Foilsíonn an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a thuarascáil bhliantúil do 2025
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá a thuarascáil bhliantúil do 2025 foilsithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Tugtar achoimre sa tuarascáil ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin le linn 2025 faoi reachtaíocht a bhaineann le heitic in oifigí poiblí, maoiniú toghcháin, agus maoiniú Stáit. Áirítear leis faisnéis maidir le hoibríochtaí agus comhlíonadh na reachtaíochta eitice, gearáin agus imscrúduithe, síntiúis pholaitiúla, maoiniú stáit páirtithe polaitíochta agus clárú tríú páirtithe agus deontóirí corparáideacha.
I measc bhuaicphointí thuarascáil 2025 tá:
• Phróiseáil an Coimisiún 143 gearán faoi na hAchtanna um Eitic agus thionscain sé trí réamhfhiosrúchán. Ina theannta sin, tugadh ceithre réamhfhiosrúchán ar aghaidh ó bhlianta roimhe sin. Bhí sé réamhfhiosrúchán ar siúl san iomlán ag deireadh na bliana. Tionóladh éisteacht amháin maidir le hiarratas réamhfhiosrúcháin agus éisteacht imscrúdaithe amháin in 2025, agus ní raibh aon imscrúdú ar siúl ag deireadh na bliana.
• Cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi 332 cheapachán chuig oifigí sinsearacha i gcomhlachtaí poiblí le linn 2025, méadú ó 317 in 2024.
• Le linn 2025, dheimhnigh an Coimisiún 353 aisíocaíocht d'iarrthóirí i ndiaidh Olltoghchán 2024, agus laghdaíodh go suntasach an meán-am a bhí ag teastáil chun iad a dheimhniú. Rinne an Coimisiún maoirseacht freisin ar Thoghchán na hUachtaránachta an 24 Deireadh Fómhair 2025. Roimh an toghchán sin, d’fhoilsigh an Coimisiún Treoirlínte chun tacú le comhlíonadh na reachtaíochta toghcháin.
• Thug an Coimisiún faoi go leor gníomhaíochtaí for-rochtana chun feasacht a mhúscailt agus chun tuiscint ar na hAchtanna agus comhlíonadh na nAchtanna a fheabhsú.
• Le linn 2025 freisin, ghlac an Coimisiún céimeanna chun a chinntiú go mbeadh rochtain níos fearr ag an bpobal ar fhaisnéis ar a shuíomh gréasáin agus go mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil ar bhealach níos tráthúla, go háirithe maidir le cúrsaí maoinithe toghcháin.
CRÍOCH
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le:
An Preasoifigeach
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Iarla an Dúin, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Teil.: +353 (0) 1 639 5666
Ríomhphost: info@sipo.ie
Suíomh gréasáin: www.sipo.ie
Cúlra
Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin in 2001 agus is é an comhlacht neamhspleách é a bhfuil cúram air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um Thithe an Oireachtais (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.
Ba iad seo a leanas comhaltaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in 2025:
• An Breitheamh Garrett Sheehan, Cathaoirleach;
• Seamus McCarthy, An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
• Ger Deering, Ombudóir;
• Peter Finnegan, Cléireach Dáil Éireann;
• Martin Groves, Cléireach Seanad Éireann;
• Geraldine Feeney, iarchomhalta de Sheanad Éireann.
Foilsíonn an Coimisiún dhá thuarascáil bhliantúla gach bliain: ceann amháin ar a ghníomhaíochtaí maidir le riar na reachtaíochta a bhaineann le heitic, toghcháin agus maoiniú Stáit, agus an ceann eile ar a ghníomhaíochtaí maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, a riar. Foilsíodh an tuarascáil bhliantúil ar leith maidir le rialáil na brústocaireachta in 2025 an 30 Meitheamh agus is féidir í a léamh ar www.lobbying.ie.