Foilsíonn An Coimisiún Um Chaighdeáin Tuarascáil Bhliantúil Do 2024
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
29 Iúil 2024 – Inniu d'fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a thuarascáil bhliantúil do 2024. Tugtar achoimre sa tuarascáil ar ghníomhaíochtaí an Choimisiúin le linn 2024 faoi reachtaíocht a bhaineann le heitic in oifigí poiblí, maoiniú toghcháin, agus maoiniú Stáit. Áirítear leis faisnéis maidir le hoibríochtaí agus comhlíonadh na reachtaíochta eitice, gearáin agus imscrúduithe, síntiúis pholaitiúla, maoiniú stáit páirtithe polaitíochta agus clárú tríú páirtithe agus deontóirí corparáideacha.
I measc bhuaicphointí thuarascáil 2024 tá:
• Phróiseáil an Coimisiún 127 gearán faoi na hAchtanna um Eitic agus thionscain sé cúig réamhfhiosrúchán. Ina theannta sin, tugadh ceithre fhiosrúchán réamhchéime ar aghaidh ó bhlianta roimhe sin. Bhí ceithre réamhfhiosrúchán san iomlán ar siúl ag deireadh na bliana. Tionóladh éisteacht imscrúdaithe amháin in 2024, agus bhí dhá imscrúdú ar siúl ag deireadh na bliana.
• Cuireadh 317 ceapachán chuig oifig shinsearach in iúl don Choimisiún ag comhlachtaí poiblí le linn 2024, suas beagán ó 313 in 2023. Ina theannta sin, toghadh/ainmníodh cúigear Seanadóirí don 26ú Seanad le linn 2024, agus toghadh 174 Teachta Dála chuig Dáil Éireann san Olltoghchán ar an 29 Samhain 2024.
• Rinne an Coimisiún maoirseacht ar Thoghcháin Mhéara Luimnigh agus ar Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh, agus ar an Olltoghchán don34ú Dáil ar an 29 Samhain. Roimh na toghcháin seo, d’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte d’iarrthóirí, do ghníomhairí toghcháin, do ghníomhairí náisiúnta páirtithe polaitíochta, agus do dhaoine ábhartha eile chun tacú le comhlíonadh reachtaíochta toghcháin.
• Thug sé faoi go leor gníomhaíochtaí for-rochtana chun feasacht a ardú agus tuiscint agus comhlíonadh na nAchtanna a fheabhsú.
Chun tuilleadh eolais a fháil, agus chun tuarascáil bhliantúil an Choimisiúin a léamh, tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin Annual reports
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi, téigh i dteagmháil le:
An Preasoifigeach
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773 Fón: +353 (0) 1 639 5666
Ríomhphost: info@sipo.ie
Suíomh gréasáin: www.sipo.ie/en/
Twitter: @SIPOCIreland
Cúlra
Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin in 2001, agus is é an comhlacht neamhspleách é a bhfuil sé de chúram air maoirseacht a dhéanamh ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí (1995 agus 2001), ar an Acht Toghcháin, 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.
Ba iad seo a leanas comhaltaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in 2024:
• An Breitheamh Garrett Sheehan, Cathaoirleach;
• Seamus McCarthy, An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste;
• An tOmbudsman Ger Deering ;
• Peter Finnegan, Cléireach Dáil Éireann;
• Martin Groves, Cléireach Seanad Éireann;
• Geraldine Feeney, iarchomhalta de Sheanad Éireann.
Foilsíonn an Coimisiún dhá thuarascáil bhliantúla gach bliain; ceann amháin ar a chuid gníomhaíochtaí a riarann reachtaíocht eitice, toghcháin agus maoinithe Stáit, agus an ceann eile maidir lena ghníomhaíochtaí a riarann an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015. Foilsíodh an tuarascáil bhliantúil ar leithligh maidir le Brústocaireacht a Rialáil in 2024 an 30 Meitheamh agus is féidir breathnú uirthi an www.lobbying.ie.
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí | 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2 | D02 W773 | info@sipo.ie| (+353-1) 639 5666 | www.sipo.ie Lean an Oifig ar Twitter: @SIPOCIreland