Réamhrá

Cuirtear faisnéis ar fáil duit san Fhógra um Príobháideachas (“an Fógra”) seo duit maidir leis na sonraí pearsanta fút atá á gcoimeád ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (“an Coimisiún”).

* an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 1995 (arna leasú ag an tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001);

* an tAcht Toghcháin, 1997 arna leasú;

* an tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014; agus

* Cuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001.

Léiríonn an Coimisiún meas iomlán ar an gceart i leith príobháideachais atá agat.  Caithfear le do shonraí pearsanta de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, agus i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) agus an tAcht um Chosaint Sonraí (“an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí”). 

Is féidir leis an gCoimisiún tabhairt faoi shuirbhéanna nó faoi fhor-rochtain le páirtithe leasmhara ó thráth go chéile ag féachaint le feabhas a chur ar sheirbhísí agus/nó eolas agus tuiscint ar oibleagáidí reachtaíochta a mhéadú. Is féidir linn teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara trí úsáid a bhaint as an eolas teagmhála a sholáthair siad, nó ó na foinsí sonraí oscailte atá ar fáil go poiblí.

Baintear úsáid san Fhógra seo as téarmaí áirithe a bhfuil ciall ar leith acu faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí. Féach an mhír Sainmhíniú san Fhógra seo chun teacht ar mhíniú nó sainmhíniú ar na téarmaí ábhartha.

Cé sinn féin agus an méid a dhéanaimid

Déanann an Coimisiún um Chaighdeáin maoirseacht ar riar na reachtaíochta i gceithre limistéar ar leith:

  • Na hAchtanna um Eitic in Oifig Poiblí, ina leagtar amach caighdeáin iompair d’oifigigh phoiblí a thoghtar agus a cheaptar;
  • An tAcht Toghcháin 1997, a rialaíonn maoiniú polaitiúil, tabhartais pholaitiúla agus costais toghcháin ina measc;
  • An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, a rialaíonn caiteachas cistí poiblí do pháirtithe polaitíochta agus pháirtithe neamhspleácha; agus
  • Cuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001

Cad a dhéanann an Coimisiún um Chaighdeáin?

  • cuireann sé treoir agus comhairle ar fáil do pháirtithe leasmhara;
  • déanann sé maoirseacht ar chomhlíonadh, tuairisceáin reachtúla a fháil ó dhaoine aonair agus eagraíochtaí faoi réir na nAchtanna ina measc;
  • déanann sé gearáin a phróiseáil agus scrúdú ar éagóir fhéideartha faoi na hAchtanna; agus
  • tugann sé faoi ghníomhaíochtaí for-rochtana lena chinntiú go dtuigeann agus gur féidir leo siúd a bhfuil oibleagáidí orthu faoi na hAchtanna (comhaltaí an Oireachtais, iarrthóirí toghcháin agus brústocairí ina measc) ceanglais an Achta a chomhlíonadh.
  • tacaíonn Rúnaíocht leis an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir lena chuid oibre, atá faoi stiúir an Chinn Rialála Eitice agus Brústocaireachta. Cuireann Oifig an Ombudsman foireann na Rúnaíochta ar fáil.

Seirbhísí comhroinnte

Déantar seirbhísí nó saoráidí áirithe ‘intí’ a chomhroinnt idir an tOmbudsman agus Oifig an Choimisinéara Faisnéise, an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, agus an Coimisiún Reifrinn. I measc na seirbhísí seo, tá cóiríocht, airgeadas, acmhainní daonna, cumarsáid, cúrsaí dlí agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC).  Comhrialaitheoirí iad an Coimisinéir agus Oifig an Ombudsman a mhéid atá sonraí pearsanta a bhaineann leis na seirbhísí comhroinnte siúd i gceist.

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí na sonraí teagmhála seo a leanas a úsáid:

Oifig an Ombudsman, ina bhfuil an tOmbudsman agus Oifig an Choimisinéara Faisnéise, an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, agus an Coimisiún Reifrinn.

6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, DO2 W773. 

Guthán: (01) 639 5600. 

Ríomhphost: info@sipo.ie

An tOifigeach Cosanta Sonraí

Tá Oifigeach Cosanta Sonraí ceaptha againn agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis maidir leis na sonraí atá san Fhógra.  Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí trí na sonraí teagmhála seo a leanas a úsáid:

Ríomhphost: dataprotection@ombudsman.ie

Guthán: (01) 639 5760 

Seoladh Poist: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, DO2 W773.  

Ainmnítear an tOifigeach Cosanta Sonraí le hOifig an Ombudsman, agus tá freagracht air as iarrataí ar shonraí d’ Oifig an Ombudsman, Oifig an Choimisinéara Faisnéise, an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, agus an Coimisiún Reifrinn.

Do shonraí pearsanta agus conas a bhailímid iad

Braithfidh na sonraí pearsanta a choimeádaimid agus an áit as a dtagann siad ar shaghas an idirghníomhaithe a dhéanann tú leis an gCoimisiún. 

Cuireann tú féin méid an-mhór de na sonraí pearsanta ar fáil atá á gcoimeád againn fút nuair a chuireann tú glao orainn, nuair a sheolann tú litreacha agus ríomhphoist chugainn agus nuair a dhéanann tú cumarsáid eile leis an gCoimisiún. 

Coimeádaimid do shonraí pearsanta freisin nuair a sholáthair duine eile iad nó a sholáthair duine eile thar do cheann iad, ar a dtugtar tríú páirtithe nó ionadaithe, faoi seach.  Cuirtear sonraí breise faoi seo ar fáil thíos.

Daoine a dhéanann teagmháil linn

Coimeádaimid faisnéis (sonraí pearsanta) faoi dhaoine a dhéanann teagmháil leis an gCoimisiún. Áirítear leis na sonraí pearsanta seo, mar shampla, d’ainm agus sonraí teagmhála, sonraí a bhaineann le cuspóir do theagmhála agus aon sonraí pearsanta eile a sholáthraíonn tú. 

Státseirbhísigh agus Fostaithe Forordaithe sa tSeirbhís Phoiblí; Comhairleoirí Speisialta; Comhaltaí an Oireachtais; an tArd-Aighne; Ceapaithe le hOifig Shinsearach; Finnéithe Dearbhuithe Reachtúla

Coimeádaimid faisnéis phearsanta (sonraí pearsanta) faoi na daoine a luaitear thuas. Áirítear leis na sonraí pearsanta seo, mar shampla: ainm; sonraí teagmhála; ráitis leasanna (is féidir a áireamh leo siúd sonraí faoi ioncam gairm bheatha, scaireanna, stiúrthóireachtaí, talamh, bronntanais, réadmhaoin agus seirbhísí, saoráidí taistil, poist agus conarthaí luach saothair); deimhnithe imréitigh cánach; dearbhuithe reachtúla; foirmeacha áirithe d’aitheantóirí, ar nós uimhreacha pas; agus uimhreacha ceadúnas tiomána. Is féidir a áireamh leis na sonraí pearsanta sonraí pearsanta catagóire speisialta. Tá an fhaisnéis a sholáthraítear á forordú trí reacht.

Is iad seo a leanas a sholáthraíonn na sonraí seo: tú féin; daoine ar gá dóibh clárú; gearánaithe; daoine a bhfuil fiosrúcháin á ndéanamh acu; deontóirí corparáideacha; agus faisnéis atá ar fáil go poiblí ó láithreáin ghréasáin rialálaithe eile, an Oifig um Chlárú Cuideachtaí ina measc.

TDanna; Seanadóirí; Feisirí Parlaiminte; oifigigh chuí pháirtithe polaitíochta; daoine freagracha le tríú páirtithe; daoine freagracha le haonaid chuntasaíochta; daoine freagracha le deontóirí corparáideacha; gníomhairí náisiúnta páirtithe polaitíochta; gníomhairí toghcháin; agus iarrthóirí ag toghcháin

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi na daoine a luaitear thuas. Áirítear leis na sonraí pearsanta seo, mar shampla: ainm; sonraí teagmhála; sonraí cuntas bainc; sonraí faoi chuntais Stripe nó Go Fund Me; ráitis chuntas, dearbhuithe reachtúla, deontóirí, cóipeanna de shonraisc/fáltais/uimhreacha CBL. Is féidir a áireamh leis na sonraí pearsanta seo sonraí pearsanta catagóire speisialta. Tá an fhaisnéis a sholáthraítear á forordú trí reacht.

Gearánaithe / Daoine Aonair a bhfuil Fiosrúcháin á nDéanamh acu

Coimeádaimid sonraí pearsantafaoi dhaoine a dhéanann teagmháil leis an gCoimisiún chun gearáin nó fiosrúchán a dhéanamh. Áirítear leis na sonraí pearsanta seo, mar shampla, d’ainm agus sonraí teagmhála, sonraí a bhaineann le d’fhiosrúchán nó faoi chuspóir do theagmhála agus aon sonraí pearsanta eile a sholáthraíonn tú, ar féidir le sonraí pearsanta catagóire speisialta a bheith i gceist leo.

Imscrúduithe

Tá an chumhacht ag an gCoimisiún chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh agus chun tabhairt faoi fhiosrúcháin agus imscrúduithe faoin reachtaíocht (an tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 (arna leasú ag an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001); an tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus Cuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001.)

Nuair a thugaimid faoi imscrúdú, faighimid sonraí pearsanta faoi ghearánaithe, ábhar gearán, comhairleoirí dlí, finnéithe, sainchomhairleoirí agus soláthraithe seirbhíse. Áirítear leis na sonraí pearsanta, mar shampla, ainmneacha, sonraí teagmhála, sonraí maidir le gníomhaíochtaí, sócmhainní airgeadais nó sealúchais, etc. Is féidir faisnéis a fháil ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí, agus ó ghearánaithe nó foinsí eile. Is féidir a áireamh leis na sonraí pearsanta freisin sonraí pearsanta catagóire speisialta.

Nuair a thugtar faoi thaighde, faigheann an Coimisiún sonraí pearsanta ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí (ar nós na hOifige um Chlárú Cuideachtaí nó asraonta meán).

Is é an t-ábhar sonraí, soláthraithe seirbhíse, finnéithe agus comhlachtaí poiblí eile a sholáthraíonn na sonraí seo.

Daoine a thugann cuairt ar ár láithreán gréasáin

Nuair a thugann duine cuairt ar www.sipo.ie  bailímid eolas caighdeánach loga faoin idirlíon agus sonraí faoi phatrúin iompair cuairteoirí. Déanaimid seo ar chuspóirí staitistiúla chun rudaí a dhéanamh amach, ar nós líon na gcuairteoirí ar na codanna éagsúla de láithreán gréasáin an Choimisiúin.

Bailímid an fhaisnéis seo ar bhealach nach ndéanann aon duine a shainaithint. Ní dhéanaimid aon iarracht chun teacht ar aitheantais na ndaoine siúd a bhfuil cuairt á tabhairt acu ar ár láithreán gréasáin. Ní dhéanfaimid ceangal idir aon sonraí a bailíodh ón láithreán seo agus aon fhaisnéis ó aon fhoinse a dhéanann duine a shainaithint go pearsanta.

Ríomhphost a sheoladh chuig ár nOifig 

Táimid mar chuid de Líonra an Rialtais, a cheanglaíonn gníomhaireachtaí seirbhíse poiblí ar líonra atá in ann sonraí, glór agus físeán a láimhseáil. Is féidir linn monatóireacht agus próiseáil a dhéanamh ar aon ríomhphost a sheoltar chugainn, aon cheangaltán ina measc, ar chúiseanna slándála.  Is féidir bogearraí monatóireachta nó blocála ríomhphost a úsáid freisin.

Cuirtear in iúl duit go bhfuil freagracht ort lena chinntiú nach ndéanann aon ríomhphost a sheolann tú an dlí a shárú.

Iarrataí reachtúla a dhéantar leis an Oifig seo

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi dhaoine a dhéanann iarrataí reachtúla leis an gCoimisiún, daoine ina measc, mar shampla, a dhéanann iarraidh um Shaoráil Faisnéise (“SF”), iarraidh faoi na Rialacháin RFC nó iarraidh ar rochtain ar shonraí ina n-iarrtar ar thaifid nó faisnéis ón gCoimisiún, nó iarraidh ar rochtain faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC).  Cuimsítear sna sonraí pearsanta d’ainm agus sonraí teagmhála agus eolas a bhaineann leis an iarraidh reachtúil a rinne tú. 

D’fhéadfaí a áireamh le hiarraidh reachtúil a dhéantar leis an gCoimisiún freisin sonraí pearsanta faoi dhuine éigin eile seachas an duine a bhfuil an iarraidh á déanamh acu.  Cibé acu má tá nó mura bhfuil sonraí pearsanta iontu agus, má tá, braithfidh saghas na sonraí pearsanta ar an iarraidh.  Is é an duine a bhfuil an iarraidh á déanamh acu a sholáthraíonn an fhaisnéis seo.

Soláthraithe / soláthraithe seirbhíse / daoine eile a dhéanann teagmháil leis an gCoimisiún

Tá sonraí pearsanta á gcoimeád againn sa chás go ndearnadh teagmháil idir tú féin agus an Coimisiún maidir le ceisteanna éagsúla, teagmháil ina measc maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar nó cuirí a sholáthar don Choimisiún chun cuir i láthair a dhéanamh, chun seimineáir a chur ar siúl, nó chun freastal ar chomhdhálacha.  Áirítear leis na sonraí pearsanta a choimeádtar, d’ainm, sonraí teagmhála agus faisnéis a bhaineann leis na hearraí nó na seirbhísí, an seimineár, an chomhdháil etc.  Faightear na sonraí pearsanta seo ón idirghníomhú a dhéanann tú linn.

Daoine a thugann cuairt ar ár n-oifig

Iarraimid ar gach cuairteoir chun síniú isteach agus amach ag fáiltiú ar chúiseanna slándála agus sábháilteachta. Oibrítear teilifís chiorcaid iata (CCTV) i limistéir phoiblí an fhoirgnimh ar chuspóirí slándála.

Tá Wi-Fi ar fáil ar an láthair agus is féidir le cuairteoirí é a úsáid. Cuirimid an seoladh agus an pasfhocal ar aghaidh. Cuirimid seoladh an ghléis i dtaifead agus déanaimid seoladh IP a dháileadh go huathoibríoch fad a bhíonn an t-úsáideoir ar an láthair. Cuirimid faisnéis faoi thrácht i gcuntas i bhfoirm láithreán ar tugadh cuairt orthu, an fad ama a caitheadh ar na láithreáin siúd agus an dáta a seoladh/a fuarthas an fhaisnéis sin. Ní iarraimid ort chun comhaontú a dhéanamh ar théarmaí. Ní iarraimid ort ach chun comhaontú a dhéanamh ar an gcaoi nach bhfuil aon fhreagracht orainn ná aon smacht againn ar an úsáid a bhaineann tú as an idirlíon fad a bhíonn tú ar an láthair, agus ní iarraimid ort chun aon chuid de d’fhaisnéis a sholáthar chun an tseirbhís seo a fháil.

Seimineáir Ghréasáin & físchomhdhálacha

Nuair a óstálann an Oifig seimineáir ghréasáin nó físchomhdhálacha, beidh ainm, uimhir theagmhála agus seoladh ríomhphoist an lucht freastail ag teastáil chun a bhfreastal a éascú. Ní fhoilseoidh an Oifig liosta toscairí ach d’fhéadfadh go mbeadh ainmneacha an lucht freastail le feiceáil ag daoine eile le linn an imeachta. Iarraimid ar lucht freastail a gcuid eolais teagmhála oibre a úsáid nuair is féidir, chun bailiúchán neamhriachtanach sonraí teagmhála pearsanta a sheachaint. Ar an gcuma chéanna, ba cheart do lucht freastail roinnt sonraí pearsanta a sheachaint in aon saoráid ‘comhrá’ roinnte mar go bhféadfadh an soláthraí seirbhíse na sonraí sin a phróiseáil.

D’fhéadfadh an Oifig seimineáir ghréasáin a thaifeadadh chun críocha eolais. Tabharfaidh sé réamhfhógra nuair a bheidh imeacht á thaifeadadh. Gabhann imeachtaí taifeadta íomhá agus fuaim aon láithreoirí. D’fhéadfaí go mbeadh an rogha ag an lucht freastail a n-íomhá agus a bhfuaim a roinnt le linn an tseisiúin. Má roghnaíonn siad é sin a dhéanamh, gabhfar é seo sa taifeadadh chomh maith. Sa chás go mbíonn ceisteanna agus freagraí modhnaithe ag imeachtaí, d’fhéadfaí tuairimí lucht freastail a roghnaíonn idirghníomhú leis na ceisteanna agus freagraí a fhoilsiú agus d’fhéadfadh daoine eile ag an imeacht iad a fheiscint agus beidh siad mar chuid den taifeadadh freisin.

Ba cheart do lucht freastail a chinntiú go leanann siad a gcuid beartais agus treoirlínte eagraíochtúla féin maidir le físchomhdháil, ionas go mbeidh a fhios acu cad iad na rialacha atá le leanúint agus na céimeanna atá le glacadh chun rioscaí cosanta sonraí a íoslaghdú. Ba cheart dóibh freisin dul i dtaithí le beartas príobháideachta an tsoláthraí seirbhíse ar líne chun iad féin a chur ar an eolas faoin gcaoi a phróiseálann an soláthraí sin sonraí pearsanta.  

Daoine Eile

Tá cur síos déanta againn thuas ar na príomhchatagóirí daoine go léir a bhfuil a sonraí pearsanta á gcoimeád againn.  Is féidir linn sonraí a choimeád faoi dhaoine nach dtagann faoi chuimsiú na gcatagóirí seo.  Mar shampla, coimeádaimid sonraí pearsanta ó thráth go chéile faoi dhaoine atá ag freastal ar chruinnithe nó imeachtaí leis an Oifig.  Deimhnímid go gcaitear leis na sonraí pearsanta go léir de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, i gcomhréir leis an reachtaíocht um Chosaint Sonraí. 

An méid a n-úsáidimid do shonraí dó agus an bunús dlí

Feidhmeanna faoin Reachtaíocht Eitice agus Toghcháin

Úsáidimid an fhaisnéis fút chun gur féidir leis an gCoimisiún tabhairt faoina fheidhmeanna faoin Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 (arna leasú ag Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001);
An tAcht Toghcháin, 1997, arna leasú; an tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus Cuid 15 den Acht Rialtais Áitiúil, 2001.

I dtéarmaí dlí, tá an úsáid a bhainimid as sonraí pearsanta:

  • riachtanach chun go dtugann an Coimisiún faoi thasc faoina dtugtar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil a dhílsítear sa Choimisiún
  • riachtanach ar mhaithe le leas substainteach an phobail, ar bhunús na reachtaíochta um Chosaint Sonraí, atá comhréireach, a léiríonn meas ar bhunús an chirt i dtaobh cosaint sonraí agus a sholáthraíonn bearta oiriúnacha agus sonracha chun do chearta agus leasanna bunúsacha a chosaint.

Riar ginearálta agus oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh

Coimeádaimid faisnéis fút freisin chun freagairt d’iarrataí reachtúla a dhéantar leis an Oifig (ar nós iarrataí ar rochtain faoin Acht SF 2014, an reachtaíocht um Chosaint Sonraí, agus na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol).  Tá sé riachtanach é seo a dhéanamh chun oibleagáidí dlíthiúla na hOifige a chomhlíonadh. 

Úsáidimid liosta seoltaí na ndaoine a ndéanaimid cumarsáid leo chun iad a chur ar an eolas ar fhoilseacháin, forbairtí reatha agus ceisteanna eile is díol spéise.  Seolfaimid an chumarsáid sin chugat má thoilíonn dúinn é sin a dhéanamh.  Más mian leat go mbainfear den liosta seo thú, cuir ar an eolas sinn, le do thoil, agus bainfimid thú ón liosta gan mhoill.

Déanfaimid staitisticí a bhailiú agus a fhoilsiú freisin ina léirítear faisnéis ar nós an lín gearán a fhaighimid, ach níl aon sonraí pearsanta sna staitisticí siúd, áfach. 

Na daoine a roinnimid d’fhaisnéis leo

Roinnimid sonraí pearsanta i dtabhairt faoinár bhfeidhmeanna.

Comhrialaitheoir: Faoi mar a mhínítear thuas, comhrialaitheoir sonraí áirithe a bhaineann leis na seirbhísí siúd, ar nós seirbhísí corparáideacha, (airgeadas san áireamh) agus TF, é Oifig an Ombudsman. Ar mhaithe le cuspóirí um chosaint sonraí, ceaptar go ndearnadh do shonraí pearsanta a roinnt le hOifig an Ombudsman.

Anuas ar shonraí a roinnt le hOifig an Ombudsman mar chomhrialaitheoir, roinneann ár nOifig do shonraí faoi mar a leagtar amach thíos.

Foilsítear roinnt tuairisceán a dhéantar faoin reachtaíocht Eitice agus Toghcháin ar an láithreán gréasáin, mar shampla ráitis tabhartais agus deimhnithe i leith tabhartas airgeadaíochta, mar shampla.

Ar uairibh, nuair is gá, roinnimid d’fhaisnéis le soláthraithe seirbhíse, aistritheoirí ina measc, mar shampla.  Déanfar an t-aistriú laistigh de cheanglais na Reachtaíochta um Chosaint Sonraí.

Seirbhísí comhroinnte

Roinneann an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí acmhainní le hOifig an Ombudsman, Oifig an Choimisinéara Faisnéise, an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, agus an Coimisiún Reifrinn.  I measc na seirbhísí seo, tá cóiríocht, airgeadas, acmhainní daonna, cumarsáid, cúrsaí dlí agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC). 

Mar gheall ar acmhainn chomhroinnte TFC, is féidir leis na comhlachtaí eile a liostaítear thuas méid teoranta de do shonraí pearsanta (do shonraí teagmhála amháin) a phróiseáil. 

Próiseáil lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíochta (an LEE)

Is gnách nach n-aistreoidh an Coimisiún sonraí pearsanta lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíochta (an LEE) nó tríú tíortha le cinneadh faoi leordhóthanacht murach go bhfuil comhfhreagras á dhéanamh againn, mar shampla, le custaiméir nó duine a chónaíonn thar lear atá bainteach le fiosrúchán nó gearán. Sa chás go dtagann athrú ar an seasamh seo, comhlíonfaidh an tOmbudsman a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 46 den RGCS trí ghlacadh le ceann de na bearta cuí a fhaomhann an Coimisiún Cosanta Sonraí agus an Coimisiún Eorpach lena chinntiú go mbíonn na haistrithe siúd dleathach.

A fhaide a choimeádaimid do shonraí pearsanta

Próiseálfaidh an Coimisiún an fhaisnéis phearsanta a sholáthair tú ar na cuspóirí a dtugtar cuntas orthu san Fhógra agus coimeádfar é de réir ár mbeartais choinneála, ar féidir teacht air ar ár láithreán gréasáin.  Leagtar amach sa bheartas coinneála na tréimhsí ama maidir le cé chomh fada a choimeádann an Coimisiún faisnéis ar chuspóirí éagsúla, agus mar thoradh ar ár gceanglais dhlíthiúla. Braithfidh an fad ama a gcoimeádaimid do shonraí pearsanta dó ar shaghas na cáipéise nó an taifid ina gcuimsítear na sonraí pearsanta.

 

Do chearta um chosaint sonraí

Tá cearta áirithe agat faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí.  Is iad do chearta:

Do cheart rochtana

Tá an ceart agat a iarraidh orainn chun cóipeanna de d’fhaisnéis phearsanta a thabhairt duit. Bíonn an ceart seo i bhfeidhm i gcónaí. Tá roinnt díolúintí ann, a chiallaíonn go bhféadfadh nach bhfaighfeá an fhaisnéis go léir a phróiseálaimid i gcónaí.

Do cheart chun ceartú

Tá an ceart agat a iarraidh orainn faisnéis a cheapann tú a cheapann tú atá míchruinn. Tá an ceart agat freisin a iarraidh orainn chun faisnéis a cheapann tú a cheapann tú atá míchruinn a iomlánú.

Do cheart chun scriosta

Tá an ceart agat a iarraidh orainn d’fhaisnéis phearsanta a scriosadh faoi chúinsí áirithe.

Do cheart chun próiseáil a shrianadh

Tá an ceart agat a iarraidh orainn próiseáil d’fhaisnéise a shrianadh faoi chúinsí áirithe.

Do cheart chun agóid a dhéanamh in aghaidh próiseála

Tá an ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh do shonraí pearsanta a phróiseáil faoi chúinsí áirithe. Má tá do shonraí pearsanta á gcoimeád againn ar bhunús do thoilithe, tá an ceart agat an toiliú sin a aistarraingt ag aon tráth.

Do cheart i dtaobh iniomparthacht sonraí

Tá an ceart agat a iarraidh go dtugtar sonraí pearsanta duit nó do dhuine eile i bhfoirm inaistrithe nó atá inléite ag meaisín.

Do cheart chun cur in aghaidh cinnteoireacht uathoibrithe

Tá an ceart agat chun agóid a dhéanamh in aghaidh cinnteoireacht aonair uathoibrithe (i.e. cinneadh a dhéanamh go hiomlán ar bhealach uathoibrithe gan aon bhaint dhaonna a bheith ag duine ann) agus próifíliú (i.e. próiseáil uathoibrithe a dhéanamh ar shonraí pearsanta chun meastóireacht a dhéanamh ar rudaí áirithe faoi dhuine aonair). Ní dhéanann an Coimisiún aon chinntí trí úsáid a bhaint as bealaí atá go hiomlán uathoibrithe.

Tabhair faoi deara, le do thoil, tagann na cearta seo aníos faoi chúinsí áirithe agus bíonn siad faoi réir díolúintí áirithe. Tabhair faoi deara, le do thoil, d’fhéadfadh seo srian a chur ar scóip do cheart. An méid seo a leanas, go háirithe:  

  • b’fhéidir go gcuirfidh na ceanglais dhlíthiúla san Acht um Chosaint Sonraí, 2018 teorainn ar do chearta,
  • sa chás go bhfuil úsáid á baint againn as do shonraí chun tabhairt faoinár bhfeidhmeanna reachtúla, mar gheall go bhfuil cúiseanna láidre ann ar mhaithe le leas an phobail chun faisnéis phearsanta a phróiseáil chun tabhairt faoinár bhfeidhmeanna,
  • is féidir le cearta agus saoirse tríú páirtithe srian a chur ar do chearta um chosaint sonraí,
  • tá ceanglas eile dlíthiúil orainn chun d’fhaisnéis phearsanta a úsáid ar bhealach ar leith.

Mura féidir linn d’iarraidh a chomhlíonadh, cuirfimid ar an eolas thú ar an bhfáth gurb amhlaidh an cás.

Más mian leat aon chinn de do chearta a fheidhmiú, déan teagmháil, le do thoil, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí:

Ríomhphost: dataprotection@ombudsman.ie

Guthán: (01) 639 5760 

Seoladh Poist: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, DO2 W773. 

An ceart atá agat chun gearán a dhéanamh

Déanaimid iarracht chun na caighdeáin is airde a bhaint amach nuair a bhíonn faisnéis phearsanta á bailiú agus á próiseáil againn. Má tá ceist agat nó más mian leat gearán a dhéanamh faoin úsáid a bhaineann an tOmbudsman as d’fhaisnéis phearsanta, is féidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí cabhrú leat sa chéad ásc.

Tá an ceart agat freisin chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí.   Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí trí na sonraí teagmhála seo a leanas a úsáid:

Láithreán gréasáin: www.dataprotection.ie

Ríomhphost: info@dataprotection.ie

Guthán:  (0761) 104 800; Íosghlao: 1890 25 22 31. 

Seoladh Poist: 21 Cearnóg Mhic Liam Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28. 

Ceanglais chun sonraí pearsanta a sholáthar agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith i gceist má theipeann ar a soláthar

Ceanglas reachtúil é ar dhaoine faoi réir na nAchtanna a riarann an Coimisiún chun sonraí pearsanta a sholáthar. Má theipeann ort na hoibleagáidí reachtúla a leagtar amach sna hAchtanna a chomhlíonadh, b’fhéidir gur cion a bheidh ann agus b’fhéidir go mbeidh tú faoi dhliteanas ionchúisimh.

Tá cumhacht ag an gCoimisiún faoi chúinsí áirithe chun soláthar faisnéise a stiúradh. Nuair a fheidhmítear an chumhacht seo agus nuair a theipeann ar dhuine chun an t-ordú a chomhlíonadh, d’fhéadfadh an duine sin a bheith ciontach i gcion agus a bheith faoi dhliteanas ionchúisimh.

Tá an chumhacht ag an gCoimisiún freisin faoi chúinsí áirithe chun aimsiú cáipéisí a ordú i gcomhréir le Rialacha na hArd-Chúirte.

Faisnéis bhreise

Ní sholáthraítear san Fhógra seo sonraí iomlána faoi gach gné de bhailiú agus úsáid faisnéise pearsanta ag an gCoimisiún. Táimid sásta, áfach, chun aon fhaisnéis nó míniú breise a sholáthar a theastaíonn. Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.  Tabhair faoi deara, le do thoil, is féidir an Fógra a nuashonrú ó thráth go chéile. 

​Fianáin a úsáid

Úsáidimid uirlis fianán ar ár láithreán gréasáin chun toiliú a fháil do na fianáin a úsáidimid. Déanann an uirlis fianáin atá riachtanach ar mhaithe le feidhmiúlacht, slándáil agus inrochtaineacht a shocrú agus ní scriosann sé iad. Is féidir leat níos mó eolais a léamh faoi conas a úsáidimid fianáin, agus conas do roghanna fianán a athrú ar ár leathanach Fianán.

Naisc le láithreáin ghréasáin eile.

Ní chumhdaítear sa ráiteas príobháideachais seo na naisc laistigh den láithreán seo a dhéanann nasc le láithreáin ghréasáin eile. Spreagaimid thú chun na ráitis phríobháideachais a léamh ata ar na láithreáin ghréasáin eile a dtugann tú cuairt orthu.

Sainmhíniú

Ciallaíonn Toiliú an ábhair shonraí aon léiriú sonrach agus eolach a dhéantar gan srian i dtaobh mhianta an ábhair shonraí a thugann comhaontú le sonraí pearsanta a bhaineann leo a phróiseáil, trí ráiteas nó trí ghníomh soiléir deimhneach.

Ciallaíonn Rialaitheoir an duine nádúrtha nó dlíthiúil, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a dheimhníonn leis féin nó le comhlachtaí/daoine eile, cuspóirí agus bealaí próiseála sonraí pearsanta; nuair a dheimhnítear i ndlí Aontais nó Ballstáit cuspóirí agus bealaí na próiseála sin, is féidir foráil a dhéanamh i ndlí Aontais nó Ballstáit don rialaitheoir nó do na critéir shonracha lena n-ainmniú.

An tAcht um Chosaint Sonraí, 2018 I measc rudaí eile, bronntar éifeacht bhreise san Acht seo ar an RGCS (féach thíos) i limistéir ina gceadaítear solúbthacht Bhallstáit.  Tá an tAcht ar fáil ar líne.

Oifigeach Cosanta Sonraí Ceanglaítear sa RGCS ar roinnt eagraíochtaí chun Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) a ainmniú.  Luaitear in Airteagal 39 den RGCS “beidh na tascanna seo a leanas, ar a laghad,” ag an oifigeach cosanta sonraí:

  1. eolas agus comhairle a sholáthar don rialaitheoir nó don próiseálaí agus do na fostaithe a thugann faoi phróiseáil ar a n-oibleagáidí de bhun an Rialacháin seo agus de bhun forálacha eile um chosaint sonraí Aontais nó Ballstáit;
  2. monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, comhlíonadh forálacha um chosaint sonraí eile Aontais nó Ballstáit agus bheartais an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir le sonraí pearsanta a chosaint, freagrachtaí a shannadh, feasacht a mhúscailt agus oiliúint a chur ar an bhfoireann atá bainteach in oibríochtaí próiseála, agus na hiniúchtaí gaolmhara ina measc;
  3. comhairle a sholáthar nuair a iarrtar maidir leis an mheasúnacht tionchair um chosaint sonraí agus monatóireacht a dhéanamh ar a fheidhmíocht de bhun Airteagal 35;
  4. comhoibriú leis an údarás maoirseachta;
  5. gníomhú mar an pointe teagmhála don údarás maoirseachta maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil, an comhairliúchán a rinneadh roimhe seo ina measc a dtagraítear dó in Airteagal 36, agus chun dul i gcomhairle, sa chás gur cuí, i dtaobh aon cheiste eile.”

Ciallaíonn Ábhar Sonraí an duine nádúrtha a sainaithníodh nó inaitheanta lena mbaineann na sonraí pearsanta – féach freisin an sainmhíniú ar shonraí pearsanta thíos.

Rialachán an AE é an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) a bhaineann le cosaint sonraí a tháinig i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018.  Tá an Rialachán ar fáil ar líne.

Comhrialaitheoir  Nuair a chomhdheimhníonn beirt rialaitheoirí nó níos mó (féach thuas) cuspóirí agus bealaí próiseála, is comhrialaitheoirí iad.

Ciallaíonn Sonraí Pearsanta aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó inaitheanta (‘ábhar sonraí’); duine atá i nduine inaitheanta nádúrtha ar féidir é/í a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt d’aitheantóir ar nós ainm, uimhir aitheantais, sonraí láithreach, aitheantóir ar líne nó do thoisc amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach le haitheantas fisiciúil, fiseolaíoch, géiniteach, meabhrach, geilleagrach, cultúrtha nó sóisialta an duine nádúrtha sin.

Ciallaíonn Próiseáil aon oibríocht nó sraith oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna sonraí pearsanta, cé acu ar bhealaí uathoibrithe nó a mhalairt, ar nós bailiú, taifeadta, eagrú, struchtúrú, stórála, oiriúnú nó athrú, aisghabhála, comhairliúcháin, úsáide, nochta trí tharchur, scaipthe nó a chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó measctha, srianta, scriosta nó millte.

Ciallaíonn Catagóirí Speisialta de Shonraí Pearsanta sonraí pearsanta a nochtann bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fhealsúnacha, ballraíocht de cheardchumann, agus sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha, sonraí a bhaineann le sláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha.

Arna Chruthú:  Bealtaine 2018  

Arna Athrú:  Deireadh Fómhair 2019

Arna Athrú: Samhain 2020

Arna Athrú: Lúnasa 2021