Leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, ceanglaítear ar chomhlachtaí saorála faisnéise amhail an Coimisiún um Chaighdeáin loga nochta a fhoilsiú, áit a dtugtar mionsonraí faoi iarrataí neamhphearsanta arna bhfáil faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise ó mhí Eanáir 2015 i leith agus mionsonraí faoi na breitheanna arna dtabhairt ag an gcomhlacht mar fhreagra ar na hiarrataí sin.

Tá mionsonraí faoi Loga Nochta an Choimisiúin leagtha amach thíos.

Liostáiltear nochtuithe de réir uimhreach tagartha. Tabhair faoi deara gurb amhlaidh, chun críocha príobháideachta, nach gcuirtear faisnéis aitheantais amhail ainm an iarrthóra ar áireamh sa loga nochta.

Saorail-faisneise-liosta-de-nochtadh.xlsx(Excel)