Déanann an Coimisiún um Chaighdeáin maoirseacht ar riar na reachtaíochta i gceithre réimse ar leith:

  • Na hAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí, rud lena leagtar amach caighdeáin iompair d’oifigigh phoiblí, bíodh siad tofa nó ceaptha;
  • An tAcht Toghcháin, 1997, rud lena rialáiltear maoiniú polaitíochta, lena n-áirítear síntiúis pholaitíochta agus speansais toghcháin;
  • An tAcht um an Oireachtas (Oifigí Aireachta agus Parlaiminte) (Leasú) 2014, rud lena rialáiltear an dóigh a gcaitear na cistí poiblí a thugtar do pháirtithe polaitíochta agus do chomhlachtaí neamhspleácha; agus
  • An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, rud lena ndéantar ní trédhearcach den bhrústocaireacht a dhéantar ar oifigigh phoiblí.