Baile  /  Eolas Fúinn  /  Feidhmeanna
 
 

Feidhmeanna

Feidhmeanna Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

Tá ról maoirseachta ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (Coimisiún na gCaighdeán) faoi thrí Acht éagsúil sa reachtaíocht mar seo a leanas:

  1. An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí 1995, arna leasú ag an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001, (na hAchtanna Eitice).
  2. An tAcht Toghcháin 1997, arna leasú, (na hAchtanna Toghcháin)
  3. An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2001 (reachtaíocht faoi Liúntas Cheannairí na bPáirtithe)

Tugtar cur síos achomair ar an leathanach seo ar phríomhghnéithe na reachtaíochta agus leagtar amach na feidhmeanna a chuireann Coimisiún na gCaighdeán de i gcás gach Achta acu. Cuirtear nasc le codanna eile den láithreán gréasáin mar a bhfuil tuilleadh eolais ábhartha ar fáil i ngach cás chomh maith.

Na hAchtanna Eitice

Cur síos ginearálta ar na hAchtanna Eitice:

Tá d’ aidhm leis na hAchtanna Eitice go ginearálta foráil do nochtadh leasanna, lena n-áirítear aon chúinsí ábhartha a d ’ fhéadfadh tionchar a imirt ar Aire Rialtais nó Aire Stáit, ar chomhalta de Thithe an Oireachtais nó ar sheirbhíseach poiblí i mbun dualgas oifigiúil dóibh. Is é príomhchuspóir na reachtaíochta a léiriú nach bhfuil siad siúd atá páirteach sa saol poiblí ag féachaint le buntáiste phearsanta a bhaint as toradh a gcuid bearta. D ’ fhonn an chuspóir sin a bhaint amach, tá creat oibre reachtúil curtha ar bun trína ndéantar rialáil ar nochtadh na leasanna agus trína gcinntítear go ndéantar bearta eile d ’ fhonn an réimse leathan dualgas a thagann i gceist faoin reachtaíocht a chomhlíonadh. Tá an reachtaíocht bunaithe ar thoimhde an ionracais ach aithnítear gur cheart bearta sonracha a bheith i bhfeidhm chun treisiú leis an ngéilliúnas.

Faoi na hAchtanna Eitice, chomh maith le leasanna a nochtadh, ní mór do gach comhaltaí sa dá Theach de Thithe an Oireachtais, don Ard-Aighne agus dóibh siúd a cheaptar in oifigí sinsearacha i gcomhlachtaí poiblí fianaise a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán go bhfuiltear géilliúil ó thaobh cánachais de. Éilítear faoin reachtaíocht chomh maith go ndéanfaí cóid iompair a dhréachtadh do ghnáthchomhalta na dTithe, do shealbhóirí oifige (e.g Airí Rialtais agus Airí Stáit) agus do sheirbhísigh poiblí. Foilsíonn Coimisiún na gCaighdeán na cóid sin.

Feidhmeanna Choimisiún na gCaighdeán faoi na hAchtanna Eitice:

Is iad príomhfheidhmeanna rialta Choimisiún na gCaighdeán comhairle agus treoir a thabhairt maidir le teacht leis na nAchtanna Eitice, riarachán a dhéanamh ar réimsí nochtadh na leasanna agus imréiteach chánach agus imscrúdú agus tuairisciú a dhéanamh maidir le aon chás ina bhféadfadh sárú a bheith á dhéanamh ar an reachtaíocht. Baineann na feidhmeanna seo de chuid Choimisiún na gCaighdeán le sealbhóirí oifige agus le seirbhísigh poiblí agus, i gcás bhearta géilliúnais i gcúrsaí cánachais, le gach comhalta de Thithe an Oireachtais. Taobh amuigh de chúrsaí imréitigh cánach, tá feidhmeanna cosúil le feidhmeanna Choimisiún na gCaighdeán ag na Coistí um Leasanna na gComhaltaí sa dá Theach maidir leis na comhaltaí de chuid na dTithe nach bhfuil ina sealbhóirí oifige.

Tuilleadh eolais maidir leis na hAchtanna Eitice:

Is féidir tuilleadh eolais maidir lena n-éilítear faoi na hAchtanna Eitice agus le ról Choimisiún na gCaighdeán faoin reachtaíocht sin a fháil sna ranna faoi Treoirlínte / na hAchtanna Eitice agus Tuarascálacha / Tuarascálacha Bliantúla ar an láithreán gréasáin seo. Tá sonraí maidir leis na hAchtanna Eitice agus rialacháin arna ndéanamh faoi na hAchtanna Eitice le fáil sa roinn faoi Eolas Fúinne / Reachtaíocht ar an láithreán gréasáin.

Tugtar sonraí faoin gcaoi ar féidir leo siúd a bhfuil dualgais orthu faoi na hAchtanna Eitice comhairle a iarraidh ó Choimisiún na gCaighdeán ar an leathanach faoi Déan Teaghmáil Linn ar an láithreán gréasáin.

Na hAchtanna Toghcháin

Cur síos ginearálta ar na hAchtanna Toghcháin:

Tá d’ aidhm leis na hAchtanna Toghcháin cinntiú go mbaineann ionracas agus freagracht leis an gcaidreamh atá idir, ar láimh amháin, páirtithe polaitiúla agus an polaiteoir féin agus, ar an láimh eile, iad siúd a thacódh leo ó thaobh polaitíochta de, trí chabhair airgid a thabhairt nó ar bhealaí eile. Féachtar le cothromaíocht a bhaint amach i bpróiseas na toghchánaíochta tríd an reachtaíocht chomh maith trí theorainn a leagan síos ar oiread an chaiteachais ar thoghcháin agus trí chóras a chur ar fáil trínar féidir le iarrthóirí i dtoghcháin, i gcásanna áirithe, aisíoc a fháil ar chostais toghcháin. Foráiltear sna hAchtanna Toghcháin chomh maith do chiste Stáit do pháirtithe polaitiúla incháilithe a fuair ar a laghad 2% de na vótaí céad rogha ag an dtoghchán ginearálta deireanach don Dáil.

Éilítear ar Choimisiún na gCaighdeán faoi na hAchtanna Toghcháin monatóireacht a dhéanamh ar na nithe seo a leanas agus, sa chás go meastar cur cóir sin, tuairisc a thabhairt do Chathaoirleach Dháil Éireann ar chúrsaí a bhaineann leo

  • glacadh le síntiúis agus nochtadh na síntiús a fhaightear ag páirtithe polaitiúla, Comhaltaí den dá Theach de Thithe an Oireachtais, Feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa agus iarrthóir i dtoghcháin don Dáil, don Seanad, do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin don uachtaránacht,
  • oscailt agus coimeád chuntas do shíntiúis pholaitiúla,
  • teorainniú, nochtadh agus aisíoc ar chostais toghcháin,
  • airgeadú Stáit ar pháirtithe polaitiúla incháilithe, agus
  • clárú ar " thríú páirtithe " (i.e. grúpaí feachtaisíochta / stocaireachta nó daoine aonair a ghlacann le síntiús chun críche polaitiúla ar mó a luach ná € ) agus daoine eile.

Is féidir le Coimisiún na gCaighdeán cibé fiosruithe is gá a dhéanamh chun a chuid feidhmeanna reachtúla a chur i gcrích.

Feidhmeanna Choimisiún na gCaighdeán faoi na hAchtanna Toghcháin:

Éilítear ar Choimisiún na gCaighdeán, ó am go ham, treoirlínte a dhréachtadh agus a fhoilsiú agus comhairle mar gheall ar ghéilliúlacht a chur ar fáil do dhaoine a thagann faoi fhorálacha na nAchtanna Toghcháin. Ní mór do dhuine déanamh de réir na dtreoirlínte a fhoilsíonn nó na comhairle a thugann Choimisiún na gCaighdeán, mura mbeadh, de bharr sin a dhéanamh, foráil eile de chuid na nAchtanna Toghcháin á sárú aige / aici.

Éilítear ar Choimisiún na gCaighdeán chomh maith socrú do scrúdú agus do chóipeáil ag aon duine ar Ráitis Dhámhachtan, Ráitis faoi Chostais Toghcháin, etc. a chuirtear ar fáil dó faoin reachtaíocht.

Tuilleadh Eolais maidir leis na hAchtanna Toghcháin:

Is féidir tuilleadh eolais maidir lena n-éilítear faoi na hAchtanna Toghcháin agus le ról Choimisiún na gCaighdeán faoin reachtaíocht sin a fháil i roinn na dTreoirlínte den láithreán gréasáin seo (faoi "Toghcháin", "Síntiúis", "Airgeadú Stáit" nó "Nótaí Mínithe") nó i roinn na dTuarascálacha den láithreán gréasáin (faoi "Toghcháin", "Nochtadh Bliantúil", "Airgeadú Stáit" agus "Tuarascálacha eile"). Tá sonraí maidir leis na hAchtanna Toghcháin agus rialacháin arna ndéanamh faoi na hAchtanna Toghcháin le fáil sa roinn faoi Eolas Fúinne / Reachtaíoch ar an láithreán gréasáin.

Tugtar sonraí faoin gcaoi ar féidir leo siúd a bhfuil dualgais orthu faoi na hAchtanna Toghcháin comhairle a iarraidh ó Choimisiún na gCaighdeán ar an leathanach faoi Déan Teaghmáil Linn ar an láithreán gréasáin.

Reachtaíocht maidir le Ceannairí na bPáirtithe

Cur síos ginearálta maidir leis an reachtaíocht faoi Liúntas Cheannairí na bPáirtithe:

Foráiltear sa reachtaíocht maidir le Ceannairí na bPáirtithe do liúntas bliantúil a íoc le ceannairí na bpáirtithe parlaiminte incháilithe i ndáil le costais a eascraíonn ó obair pharlaiminte, lena n-áirítear taighde, an pháirtí. D’ fhonn bheith incháilithe don íocaíocht ní nór gur toghadh nó gur ainmníodh comhalta nó níos mó ná comhalta amháin den pháirtí chun Dáil Éireann nó chun Seanad ag an toghchán ginearálta deireanach nó ó shin. Bunaítear an tsuim a íoctar ar ionadaíocht an pháirtí i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann. Laghdaítear an liúntas sa chás go mbíonn páirt ag an bpáirtí sa Rialtas. Tá na "gníomhaíochtaí parlaiminte " ar féidir baint a bheith acu le ciste leagtha amach sa reachtaíocht. Ní cheadaítear an ciste a chaitheamh chun críche toghcháin ná reifrinn. 

Tá dlite ar cheannairí na bpáirtithe faoin reachtaíocht maidir le Liúntas Cheannairí na bPáirtithe ráiteas a ullmhú, nó a chur faoi deara go n-ullmhaítear ráiteas, ina léirítear an chaoi inar caitheadh an liúntas a bhí ar fáil sa bhliain roimhe sin. Ní mór a leagan amach sa ráiteas, faoi cheannteidil sonracha, na nithe ar ar caitheadh an ciste. Ní mór go ndéanfadh iniúchóir poiblí iniúchóireacht ar an ráiteas agus ní mór an ráiteas mar aon le tuarascáil an iniúchóra a chur ar fáil do Choimisiún na gCaighdeán taobh istigh de 120 lá ó cheann na bliana airgeadais ar íocaíodh an liúntas ina leith (i.e. 30 Aibreán). D’ fhéadfadh go gcuirfí íoc an Liúntais ar fionraí de bharr teip an ráiteas agus tuarascáil iniúchóra a chur ar fáil taobh istigh den tréimhse sin.

Ní mór do Choimisiún na gCaighdeán gach ráiteas agus tuarascáil iniúchóra a chuirtear ar fáil dó a mheas agus, sa chás gur gá, dul i gcomhairle le ceannaire an pháirtí maidir le haon ní sa ráiteas. Tá dlite ar Choimisiún na gCaighdeán chomh maith tuarascáil a chur ar fáil don Aire Airgeadais ina léirítear má fuarthas na ráitis agus tuarascálacha na n-iniúchóirí taobh istigh den tréimhse a shonraítear. Ní mór a léiriú sa tuarascáil sin chomh maith má nochtaíodh aon chaiteachas neamhúdaraithe agus más ráitis leordhóthanacha nó ráitis neamhoiriúnacha a cuireadh ar fáil.

Feidhmeanna Choimisiún na gCaighdeán faoin reachtaíocht maidir le Liúntas Cheannairí na bPáirtithe

Ní mór do Choimisiún na gCaighdeán a thabhairt faoi deara go leagtar cóip dá thuarascáil don Aire Airgeadais os comhair an dá Theach de Thithe an Oireachtais. Ní mór do Choimisiún na gCaighdeán cóip de na ráitis agus de thuarascálacha na n-iniúchóirí a choimeád go ceann trí bliana agus iad a chur ar fáil chun críche a scrúdú agus a gcóipeáil ag an bpobal.

Tuilleadh eolais maidir leis an reachtaíocht faoi Liúntas Cheannairí na bPáirtithe:

Is féidir tuilleadh eolais maidir lena n-éilítear faoin reachtaíocht faoi Liúntas Cheannairí na bPáirtithe agus le ról Choimisiún na gCaighdeán faoin reachtaíocht sin a fháil an roinn Tuarascálacha / Maoiniú Státchiste ar an láithreán gréasáin seo. Tá sonraí maidir leis an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2001 le fáil sa roinn faoi Eolas Fúinne / Reachtaíocht ar an láithreán gréasáin.

Tugtar sonraí faoin gcaoi ar féidir leo siúd a bhfuil dualgais orthu faoin reachtaíocht maidir le Liúntas Cheannairí na bPáirtithe comhairle a iarraidh ó Choimisiún na gCaighdeán ar an leathanach faoi Déan Teaghmáil Linn ar an láithreán gréasáin.