Achtaíodh an tAcht Toghcháin, 1997, an 15 Bealtaine 1997 agus leasaíodh é roinnt uaireanta ó shin i leith.

Cuspóir an Achta

Leis an Acht, rialáiltear síntiúis pholaitíochta, caiteachas le linn toghcháin agus aisíocaíocht speansas toghcháin. Bainistítear an clár tríú páirtithe agus an clár de shíntiúsóirí corparáideacha faoin Acht freisin.

Cé go bhfuil reachtaíocht eile i bhfeidhm do ghnéithe eile den rialachas toghcháin, amhail bainistíocht toghcháin, níl aon ról maoirseachta ag an gCoimisiún i leith na reachtaíochta sin.

Nochtadh

Faoin Acht, ní mór do pháirtithe polaitíochta, do chomhaltaí den dá Theach den Oireachtas agus d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa tuarascálacha bliantúla maidir le síntiúis pholaitíochta a chomhdú leis an gCoimisiún. Ní mór d’iarrthóirí i dtoghcháin Dála, i dtoghcháin Seanaid, i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin uachtaránachta síntiúis agus speansais toghcháin a nochtadh freisin.

Má fhaigheann páirtithe polaitíochta cáilithe maoiniú Stáit faoin Acht, ní mór dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún gach bliain faoin dóigh ar caitheadh na cistí sin.

Teorainneacha caiteachais

Faoin Acht Toghcháin, leagtar síos teorainneacha caiteachais do thoghcháin. Cé go dtugtar an t-aon teorainn amháin d’iarrthóirí i dtoghchán uachtaránachta, tá éagsúlacht ann, ag brath ar mhéid an toghcheantair, sna teorainneacha atá i bhfeidhm d’iarrthóirí i dtoghchán Dála nó Eorpach. Féadfar speansais toghcháin a aisíoc le hiarrthóir, suas go suim uasta.

Síntiúis pholaitíochta

Tá teorainneacha ann freisin le luach na síntiús a bhféadfaidh páirtithe polaitíochta, tríú páirtithe, iarrthóirí agus ionadaithe tofa glacadh leo. Ní ceadmhach faoin Acht glacadh le síntiúis ó dhaoine nó eagraíochtaí lasmuigh d’Éirinn, seachas ó shaoránaigh nó eagraíochtaí a bhfuil oifig acu ar oileán na hÉireann.

Aon duine a ghlacann le síntiúis, ní mór dó/di cuntas bainc ar leith a chothabháil le haghaidh síntiúis pholaitíochta.

Clárú tríú páirtithe agus síntiúsóirí corparáideacha

Má ghlacann tú nó d’eagraíocht (seachas iarrthóir nó páirtí polaitíochta) le síntiúis ar mó a luach ná €100, ní mór duit clárú mar thríú páirtí leis an gCoimisiún agus cloí leis na hoibleagáidí nochta agus leis na teorainneacha le síntiúis atá i bhfeidhm.

Má tá tú i do shíntiúsóir corparáideach, ní fhéadfaidh tú níos mó ná €200 a thabhairt ach amháin i gcás go gcláróidh tú mar shíntiúsóir corparáideach leis an gCoimisiún um Chaighdeáin.

Tuilleadh faisnéise

Féach www.irishstatutebook.ie chun teacht ar an téacs iomlán den Acht Toghcháin, 1997, den Acht Toghcháin (Leasú), 2001, agus de na rialacháin a rinneadh faoi na hAchtanna.

Reachtanna na hÉireann