Cé nach bhfuil aon chód iompair ar leith ann do bhaill den mhórsheirbhís phoiblí, ní mór do sheirbhísigh phoiblí cloí leis na hAchtanna um Eitic agus leis an gCód Cleachtais do Rialachas Comhlachtaí Stáit, rud ar fhoilsigh an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é. Tá an Roinn freagrach as cód a fhorbairt don mhórsheirbhís phoiblí.

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaighdeáin treoirlínte do sheirbhísigh phoiblí freisin. 

Tá a gcód iompair nó cleachtais féin i bhfeidhm ag a lán comhlachtaí agus gníomhaireachtaí poiblí, rud nach mór dá gcuid oibrithe cloí leis. Déan teagmháil le d’aonad acmhainní daonna chun a fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil cód i bhfeidhm duit.

Is ann freisin do chóid a bhfuil feidhm acu maidir le grúpaí gairmithe sa tseirbhís phoiblí – mar shampla, tá a gcód cleachtais féin i bhfeidhm ag dochtúirí, ag dlíodóirí, ag múinteoirí agus ag innealtóirí laistigh dá ngairm féin.

Treoirlínte do Sheirbhísigh Phoiblí