Reachtaíocht

Achtaíodh an tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, an 22 Iúil 1995. Cuireadh an Coimisiún um Oifigí Poiblí, an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann agus an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann ar bun ansin faoin Acht.

Ina dhiaidh sin, leasaíodh an tAcht leis an Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, agus cuireadh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí in áit an Choimisiúin um Oifigí Poiblí. Déanann an Coimisiún maoirseacht ar Acht 1995 agus ar Acht 2001, a dtugtar na hAchtanna um Eitic orthu le chéile.

Cuspóir na nAchtanna um Eitic

I measc nithe eile, foráiltear leis na hAchtanna um Eitic go ndéanfaidh an lucht parlaiminte agus seirbhísigh phoiblí a gcuid leasanna a nochtadh agus cinntítear leo go seasfar leis an reachtaíocht.

Faoi na hAchtanna, ní mór do chomhaltaí tofa de Thithe an Oireachtais agus do dhaoine a bhfuil oifig shinsearach sa tseirbhís phoiblí ina seilbh acu fianaise a thabhairt ar chomhlíonadh cánach freisin.

Foráiltear leis na hAchtanna chomh maith go bhfoilseofar cóid iompair do shealbhóirí oifige (amhail Airí agus Airí Stáit), do chomhaltaí den dá Theach nach sealbhóirí oifige iad agus do sheirbhísigh phoiblí.

Tuilleadh Faisnéise

Féach www.irishstatutebook.ie chun teacht ar an téacs iomlán den Acht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995, den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001, agus de na rialacháin a rinneadh faoi na hAchtanna.