Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis faoin gcomhshaol, agus d’iarratas á dhéanamh chuig: An tOifigeach Faisnéise, An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá faisnéis á hiarraidh agat faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, ní mór duit:

  • A lua go bhfuil iarratas á dhéanamh agat faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, agus é a sheoladh chuig an seoladh thuas nó trí ríomhphost chuig aie@sipo.ie;
  • Do shonraí teagmhála a chur ar fáil
  • An fhaisnéis a theastaíonn uait, agus an dóigh ar mhaith leat í a rochtain, a shonrú.

De ghnáth, tabharfar breith duit laistigh de mhí amháin ó d’iarraidh a fháil.

Cad a dhéanfaidh mé mura bhfuil sásta le breith ar m’iarraidh?

Má diúltaíodh do d’iarraidh nó do chuid de d’iarraidh ar fhaisnéis faoin gcomhshaol nó má chreideann tú nár déileáladh léi go cuí faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol, féadfaidh tú iarraidh orainn athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar an mbreith. Ní mór duit d’iarraidh a dhéanamh laistigh de mhí ón mbreith a fháil.

Beidh an t-athbhreithniú saor in aisce agus is é duine atá níos sinsearaí ná an duine a thug an bhreith bhunaidh a bheidh i mbun an athbhreithnithe.

Laistigh de mhí amháin ó d’iarraidh a fháil, tabharfaimid eolas duit faoin toradh ar an athbhreithniú. Inseoimid duit an chúis leis an mbreith agus cuirfimid in iúl duit go mbeidh sé de cheart agat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil. Tabharfaimid sonraí duit faoi na teorainneacha ama agus na táillí atá bainteach le hachomharc.

Táillí

Ní ghearrtar aon táille tosaigh as faisnéis a iarraidh ón oifig seo faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol. Féadfaidh údarás poiblí táille a ghearradh as faisnéis faoin gcomhshaol a sholáthar de réir na Rialachán, áfach.

Baineann na nithe seo a leanas leis na táillí:

  • Más mian leat cóipeanna crua a fháil, is féidir go ngearrfar táille €0.04 sa leathán, ag brath ar an méid faisnéise atá á iarraidh.
  • Gearrfar táille €10.16 má tá tú ag fáil na faisnéise ar CD-ROM.

Déanfaimid sonraí faoi aon táillí, más ann, a chur in iúl duit sa litir breithe deiridh uainn.

Conas a sholáthróidh ár nOifig faisnéis saor in aisce?

  • Má mheastar gur lú ná €10 an costas a bhaineann le faisnéis a sholáthar, is féidir nach n-iarrfar ort táille a íoc.
  • Ní ghearrfar aon táille má tá tú ag rochtain na ndoiciméad ag ár n-oifigí. Is féidir go ngearrfar na táillí atá liostaithe thuas, áfach.
  • Féadfaidh tú faisnéis a rochtain trí ríomhphost saor in aisce. Is féidir go ngearrfar na táillí atá liostaithe thuas, áfach.

Cabhair agus iarrataí á ndéanamh

Is ar fáil ar ár suíomh Gréasáin atá scéim foilsitheoireachta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, rud lena n-áireofar treoir maidir lenár bhfeidhmeanna agus leis na taifid atá inár seilbh.

Má bhíonn aon cheisteanna agat, déan teagmháil leis an oifigeach faisnéise ach glao a chur ar +353 (0)1 6395666 nó ríomhphost a sheoladh chuig aie@sipo.ie

Pointe faisnéise

Pointe faisnéise a eascraíonn as an Treoir maidir le Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol is ea an suíomh Gréasáin seo. Má theastaíonn uait faisnéis faoin gcomhshaol nach bhfuil ar fáil ar an suíomh Gréasáin, seol iarraidh ar Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol nó déan teagmháil leis an Oifigeach Faisnéise, mar atá leagtha amach thuas.

Tuilleadh faisnéise

Tuilleadh faisnéise ginearálta maidir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007-2011, lena n-áirítear faisnéis chúlra faoin reachtaíocht, foilseacháin úsáideacha agus naisc chuig comhlachtaí ábhartha eile, tá sí ar fáil sa rannán um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol ar shuíomh Gréasáin na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Féach: http://www.environ.ie/en/Environment/AccesstoInformationontheEnvironment/