Cinneadh ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí maidir le réamhiarratas ón iarChomhairleoir Kenneth O’Flynn
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chinn an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha nó neamhghníomhartha an Teachta Kenneth O’Flynn (an freagróir), tráth a bhí sé ina chomhairleoir i gComhairle Cathrach Chorcaí, a líomhnaítear go sáraíonn siad an tAcht Rialtais Áitiúil 2001 agus an Cód Iompair do Chomhairleoirí agus/nó gur gníomh sonraithe iad faoin Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001. Sular chuir sé tús lena imscrúdú, chinn an Coimisiún réamhiarratas ón bhfreagróir a éisteacht.
Reáchtáladh an réamhéisteacht iarratais an 19 Bealtaine 2025.
D’fhoilsigh an Coimisiún a chinneadh maidir leis an réamhiarratas inniu. Tá an cinneadh ón gCoimisiún ar fáil ar shuíomh gréasáin SIPO: Investigation reports
De réir cheanglais alt 24 den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995, thug an Coimisiún cóipeanna dá chinneadh don fhreagróir, do na gearánaigh, do Chathaoirleach Chomhairle Cathrach Chorcaí, do Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach Chorcaí, agus don Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe Seirbhíse Poiblí agus Digiteála.
Má tá ceisteanna agat ó na meáin, déan teagmháil le do thoil le media@sipo.ie.
Cúlra
Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995, ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, ar an Acht Toghcháin 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Gníomhaíochtaí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.
Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001. Seisear comhaltaí atá air agus iarbhreitheamh den Ard-Chúirt atá ina chathaoirleach air. Is é an Breitheamh Garrett Sheehan an cathaoirleach reatha. Is iad na comhaltaí eile: Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste; Ger Deering, an tOmbudsman; Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann; Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann, agus Geraldine Feeney, iarchomhalta de Sheanad Éireann.
Chun tuilleadh eolais a fháil, nó chun féachaint ar an tuarascáil, tabhair cuairt ar www.sipo.ie
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773
Teileafón: (01) 639 5666
E-mail: info@sipo.ie
Suíomh gréasáin: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIRELAND