Faisnéis le haghaidh na páirtithe polaitíochta
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá dualgais ar pháirtithe polaitíochta faoin Acht Toghcháin 1997 agus faoin Acht um an Oireachtas (Liúntas Gníomhaíochtaí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014.
Caithfidh gach páirtí polaitíochta, agus a chuid fho-aonaid, cloí le rialacha na síntiús agus an chaiteachais chomh maith le dualgais an nochtaithe agus na teorainneacha a mbaineann leo mar atá leagtha amach sna hAchtanna.
Ní mór dó an Coimisiún a chur ar an eolas faoi:
Déanaimid athbhreithniú ar na tuairisceáin agus foilsímid ár gcuid tuarascálacha nuair a bhímid sásta go bhfuil an fhaisnéis cruinn agus ina hiomlán. Deimhnímid freisin leis an Roinn Airgeadais nacostais toghcháin agus an úsáid a baineadh as maoiniú an Státchiste.
Tá treoirlínte ag an gCoimisiún um Chaighdeáin maidir le síntiúis, toghcháin, úsáid mhaoiniú Stáit agus ráitis na gcuntais.
Treoirlínte do Pháirtithe Polaitíochta maidir le maoiniú Státchiste
An Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte Treoirlínte
Treoirlínte do Pháirtithe Polaitíochta
Ráitis Chuntas Bhliantúla
I mí Nollaig na bliana 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin dréacht-treoirlínte maidir le ráitis bhliantúla ar na cuntais ó na páirtithe polaitíochta cláraithe thíos le haghaidh comhairliúcháin. Tá dréacht-theimpléad léiritheach mar chuid den dréacht.
Is féidir tuairimí a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na dréacht-treoirlínte agus leis an teimpléad léiriúcháin tráth nach déanaí ná am deireadh ghnó ar an 16 Eanáir 2024 chuig info@sipo.ie nó tríd an bpost chuig an seoladh thíos.
Déan teagmháil linn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin le haghaidh comhairle a fháil ar do chuid dualgais faoin reachtaíocht.