12 Lúnasa 2025: Tuarascáil Imscrúdaithe ón gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí i leith an Uasail Tommy Reilly.
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún) a thuarascáil imscrúdaithe inniu ar sháruithe líomhnaithe ar an Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus ar an gCód Iompair do Chomhairleoirí ag an Uasal Tommy Reilly, iarChomhairleoir Chomhairle Contae na Mí. Tagann an tuarascáil i ndiaidh éisteacht imscrúdaithe a reáchtáladh an 13 agus an 16 Meitheamh 2025.
Tá an tuarascáil imscrúdaithe, mar aon le sonraí iomlána faoi thorthaí agus faoi chinntí an Choimisiúin, ar fáil ar shuíomh gréasáin SIPO: Investigation reports
De réir cheanglais alt 24 den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus alt 180 den Acht Rialtais Áitiúil 2001, thug an Coimisiún cóipeanna dá thuarascáil don ábhar, don ghearánach, don Phríomhfheidhmeannach, do Chathaoirleach Chomhairle Contae na Mí, agus don Aire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe Seirbhíse Poiblí agus Digitithe.
I gcás ceisteanna ó na meáin déan teagmháil le media@sipo.ie.
Cúlra
Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995, ar an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, ar an Acht Toghcháin 1997 (arna leasú), ar an Acht um an Oireachtas (Gníomhaíochtaí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2014, agus ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.
Cruthaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001. Seisear comhaltaí atá air agus iarbhreitheamh den Ard-Chúirt atá ina chathaoirleach air. Is é an Breitheamh Garrett Sheehan an cathaoirleach reatha. Is iad na comhaltaí eile: Seamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste; Ger Deering, an tOmbudsman; Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann; Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann, agus Geraldine Feeney, iarchomhalta de Sheanad Éireann. Chun tuilleadh eolais a fháil, nó chun féachaint ar an tuarascáil, tabhair cuairt ar www.sipo.ie
An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773
Uimhir theileafóin: (01) 639 5666 Ríomhphost: Suíomh gréasáin info@sipo.ie: www.sipo.ie
Twitter: @SIPOCIRELAND
CRÍOCH