Fostaí sa mhórsheirbhís phoiblí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ní mór duit aon leasanna a d’fhéadfadh tionchar a imirt ort (nó a d'imir) a nochtadh agus do ról á chomhlíonadh agat. Ní mór duit cloí freisin le na rialacha a mbaineann le bronntanais, le conarthaí agus le hiarfhostaíocht, agus d’fhéadfadh go mbeadh ort fianaise chomhlíontacht na cánach a chur ar fáil.
Cé nach bhfuil cód iompair ar leith ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le haghaidh na seirbhíse phoiblí i gcoitinne, caithfidh gach fostaí cloí leis na hAchtanna um Eitic agus le cód cleachtais na Roinne um rialachas na gcomhlachtaí Stáit.
Tá a gcuid chóid iompair féin ag roinnt earnálacha nó gníomhaireachtaí áirithe.
Tá treoirlínte ag an gCoimisiún le haghaidh sheirbhísigh phoiblí a bhféadfadh dualgais a bheith orthu faoi na hAchtanna um Eitic, a gcuireann faisnéis ar fáil maidir le:
I gcuid na n-aguisíní de na treoirlínte:
Aguisín 1: formáidí ráitis na leasanna le haghaidh sheirbhísigh phoiblí
Aguisín 2: leagtar amach liosta na bpost ainmnithe i ranna/oifigí na Státseirbhíse
Aguisín 3: leagtar amach liostaí na stiúrthóireachtaí agus na bpost ainmnithe chomh maith leis an áit nach mór dóibh a gcuid ráiteas a sheoladh.
Is féidir liosta comhlachtaí na seirbhíse poiblí a gcaithfidh a gcuid fhostaithe cloí leis na hAchtanna a fheiceáil ar leathanach 117 den cháipéis thíos.
Treoirlínte do Sheirbhísigh Phoiblí
Déan teagmháil linn ag an gCoimisiún um Chaighdeáin le haghaidh aon chomhairle a fháil maidir le do chuid dualgas faoin reachtaíocht.