Féadfaidh tú iarraidh saorála faisnéise a dhéanamh tríd an suíomh Gréasáin seo ar thaifid atá i seilbh an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí.

Is féidir an tAcht a léamh ach cliceáil ar an nasc seo a leanas: http://www.irishstatutebook.ie/eli/2014/act/30/enacted/en/html#

Cad a dhéantar leis an Acht?

Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 (Acht 2014), i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 2014. Tháinig roinnt alt den Acht i bhfeidhm ar dhátaí eile. Leis an Acht, tugtar an ceart duit na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh na gcomhlachtaí poiblí a chumhdaítear leis an Acht
  • A iarraidh go n-athrófar faisnéis phearsanta i dtaifead má tá sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
  • Cúiseanna a fháil le breitheanna ó chomhlachtaí poiblí má théann na breitheanna sin i bhfeidhm ort

Ón 21 Aibreán 2018 i leith, féadfaidh tú rochtain a iarraidh ar fhaisnéis phearsanta a choimeádtar fút, is cuma cén uair a cruthaíodh an comhad. Féadfaidh tú rochtain a iarraidh freisin ar thaifid a cruthaíodh tar éis an 21 Aibreán 1998 agus a gcuimsítear faisnéis neamhphearsanta iontu.

Cad a chumhdaítear leis an Acht?

Foráiltear leis an Acht do thaifid atá i seilbh an chomhlachta phoiblí a eisiúint. Cumhdaítear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise taifid a bhaineann le hobair ghinearálta an Choimisiúin um Chaighdeáin.

Ní gá gach taifead a eisiúint. Is féidir go mbeidh díolúintí ann – measúnaítear gach iarraidh chun a chinneadh an bhféadfar nó nach bhféadfar an taifead a eisiúint go dleathach.

Tá tuilleadh sonraí ar fáil i Scéim Foilsitheoireachta Saorála Faisnéise an Choimisiúin. Chun faisnéis a fháil faoinár dtaifid, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach saorála faisnéise ag foi@sipo.ie

Conas iarraidh a dhéanamh

Chun taifid atá i seilbh an Choimisiúin um Chaighdeáin a iarraidh, scríobh chugainn á lua go bhfuil iarraidh á déanamh agat faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

Ba cheart duit d’iarraidh a sheoladh chuig: An tOifigeach Saorála Faisnéise, An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2. Mar mhalairt air sin, ba cheart duit í a sheoladh chuig foi@sipo.gov.ie.

Ba cheart duit na nithe seo a leanas a dhéanamh sa litir:

  1. Tagairt a dhéanamh don Acht um Shaoráil Faisnéise
  2. A oiread faisnéise agus is féidir a thabhairt faoi na taifid atá á lorg agat
  3. A lua cé acu is pearsanta nó neamhphearsanta atá na taifid atá á n-iarraidh
  4. A lua cé acu ba mhaith leat cóipeanna a fháil den taifead nó ba mhaith leat cineál eile rochtana

 

Faisnéis úsáideach eile

Conas is féidir leat cabhrú linn déileáil le d’iarraidh

Má tá taifead á lorg agat, ba cheart duit a oiread faisnéise agus is féidir a chur ar fáil. Más mian leat é a fháil i bhformáid ar leith, amhail fótachóip, tras-scríbhinn nó diosca ríomhaireachta, nó más mian leat é a scrúdú, luaigh an méid sin go soiléir i d’iarraidh.

Taifead atá i seilbh an Choimisiúin um Chaighdeáin a leasú

Más mian leat taifead a leasú, ba cheart duit an taifead atá i gceist a shainaithint, sonraí a thabhairt faoin leasú a theastaíonn agus fianaise a thabhairt ar cén fáth a dteastaíonn an t-athrú.

Conas a chabhróimid leat d’iarraidh a dhéanamh

Sonraítear san Acht um Shaoráil Faisnéise gur cheart don chomhlacht poiblí (comhlacht saorála faisnéise) cabhair a thabhairt duit má tá tú ag iarraidh taifid de réir an Achta. Sonraítear ann go sonrach gur cheart cabhair a thabhairt duit má tá tú faoi mhíchumas. De bhreis air sin, is féidir go ndéanfaimid teagmháil leat chun d’iarraidh a shoiléiriú leat.

An gá dom táille a íoc?

I gcásanna áirithe, gearrtar táillí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Ní ghearrtar aon táille as iarraidh thosaigh saorála faisnéise a dhéanamh. Gearrtar táille €30 as athbhreithniú inmheánach. Is é €10 an táille a ghearrtar má tá cárta liachta agat. Féadfaidh tú íoc le seic, dréacht bainc nó ordú poist.

Is féidir freisin go ngearrfaimid táille ort as an am a chaithimid ar na taifid atá á n-iarraidh agat a aimsiú agus as aon chostais fótachóipeála a thagann chun cinn tar éis an chuardaigh. Is beag seans go dtiocfaidh na costais sin chun cinn i gcás faisnéis phearsanta. Ní fhéadfar táille a ghearradh ort as an am a chaithimid ag breithniú d’iarrata.

Cá fhad a thógfaidh sé?

A luaithe a fhaigheann an Coimisiún iarraidh, tá ceithre seachtaine ar a mhéad againn chun breith a thabhairt. Seolfar an bhreith chugat i scríbhinn agus sonrófar inti cé acu atáthar ag deonú d’iarrata, atáthar ag deonú d’iarrata go páirteach nó atáthar ag diúltú di. Tabharfar an chúis nó na cúiseanna leis an mbreith duit freisin.

Cad a dhéanfaidh mé mura bhfuil sásta leis an mbreith?

Más rud é nach bhfuil tú sásta leis an mbreith nó nach bhfuair tú breith tar éis ceithre seachtaine (ar a dtugtar diúltú géilleadh d’iarraidh saorála faisnéise gan freagra a thabhairt), féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar “athbhreithniú inmheánach”.

Is é atá in “athbhreithniú inmheánach” ná ár sásra achomhairc. Is é duine atá níos sinsearaí ná an duine a thug an bhreith ar d’iarraidh bhunaidh a bheidh i mbun an athbhreithnithe inmheánaigh. Chun athbhreithniú inmheánach a iarraidh, ní mór duit scríobh chugainn agus tagairt á déanamh don bhreith a tugadh duit (má tugadh breith) agus á lua go bhfuil achomharc athbhreithnithe inmheánaigh á dhéanamh agat. Ní fhéadfaidh tú aon saincheisteanna breise a tharraingt anuas i d’achomharc – is é cuspóir an athbhreithnithe go ndéanfaidh oifigeach eile athbhreithniú ar an mbreith a tugadh ar d’iarraidh bhunaidh amháin. Tá trí seachtaine againn chun breith a thabhairt ar d’iarraidh ar athbhreithniú inmheánach.