D’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte do sheirbhísigh phoiblí a bhféadfadh go mbeadh oibleagáidí orthu faoi na hAchtanna um Eitic. Tugtar faisnéis faoi na nithe seo a leanas sna treoirlínte sin:

• Ráitis bhliantúla maidir le leasanna

• Ráitis maidir le leas ábhartha

• Ceanglais maidir le himréiteach cánach

Sna haguisíní a ghabhann leis na treoirlínte:

Leagtar amach in Aguisín 1 na formáidí a úsáidfear do ráitis maidir le leasanna ó sheirbhísigh phoiblí 

Leagtar amach in Aguisín 2 liosta de phoist ainmnithe i ranna/oifigí Státseirbhíse

Leagtar amach in Aguisín 3 liostaí de stiúrthóireachtaí agus poist ainmnithe agus na háiteanna nach mór do na daoine lena mbaineann ráitis a sheoladh chucu.

Treoirlínte do Sheirbhísigh Phoiblí