bliain. Bíonn sciar suntasach d’aonaid chuntasaíochta ag mainneachtain go fóill cloí leis na ceanglais reachtúla atá orthu, mar atá luaite sa tuarascáil.

Sa tuarascáil ar ráitis síntiús ó pháirtithe polaitíochta don bhliain 2015, tá sonraí faoi na tuairisceáin a chuir aonaid chuntasaíochta isteach sa bhliain. Tá an tuarascáil sin ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

Síntiúis do Thríú Páirtithe

Meastar gur tríú páirtí é eagraíocht a fhaigheann síntiús ar mó a luach ná €100 chun críocha polaitíochta. Tráth a fhaigheann sé síntiús den sórt sin ar mó a luach ná €100, ní foláir do thríú páirtí clárú leis an gCoimisiún um Chaighdeáin agus beidh sé faoi réir na rialacha céanna maidir le glacadh le síntiúis is a bhíonn páirtithe polaitíochta faoina réir.

Ní foláir do thríú páirtí na nithe seo a leanas a chur ar fáil don Choimisiún faoin 31 Márta gach bliain:

  • deimhniú síntiús airgid/dearbhú reachtúil lena ndeimhnítear gur taisceadh gach síntiús sa chuntas sin agus gur úsáideadh íocaíochtaí ón gcuntas chun críocha polaitíochta, agus
  • ráiteas bainc ón institiúid airgeadais ina gcoinnítear an cuntas síntiús polaitíochta.

Chláraigh 41 cheann de Thríú Páirtithe leis an gCoimisiún sa bhliain 2015. Dá réir sin, bhí oibleagáid orthu tuairisceáin reachtúla a chur ar fáil tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2016. Thug deich n-eagraíocht a chuir tuairisceáin isteach sa bhliain le fios gur mhian leo díchlárú don bhliain 2016. Bhí an Coimisiún sásta gur réasúnta a bhí na cúiseanna a thug siad le díchlárú. Táthar i dteagmháil le dhá eagraíocht eile ar an ábhar sin go fóill. De na 41 Thríú Páirtí a raibh oibleagáid orthu tuairisceáin a chur ar fáil an 31 Márta 2016 nó roimh an dáta sin, theip ar 18 gcinn (44%) díobh tuairisceáin a chur ar fáil roimh an spriocdháta nó tuairisceáin a chur isteach ar chor ar bith.

Rinne an Coimisiún dhá chomhad maidir le Right2Water a atreorú chuig an nGarda Síochána. Bhain comhad amháin le síntiúis thoirmiscthe ar ghlac Right2Water leo sa bhliain 2014. Bhain an comhad eile le mainneachtain Right2Water cloí leis na ceanglais reachtúla a bhí air doiciméid a chur isteach maidir leis an mbliain 2015.

Ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin, tá faisnéis cothrom le dáta faoin líon eagraíochtaí a ndeachthas i dteagmháil leo agus atá cláraithe leis an gCoimisiún. Tá faisnéis ann freisin faoi eagraíochtaí a chuir in iúl nach measann siad gur gá dóibh clárú.

An Clár de Shíntiúsóirí Corparáideacha

Áirítear iad seo a leanas leis an sainmhíniú ar shíntiúsóir corparáideach: comhlacht corpraithe, comhlacht neamhchorpraithe daoine, nó iontaobhas, a thugann síntiús. Meastar gur duine amháin comhlacht corpraithe agus aon fhochomhlacht dá chuid. I gcás síntiúsóir corparáideach, ní fhéadfar glacadh le síntiús ar mó a luach ná €200 uaidh ach amháin i gcás go bhfuil an síntiúsóir corparáideach cláraithe sa Chlár de shíntiúsóirí corparáideacha (arna choimeád ar bun ag an gCoimisiún) agus go gcuirtear ráiteas thar ceann an tsíntiúsóra chorparáidigh ar fáil don fhaighteoir, ráiteas lena ndeimhnítear gur cheadaigh an síntiúsóir corparáideach an síntiús. Ní foláir dearbhú reachtúil a bheith ag gabháil leis an ráiteas, dearbhú reachtúil ina ndeirtear go bhfuil an ráiteas ceart i ngach ponc ábhartha, de réir mar is fearr is eol don duine lena mbaineann agus mar a chreideann sé, agus go bhfuil gach gníomh réasúnach déanta ag an duine chun bheith deimhin de go bhfuil an ráiteas cruinn.

Ní foláir do shíntiúsóirí corparáideacha ar mian leo síntiús ar mó a luach ná €200 a dhéanamh chun críocha polaitíochta clárú leis an gCoimisiún agus ráiteas a chur ar fáil d’fhaighteoir an tsíntiúsóra, ráiteas lena ndeimhnítear gur cheadaigh comhaltaí, scairshealbhóirí nó iontaobhaithe an tsíntiúsóra chorparáidigh lena mbaineann an síntiús.

Mhéadaigh líon na síntiúsóirí corparáideacha atá cláraithe leis an gCoimisiún go 11 cheann sa bhliain 2015. Bhí ceithre cinn cláraithe sa bhliain 2014 agus bhí dhá cheann cláraithe sa bhliain 2013. Is féidir stádas reatha na n-eagraíochtaí atá cláraithe mar shíntiúsóirí corparáideacha a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin

Fothoghchán don Seanad an 13 Samhain 2015

Chuaigh ceathrar iarrthóirí san iomaíocht le chéile lena dtoghadh chuig an Seanad chun an folúntas a tháinig chun cinn nuair a d’éirigh an Seanadóir Jimmy Harte as a líonadh. Ba iad na comhaltaí reatha de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann a ghníomhaigh mar thoghthóirí don fhothoghchán. Bhí Jerry Beades, Keith Swanick, Sinéad Burke agus Máiria Cahill ar na hiarrthóirí san fhothoghchán.

Bhí Máiria Cahill Uas. ar an iarrthóir ar éirigh léi. Sheol an triúr iarrthóirí nár éirigh leo na doiciméid riachtanacha chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin faoin spriocdháta reachtúil ar an 8 Eanáir 2016, agus ráiteas síntiús ‘nialasach’ á chur isteach ag gach duine díobh.

Tá an tuarascáil ar an bhfothoghchán don Seanad ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

Caiteachas Toghcháin sa bhliain 2015

Fothoghchán Cheatharlach – Chill Chainnigh an 22 Bealtaine 2015

B’ionann agus €185,738 an caiteachas iomlán a nocht gníomhairí toghcháin agus gníomhairí náisiúnta i bhFothoghchán Cheatharlach-Chill Chainnigh. Nocht iarrthóir amháin nár éirigh léi (Elizabeth Hourihane, Iarrthóir Neamhpháirtí) go bhfuair sí dhá shíntiús dar luach €749 an ceann.

Ba é €45,200 an teorainn chaiteachais san iarrthóir. Ba thar ceann Bobby Aylward (Fianna Fáil), an t-iarrthóir ar éirigh leis, a tabhaíodh an caiteachas ab airde. B’ionann an caiteachas sin agus€43,895. B’ionann an chéad chaiteachas ab airde eile agus €31,594, a caitheadh thar ceann David Fitzgerald (Fine Gael). Bhí an tsuim €29,787 a caitheadh thar ceann Patrick McKee (Renua Ireland) ar an gcéad chaiteachas ab airde eile ina dhiaidh sin.

Íocfaidh an Státchiste suim iomlán €61,855> leis an ochtar iarrthóirí a cháiligh le haghaidh aisíocaíocht speansas toghcháin. Cháiligh seisear as an ochtar iarrthóirí le haghaidh na haisíocaíochta uasta €8,700 an duine agus cháiligh an bheirt eile le haghaidh aisíocaíochtaí arbh fhiú €6,337 agus €3,318 faoi seach iad.

Tá an tuarascáil ar Fhothoghchán Cheatharlach-Chill Chainnigh ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

Maoiniú Státchiste do pháirtithe polaitíochta

An tAcht Toghcháin, 1997, arna leasú

D’fhonn cáiliú le haghaidh maoiniúcháin faoi na hAchtanna Toghcháin, ní foláir go bhfuil páirtí polaitíochta ar áireamh i gClár na bPáirtithe Polaitíochta agus go bhfuair sé 2% ar a laghad de na vótaí chéad rogha sa toghchán ba dhéanaí don Dáil. Íocadh maoiniú le ceithre pháirtí cháilithe (Fianna Fáil, Fine Gael, Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre) le linn na bliana 2015 ar bhonn na dtorthaí san olltoghchán an 25 Feabhra 2011.

Íoctar méid bunúsach €126,973.81 sa bhliain le gach páirtí polaitíochta cáilithe. De bhreis air sin, tá gach páirtí polaitíochta cáilithe i dteideal sciar de shuim bhliantúil a fháil. Socraíodh an tsuim sin ag €3,809,214 ar dtús, ach méadaítear í de réir méaduithe ginearálta pá sa státseirbhís. Leis an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta) 2012, tugadh ceanglas nua isteach a d’fhág go laghdófaí an tsuim bhliantúil de réir laghduithe ginearálta pá sa státseirbhís freisin. Níor cuireadh aon mhéaduithe ná laghduithe i bhfeidhm maidir leis an gciste sa bhliain 2015. B’ionann an ciste agus €4,948,202 amhail an 31 Nollaig 2015. Cinntear an sciar den chiste atá iníoctha le páirtí polaitíochta cáilithe ach na vótaí chéad rogha a fuair an páirtí cáilithe a chur in iúl mar chéatadán d’iomlán na vótaí chéad rogha a fuair na páirtithe polaitíochta cáilithe go léir.

Ní fhéadfar an maoiniú a úsáid chun críocha toghcháin ná reifrinn.

Tá an tuarascáil maidir leis na Ráitis ar Chaiteachas Maoiniú Státchiste ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 (Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte)

Foráladh i sraith Achtanna éagsúla, agus san Acht um an Oireachtas agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938, ar dtús, do liúntas bliantúil (i dtaca le speansais a eascraíonn as gníomhaíochtaí parlaiminte an pháirtí, taighde san áireamh) a íoc le ceannaire amháin nó níos mó ar pháirtithe parlaiminte. Rialáladh íoc an liúntais faoi na hAchtanna sin freisin. Ceanglaítear ar cheannairí páirtí ráiteas bliantúil ar chaiteachas ón liúntas sin a chur ar fáil don Choimisiún. D’éirigh liúntas den chineál céanna iníoctha le comhaltaí neamhspleácha den Dáil agus den Seanad faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2001. Leis an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, laghdaíodh leibhéal na n-íocaíochtaí a dhéantar agus foráladh den chéad uair riamh go gceanglófaí ar chomhaltaí neamhspleácha ráiteas bliantúil ar chaiteachas a chur ar fáil don Choimisiún. Tugtar an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte (LGP) ar an liúntas.

Is é an sainmhíniú a thugtar san Acht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte ar pháirtí a cháilíonn don liúntas ná páirtí polaitíochta, atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, a chuaigh san iomaíocht san olltoghchán is déanaí nó in aon fhothoghchán ina dhiaidh sin agus ar toghadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid chuig Dáil Éireann nó a ndearnadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid a thoghadh nó a ainmniú chuig Seanad Éireann. Cháiligh ceannairí parlaiminte ar sheacht bpáirtí polaitíochta (an Chomhghuaillíocht Frith-Dhéine, Fianna Fáil, Fine Gael, Comhghuaillíocht an Phobail roimh Bhrabús, Sinn Féin, Stop an Cháin Uisce - Páirtí Sóisialach, agus Páirtí an Lucht Oibre) don liúntas a fháil. An 28 Lúnasa 2015, rinneadh an Chomhghuaillíocht Frith-Dhéine agus Comhghuaillíocht an Phobail roimh Bhrabús a chónascadh ina bpáirtí polaitíochta cláraithe aonair ar a dtugtar an Chomhghuaillíocht Frith-Dhéine - Comhghuaillíocht an Phobail roimh Bhrabús. Cháiligh an páirtí nua don liúntas a fháil ón dáta sin. Fuair na páirtithe €6,830,058 san iomlán faoin Acht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte sa bhliain 2015.

Ní fhéadfar an maoiniú a úsáid chun críocha toghcháin ná reifrinn. Ní foláir Ráitis ar Chaiteachas an mhaoiniúcháin a fuarthas a chur ar fáil don Choimisiún.

Faigheann comhaltaí neamhpháirtí de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann maoiniú faoin reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte freisin. B’ionann agus €561,728 an méid iomlán a íocadh le linn na bliana 2015 le comhaltaí neamhpháirtí a toghadh chuig Dáil Éireann agus b’ionann agus €252,540 an méid iomlán a íocadh le linn na tréimhse sin le comhaltaí neamhpháirtí a toghadh nó a ainmníodh chuig Seanad Éireann.

Is ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin atá an tuarascáil maidir le Ráitis ar Chaiteachas an Liúntais Ghníomhaíochtaí Parlaiminte don bhliain 2015. Fuair an Coimisiún na ráitis ó na ceannairí parlaiminte ar na seacht bpáirtí polaitíochta a cháiligh don liúntas le linn na bliana 2015 agus ón dáréag Seanadóirí neamhspleácha agus ó na cúig Theachta Dála neamhspleácha dhéag a fuair íocaíochtaí sa bhliain 2015.

Brústocaireacht

Cuireadh le sainchúram an Choimisiúin um Chaighdeáin de bharr rith an Achta um Brústocaireacht a Rialáil 2015 (an tAcht). Shínigh an tUachtarán an tAcht isteach sa dlí i mí an Mhárta 2015 agus tháinig sé i bhfeidhm ina dhiaidh sin an 1 Meán Fómhair 2015. Bhí breis agus 1,100 duine/eagraíocht cláraithe faoin gcéad spriocdháta i mí Eanáir 2016. Chabhraigh líon suntasach tionscnamh for-rochtana agus oideachais a reáchtáladh le linn na bliana le feasacht agus le tuiscint ar an Acht agus ar na hoibleagáidí a ghabhann leis a mhéadú i measc daoine a d’fhéadfadh bheith ag gabháil do ghníomhaíocht brústocaireachta. Toisc gur díríodh sa chéad bhliain seo ar thuiscint a fhorbairt ar an Acht agus ar chomhlíonadh an Achta a spreagadh, níl sé beartaithe go mbeidh éifeacht leis na forálacha forfheidhmithe atá san Acht go dtí aon bhliain amháin tar éis an dáta a tháinig an tAcht i bhfeidhm.

Ceanglaítear leis an Acht ar an gCoimisiún tuarascáil bhliantúil ar leith a fhoilsiú ar bhrústocaireacht a rialáil. Is féidir amharc ar an tuarascáil sin anseo.

Moladh An Scéala is Déanaí
Eitic
Leasuithe maidir le nósanna imeachta a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eithic
Ba cheart don Choimisiún um Chaighdeáin a Thuarascáil Bhliantúil a leagan faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas go díreach seachas í a chur faoi bhráid an Aire Airgeadais (an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe anois) a leagfaidh faoina mbráid ansin í (Réamhrá, Tuarascáil Bhliantúil 2010). Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún Oifigeach Fiosrúcháin a cheapadh chun réamhfhiosrúchán a dhéanamh ar ní nach bhfuil gearán déanta ina leith faoi na hAchtanna um Eitic (Caibidil 1, Fiosrúcháin Fhéintionscanta, Tuarascáil Bhliantúil 2004). Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Ba cheart foráil a dhéanamh go gcuirfí córam nach mbeidh níos lú ná triúr comhaltaí ann (lena n-áirítear an Cathaoirleach i ngach cás) ar fáil chun imscrúdú a éisteacht faoi na hAchtanna um Eitic (Caibidil 4, Leasuithe a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic, Tuarascáil Bhliantúil 2008). Bhunófaí Coimisinéir um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí in áit an Choimisiúin leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Leasuithe eile a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic agus ar reachtaíocht ghaolmhar
Ba cheart acht cuimsitheach a bheith ann lena gcomhdhlúthófaí na hAchtanna um Eitic agus gach reachtaíocht eile lena bhforáiltear do leasanna a nochtadh agus d’fhorálacha gaolmhara d’oifigigh phoiblí (Caibidil 2, Creataí um Eitic arb Ionann a bhForálacha, Tuarascáil Bhliantúil 2009). Chomhlíonfaí an moladh seo, agus moltaí eile atá liostaithe san aguisín seo, leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015. (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Ba cheart leasú a dhéanamh ar na forálacha maidir le gearáin faoi ‘ghníomh sonraithe’ sa chaoi is go gceadófaí tagairt do ráiteas ardleibhéil maidir leis na prionsabail eitice atá le leanúint ag seirbhísigh phoiblí agus ag ionadaithe poiblí (Caibidil 2, Ráiteas Ardleibhéil maidir le Prionsabail Eitice, Tuarascáil Bhliantúil 2009). Ní chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015 (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Ba cheart leasú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar ‘dhuine bainteach’ (féach an sainmhíniú in Aguisín 3) sa chaoi is go bhforálfaí gur “duine atá bainteach” le cuideachta is ea duine (féach an sainmhíniú in Aguisín 3) atá ina stiúrthóir ar an gcuideachta sin agus gur “daoine atá bainteach” leis an duine sin freisin iad stiúrthóirí eile na cuideachta sin (Caibidil 2, Daoine Bainteacha, Tuarascáil Bhliantúil 2009). Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015 (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Ba cheart ceanglas a bheith ann go nochtfaí dliteanais mar ‘leasanna inchláraithe’ (Caibidil 2, Dliteanais a Nochtadh, Tuarascáil Bhliantúil 2009). Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015 (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Is i dTithe an Oireachtais ba cheart tairiscintí a thionscnamh chun Cathaoirligh ar Choistí Oireachtais a ainmniú mar shealbhóirí oifige chun críocha na nAchtanna um Eitic (Caibidil 1, Na hAchtanna um Eitic, Tuarascáil Bhliantúil 2005). Chinn an tAire Airgeadais gan na rúin a thairiscint (Caibidil 4, Leasuithe a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic, Tuarascáil Bhliantúil 2008).  Bhainfí an t-idirdhealú idir sealbhóirí oifige agus comhaltaí eile den Oireachtas leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015 (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Ba cheart leasuithe a dhéanamh ar na teorainneacha ama faoina mbeidh dearbhuithe reachtúla, deimhnithe imréitigh cánach agus ráitis iarratais le déanamh nó le heisiúint agus le cur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin ag comhaltaí tofa agus ag daoine a cheapfar chuig poist shinsearacha agus i stiúrthóireachtaí sa tseirbhís phoiblí (Caibidil 1, Forálacha Imréitigh Cánach – tuairimí don Aire Airgeadais, Tuarascáil Bhliantúil 2003). Ba ó mhí amháin go trí mhí a leasaíodh leis an Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008 an spriocdháta maidir le dearbhú reachtúil a bheidh le déanamh ag duine a bheidh molta le ceapadh chuig oifig bhreithiúnach; bheadh foráil den chineál céanna ag teastáil do chomhaltaí tofa agus do sheirbhísigh phoiblí shinsearacha chun an moladh a chomhlíonadh (Aguisín 4, Leasuithe a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic agus ar reachtaíocht ghaolmhar, Tuarascáil Bhliantúil 2009).  Chomhlíonfaí an moladh seo leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015 agus d’fhorálfaí leis do chomhlíonadh bliantúil (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Ba cheart cód iompair a ghlacadh do sheirbhísigh phoiblí agus do chomhaltaí de bhoird stáit sa mhórsheirbhís phoiblí (Caibidil 1, Cóid Iompair do Sheirbhísigh Phoiblí, Tuarascáil Bhliantúil 2003). Thabharfaí cód eiseamláireach iompair isteach leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015, rud a mbeadh feidhm aige le gach oifigeach poiblí. D’fhorálfaí leis an mBille freisin do chóid aonair a chur i bhfeidhm i ngach comhlacht poiblí. Molann an Coimisiún go bhforálfaí do chóid earnála. (Caibidil 2, An Bille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
Ba cheart cur chuige uile-sheirbhíse poiblí a ghlacadh i leith éileamh dúbailte speansas taistil agus cothaithe a chosc agus a bhrath. (Caibidil 2, Gearáin, Tuarascáil Bhliantúil 2014). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Cúrsaí Toghcháin
Leasú nós imeachta a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin
Ba cheart breithniú a dhéanamh ar roinnt cuntasachta a fhorchur, i gcomhthéacs na dteorainneacha caiteachais, i leith tréimhse shonraithe roimh thosach feidhme na tréimhse toghcháin arna sainmhíniú leis an dlí (i.e. go bhféadfaí síneadh a chur leis an tréimhse toghcháin ionas go n-áireofaí tréimhse roimh lánscor na Dála léi nó sula dtáirgtear eascaire ag toghchán) (Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin 2003). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Leasú a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin maidir leis an tréimhse toghcháin
Ba cheart breithniú a dhéanamh ar roinnt cuntasachta a fhorchur, i gcomhthéacs na dteorainneacha caiteachais, i leith tréimhse shonraithe roimh thosach feidhme na tréimhse toghcháin arna sainmhíniú leis an dlí (i.e. go bhféadfaí síneadh a chur leis an tréimhse toghcháin ionas go n-áireofaí tréimhse roimh lánscor na Dála léi nó sula dtáirgtear eascaire ag toghchán) (Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin 2003). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Leasú a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin maidir le Tríú Páirtithe
Níor cheart an sainmhíniú ar a bhfuil i gceist le “tríú páirtí” a chinneadh bunaithe ar cé acu a fuair duine aonair/grúpa síntiús nó nach bhfuair. Ina ionad sin, ba cheart díriú ar chaiteachas ag daoine aonair/grúpaí agus féachaint orthu mar thríú páirtithe má bhíonn sé beartaithe acu caiteachas a tharraingt orthu féin os cionn tairseach áirithe, abair €5,000, i ndáil le feachtas atá chun críocha polaitíochta faoi mar a shainmhínítear sa reachtaíocht (Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin 2003; agus Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann ar Chonradh Liospóin). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart an próiseas clárúcháin do “thríú páirtithe” agus do “dhaoine eile” (a bhfuil sé beartaithe acu speansais toghcháin a tharraingt orthu féin) a chónascadh. (Níor cheart go mbeadh aon ghá ann go gcláródh duine aonair/grúpa mar “thríú páirtí” agus go gcláróidís mar “dhuine eile” freisin.) (Athbhreithniú ar na hAchtanna Toghcháin 2003). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Ba cheart clárú tríú páirtithe a cheadú ar feadh tréimhse feachtais ar leith amháin nó ar bhonn leanúnach (Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann ar Chonradh Liospóin 2008). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Leasú a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin maidir le caiteachas ag reifrinn
Ba cheart foráil a dhéanamh do thrédhearcacht i dtaca le maoiniú agus le caiteachas ar fheachtais reifrinn agus ba cheart ceanglas a chur ar thríú páirtithe agus ar pháirtithe polaitíochta mionsonraí a nochtadh faoi chaiteachas ar fheachtais reifrinn. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart faisnéis a chur ar fáil faoi na foinsí maoiniúcháin atá ar fáil do thríú páirtithe agus do pháirtithe polaitíochta araon (Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann ar Chonradh Liospóin 2008). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
Leasuithe eile a mholtar a dhéanamh ar na hAchtanna Toghcháin
Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na smachtbhannaí a fhéadfar a fhorchur i gcás nach mbítear ag comhoibriú leis an gCoimisiún um Chaighdeáin. Go háirithe, ba cheart go mbeadh sé ina chion mainneachtain comhoibriú le fiosrúcháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún faoi alt 4(4) den Acht Toghcháin (Tuarascáil 2009 maidir le tríú páirtithe ag an Reifreann ar Chonradh Liospóin 2008). Foráiltear don méid seo anois le halt 5 den Acht Toghcháin (Leasú), 2015 (Caibidil 3, Cúrsaí Toghcháin, Tuarascáil Bhliantúil 2015).
D’fhonn cothrom na féinne a chinntiú idir iarrthóirí, agus d’fhonn méid trédhearcachta a áirithiú, ba cheart úsáid cistí poiblí chun críocha toghcháin a bheith ina cuid den chód toghcháin seachas mar chuid de reachtaíocht eile, ar ríléir go ngabhann cuspóir ar leithligh ar fad léi. Is é a bheadh i gceist leis sin ná aisghairm iarmhartach a dhéanamh ar na forálacha lena bpléitear le soláthar seirbhísí agus áiseanna tar éis lánscor Dháil Éireann ag Coimisiún Thithe an Oireachtais (alt 4(4A) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003, (arna leasú le halt 4(c) den Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú) 2009)] (Tuarascáil ar an Olltoghchán don Dáil sa Bhliain 2007). Níl aon rud le tuairisciú ina leith seo.
An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 (an tAcht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte)
Leasú a mholtar a dhéanamh ar an reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte maidir le comhairle a thabhairt
Ba cheart an Coimisiún um Chaighdeáin a cheadú comhairle a thabhairt faoi úsáid chuí a bhaint as an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte agus ba cheart comhairle den sórt sin a bheith ceangailteach le dlí ar na daoine a bhfuil feidhm ag an reachtaíocht ina leith (Tuarascáil Bhliantúil 2007). Ní fhoráiltear leis an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 don Choimisiún a cheadú comhairle a thabhairt

Feabhra

  • Tuarascáil ar Chaiteachas agus ar Shíntiúis a nocht iarrthóirí san Fhothoghchán don Seanad an 10 Deireadh Fómhair 2014.
  • Treoirlínte maidir leis an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte.
  • Caiteachas agus Síntiúis a nocht iarrthóirí i bhFothoghcháin Bhaile Átha Cliath Thiar Theas agus Ros Comáin-Liatroma Theas an 10 Deireadh Fómhair 2014.

Márta

  • Tuarascáil ar Chaiteachas agus ar Shíntiúis a nocht iarrthóirí i bhFothoghcháin Bhaile Átha Cliath Thiar Theas agus Ros Comáin-Liatroma Theas an 10 Deireadh Fómhair 2014.

Bealtaine

  • Tuarascáil ar Mhaoiniú Stáit a fuair Páirtithe Polaitíochta, Ceannairí Parlaiminte agus Comhaltaí Neamhspleácha sa bhliain 2014 faoin Acht Toghcháin, 1997, arna leasú.

Meitheamh

  • Tuarascáil ar an Nochtadh ag Páirtithe Polaitíochta ar Shíntiúis a Fuarthas don bhliain 2014 Arna cur faoi bhráid an Chathaoirligh ar Dháil Éireann de bhun alt 4(1) den Acht Toghcháin, 1997.

Iúil

  • Tuarascáil Bhliantúil an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí don bhliain 2014.

Lúnasa

  • Tuarascáil ar Chaiteachas agus ar Shíntiúis a nocht iarrthóirí i bhFothoghchán Cheatharlach – Chill Chainnigh an 22 Bealtaine 2015.

Deireadh Fómhair

  • Treoirlínte le haghaidh an Fhothoghcháin don Seanad an 13 Samhain 2015.

Samhain

  • Tuarascáil ar an Imscrúdú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar Shárú Líomhnaithe ag an Uas. Tim Caffrey, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae an Longfoirt, ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, agus ar Chuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil.

Nollaig

  • Aighneacht ón gCoimisiún um Chaighdeáin maidir leis an Dréachtscéim Ghinearálta de Bhille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí.
  • Dréacht-treoirlínte le haghaidh an Olltoghcháin don Dáil, 2016.

Leagtar amach sa tábla thíos an caiteachas a cuireadh i leith an Choimisiúin um Chaighdeáin sa bhliain 2015. Tá caiteachas an Aonaid Bhrústocaireachta nuabhunaithe ar áireamh sna figiúirí don bhliain 2015. Tá na figiúirí don bhliain 2014 tugtha freisin chun críocha comparáide.

Cuireann Oifig an Ombudsman seirbhísí corparáideacha (Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide, Airgeadas, Acmhainní Daonna, Seirbhísí Corparáideacha) ar fáil don Choimisiún chun é a chumasú a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh. Is ionann Jacqui McCrum, Ard- Stiúrthóir ar Oifig an Ombudsman/Oifig an Choimisinéara Faisnéise, agus an tOifigeach Cuntasaíochta. Is faoi Fho-mhírcheann B de Vóta 18 [Oifig an Ombudsman] a fhoráiltear do chaiteachas an Choimisiúin.

  2015 €000 2014 €000
Tuarastail 709 548
Cothú agus Taisteal 6 3
Nithe Teagmhasacha 187 61
Costais Phoist 13 8
Innealra Oifige 92 59
Costais Áitribh Oifige 30 31
Comhairleacht 156 22
Táillí Dlí 156 134
Iomlán 1,350 866

Soláthraíonn Oifig an Ombudsman an rúnaíocht don Choimisiún um Chaighdeáin ag a cuid oifigí ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, áit a bhfuil Oifig an Choimisinéara Faisnéise, Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil agus an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí lonnaithe freisin. Déantar miondealú sa tuairisc ar úsáid fuinnimh ar fud na hoifige ar fad agus tá sí ar fáil i dTuarascáil Bhliantúil an Ombudsman 2015.