Tugann an Coimisiún um Chaighdeáin tuairisc ar an nochtadh bliantúil síntiús a dhéanann TDanna, Seanadóirí, FPEnna agus páirtithe polaitíochta. Féach thíos chun teacht ar na tuarascálacha foilsithe.

Cé na daoine nach mór dóibh síntiúis a nochtadh?

Ní mór do TDanna, do Sheanadóirí agus do FPEnna ráiteas síntiús a sheoladh chuig an gCoimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir gach bliain i ndáil leis an mbliain roimhe.

Ní mór do pháirtithe polaitíochta cláraithe agus do thríú páirtithe cláraithe na ráitis uathu a sheoladh faoin 31 Márta. 

Cé na nithe a fhoilsítear? 

Foilsíonn an Coimisiún tuarascálacha maidir leis na síntiúis ar nocht TDanna, Seanadóirí, FPEnna agus páirtithe polaitíochta iad, agus tugtar na tuarascálacha sin i láthair san Oireachtas.

Cé nach mór do thríú páirtithe síntiúis pholaitíochta a nochtadh, ní cheanglaítear leis an Acht orainn tuarascáil a fhoilsiú ina leith.

Tuarascálacha maidir le síntiúis do pháirtithe polaitíochta:

Tuarascálacha maidir le síntiúis do TDanna, do Sheanadóirí agus do FPEnna: