Baile  /  Eolas Fúinn  /  Scéim Saoráil Faisnéise a fhoilsiú
 
 

Scéim Saoráil Faisnéise a fhoilsiú

 AN COIMISIÚN UM CHAIGHDEÁIN IN OIFIGÍ POIBLÍ

 AN SCÉIM UM ÁBHAR SAORÁIL FAISNÉISE A FHOILSIÚ

Foilsíodh an Scéim um Fhoilsiú seo a leanas faoi alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Tháinig an Scéim in éifeacht an 14 Aibreán 2016. Is é an aidhm atá léi ná an soláthar faisnéise a éascú a mhéid is féidir, seachas faisnéis atá díolmhaithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Is Gréasánbhunaithe atá an Scéim agus cuimsíonn sí naisc chuig ábhar tagartha ar ár suíomh Gréasáin, rud a nuashonrófar mar a fhoráiltear dó faoin Acht.  Cuirfear cóip chrua ar fáil lena léamh ach coinne a dhéanamh.

A.  Faisnéis faoin gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí
Cé sinn agus cad a dhéanaimid

Comhlacht neamhspleách a bunaíodh i mí na Nollag 2001 leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, is ea an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Tá seisear comhaltaí ann agus tá sé faoi chathaoirleacht ag iarbhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte. Tá róil mhaoirseachta aige faoi cheithre chreat reachtacha ar leith. Áirítear leis na feidhmeanna atá aige maoirseacht a dhéanamh ar nochtadh leasanna, ar chomhlíonadh ceanglas imréitigh cánach, ar nochtadh síntiús agus caiteachais toghcháin, ar an dóigh a gcaitheann páirtithe polaitíochta an cistiú a fhaigheann siad ón Stát, athbhreithniú de ráitis chuntais páirtithe polaitíochta agus ar bhrústocaireacht a rialáil.

Bunú

Bunaíodh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) an 10 Nollaig 2001 leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001. Rinne sé ionadú agus glacadh ar gach ceann d’fheidhmeanna an Choimisiúin um Oifigí Poiblí a bhí ann roimhe, comhlacht a bhí i bhfeidhm ó thosach feidhme an Achta um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 i mí na Samhna 1995 i leith.

Feidhmeanna an Choimisiúin

Tá ról maoirseachta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (an Coimisiún um Chaighdeáin) faoi cheithre chreat reachtacha ar leith mar seo a leanas:

Róil agus Freagrachtaí

Leis na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 agus 2001, faoina n-oibríonn an Coimisiún um Chaighdeáin, soláthraítear creat reachtúil trína nochtann parlaiminteoirí agus seirbhísigh phoiblí eile leasanna pearsanta, teaghlaigh agus gnó agus pléitear le hábhair amhail oibleagáidí imréitigh chánach, cóid iompair, tabhairt suas bronntanas luachmhar, etc.

Anuas ar a chuid feidhmeanna faoi na hAchtanna um Eitic, tá an Coimisiún um Chaighdeáin freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar an Acht Toghcháin, 1997, rud a leasaíodh roinnt uaireanta. Baineann ról an Choimisiúin um Chaighdeáin faoi na hAchtanna Toghcháin go príomha le hábhair amhail síntiúis pholaitíochta a nochtadh agus a theorannú, teorainneacha a chur le caiteachas i dtoghcháin Dála, Pharlaimint na hEorpa agus Uachtaránachta, speansais toghcháin a aisíoc, cistiú Státchiste do pháirtithe polaitíochta cáilithe, tríú páirtithe a bhfuil baint acu le feachtais pholaitíochta a chlárú, ráitis chuntais páirtithe polaitíochta etc.

Anuas air sin, tá ról ag an gCoimisiún i maoirseacht a dhéanamh ar an gcistiú a chuirtear ar fáil do pháirtithe polaitíochta agus do chomhaltaí neamhspleácha faoin reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte. Faoin reachtaíocht sin, ní foláir do cheannaire parlaiminteacha na bpáirtithe polaitíochta cáilitheacha agus do chomhaltaí neamhspleácha ráiteas faoi chaiteachas ar bith ón liúntas a íocadh leis an gcomhalta i leith na bliana sin a ullmhú nó ullmhú an ráitis sin a thionscnamh roimh an 30 Aibreán sa bhliain roimhe. Cinnteoidh an ceannaire parlaiminteach nó an comhalta neamhspleách go ndéanfaidh iniúchóir poiblí an ráiteas a iniúchadh agus cuirfidh an ceannaire parlaiminteach nó an comhalta neamhspleách an ráiteas agus tuarascáil an iniúchóra ar fáil don Choimisiún. Breithneoidh an Coimisiún gach ráiteas agus tuarascáil iniúchóra a chuirtear ar fáil dó agus, nuair is cuí leis déanamh amhlaidh, cuirfidh sé tuarascáil i scríbhinn ar fáil don Aire ar aon ábhar a d’fhéadfadh teacht aníos i dtaca leis an ráiteas nó an tuarascáil sin. Leagfar tuarascáil an Choimisiúin faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas.

Mar chríoch, tugadh freagracht don Choimisiún um Chaighdeáin le déanaí as cur chun feidhme an Achta um Brústocaireacht a Rialáil 2015. Foráiltear leis an Acht do bhrústocairí a chlárú agus do ghníomhaíochtaí brústocaireachta a nochtadh ar chlár Gréasánbhunaithe brústocaireachta a bhfuil rochtain ag an bpobal air. Na daoine sin a thagann faoi raon feidhme na reachtaíochta agus atá ag déanamh cumarsáid le hoifigigh phoiblí ainmnithe ar nithe iomchuí, ní foláir dóibh clárú ar líne agus tuairisceáin ar a ngníomhaíochtaí brústocaireachta a chur isteach trí huaire sa bhliain. Ní foláir a nochtadh sna tuairisceáin cé a bhí ag déanamh brústocaireachta, cé a raibh brústocaireacht á déanamh air, modh agus minicíocht na cumarsáide agus an toradh beartaithe. Foráiltear leis an Acht freisin do Chód Iompair do bhrústocairí a bhunú. Chomh maith leis sin, cuirtear i bhfeidhm leis an Acht tréimhse mharana iarfhostaíochta d’aicmí áirithe d’oifigigh phoiblí ainmnithe a bhfuil cosc orthu tabhairt faoi ghníomhaíochtaí áirithe brústocaireachta lena linn.

Ba é an cuspóir sáraitheach a bhain leis an reachtaíocht réamhluaite a achtú agus a fhorbairt ná a chinntiú go mbeadh oscailteacht, cuntasacht agus trédhearcacht ina gcuid dhílis dár gcórais riaracháin phoiblí agus rialachais.

Taifid atá i seilbh na hOifige

Tagann an raon taifead atá i seilbh na hOifige faoi na catagóirí leathana seo a leanas (d’fhéadfadh forluí de phointe éigin a bheith ann)

Taifid Riaracháin Inmheánaigh
  • Taifid Phearsanra
  • Taifid Chuntasaíochta
  • Clár Sócmhainní
  • Treoirlínte agus Ciorcláin ón Státseirbhís/ón tSeirbhís Phoiblí
  • Clúdach Foilsithe na Meán, lena n-áirítear gearrthóga nuachtáin
  • Óráidí, Láithreoireachtaí agus Ailt ó na comhaltaí den Choimisiún agus ó Rúnaíocht an Choimisiúin
  • Teagmhálacha le comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear ainmneacha na dteagmhálaithe do gach comhlacht a chlúdaítear leis an reachtaíocht faoina n-oibríonn an Coimisiún
  • Nótaí agus miontuairiscí chruinnithe an lucht bainistíochta agus doiciméid ghaolmhara
  • Nótaí agus miontuairiscí ó chruinnithe de chuid an Ghrúpa Chomhairligh ar Bhrústocaireacht a Rialáil
  • Taifid a bhaineann le tuarascálacha a fhoilsiú e.g. tuarascálacha tréimhsiúla agus bliantúla, lena n-áirítear taifid a bhaineann le haistriúchán, le tairiscintí, le dearadh agus le priontáil
  • Bainistíocht shuíomh Gréasáin an Choimisiúin (www.sipo.ie)
  • Bainistíocht/forbairt an Chláir Bhrústocaireachta
  • Bainistíocht/forbairt an tsuímh Ghréasáin lobbying.ie www.lobbying.ie
  • Iarrataí Saoráil Faisnéise ar rochtain ar thaifid atá i seilbh an Choimisiúin
  • Iarratais ar athbhreithniú ar bhreitheanna Saoráil Faisnéise
  • Iarrataí faoin Acht um Chosaint Sonraí ar rochtain ar thaifid atá i seilbh an Choimisiúin
  • Comhfhreagras le cláraithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil
  • Fiosruithe ginearálta agus comhfhreagras ginearálta
Beartas
  • Teagmhálacha leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • Teagmhálacha leis an Roinn Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil
  • Teagmhálacha le Coistí Oireachtais
  • Comhfhreagras le comhlachtaí seachtracha
 Reachtaíocht agus ábhair ghaolmhara
  • Plé leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le hoibriú na nAchtanna um Eitic agus maidir leis an reachtaíocht bheartaithe um eitic
  • Plé leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le hoibriú an Achta um Brústocaireacht a Rialáil 2015 
  • Plé leis an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil maidir le hoibriú na nAchtanna Toghcháin agus maidir leis an reachtaíocht bheartaithe i leith Coimisiún Toghcháin
Treoracha/Treoirlínte Foirne
  • Doiciméid éagsúla Treoirlínte agus Nósanna Imeachta le haghaidh déileáil leis an obair faoi na píosaí éagsúla reachtaíochta a bhfuil an Coimisiún freagrach aisti
  • Socruithe idirchaidrimh le comhlachtaí poiblí
Imscrúduithe/Fiosruithe arna ndéanamh ag an gCoimisiún
  • Cumarsáidí leis an ngearánach, leis an duine a bhfuil an gearán á dhéanamh ina aghaidh, leis an gcomhlacht poiblí agus le haon tríú páirtithe ábhartha
  • Taifid a bhaineann le fiosruithe arna ndéanamh leis an gCoimisiún
  • Aighneachtaí i dtaca le himscrúdú/réamhfhiosrú
  • Comhairle dlí arna cur ar fáil don Oifig
  • Cinntí an Choimisiúin
  • Taifid eile a bhaineann le himscrúduithe agus le fiosruithe, lena n-áirítear nótaí faisnéise don Choimisiún, tuarascálacha imscrúdaithe, anailís agus nótaí tráchta ó fhoireann na Rúnaíochta
 Socruithe Rialachais agus Bainistíochta

Tá an Oifig seo tiomanta do struchtúir, do phróisis agus do chórais den dea-chleachtas a thacaíonn le feidhmiú rathúil a dualgas ar bhealach eiticiúil, cuntasach, trédhearcach agus éifeachtach. Is féidir sonraí faoi shocruithe rialachais na hOifige a fháil i ndoiciméad a Creata Rialachais Chorparáidigh, doiciméad ina leagtar amach na córais, na prionsabail agus na próisis trína ndéantar an Oifig a threorú agus a rialú.

Pleananna Corparáideacha agus Straitéisí Corparáideacha

Cuireann Rúnaíocht an Choimisiúin le mór-Ráiteas Straitéise Oifig an Ombudsman agus treoraítear í leis an Ráiteas sin. Is féidir naisc chuig Ráiteas Straitéise Oifig an Ombudsman a fháil anseo.

Tuarascáil Bhliantúil

Tá Tuarascálacha Bliantúla an Choimisiúin ar fáil ar an suíomh Gréasáin ag Tuarascálacha Bliantúla.

Struchtúr Eagrúcháin
Comhaltaí den Choimisiún agus Struchtúr na Rúnaíochta
Comhaltaí

Cathaoirleach an Choimisiúin:          An Breitheamh Onórach Daniel O’Keeffe,    iarbhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte

Comhaltaí de bhrí oifige:       An tUas. Séamus McCarthy, an tArd-Reachtaire Cuntas agus

Ciste;

An tUas. Peter Tyndall, an tOmbudsman;

An tUas. Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann agus

An tUas. Martin Groves, Cléireach Sheanad Éireann

An 6ú comhalta                      An tUas. Jim O’Keeffe, iarchomhalta de Dháil Éireann

An Rúnaíocht

Imscrúdaitheoirí Sinsearacha:           Sherry Perreault (Príomhoifigeach), Ceann Rialála Eitice agus Brústocaireachta

Imscrúdaitheoirí:                    4 (Príomhoifigigh Chúnta)

Ardoifigeach Feidhmiúcháin:            3

Oifigeach Riaracháin                      2

Oifigeach Feidhmiúcháin:     4

Oifigigh Chléireachais:          4

Grádú Pá

Ní fhaigheann na comhaltaí de bhrí oifige den Choimisiún aon luach saothair ná liúntas sa bhreis as a gcuid oibre ar an gCoimisiún. Faigheann an Cathaoirleach íocaíocht sa lá freisin as freastal. Tá an 6ú comhalta i dteideal íocaíocht sa lá den chineál céanna a fháil. Tá an bheirt acu i dteideal liúntas taistil agus cothaithe a éileamh freisin, nuair is cuí.

Is státseirbhísigh iad na baill foirne de Rúnaíocht an Choimisiúin. Is féidir scálaí tuarastail státseirbhíseach a fháil sna ciorcláin atá ar fáil ag na naisc seo a leanas:

Tuarastail an Státseirbhís

Láthair na hOifige

Tá Rúnaíocht an Choimisiúin suite ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.

Uaireanta oscailte: idir 9.15 agus 5.00 Luan go Dé hAoine.

Is féidir treoracha chuig an Oifig a fháil anseo.

Sonraí Teagmhála

Post: An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2

Teileafón: (01) 6395666  

Ríomhphost: sipo@sipo.ie

Ceisteanna ó na Meáin

Déan teagmháil le:

Adam Conway

Preasoifigeach, Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

Fón: (01) 6395666  

Ríomhphost: sipo@sipo.ie

Cairt Chustaiméirí

Tá an Chairt Seirbhíse do Chliaint ó Oifig an Ombudsman glactha ag an gCoimisiún um Chaighdeáin. Tá an doiciméad sin ar fáil ag Cairt Seirbhíse do Chliaint.

Cód Cleachtais

Tá baill foirne na Rúnaíochta ina státseirbhísigh ar seirbhís i Státseirbhís an Stáit agus, dá bhrí sin, tá siad faoi cheangal ag Cód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse.

B. Seirbhísí a Sholáthraítear don Phobal

Ar an leathanach seo, tugtar cur síos achomair ar na príomhghnéithe de na píosaí éagsúla reachtaíochta agus ar na feidhmeanna a chomhlíonann an Coimisiún um Chaighdeáin.

Na hAchtanna um Eitic
Forbhreathnú ar na hAchtanna um Eitic

Foráiltear leis na hAchtanna um Eitic do leasanna a nochtadh, lena n-áirítear aon tosca ábhartha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar Aire Rialtas nó Aire Stáit, ar chomhalta de Thithe an Oireachtais, ar chomhalta de bhord Stáit nó ar sheirbhíseach poiblí le linn dó a dhualgais oifigiúla a chomhlíonadh. Is é cuspóir príomha na reachtaíochta ná a thaispeáint nach bhfuil na daoine sin atá páirteach sa saol poiblí ag iarraidh buntáiste pearsanta a bhaint as toradh a gcuid gníomhartha. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, cuireadh creat reachtúil i bhfeidhm chun nochtadh leasanna a rialáil agus chun a chinntiú go ndéantar bearta eile le haghaidh an raon leathan oibleagáidí a thagann aníos faoin reachtaíocht a chomhlíonadh. Tá an reachtaíocht bunaithe ar thoimhde an ionracais ach aithnítear inti gur cheart bearta sonracha a bheith ann chun buntacú le comhlíonadh.

Mar aon le leasanna a nochtadh faoi na hAchtanna um Eitic, ní foláir do gach comhalta den dá Theach den Oireachtas, don Ard-Aighne agus do dhaoine a cheaptar chun oifige sinsearaí i gcomhlachtaí poiblí fianaise ar chomhlíonadh cánach a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin. Ceanglaítear leis an reachtaíocht freisin go ndréachtaítear cóid iompair do ghnáthchomhaltaí de na Tithe, do shealbhóirí oifige (e.g. Airí den Rialtas agus Airí Stáit) agus do sheirbhísigh phoiblí. Is é an Coimisiún um Chaighdeáin a fhoilsíonn na cóid sin.

Feidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin faoi na hAchtanna um Eitic

Is iad príomhfheidhmeanna leanúnacha an Choimisiúin um Chaighdeáin ná comhairle agus treoirlínte a chur ar fáil maidir le comhlíonadh na nAchtanna um Eitic, nochtadh leasanna agus córais imréitigh chánach a riar agus sáruithe féideartha ar an reachtaíocht a imscrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu. Tá feidhm ag feidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin maidir le sealbhóirí oifige agus le seirbhísigh phoiblí agus, i dtaca le bearta comhlíonta cánach, tá feidhm acu maidir le gach comhalta de na Tithe. Seachas ábhair a bhaineann le himréiteach cánach, is ionann feidhmeanna na gCoistí um Leasanna Comhaltaí den dá Theach agus feidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin i dtaca le comhaltaí de na Tithe nach sealbhóirí oifige iad.

Tuilleadh Faisnéise

Is féidir tuilleadh faisnéise maidir le ceanglais na nAchtanna um Eitic agus le ról an Choimisiúin um Chaighdeáin faoin reachtaíocht sin a fháil ar na rannáin Treoirlínte agus Tuarascálacha Bliantúla ar a shuíomh Gréasáin. Is féidir sonraí faoi na hAchtanna um Eitic agus faoi rialacháin a rinneadh faoi na hAchtanna um Eitic a fháil ar an rannán Reachtaíocht den suíomh Gréasáin.

Sonraí faoi conas is féidir le daoine a bhfuil oibleagáidí orthu faoi na hAchtanna um Eitic comhairle a iarraidh ón gCoimisiún um Chaighdeáin, is féidir iad a fháil ar an leathanach Déan teagmháil linn den suíomh Gréasáin.

Na hAchtanna Toghcháin
Forbhreathnú ar na hAchtanna Toghcháin

Is é cuspóir na nAchtanna Toghcháin ná a chinntiú gurb ann d’oscailteacht agus do chuntasacht sa chaidreamh atá ann idir páirtithe polaitíochta agus polaiteoirí aonair ar thaobh amháin agus, ar an taobh eile, sa chaidreamh atá ann idir páirtithe polaitíochta/polaiteoirí aonair agus daoine a thabharfadh tacaíocht pholaitiúil dóibh, bíodh sé trí bhíthin cúnamh airgeadais nó modhanna eile. Is é aidhm na reachtaíochta freisin ná cothromas a bhaint amach sa phróiseas toghcháin ach teorainn a chur le caiteachas i dtoghcháin agus córas a chur ar fáil trínar féidir le hiarrthóirí i dtoghcháin speansais toghcháin a fháil ar ais i gcúinsí áirithe. Ina theannta sin, déantar foráil leis na hAchtanna Toghcháin do mhaoiniú Stáit do pháirtithe polaitíochta cáilithe a fuair 2% ar a laghad de na vótaí céad rogha sa toghchán is déanaí roimhe sin don Dáil.

Feidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin faoi na hAchtanna Toghcháin

Ceanglaítear leis na hAchtanna Toghcháin ar an gCoimisiún um Chaighdeáin faireachán a dhéanamh agus, nuair is cuí leis, tuairisc a thabhairt do Chathaoirleach Dháil Éireann, ar ábhair a bhaineann leis na nithe seo a leanas -

  • glacadh agus nochtadh síntiús i measc páirtithe polaitíochta, Comhaltaí den dá Theach agus de Pharlaimint na hEorpa agus iarrthóirí i dtoghcháin Dála, Seanaid, Pharlaimint na hEorpa agus uachtaránachta
  • cuntais síntiús polaitíochta a oscailt agus a choinneáil ar bun
  • speansais toghcháin a theorannú, a nochtadh agus a aisíoc
  • síntiúsóirí corparáideacha a chlárú
  • clárú “tríú páirtithe” (i.e. grúpaí feachtais / brústocaireachta nó daoine aonair a ghlacann le síntiús ar mó a luach ná €100 chun críocha polaitíochta) agus daoine eile
  • athbhreithniú a dhéanamh ar ráitis bhliantúla chuntas agus ar thuarascálacha iniúchóra arna gcur ar fáil ag páirtithe polaitíochta don Choimisiún
  • an maoiniú arna fháil ag páirtithe polaitíochta cáilithe ón Stát.

Féadfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin cibé fiosruithe is gá a dhéanamh i gcomhlíonadh a fheidhmeanna reachtúla. Féadfaidh sé comhaid a tharchur chuig an nGarda Síochána i gcás go measann sé go bhfuil seans ann go ndearnadh cion coiriúil.

Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin, ó am go chéile, treoirlínte a dhréachtú agus a fhoilsiú agus comhairle maidir le comhlíonadh a chur ar fáil do dhaoine a chuimsítear leis na forálacha de na hAchtanna Toghcháin. Ní mór do dhuine gníomhú de réir treoirlínte arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún um Chaighdeáin nó de réir comhairle arna soláthar ag an gCoimisiún um Chaighdeáin, ach amháin i gcás go sáródh sé foráil eile de na hAchtanna Toghcháin dá ndéanfadh sé amhlaidh.

Chomh maith leis sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin daoine a éascú iniúchadh a dhéanamh ar Ráitis Síntiús, Ráitis Speansas Toghcháin, etc., arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin faoin reachtaíocht agus cóipeanna a dhéanamh díobh.

Tuilleadh Faisnéise

Is féidir tuilleadh faisnéise maidir le ceanglais na nAchtanna Toghcháin agus maidir le ról an Choimisiúin um Chaighdeáin faoin reachtaíocht sin a fháil sa rannán Treoirlínte den suíomh Gréasáin (faoi “Toghcháin”, “Síntiúis”, “Maoiniú Stáit” nó “Nótaí Míniúcháin” nó Cuntas Páirtithe Polaitíochta) nó sa rannán Tuarascálacha den suíomh Gréasáin seo (faoi “Toghcháin”, “Nochtadh Bliantúil”, “Maoiniú Stáit”, “Ráitis Chuntais Páirtithe Polaitíochta” agus “Tuarascálacha Eile”). Is féidir sonraí faoi na hAchtanna Toghcháin agus faoi rialacháin arna ndéanamh faoi na hAchtanna Toghcháin a fháil sa rannán Reachtaíocht den suíomh Gréasáin.

Ar an leathanach Déan teagmháil linn den suíomh Gréasáin, is féidir sonraí a fháil faoin dóigh ar féidir le daoine a bhfuil oibleagáidí orthu faoi na hAchtanna Toghcháin comhairle a iarraidh ón gCoimisiún um Chaighdeáin.

An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 (an tAcht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte)
Forbhreathnú ar an Acht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte

Foráiltear san Acht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte do liúntas bliantúil a íoc le ceannairí páirtithe parlaiminte agus le comhaltaí neamhspleácha i ndáil le speansais a bhaineann lena ngníomhaíochtaí parlaiminte, taighde san áireamh. Tá an tsuim a íoctar bunaithe ar ionadaíocht an pháirtí i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann. Laghdaítear an liúntas i gcás gur cuid den rialtas é an páirtí. Is leagtha amach san Acht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte atá na “gníomhaíochtaí parlaiminte” a bhféadfar an cistiú a úsáid dóibh. Ní fhéadfar an cistiú a úsáid chun críocha toghcháin ná reifrinn.

Leis an Acht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte, ceanglaítear ar cheannaire an pháirtí ráiteas ar chaiteachas ón liúntas a fuarthas i dtaca leis an mbliain roimhe a ullmhú, nó a chur faoi deara go n-ullmhófar an ráiteas sin. Ní mór na míreanna ar caitheadh an cistiú orthu a bheith leagtha amach faoi cheannlínte sonracha sa ráiteas. Ní mór an ráiteas a bheith iniúchta ag iniúchóir poiblí agus ní mór é agus tuarascáil an iniúchóra a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin laistigh de 120 lá tar éis dheireadh na bliana airgeadais ar íocadh an liúntas ina leith (i.e. 30 Aibreán). Féadfar an Liúntas a chur ar fionraí i gcás go mainnítear an ráiteas a chur ar fáil laistigh den tréimhse ama sin.

Feidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin faoin Acht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte

Ní mór don Choimisiún um Chaighdeáin breithniú a dhéanamh ar gach ráiteas agus ar gach tuarascáil iniúchóra a chuirtear faoina bhráid agus, más gá, rachaidh sé i gcomhairle le ceannaire an pháirtí nó le comhalta neamhspleách ar aon ábhar atá leagtha amach sa ráiteas. Ceanglaítear ar an gCoimisiún um Chaighdeáin freisin tuarascáil a chur ar fáil don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ina gcuirfear in iúl cé acu a cuireadh nó nár cuireadh an ráiteas agus tuarascáil an iniúchóra isteach laistigh den tréimhse shonraithe. Ní mór dó a chur in iúl freisin cé acu atá nó nach bhfuil aon chaiteachas neamhúdaraithe nochta sa ráiteas agus cé acu atá an ráiteas imleor nó míchuí.

Ní mór don Choimisiún um Chaighdeáin a chur faoi deara go ndéanfar cóip den tuarascáil chuig an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. Ní mór don Choimisiún um Chaighdeáin cóipeanna de na ráitis agus de na tuarascálacha iniúchóra a choinneáil ar feadh tréimhse 3 bliana agus ní mór dó iad a chur ar fáil don phobal lena n-iniúchadh agus lena gcóipeáil.

Tuilleadh Faisnéise

Is féidir tuilleadh faisnéise maidir le ceanglais an Achta um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) 2014 agus maidir le ról an Choimisiúin um Chaighdeáin faoin reachtaíocht sin a fháil sa rannán Maoiniú Stáit den suíomh Gréasáin seo. Is féidir sonraí faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 a fháil sa rannán Reachtaíocht den suíomh Gréasáin seo.

Ar an leathanach Déan teagmháil linn den suíomh Gréasáin, is féidir sonraí a fháil faoin dóigh ar féidir le daoine a bhfuil oibleagáidí orthu faoin Acht faisnéis a iarraidh ón gCoimisiún um Chaighdeáin.

An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015
Forbhreathnú ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil

Síníodh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 isteach sa dlí an 11 Márta 2015.

Is é cuspóir an Achta ná foráil a dhéanamh do Chlár Brústocaireachta Gréasánbhunaithe chun faisnéis a chur ar fáil don phobal ar chéannacht na ndaoine sin atá ag déanamh cumarsáid le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le nithe iomchuí, lena n-áirítear beartas, cláir, reachtaíocht, cistiú, nó criosú agus forbairt. Ainmnítear leis an Acht an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí mar Chláraitheoir.

Chomh maith leis sin, foráiltear leis an Acht go bhfuil aicmí sonracha oifigeach poiblí ainmnithe (mar shampla, Airí den Rialtas agus Airí Stáit, comhairleoirí speisialta, seirbhísigh phoiblí agus státseirbhísigh) faoi réir tréimhse mharana iarfhostaíochta aon bhliana, tréimhse nár cheart dóibh dul i mbun gníomhaíochtaí sonracha brústocaireachta lena linn.

Tosaíodh an tAcht le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2015. Ón 1 Meán Fómhair, ní mór d’aon duine atá ag déanamh gníomhaíochtaí brústocaireachta taifead a choinneáil ar na gníomhaíochtaí sin agus an taifead sin a chur chuig an gclár gach ceithre mhí. Is gá an fhaisnéis sin a chur chuig an gClár laistigh de 21 lá tar éis dheireadh gach tréimhse ceithre mhí.

Feidhmeanna an Choimisiúin um Chaighdeáin faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil

Foráiltear leis an Acht go mbeidh an Coimisiún um Chaighdeáin ar an gCláraitheoir Brústocaireachta. Déanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin maoirseacht ar chur chun feidhme an chláir, déanfaidh sé faireachán ar chomhlíonadh na reachtaíochta, cuirfidh sé treoir agus cúnamh ar fáil agus, nuair is gá, imscrúdóidh sé sáruithe ar cheanglais dhlíthiúla agus leanfaidh sé díobh in am is i dtráth.

Sa chéad tréimhse d’oibriú na reachtaíochta, díreoidh an Cláraitheoir ar threoir agus ar fhaisnéis a chur ar fáil. Ó 1 Eanáir 2017 tháinig na forálacha forfheidhmithe, den Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015, isteach i bhfeidhm. Faigheann Cláraitheoirí Fógra Íocaíochta Seasta de €200 má tá tuairisceáin déanach curtha faoi bhráid acu.

Tuilleadh Faisnéise

Tá tuilleadh faisnéise agus treoirlínte ina gcothaítear tuiscint ar an Acht ar fáil ag www.lobbying.ie. I gcás daoine ar mian leo coinneáil cothrom le dáta faoi aon fhorbairtí maidir le Brústocaireacht a Rialáil, is féidir leo ár gcuntas ar Twitter @lobbyingIE a leanúint nó cuairt a thabhairt ar www.lobbying.ie.

C. An próiseas cinnteoireachta le haghaidh mórthograí beartais
CONAS A DHÉANAIMID CINNTÍ

Is iad feidhmeanna maoirseachta atá ag an gCoimisiún. Dá bhrí sin, ní cheapann sé beartas poiblí. Is amhlaidh, áfach, go ndéanann an Coimisiún aighneachtaí maidir le hoibriú na reachtaíochta a ndéanann sé maoirseacht uirthi a chur ar fáil ó am go chéile don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus don Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Mar shampla, rinne an Coimisiún aighneachtaí maidir leis an mBille um Chaighdeáin san Earnáil Phoiblí 2015 agus maidir leis an tuarascáil ar Choimisiún Toghcháin a bhunú.

Maidir leis an ról atá aige faoi na hAchtanna um Eitic, baineann príomhfheidhmeanna cinnteoireachta an Choimisiúin lena chinneadh cé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé imscrúdú ar ghearán agus le cinneadh a dhéanamh ar na torthaí agus ar na cinntí a thagann as an imscrúdú.

Maidir leis na hAchtanna Toghcháin agus leis an reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte, baineann príomhról cinnteoireachta an Choimisiúin lena chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil tuairisceáin reachtúla a dhéantar chuig an gCoimisiún i dtaca le síntiúis, le speansais toghcháin agus le cistiú Státchiste ag teacht leis an reachtaíocht. Chomh maith leis sin, féadfaidh sé a chinneadh comhaid a tharchur chuig an nGarda Síochána i gcás go n-aimsítear sáruithe ar an reachtaíocht Toghcháin.

Faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil, féadfaidh an Coimisiún cinntí a dhéanamh freisin maidir leis an bhfaisnéis atá le fáil ar an gClár Brústocaireachta, féadfaidh sé moill iomlán nó pháirteach a chur ar fhoilsiú faisnéise atá le fáil i gclárú nó i dtuairisceán maidir le gníomhaíochtaí brústocaireachta, agus féadfaidh sé an tréimhse mharana iarfhostaíochta a tharscaoileadh nó a laghdú. Féadfaidh an Coimisiún imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar an Acht agus neamh-chomhlíonadh a ionchúiseamh freisin.

D. Faisnéis Airgeadais
An t-airgead a chaithimid

Cistítear an Coimisiún faoin vóta a leithdháiltear ar Oifig an Ombudsman.

Tá sonraí ar fáil ag: http://audgen.gov.ie/documents/annualreports/2015/appacc/ga/vota_19.pdf

E. Soláthar
Conas a chaithimid an t-airgead sin

Modhanna Soláthar do Scéim Foilseachán Múnla

F.  Loga Nochta Saoráil Faisnéise agus Faisnéis eile is gá a Fhoilsiú mar Chúrsa Gnáthaimh
Loga Nochta Saoráil Faisnéise

Is féidir amharc anseo ar na hiarrataí Saoráil Faisnéise atá faighte ar fhaisnéis neamhphearsanta ón 1 Eanáir 2015.

Iarrataí Saoráil Faisnéise ar an Oifig

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá gach duine i dteideal iarratas a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil don phobal ar shlí eile. Tríd is tríd, tá duine i dteideal na nithe seo a leanas:

  1. Rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh na hOifige.
  2. Go gceartófaí faisnéis phearsanta, a bhaineann leis féin, agus atá i seilbh na hOifige, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach.
  3. Rochtain a fháil ar chúiseanna le breitheanna a thug an Oifig agus a chuaigh i bhfeidhm go díreach air.

Ní faoi raon feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise a thagann gach taifead atá i seilbh na hOifige. Níl feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise maidir le taifid a bhfuil cosc ann ar a nochtadh faoi alt 35 de na hAchtanna um Eitic, i.e. faisnéis a fuarthas faoi na hAchtanna um Eitic nó faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 nó faisnéis a fuarthas óna bheith i láthair ag cruinniú de chuid an Choimisiúin, ach amháin i gcás go dtagann na taifid sin faoi eisceacht i mír 35(2). Níl feidhm ag an Acht ach oiread maidir le ráitis ó institiúidí airgeadais, le deimhnithe síntiús airgid ná le dearbhuithe reachtúla a cuireadh ar fáil don Choimisiún faoin reachtaíocht Toghcháin, ach amháin i gcás go n-ordaíonn cúirt go nochtfar iad nó i gcás go bhfuil nochtadh na nithe sin riachtanach i dtaca le himscrúdú de chuid an Choimisiúin. I measc samplaí de thaifid a bhfuil cosc ann ar a nochtadh faoi na hAchtanna um Eitic, tá ráitis ar leasanna, iarrataí ar chomhairle, agus taifid a fuarthas i dtaca le scrúdú ar ghearán. D’fhéadfadh go mbeadh taifid eile ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (faoi réir na ngnáthdhíolúintí) – e.g. taifid a bhaineann le riarachán na hOifige, amhail cúrsaí pearsanra nó teagmhálacha ginearálta le comhlachtaí poiblí. 

Ba cheart iarrataí Saoráil Faisnéise a bhaineann le taifid na hOifige a sheoladh chuig:

Saoráil Faisnéise - Oifigeach Cinneadh

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

18 Sráid Líosain Íochtarach

Baile Átha Cliath 2

Fón: (01) 6395666   Ríomhphost: foi@sipo.ie

Ba cheart iarrataí a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart a shonrú iontu go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba cheart an fhoirm a bhfuiltear ag iarraidh na taifid a fháil inti – e.g. fótachóipeanna/diosca – a lua san iarraidh freisin. Ionas go mbeifear in ann na taifid atá á n-iarraidh a shainaithint, ba cheart d’iarrthóirí cur síos atá chomh mionsonraithe agus is féidir a dhéanamh ar na taifid. Más féidir é, ba cheart uimhir theagmhála is féidir a úsáid le linn uaireanta oifige a sholáthar ionas go mbeifear in ann na sonraí faoi iarraidh Saoráil Faisnéise a shoiléiriú. Cabhróidh foireann na hOifige le hiarraidh Saoráil Faisnéise a chur le chéile, más gá. 

Admhóidh an Oifig iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise laistigh de dhá sheachtain ón iarraidh sin a fháil. Luafar san admháil sin go mbeidh sé de cheart ag an iarrthóir athbhreithniú inmheánach ar an mbreith a iarraidh sa chás nach mbeidh sé sásta leis an mbreith Saoráil Faisnéise a eisíodh. Eiseofar an bhreith laistigh de cheithre seachtaine.

An Ceart chun Athbhreithniú Inmheánach ar Bhreith

Foráiltear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise do cheart chun athbhreithniú inmheánach ar bhreitheanna comhlachtaí poiblí. Féadfar athbhreithniú inmheánach a iarraidh i gcásanna inar diúltaíodh d’iarraidh Saoráil Faisnéise nó inar deonaíodh go páirteach í agus i gcásanna inar iarchuireadh rochtain. Is féidir athbhreithniú inmheánach a iarraidh freisin i gcásanna ina bhfuil aighneas faoin bhfoirm rochtana nó faoi leibhéal na dtáillí a ghearrtar. Meastar gur diúltaíodh d’iarraidh Saoráil Faisnéise i gcásanna nár eisíodh breith laistigh de cheithre seachtaine ón iarraidh Saoráil Faisnéise a fháil.

Ba cheart iarrataí ar athbhreithniú inmheánach ar bhreitheanna na hOifige a dhéanamh i scríbhinn chuig:

Saoráil Faisnéise - Léirmheastóir Inmheánach

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

18 Sráid Líosain Íochtarach

Baile Átha Cliath 2

Fón: (01) 6395666   Ríomhphost: foi@sipo.ie

Cinnteoidh sé gurb é oifigeach atá ag leibhéal níos airde ná an t-oifigeach a thug an bhreith bhunaidh Saoráil Faisnéise a dhéanfaidh an t-athbhreithniú. Ba cheart iarraidh den sórt sin a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ón mbreith bhunaidh a fháil. Is gá an bhreith tar éis athbhreithniú inmheánach a eisiúint laistigh de thrí seachtaine ón iarraidh a fháil. 

Faisnéis arna foilsiú ag an Oifig

Is é an aidhm atá leis an Acht um Shaoráil Faisnéise rochtain a cheadú ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí agus nach gcuirtear ar fáil don phobal mar chúrsa gnáthaimh ar shlí eile, faoi réir díolúintí, nósanna imeachta agus teorainneacha ama áirithe. Tá an fhaisnéis seo a leanas faoi ghníomhaíochtaí agus faoi fheidhmeanna na hOifige ar fáil gan dul i muinín an Achta um Shaoráil Faisnéise.

Tuarascálacha Bliantúla

Cuireann an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe gach bliain maidir le gníomhaíochtaí an Choimisiúin le linn na bliana roimhe. Is féidir tuarascálacha bliantúla a fháil sna háiteanna seo a leanas:

  • Rúnaíocht an Choimisiúin ag 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
  • Ar ár suíomh Gréasáin ag www.sipo.ie
Cóid Iompair: ar fáil anseo.
Nótaí Treorach:ar fáil agwww.sipo.ie agus ag www.lobbying.ie
Foilseacháin eile

Foilsíonn an Coimisiún tuarascálacha ar na gnéithe éagsúla dá oibriú freisin. Féach an rannán tuarascálacha den suíomh Gréasáin.

Tá na foilseacháin go léir thuas ar fáil saor in aisce ón Oifig nó ar na suíomhanna Gréasáin

www.sipo.ie agus www.lobbying.ie

Suíomh Gréasáin

Tá tuilleadh faisnéise faoin Oifig ar fáil ar ár suíomh Gréasáin (www.sipo.ie). Áirítear leis an bhfaisnéis sin:

  • Faisnéis faoin gCoimisiún agus faoin ról atá aige
  • Faisnéis faoin gCoimisiún, lena n-áirítear conas a chomhlíonann sí an tAcht um Míchumas agus Athúsáid Faisnéis Earnála Poiblí.
  • An téacs iomlán den reachtaíocht ar a ndéanann an Coimisiún maoirseacht
  • Liosta de na Comhlachtaí Poiblí go léir faoi raon feidhme an Achta um Eitic
  • Conas iarraidh Saoráil Faisnéise a dhéanamh chuig an Oifig
  • Foirmeacha éagsúla is féidir a úsáid chun tuairisceáin reachtúla a dhéanamh chuig an gCoimisiún
Coimisiún Reifrinn

Cuirtear Coimisiún Reifrinn ar bun faoi rogha an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil nuair a chinneann an Rialtas reifreann a thionól ar shaincheist ar leith. Cuirtear Coimisiún nua ar bun ar gach ócáid den sórt sin chun na feidhmeanna a chomhlíonadh i dtaca le togra reifrinn ar leith.

Ceanglaítear ar an gCoimisiún le hAcht an Reifrinn tuarascáil scríofa ar chomhlíonadh a fheidhmeanna a chur faoi bhráid an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil a luaithe is féidir tar éis dó comhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht a chur i gcrích (i.e. tar éis lá na vótála don reifreann) ach tráth nach déanaí ná 6 mhí ina dhiaidh. Díscaoilfear an Coimisiún mí amháin tar éis an tuarascáil uaidh a chur faoi bhráid an Aire.

Cuireann an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí an Rúnaíocht ar fáil don Choimisiún Reifrinn, agus é ar bun, agus coimeádann sé taifid an Choimisiúin Reifrinn ina sheilbh nuair nach bhfuil aon Choimisiún Reifrinn i mbun oibre.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoin gCoimisiún Reifrinn a rochtain ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin – www.refcom.ie

Related Files:

pdf

Scéim Saoráil Faisnéise a fhoilsiú

(Format: Adobe PDF, Size: 429KB)