Tháinig an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2015.

Leis an Acht, foráiltear do chlár brústocaireachta ar líne chun cur ar chumas daoine a fheiceáil cé hiad na daoine atá ag déanamh cumarsáid le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le beartas sonrach, le cúrsaí reachtaíochta agus le cinntí ionchasacha. Is féidir go mbeidh roinnt oifigigh phoiblí ainmnithe faoi réir srianta áirithe iarfhostaíochta faoin Acht.  

Tá suíomh Gréasáin ar leith ag an gCoimisiún (www.lobbying.ie) don Chlár Brústocaireachta agus chun treoir agus faisnéis a chur ar fáil maidir le brústocaireacht a rialáil. 

Lobbying.ie