Leagtar caighdeáin iompraíochta amach sa chód chun tú a threorú le linn duit do chuid dualgas oifigiúil a chur i gcrích mar chomhalta de Dháil Éireann.

Cé na daoine a bhfuil feidhm ag an gcód maidir leo?

Tá feidhm ag an gcód maidir le comhaltaí Dháil Éireann nach sealbhóirí oifige iad. Tá Cód Iompair ar leith ann do Shealbhóirí Oifige.

Cé na nithe a chumhdaítear sa chód?

Faoin gcód, ní mór duit a chinntiú nach dtarraingeoidh d’iompar míchlú ar d’oifig nó ar an Dáil.

Leagtar amach sa chód an dóigh nach mór duit tú féin a iompar agus tú san oifig. Cumhdaítear ann réimsí amhail coinbhleachtaí leasa a bhainistiú, glacadh le bronntanais agus le sochair, cloí leis an dlí, obair i gcomhar le comhlachtaí dlí, úsáid chuí a bhaint as acmhainní poiblí, agus faisnéis a úsáid. 

Cén áit ar féidir liom comhairle a fháil maidir leis na hoibleagáidí atá orm faoin gcód?

Déan teagmháil leis an gCoiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann chun comhairle a fháil maidir leis an gCód Iompair do Chomhaltaí Dháil Éireann.

Faisnéis úsáideach