Cloíonn an Coimisiún leis na Rialacháin maidir le Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid agus spreagaimid athúsáid na faisnéise a tháirgimid.

Tá an cóipcheart ag an gCoimisiún chun na faisnéise ar fad atá ar an suíomh Gréasáin seo, mura sonraímid a mhalairt. Is ceadmhach duit an fhaisnéis sin a athúsáid saor in aisce i bhformáid ar bith. Áirítear le hathúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint chuig an bpobal, foilsiú, craoladh agus aistriú chuig teangacha eile.

Is ceadmhach duit faisnéis agus doiciméid ar an suíomh Gréasáin seo a atáirgeadh nó a athúsáid – faoi réir an leagain is déanaí de Cheadúnas Fhaisnéis na hEarnála Poiblí, atá ar fáil ag http://www.psi.gov.ie/. De ghnáth, bíonn athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas: Ní mór duit:

  • An fhoinse agus cóipcheart an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a aithint i gcásanna go soláthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile
  • An fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn
  • Gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach
  • Gan an fhaisnéis a úsáid go príomha chun táirge nó seirbhís a fhógairt nó a chur chun cinn
  • Gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha neamhdhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta ná chun tacú leis na críocha sin

Nílimid faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais nó dliteanais atá bainteach le faisnéis a thugtar ar ár suíomh Gréasáin a athúsáid. Mar an gcéanna, cé go ndéanaimid dianiarracht a chinntiú go mbíonn an fhaisnéis cothrom le dáta agus cruinn, ní dheimhníonn an Coimisiún go bhfuil an fhaisnéis ar fad cothrom le dáta agus saor ó earráidí. Ní thugaimid cearta eisiacha d’aon duine chun ár bhfaisnéis a athúsáid.