Baile  /  Treoirlínte  /  Treoirlínte do Mhaoiniú Státchiste   /  Maoiniú Státchiste a Úsáid chun Críocha Toghcháin
 
 

Maoiniú Státchiste a Úsáid chun Críocha Toghcháin

Treoirlínte arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

Arna bhfoilsiú i mí na Samhna 2006

Réamhrá

D’eisigh an Coimisiún um Chaighdeáin na treoirlínte seo a leanas maidir le maoiniú Státchiste a fuarthas faoi na hAchtanna seo a leanas a úsáid chun críocha toghcháin:

(i) an tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2001 (an tAcht um Liúntas Ceannairí Páirtí), agus

(ii) an tAcht Toghcháin, 1997, arna leasú (na hAchtanna Toghcháin).

Eisíodh na treoirlínte sin chuig páirtithe polaitíochta a cháiligh chun maoiniú a fháil faoi na hAchtanna thuasluaite.

(i) Maoiniú arna fháil faoin Acht um Liúntas Ceannairí Páirtí

Foráiltear le halt 1(10)(1) den Acht um Liúntas Ceannairí Páirtí go n-íocfar liúntas leis an gceannaire parlaiminteach ar pháirtí polaitíochta cáilitheach i dtaca le speansais a eascraíonn as gníomhaíochtaí parlaiminte an pháirtí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí taighde. Tugtar sonraí in alt 1(10)(14) den Acht um Liúntas Ceannairí Páirtí ansin faoi na hábhair shonracha a bhféadfar an Liúntas Ceannairí Páirtí a chaitheamh orthu.

Ina theannta sin, foráiltear le halt 1(10)(5) den Acht um Liúntas Ceannairí Páirtí nach bhféadfar an Liúntas Ceannairí Páirtí a úsáid "...chun freastal ar speansais toghcháin nó suirbhé arna dtabhú chun críocha aon toghcháin nó aon suirbhé a reáchtáladh faoi na hachtanna seo a leanas ná chun speansais den sórt sin a aisghabháil:"

i) na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1990, nó na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 1999,

ii) Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947 go 1972, nó

iii) Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile), 1937 go 1973.

Dá bhrí sin, ní fhéadfar maoiniú arna fháil faoin Acht um Liúntas Ceannairí Páirtí a úsáid ach amháin chun freastal ar speansais a eascraíonn as gníomhaíochtaí parlaiminte an pháirtí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí taighde, agus ní fhéadfar é a úsáid chun freastal ar aon chineál caiteachais toghcháin ag an gcéad olltoghchán Dála eile ná ag an gcéad olltoghchán Seanaid eile. Áirítear leis sin caiteachas ar earraí, réadmhaoin agus seirbhísí a úsáidtear chun críocha toghcháin roimh thús na "tréimhse toghcháin" (i.e. lánscor Dháil Éireann).

I gcás go léirítear go soiléir i Ráiteas Caiteachais faoin Liúntas Ceannairí Páirtí (a gceanglaítear ar an gceannaire parlaiminteach ar pháirtí polaitíochta cáilitheach é a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoi alt 1(10)(11)(a) den Acht um Liúntas Ceannairí Páirtí) gur chun críocha toghcháin a úsáideadh an Liúntas Ceannairí Páirtí, foilseoidh an Coimisiún um Chaighdeáin sonraí faoi úsáid den sórt sin i dtuarascáil don Aire Airgeadais, rud ina gcuirfear in iúl don Aire gurb amhlaidh, i dtuairim an Choimisiúin, gur baineadh úsáid mhíchuí as an maoiniú. Leagfar an tuarascáil sin faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas. Foilseofar í ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin um Chaighdeáin freisin. Is faoin Aire Airgeadais a bheidh sé a chinneadh cén gníomh ba cheart a dhéanamh maidir leis an Liúntas Ceannairí Páirtí a íoc amach anseo leis an bpáirtí lena mbaineann.

(ii) Maoiniú arna fháil faoi na hAchtanna Toghcháin

Foráiltear le halt 18(1) de na hAchtanna Toghcháin gurb amhlaidh, faoi réir treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún um Chaighdeáin, go bhféadfar maoiniú Státchiste a úsáid chun "... gnóthaí an pháirtí a sheoladh agus a bhainistiú go ginearálta agus chun ceann ar bith de chuspóirí an pháirtí a shaothrú go dleathach ...". Tugtar sonraí in alt 18(1) ansin faoi na hábhair shonracha a bhféadfar an maoiniú a chaitheamh orthu.

Foráiltear le halt 18(2) de na hAchtanna Toghcháin nach bhféadfar an maoiniú "a úsáid chun freastal ar speansais toghcháin arna dtabhú ag toghchán ná chun na speansais toghcháin sin a aisghabháil, i gcás gurb ionann na speansais sin agus speansais toghcháin de réir bhrí na nAchtanna seo a leanas:"

i) na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 1997,

ii) Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Baill Phríomh-Scoile), 1937 go 1973, nó

iii) Achtanna Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947 go 1972.

Faoi alt 4(6) de na hAchtanna Toghcháin, tugtar de chumhacht don Choimisiún um Chaighdeáin treoirlínte agus comhairle a sholáthar do dhaoine chun comhlíonadh fhorálacha na nAchtanna Toghcháin a chinntiú. Ní mór do dhuine gníomhú de réir treoirlínte nó comhairle arna soláthar ag an gCoimisiún um Chaighdeáin.

Tá an Coimisiún um Chaighdeáin ag cur in iúl do pháirtithe polaitíochta cáilitheacha nach bhféadfar maoiniú Státchiste arna fháil faoi na hAchtanna Toghcháin a úsáid chun freastal ar aon chineál caiteachais toghcháin ag an gcéad olltoghchán Dála eile ná ag an gcéad olltoghchán Seanaid eile. Áirítear leis sin caiteachas ar earraí, réadmhaoin agus seirbhísí a úsáidtear chun críocha toghcháin roimh thús na "tréimhse toghcháin" (i.e. lánscor Dháil Éireann). Measann an Coimisiún um Chaighdeáin gurb ionann an litir a eisíodh chuig páirtithe polaitíochta cáilitheacha agus treoirlínte arna n-eisiúint de réir bhrí alt 4(6) de na hAchtanna Toghcháin.

I gcás go léirítear go soiléir i Ráiteas Caiteachais faoi Mhaoiniú Státchiste gur chun críocha toghcháin a úsáideadh maoiniú a fuarthas faoi na hAchtanna Toghcháin, foilseoidh an Coimisiún um Chaighdeáin sonraí faoi úsáid den sórt sin i dtuarascáil do Chathaoirleach Dháil Éireann, rud ina gcuirfear in iúl don Chathaoirleach gurb amhlaidh, i dtuairim an Choimisiúin, gur baineadh úsáid mhíchuí as an maoiniú. Leagfar an tuarascáil sin faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas. Foilseofar í ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin um Chaighdeáin freisin. Cuirfidh an Coimisiún um Chaighdeáin in iúl don Aire Airgeadais freisin go measann sé gur bhain an páirtí lena mbaineann úsáid mhíchuí as an maoiniú Státchiste a fuarthas. Is faoin Aire Airgeadais a bheidh sé a chinneadh cén gníomh ba cheart a dhéanamh maidir le maoiniú Státchiste faoi na hAchtanna Toghcháin a íoc amach anseo leis an bpáirtí lena mbaineann.