Tuarascáil Bhliantúil 2014 Standards in Public Office Commission (SIPOC)

Caibidil 3 – Cúrsaí Toghcháin

Clár Ábhar

Cuntais Pháirtí Polaitíochta

Ceanglaíodh leis an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta) 2012 ar an gCoimisiún treoirlínte a ullmhú agus a fhoilsiú chun treoir phraiticiúil a chur ar fáil do pháirtithe polaitíochta maidir le leabhair chuntais chuí a choinneáil agus maidir le ráiteas bliantúil faoi chuntais agus tuarascáil iniúchóra a ullmhú. Thug an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cead don Choimisiún an 1 Nollaig 2014 a threoirlínte do chuntais pháirtí polaitíochta a fhoilsiú. D’fhoilsigh an Coimisiún na treoirlínte ina dhiaidh sin.

De réir alt 86(2) den Acht, ceanglófar gur i dtaca leis an mbliain 2015 a bheidh na chéad chuntais iniúchta a mbeidh ar pháirtithe polaitíochta iad a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ní foláir na cuntais sin a chur isteach tráth nach déanaí ná Meitheamh 2016.

Síntiúis Pholaitíochta

Síntiúis ar nocht páirtithe polaitíochta iad

Ceanglaíodh ar gach páirtí polaitíochta Ráiteas Síntiúis a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin faoin 31 Márta 2015. Is gá síntiúis dar luach comhiomlán os cionn €1,500 a fhaigheann páirtí polaitíochta a nochtadh. Is é €2,500 an luach uasta síntiús a bhféadfaidh páirtí polaitíochta glacadh leis ón duine céanna sa bhliain féilire chéanna. Ní mór síntiúis a fuarthas ón síntiúsóir céanna sa bhliain féilire chéanna a chomhiomlánú chun cloí leis na teorainneacha uasta nochta agus glactha. Ba é €166,392 luach iomlán na síntiús ar nocht páirtithe iad le linn 2014. Tá sonraí faoi na síntiúis ar nocht páirtithe polaitíochta iad maidir leis an mbliain 2014 ar fáil i dtuarascáil atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

Faoi alt 25 den Acht Toghcháin, 1997, is cion é don oifigeach iomchuí de chuid páirtí polaitíochta mainneachtain Ráiteas Síntiúis/Dearbhú Reachtúil agus Deimhniú Síntiús Airgid/Dearbhú Reachtúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin faoin dáta sonraithe. Ba é an 31 Márta 2015 an dáta deiridh arbh fhéidir na doiciméid riachtanacha a chur faoina bhráid air. Tharchuir an Coimisiún um Chaighdeáin comhad chuig na Gardaí an 1 Bealtaine 2015 ar mhainneachtain ‘Daonlathas Duitse in Éirinn’ na ceanglais reachtúla a chomhlíonadh.

Nochtadh Síntiús ag TDanna, ag Seanadóirí agus ag FPEnna maidir leis an mbliain 2014

Duine a bhí ina Theachta Dála (TD), ina Sheanadóir nó ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) le linn 2014, ceanglaíodh air ráiteas síntiúis/deimhniú síntiús airgid/dearbhú reachtúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin faoin 31 Eanáir 2015. Ba ghá síntiúis dar luach os cionn €600 a fuarthas le linn 2014 a nochtadh. Ní mór síntiúis ón duine céanna sa bhliain chéanna a chomhiomlánú chun cloí leis an tairseach nochta agus leis an teorainn uasta glactha (€1,000).

Tá an tuarascáil ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

Ráitis Síntiúis a fuarthas ó shíntiúsóirí aonair

Foráiltear le halt 24(1A) den Acht Toghcháin nach mór do dhuine aonair Ráiteas Síntiúis/Dearbhú Reachtúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin sa chás go dtugann sé/sí, in aon bhliain ar leith, síntiúis dar luach comhiomlán os cionn €1,500 do bheirt nó níos mó a bhí ina gcomhaltaí den pháirtí polaitíochta nuair a tugadh na síntiúis, nó do pháirtí polaitíochta, agus do dhuine amháin nó níos mó dá chuid comhaltaí. Ní mór sonraí a thabhairt sa Ráiteas Síntiúis/Dearbhú Reachtúil faoi na síntiúis agus faoi na daoine ar tugadh iad dóibh agus ní mór iad a chur isteach faoin 31 Eanáir an bhliain dár gcionn.

Sa chás nach bhfuil sé ar intinn ag síntiúsóir an ceanglas sin a chomhlíonadh agus go bhfuil Feisire nó iarrthóir i dtoghcháin ar an eolas faoi sin, beidh toirmeasc air/uirthi glacadh le síntiús ón duine sin. Sa chás go bhfaightear síntiús den sórt sin, ní mór fógra a thabhairt don Choimisiún um Chaighdeáin faoi sin laistigh de 14 lá agus ní mór an síntiús nó luach an tsíntiúis a thabhairt don gCoimisiún um Chaighdeáin.

Fuarthas seacht Ráiteas Síntiúis ó shíntiúsóirí aonair arbh ionann a luach iomlán agus €56,520 maidir leis an mbliain 2014.

Tá sonraí faoi na síntiúis ar nocht síntiúsóirí aonair iad maidir leis an mbliain 2014 ar fáil i dtuarascáil atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

Síntiúis do Thríú Páirtithe

Ó 1 Eanáir 2013, meastar eagraíocht a fhaigheann síntiús os cionn luach €100 a bheith ina tríú páirtí agus ní mór di clárú leis an Coimisiún um Chaighdeáin. Tá sí faoi réir na rialacha céanna maidir le bheith ag glacadh le síntiúis is a bhíonn páirtithe polaitíochta. Is é is síntiús ann ná ranníocaíocht a thugtar chun críocha polaitiúla.

Ní foláir do thríú páirtí, faoin 31 Márta gach bliain, na nithe seo a leanas a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin:

Deimhniú Síntiús Airgid/Dearbhú Reachtúil lena ndeimhnítear gur taisceadh gach síntiús sa chuntas sin agus gur úsáideadh íocaíochtaí ón gcuntas chun críocha polaitiúla, agus ráiteas bainc ón institiúid airgeadais ina gcoinnítear a chuntas síntiús polaitíochta.

Na figiúirí cothrom le dáta maidir leis an líon eagraíochtaí a ndeachthas i dteagmháil leo, an líon eagraíochtaí atá cláraithe agus na heagraíochtaí sin a d’fhógair nach gá dóibh clárú, is féidir iad a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

Clár na nDeontóirí Corparáideacha

Sainmhínítear deontóir corparáideach mar chomhlacht corpraithe, mar chomhlacht neamhchorpraithe daoine nó mar iontaobhas a thugann síntiús. Meastar gurb é an duine céanna comhlacht corpraithe agus aon fhochomhlacht dá chuid. I gcás Deontóir Corparáideach, ní féidir glacadh le síntiús os cionn luach €200 mura bhfuil an Deontóir Corparáideach cláraithe ar Chlár na nDeontóirí Corparáideacha (arna choimeád ar bun ag an gCoimisiún) agus mura ndéantar ráiteas (i.e. ráiteas síntiúis) thar ceann an Deontóra Chorparáidigh agus go dtugtar é sin leis an síntiús don deonaí lena dheimhniú gur fhaomh an Deontóir Corparáideach an síntiús. Caithfidh dearbhú reachtúil a bheith ag gabháil leis an ráiteas gur ceart i ngach ponc ábhartha atá an ráiteas de réir mar is fearr is eol don duine lena mbaineann agus mar a chreideann sé, agus go ndearna an duine gach beart réasúnach chun a bheith sásta maidir le cruinneas an ráitis.

I mí Eanáir 2013, d’fhoilsigh an Coimisiún Treoirlínte maidir le clár na nDeontóirí Corparáideacha a choimeádfaidh an Coimisiún ar bun. Ní foláir do dheontóirí corparáideacha ar mian leo síntiús níos mó ná €200 a dhéanamh chun críocha polaitiúla clárú leis an gCoimisiún agus ráiteas a thabhairt don fhaighteoir lena ndeimhnítear gur fhaomh comhaltaí, scairshealbhóirí nó iontaobhaithe an deontóra chorparáidigh lena mbaineann an síntiús.

Le linn na bliana 2014, níor chláraigh ach ceithre dheontóir chorparáideacha leis an gCoimisiún - is iad sin, Cumann Múinteoirí Éireann (INTO), an Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (CSTGT), Cumann na bhFoirne Tuarastail Iompair (TSSA) agus UNITE. I mí na Samhna 2014, scríobh an Coimisiún chuig na deontóirí corparáideacha cláraithe sin a chláraigh i dtaca leis an mbliain 2014 lena meabhrú dóibh gur gá dóibh a gclárú mar dheontóirí corparáideacha a athnuachan má bhí siad ina ndeontóirí corparáideacha fós.

Chláraigh CSTGT leis an gCoimisiún um Chaighdeáin mar dheontóir corparáideach do 2015 an 14 Samhain 2014. Bhí UNITE cláraithe mar dheontóir corparáideach ón 3 Márta 2015.

Caiteachas Toghcháin

An Toghchán do Pharlaimint na hEorpa, an 23 Bealtaine 2014

B’ionann an caiteachas iomlán a nocht gníomhairí toghcháin agus gníomhairí náisiúnta sa Toghchán do Pharlaimint na hEorpa agus €2,882,329. B’ionann na síntiúis iomlána a nochtadh agus €23,649. Ba é €230,000 an teorainn chaiteachais san iarrthóir i ngach toghcheantar.

D’íoc an Státchiste €974,121 san iomlán leis na sé iarrthóir is fiche a cháiligh le haghaidh aisíocaíocht speansas toghcháin. Cháiligh cúig iarrthóir is fiche le haghaidh na haisíocaíochta uasta €38,092.

Comhaid i dtaca le triúr iarrthóirí (an tUas. Tom Darcy, Daonlathas Duitse in Éirinn; an tUas. Mark Fitzsimmons, Neamh-Pháirtí, agus an tUas. Ben Gilroy, Daonlathas Duitse in Éirinn), tarchuireadh iad an 25 Lúnasa 2014 chuig na Gardaí mar gur theip orthu na doiciméid reachtúla riachtanacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Iúil 2014.

Chuir an tUas. Gilroy na doiciméid reachtúla riachtanacha faoina bhráid ina dhiaidh sin an 2 Márta 2015. Ní bhfuair an Coimisiún aon chomhfhreagras breise ón Uas. Darcy ná ón Uas. Fitzsimmons. Tá an Tuarascáil faoin toghchán do Pharlaimint na hEorpa ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

Fothoghcháin Bhaile Átha Cliath Thiar agus an Longfoirt-na hIarmhí don Dáil, an 23 Bealtaine 2014

B’ionann an caiteachas iomlán a nocht gníomhairí toghcháin agus gníomhairí náisiúnta i bhfothoghcháin Bhaile Átha Cliath Thiar agus an Longfoirt-na hIarmhí agus €275,867. B’ionann na síntiúis iomlána a nochtadh agus €11,690. Ba é b an teorainn chaiteachais san iarrthóir sa dá dháilcheantar.

D’íoc an Státchiste €109,903 san iomlán leis na ceithre iarrthóir déag a cháiligh le haghaidh aisíocaíocht speansas toghcháin. Cháiligh aon iarrthóir déag le haghaidh na haisíocaíochta uasta €8,700.

Tarchuireadh comhad i leith iarrthóir amháin (an tUas. Donal Jackson) chuig na Gardaí an 25 Lúnasa 2014 mar gur theip air na doiciméid reachtúla riachtanacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 18 Iúil 2014. Chuir an tUas. Jackson na doiciméid reachtúla riachtanacha faoina bhráid chun a shástachta ina dhiaidh sin an 4 Nollaig 2014. Tá an tuarascáil faoi fhothoghcháin Bhaile Átha Cliath Thiar agus an Longfoirt-na hIarmhí ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

Fothoghcháin Bhaile Átha Cliath Thiar Theas agus Ros Comáin-Liatroma Theas don Dáil, an 10 Deireadh Fómhair 2014

B’ionann an caiteachas iomlán a nocht gníomhairí toghcháin agus gníomhairí náisiúnta i bhfothoghcháin Bhaile Átha Cliath Thiar Theas agus Ros Comáin-Liatroma Theas agus €287,577. B’ionann na síntiúis iomlána a nochtadh agus €3,000. Ba é €37,650 an teorainn chaiteachais san iarrthóir i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar Theas agus ba é €30,150 an teorainn chaiteachais san iarrthóir i ndáilcheantar Ros Comáin-Liatroma Theas.

D’íoc an Státchiste €104,400 san iomlán leis an dáréag iarrthóirí a cháiligh le haghaidh aisíocaíocht speansas toghcháin. Cháiligh gach duine acu le haghaidh na haisíocaíochta uasta €8,700.

Tarchuireadh comhad i leith iarrthóir amháin (an tUas. Gerry O’Boyle) chuig na Gardaí an 19 Eanáir 2015 mar gur theip air na doiciméid reachtúla riachtanacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 5 Nollaig 2014.

Chuir an tUas. O’Boyle na doiciméid reachtúla riachtanacha faoi bhráid an Choimisiúin an 17 Aibreán 2015. Tá an tuarascáil faoi fhothoghcháin Bhaile Átha Cliath Thiar Theas agus Ros Comáin-Liatroma Theas ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

Maoiniú Státchiste do pháirtithe polaitíochta

An tAcht Toghcháin, 1997, arna leasú

D’fhonn cáiliú le haghaidh maoiniúcháin faoi na hAchtanna Toghcháin, ní foláir go bhfuil páirtí polaitíochta san áireamh i gClár na bPáirtithe Polaitíochta agus go bhfuair sé 2% ar a laghad de na vótaí céad rogha sa toghchán is déanaí don Dáil. Íocadh maoiniú le ceithre pháirtí cháilithe (Fianna Fáil, Fine Gael, Sinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre) le linn 2014 ar bhonn na dtorthaí san olltoghchán an 25 Feabhra 2011.

Íoctar méid bunúsach ráta chomhréidh ar fiú €126,974 sa bhliain é le gach páirtí polaitíochta cáilithe. De bhreis air sin, tá gach páirtí polaitíochta cáilithe i dteideal sciar den tsuim bhliantúil a fháil. Socraíodh é ag €3m é ar dtús agus méadaíonn sé ar aon dul le méaduithe ginearálta pá sa státseirbhís. Leis an Acht Toghcháin (Leasú) (Maoiniú Polaitíochta) 2012, tugadh ceanglas nua isteach go bhféadfadh an tsuim bhliantúil laghdú freisin ar aon dul le laghduithe ginearálta pá sa státseirbhís. Níor cuireadh aon mhéaduithe ná laghduithe i bhfeidhm maidir leis an gciste in 2014.

B’ionann an ciste agus €4,948,202 amhail an 31 Nollaig 2014. Beidh an tsuim sin móide an méid ráta chomhréidh le haghaidh gach páirtí polaitíochta cháilithigh (€126,974) thuas ar fáil lena leithdháileadh in 2015. Cinntear an sciar den chiste atá iníoctha le páirtí polaitíochta cáilithe ach na vótaí céad rogha a fuair an páirtí cáilithe a léiriú mar chéatadán d’iomlán na vótaí céad rogha a fuair na páirtithe polaitíochta cáilithe go léir. Fuair na páirtithe €5.5 milliún san iomlán in 2014. Ní fhéadfar an maoiniú a úsáid chun críocha toghcháin ná reifrinn.

Tá an Coimisiún eolach ar chineál an-ghinearálta na reachtaíochta agus na dtreoirlínte arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún ina leith sin. Ní dhéantar tagairt san Acht do cé acu atá maoiniú le cur i bhfeidhm le haghaidh cuspóirí caipitil nó le haghaidh cuspóirí reatha agus ní shonraítear ann an tréimhse lena mbaineann an maoiniú. Tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil gá le tuilleadh soiléire sna cúrsaí sin.

Tá tuarascáil faoin maoiniú státchiste a fuair páirtithe polaitíochta in 2014 ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014 (Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte)

An t-íoc liúntais bhliantúil (ar ar tugadh an Liúntas Ceannairí Páirtí) le ceannaire amháin nó níos mó ná ceannaire amháin de pháirtithe parlaiminteacha (i dtaca le speansais a eascraíonn as gníomhaíochtaí parlaiminte an pháirtí, taighde san áireamh), rinneadh foráil dó agus rialáladh é i roinnt Achtanna leantacha dar tosach an tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938. Ón mbliain 2001 i leith, tá ceangal ar cheannairí páirtí ráiteas bliantúil faoi chaiteachas ón liúntas a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

D’éirigh liúntas den chineál céanna iníoctha le comhaltaí neamhspleácha den Dáil agus den Seanad faoin Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú), 2001. Ní raibh sé de cheangal ar chomhaltaí neamhspleácha ráiteas bliantúil faoi chaiteachas a chur isteach.

Leis an Acht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, laghdaíodh leibhéal na n-íocaíochtaí agus, den chéad uair riamh, rinneadh foráil go bhfuil ceangal ar chomhaltaí neamhspleácha ráiteas bliantúil faoi chaiteachas a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Tugtar an Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte (LGP) ar an liúntas anois. Déantar foráil leis an Acht freisin nach mbeidh an liúntas faoi réir cáin ioncaim.

Tháinig na forálacha ábhartha d’Acht 2014 i bhfeidhm an 1 Iúil 2014. Le héifeacht ón dáta sin, tá aon íocaíocht le haghaidh an Liúntais Ghníomhaíochtaí Parlaiminte a fhaigheann comhalta neamhspleách/ceannaire páirtí pharlaimintigh faoi réir fhorálacha na reachtaíochta.

Is é an sainmhíniú a thugtar san Acht ar pháirtí cáilitheach ná páirtí polaitíochta, atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, a chuaigh san iomaíocht le haghaidh an olltoghcháin is déanaí nó aon fhothoghchán ina dhiaidh sin agus ar toghadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid chuig Dáil Éireann nó a ndearnadh comhalta amháin ar a laghad dá chuid a thoghadh nó a ainmniú chuig Seanad Éireann. Cháiligh ceannairí parlaiminteacha seacht bpáirtí polaitíochta (an Chomhghuaillíocht Frith-Dhéine, Fianna Fáil, Fine Gael, Comhghuaillíocht an Phobail roimh Bhrabús, Sinn Féin, Stop an Cháin Uisce - Páirtí Sóisialach agus Páirtí an Lucht Oibre) chun an liúntas a fháil. Fuair na páirtithe €7,117,340 san iomlán in 2014.

Ní fhéadfar an maoiniú a úsáid chun críocha toghcháin ná reifrinn.

Ní foláir do pháirtithe polaitíochta cáilithe Ráitis faoi Chaiteachas an mhaoinithe a fuarthas a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin.

Faigheann comhaltaí neamhpháirtí de Dháil Éireann agus de Sheanad Éireann maoiniú faoin reachtaíocht um Liúntas Gníomhaíochtaí Parlaiminte. Ba é €812,989 an t-iomlán a íocadh le comhaltaí neamhpháirtí (€563,859 le comhaltaí neamhpháirtí den Dáil agus €249,130 le comhaltaí neamhpháirtí den Seanad).

Tá tuarascáil faoin maoiniú a fuair ceannairí páirtí pharlaimintigh/comhaltaí neamhspleácha in 2014 ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.

Aonaid Chuntasaíochta

Mar a cuireadh chun suntais i dTuarascálacha Bliantúla roimhe seo, bíonn deacrachtaí ag an gCoimisiún um Chaighdeáin fós maidir le maoirseacht a dhéanamh ar fhorálacha na reachtaíochta a bhaineann le haonaid chuntasaíochta.

Tá sé ina chion ag duine atá freagrach as aonad cuntasaíochta loiceadh Deimhniú Síntiús Airgid agus Ráiteas Bainc a chur ar fáil don Choimisiún um Chaighdeáin faoin 31 Márta gach bliain. Níor chloígh ach céatadán beag d’aonaid chuntasaíochta lena gceanglais reachtúla maidir leis na doiciméid riachtanacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaighdeáin faoin 31 Márta 2015.

Sa tuarascáil faoi Shíntiúis Pháirtí Polaitíochta, 2014, tá sonraí faoi na tuairisceáin a chuir aonaid chuntasaíochta isteach. Tá sé ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin.


Ar chúl, ó chlé go deas: Paddy Walsh, Rúnaí an Choimisiúin; Seamus McCarthy, Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste; Peter Finnegan, Cléireach Chúnta Dháil Éireann; Peter Tyndall, An tOmbudsman. Chun tosaigh, ó chlé go deas: Deirdre Lane, Cléireach Sheanad Éireann; Daniel O’Keeffe, Cathaoirleach; Jim O’Keeffe, Iarchomhalta de Dháil Éireann.