Reachtaíocht

Tháinig an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2015 agus tháinig forálacha forfheidhmithe an Achta i bhfeidhm ina dhiaidh sin an 1 Eanáir 2017.

Faoin Acht, ní mór nochtadh a dhéanamh ar aon chumarsáidí a dhéantar le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le beartas, cláir, reachtaíocht, maoiniú agus criosú agus forbairt talún.

Cuspóir an Achta

Is é aidhm an Achta faisnéis a chur ar fáil don phobal faoi na nithe seo:

  • Cé a bhfuil brústocaireacht á déanamh air/uirthi
  • Cé atá ag déanamh brústocaireachta
  • Cé ar a s(h)on a bhfuil brústocaireacht á déanamh
  • Cé na saincheisteanna atá i gceist sa bhrústocaireacht
  • Cad is aidhm don bhrústocaireacht

Bainistíonn an Coimisiún um Chaighdeáin an clár brústocaireachta, cinntíonn sé comhlíonadh an Achta, tugann sé treoir agus comhairle, agus imscrúdaíonn agus ionchúisíonn sé cionta faoin Acht.

Beidh iar-oifigigh phoiblí ainmnithe áirithe faoi réir srianta iarfhostaíochta faoin Acht.

Tuilleadh faisnéise

Coinníonn an Coimisiún suíomh Gréasáin ar leith ar bun, áit a n-óstáiltear an Clár agus a dtugtar faisnéis agus treoir www.lobbying.ie