Baile  /  Tuarascálacha  /  Tuairiscí Bliantúil maidir le Nochtadh Cosanta
 
 

Tuarascáil Bhliantúil maidir le Nochtadh Cosanta

Ceanglaítear le halt 22 den Acht um Nochtadh Cosanta 2014 ar gach comhlacht poiblí tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú gach bliain i ndáil leis an mbliain roimhe sin, ar tuarascáil í ina leagfar amach, gan ainmneacha,

(a) an líon nochtaí cosanta a rinneadh don chomhlacht poiblí, agus   

(b) an gníomh (más ann) a rinneadh mar fhreagra ar na nochtaí cosanta sin.

Foráiltear leis an Acht um Nochtadh Cosanta 2014 d’fhostaithe a chosaint ar dhífhostú nó ar aon dochar a fhulaingeofar mar thoradh ar ábhar imní a tharraingt anuas de mheon macánta maidir le héagóir fhéideartha a tháinig ar a n-aire san ionad oibre. Leagtar amach san Acht roinnt bealaí ina bhféadfar nochtadh a dhéanamh – mar shampla, féadfar nochtadh a dhéanamh don fhostóir agus, i gcásanna áirithe, féadfar nochtadh a dhéanamh do dhuine ‘forordaithe’ seachtrach.

Is duine forordaithe faoin reachtaíocht um nochtadh cosanta (Ionstraim Reachtúil Uimh. 339 de 2014, arna leasú le hIonstraim Reachtúil Uimh. 448 de 2015) é an Ceann um Eitic agus Brústocaireacht a Rialáil (dá ngairtear ‘Rúnaí an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí’ sna rialacháin maidir le Nochtadh Cosanta).

Fágann sé sin go bhféadfar nochtadh maidir leis na nithe seo a leanas a dhéanamh don Cheann um Eitic agus Brústocaireacht a Rialáil:

i)        Gach ní a bhaineann leis an maoirseacht ar na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, a mhéid atá feidhm acu maidir le daoine sonraithe agus maidir le comhaltaí den Oireachtas nach sealbhóirí oifige iad de réir bhrí na nAchtanna sin, lena n-áirítear imscrúduithe agus tuarascálacha i ndáil le sáruithe féideartha ar na hAchtanna sin.

ii)       Gach ní a bhaineann leis an maoirseacht ar na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 2014, i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(1)    síntiúis a nochtadh do pháirtithe polaitíochta, do chomhaltaí den Oireachtas, d’fheisirí de Pharlaimint na hEorpa, agus d’iarrthóirí i dtoghcháin chuig Dáil Éireann, chuig Seanad Éireann agus chuig Parlaimint na hEorpa,

(2)    na hoibleagáidí atá ar thríú páirtithe,

(3)    na hoibleagáidí atá ar shíntiúsóirí corparáideacha,

(4)    an faireachán ar theorainneacha ar chaiteachas ag iarrthóirí toghcháin agus ag páirtithe polaitíochta, agus

(5)    caiteachas an mhaoinithe Státchiste a fuair páirtithe polaitíochta cáilithe.

iii)     Gach ní a bhaineann leis an maoirseacht ar an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 2014 (Uimh. 6 de 2014), i ndáil le caiteachas an mhaoinithe (Liúntais Ghníomhaíochtaí Parlaiminte) a fuair na ceannairí ar pháirtithe polaitíochta cáilithe agus comhaltaí neamhspleácha den Oireachtas.

Is féidir féachaint ar na tuairiscí bliantúla de réir bliana thíos:

2018

2017

2016

2015

2014